Chlis Pia as a codladh. Ina haonar a bhí sí, dálta achan mhaidin roimhe seo, agus b'amhlaidh a mhairfeadh sí a mbeadh fágtha dá saol - nó sin mar a b'fhacthas daoithi, rud a choinnigh smúit ar a h-intinn, agus síordhuairceas ag luí go trom ar a croí. Bhí céim ollscoile aici le cúpla bliain anuas, agus í ag foghlaim teangacha iasachta anois do mhalraigh is do ghiodróga meánscoile nach rabh ach ocht go deich mbliana níb'óige ná ise. Bean óg a bhí inti go fóill de réir caighdeán ar bith, nó cha rabh sí ach sé bliana is fiche d'aois, agus cosúlacht tharrantach thaitneamhach uirthi. Bhí dóighiúlacht dheas nádúrtha ag baint léithi, fíor-áilleacht nach dual do mhainicíní na fógraíochta ná d'áilleagán na sraithscéalta teilifíse.
Bhí Pia an-tugtha dá jab, agus ba bhreá a thaitneochadh sé léithi, ach go bé go rabh na stocaigh mar a bhíodar. B'iomaí girseach ar an scoil agus dáimh acu le Pia, nó bhí meas an dea-shampla le haithris uirthi acu: bean óg álainn chráifeach agus léann is oideachas uirthi. Bhí na cailíní seo go seoigh ar fad. Ach dá mbíodh a rogha aici, b'fhearr le Pia gan an darna hamharc a fheiceáilt de bhunús na mbuachaillí. Bhídís ag sailíneacht uirthi i dtólamh, agus ba bheag a mbeann ar fhoghlaim ar bith. Scoil scothaicme a bhí i gceist, scoil fá choinne chlann an lucht rachmais is na mboc mór. Mar sin, dá gcliseadh ar dhuine de na fir óga seo dintiúirí sásúla a bhaint amach ón mheánscoil, réiteochadh cuid airgid a athara an bealach cibé. Cén gádh a bhí aige, mar sin, le scolaíocht ar bith? Cha rabh de dhíth ach sínteanas beag a dhíol leis an duine ba chuí.
Agus ba bheag ab iontach an scéal é go mbíodh cúlchaint chruaidh cháidheach i dtólamh ar siúl ag an droing mhallaithe sin fá dtaobh dá múinteoir féin:
"Mór milis meallacach millteanach iad na cíocha sin. Méanar don té a n-éireochaidh leis seal siolpaireachta a bhaint astu." "Ó, stad den rá mata, nach bhfuil a fhios ag an tsaol mhór is a mháthair chríonna nach bhfuil fear ar bith aici. Chan fhuil inti ach cladhaire mná a chacfadh uirthi féin dá bhfaigheadh sí oiread agus amharc ar bhod fir." Agus an tríú rógaire acu den tuairim go ma chóir a mhúineadh daoithi in aghaidh a tola "goidé is craiceann ann".
Sin é an seort comhráidh a bhíodh ag na háibhirseoirí óga; agus ba mhinic iad ar an téad seo ina héisteacht. Cha rachfadh sí choíche i dtaithí a leithéide. Cailín cráifeach a bhí inti ó thús, agus má tháinig athrach áithrid ar a creideamh i mblianta na hollscoile, cha dtiocfadh a mhaíomh gur caochló nó laghdú a bhí ann. Ceart go leor chuaidh sí chun leathanaigeantachta ag foghlaim léinn daoithi, ach ba leasc léithi i gcónaí caint bhrúidiúil a chluinsbheáilt fá dtaobh de chúrsaí craicinn nó cuideachta a choinneáil do dhaoiní ólta.
Is dócha áfach go mb'é an rud ba ghoimhiúla a ghoill uirthi fán bhrocamas cainte sin ná an oiread fírinne a bhí ann. Cha rabh sí pósta, ná geall leis. Bhí sí cotúil ó fhréimhíocht, ní nárbh ionadh: ba duine í de na cailíní cráifeacha udaí nach dteán faic na fríde lena seanchúthaltacht a chur díofa, agus iad den tuairim gurb í an staid intinne is dual agus is cuí do mhnaoi óig gheanmnaí. Is iomaí ógbhruinneal dheas a fhágtar ar an tráigh fhoilimh mar sin, gan fear gan chlann gan teaghlach acu, gidh go mba mhó b'airí daoithi é ná dá lán ban acu seo a bhaineanns an t-ádh seo amach.
Cotúil cráifeach is uile mar a bhí Pia, chan bean fhuar a bhí inti ó thaobh an chraicinn de. A mhalairt ar fad. Bhí acmhainn inti sult is aoibhneas a bhaint as an ghrádh chollaí gan aon amhras. Ba ghéar a bhraitheadh sí uaithi lámha fir a mhothachtáil thart ar a colainn ag cuartú is ag taiscéaladh, ag méaradradh is ag súgradh. Nach mairg nach rabh fear aici le fáiméad póige a thabhairt daoithi, focla grámhara a rádh de chogarnaigh ina cluais, bod deas cruaidh a sháthadh isteach a faighin chun bun a chur le beo úr ina broinn?
Ina gearrchaile beag aon bhliana déag daoithi, agus í gan lá eolais ar ghiniúint an tsutha, bhí sí suite dearfa cheana go mba mhian léithi leanbh a ghiúlán is a bhreith nuair a d'fhásfadh sí aníos. Ar tús fuair sí amach gur fear a bhí de dhíobháil chun an suth a chur i mnaoi, nó "síol an linbh" mar a chuala sí iomrá air. Tháinig tuigbheáil instinneach dhúchasach aici go mba mhéanar an síol sin a bhrath ag teacht isteach. Samhladh daoithi gur cineál teas a bhí ann, cosúil le teas an bhídh spíosraithe ar an teangaidh. Spíosra a bhraithfeá i do cholainn uilig! Ba léir gur rud deas álainn, rud cineál naofa fiú, a bhí ann. Cha rabh sí in ann a dhéanamh amach léithi féin go rabh meas an pheacaidh ag an mhuintir eile ar a leithéid sin de smaoiteachas.
I gcompal chráifeach thuaisceartach tuaithe a chaith sí a céad óige, agus dearcadh an-dian ag muintir na háite ar chúrsaí craicinn. Ba chuid é de churaclam oifigiúil na scoile ná léargas nó éachtaint a thabhairt do na daltaí ar chúrsaí na giniúna agus iad ag teannadh le haois na guaise. Ach cibé a shíl lucht na Roinne Oideachais ins an phríomhchathair, chan ionann sin agus an dóigh ar iompaigh an scéal amach ins na cúlriasca agus ar an iargúltacht. Dá gcloífeadh na hoidí ansin lena leithéid de churaclam, thitfeadh tuistí a gcuid scoláirí as a gcrann cumhachta. B'é rud a bhí sé de chlaonadh iontu cheana féin a shílstean nach rabh ins an chóras úr scoile cibé ach uisce faoi thalamh de chuid na gCumannach eadarnáisiúnta, agus iadsan ag iarraidh clann mhacánta na ndea-dhaoiní a chur ar bhealach a míleasa frí dhrúis a shíolchur ina measc. Ar na saoltaibh sin bhí an dá pharanóia - an frithChumannachas agus an meon frithghnéasúil - fite fuaite le chéile is fréamhaithe go domhain daingean in úir sheasc an cheantair. Má bhí a chuid siosmaide slán ag múinteoir cha rabh fonn ar bith air troid a chur ar na fórsaí nádúrtha sin: ba rogha leis an aos teagaisc a ghabháil ins an tseans le cigire na Roinne.
Agus bhí an ceart acu, nó b'éadócha go ndallfadh aon chigire doras mór na scoile choíche. Má dhall féin, ba bheag a spéis i staid an ghnéasoideachais: b'iad na háiseanna nuafhaiseanta closamhairc ba mhó a tharraig a shúil, agus é ag fiafraí cén úsáid a bhíodh á baint astu agus an rabh fios a n-oibrithe ag na hoidí uilig, na seanleaideanna san áireamh. Is féidir gurbh iad seo na treoirlínte a gheibheadh na cigirí ón Roinn: gan aon raiple thúta a tharraingt fríd an bhall íogair a shuaitheadh má bhí pobal ínteacht dianchreidimh i gceannas ar an cheantar. Bhí a seacht sáith fadhbanna ag an Roinn cheana gan na dreamanna seo a chur i dtreo cogaidh.
An toradh a bhí air seo, ar ndóighe, ná gur fágadh daoiní óga na háite ar fíorbheagán eolais ar na cúrsaí craicinn. Agus nuair a thoisigh Pia a chur seanchas a giniúna féin - nach tubaisteach an callán a tharraing a fiosracht mhacánta pháistiúil uirthi! Cha dtearn sí ach an cheist chneasta shóntach a chur ar a máthair féin ná "cad é mar a braitheadh duit é agus Daidí ag cur an tsíl ionat as a dtáinig mise?" Cha rabh a fhios ag an ghirsigh bhoicht faic na fríde ach amháin gur rud álainn deas a chaithfeadh a bheith ann mar a samhlaíodh daoithi féin é - nó mar a mhothaigh sí é agus í ag cuimilt a baill ghiniúna féin - rud nár rith lena tuistí riamh a thoirmeasc uirthi, nó soineanta is uilig mar a bhí an cailín, níor thaise dá muintir é.
Char rith le Pia fiú aon bhaint a bheith eadar na cúrsaí seo agus an aithne udaí ins an Bhíobla nár thuig sí riamh: ná déan adhaltranas. Cha rabh sí in ann a dhéanamh amach cad é faoin spéir ba chiall le sin; ach ar bun na fianaise fíorghainne a dtáinig sí trasna uirthi de réir a chéile cheap sí teoiric an-chliste: go mb'é an rud a chros an seisiú haithne ná do chéile a thréigbheáil. Bhí sin ag luí go mór le réasún, nó ba léir gur millteanach an peaca a bhí ann, cuir i gcás, fear ínteacht a bhean a fhágáil ina haonar i mbun na bpáistí agus é i ndiaidh titim i ngrádh le mnaoi eile. Uafásach is uile mar a bhí sé, tharlaíodh a leithéid, b'eol do Phia sin. Agus shásóchadh an teoiric seo oide an teagaisc Chríostaí ar scoil lá ar bith.
Bhí an gearrchaile bocht comh naíonda aineolach agus go dtáinig sé go hiomlán aniar aduaidh uirthi nuair a chuir a ceist colg millteanach feirge ar a máthair. Thoisigh sí a chaitheamh anuas ar Phia agus roisteacha móra eascaine ag brúchtaíl aisti nach gcuala an páiste a leithéidí ag na pótairí sráide féin: striapach lofa bhradach, díol drúthlainne, síol an diabhail dhuibh dhorcha, nathair nimhe a neadaigh inár measc de lúbarnaigh fhealltaigh le galar na drúise a scabadh...
Baineadh scanradh as an chailín agus phléasc a héagaoint uirthi: char thuig sí a dhath, ach amháin go rabh bun curtha aici anois le holltubaiste ínteacht ina hainneoin agus go gcaithfeadh sí greadadh léithi as baile anois, ó ba léir nach dtabharfadh a máthar grádh ná dídean daoithi feasta.
"An bhfuil de dhíobháil ort a fhoghlaim cad é mar a cuireadh tús leatsa! Chan fhuil ionat ach toradh an pheacaidh! Torad an pheacaidh, an dtuigeann tú! Pheacaigh mise le d'athair, agus as sin a tháinig tú! Agus tá a shliocht ort! A leithéid de spéis cháidheach agat i gcúrsaí an pheacaidh uafásaigh féin!"
Nuair a bhí a racht thart aici chuaigh an mháthair faoi chónaí, ach mhair goimh an scanraidh seo ar an nighin bhig. D'fhan sí uirthi go deo, mar a b'fhacthas daoithi anois. Agus nach íorónta truacanta áiféiseach greanntraigéideach an scéal é gur éirigh lena máthair a áitiú ar Phia nach rachadh aici choíche fear a bhréagadh ionsuirthi a dheánfadh cúis mar chéile is mar athair a clainne, dá ngéillfeadh sí a maighdeanas roimh lá a pósta. Thiarcais Dé, a Mhaime, chan fhuil fios an tsaoil agat a thuilleadh. B'iomaí cailín, agus aithne ag Pia orthu, nach rabh ródhian fána gcuid nuair nach rabh leannán seasta acu go fóill; anois áfach bhí siad pósta ceangailte; agus chan amháin go rabh siad pósta, nó bhí sé éirithe le beirt nó triúr acu fear den chéadscoith a fháil in eangaigh, agus gach cuma ar an scéal nach rabh fonn adhaltranais orthu ná baol air.
Marianne mar shampla. Bhí sise fiú tar éis clann dheas páistí a bhreith a mhaífeadh bean ar bith uirthi. Scaití fuair Pia áiméar bheith ina feighlí ar na rudaí beaga aici nuair a chuaidh Marianne agus a fear céile go dtí an amharclann nó an phioctúrlann lenár gcuid áibhéir a fháil, mar a chuireadh sí féin i bhfoclaibh é. Bean mhór chluichí is súgraidh a bhí i bPia féin gan amhras, nó cha mbíodh aon chúl ná moill uirthi theacht ar chaitheamh aimsire fá choinne na bpáistí. Bhíodh sí ina capall acu, bhíodh brilsce is bruíonachas bréige ar obair acu, bhíodh sí ag léamh scéalta lachan de chuid Disney gos ard dófa. Bhíodh sult an domhain ag an triúr acu as an am a chaithidís le chéile. Bhí imní ar Mharianne ar tús nach réiteochadh a cuid clainne go rómhaith le Pia, agus iad comh dána sin, ródhána ag mnaoi chiúin chráifigh b'fhéidir; ach nuair a phill sí agus a fear ón amharclainn, bhí na páistí tar éis éirí comh mór sin léithi agus gur thoisigh siad a ghol is a scréacharnaigh i seanairde a nglóir go mba rogha leofa fanúint ag an "aintín" nua s'acu go ceann tamaill mhaith eile.
Ar ndóighe b'é an t-athrú comhluadair ba mhó a thaitin leis na rudaí beaga ag Pia. Ach cibé scéal é, bhí bród uirthi as a fheabhas is a chruthaigh sí leofa. Ábhar máthara ó dhúchas, gan smid bhréige! Ach más amhlaidh féin, cá háit a rabh an t-ábhar athara?
Lig Pia osna aisti agus í ag toiseacht ar ghnáthchúraimí na maidine. Phacáil sí a cuid leabharthach fá choinne cheachtanna an lae, ghlac sí cith, chíor sí is réitigh sí a cuid gruaige, roghnaigh sí as measc a cuid ceirteach na héadaí ab fhóirsteanaí do aimsir an lae. Ansin chuaigh sí léithi agus í ag tabhairt aghaidh ar scáthlán an bhus-stada ba chóngaraí. Chaith sí tamall maith ina seasamh faoin scáthlán, agus gidh gur éirigh sí tuirseach sna cosa char shuigh sí síos ar an bhinse. Ba díchéillí a mhalairt, nó bhí sé ina dhubhgheimhreadh fhuar, agus tholgfadh sí úiréidríteas in áit na mbonn dá gconálfadh sí a gabhal ar shaoistín reoite.
Tháinig an bus ceart, agus isteach le Pia gan mhoill, a ticéad míosa á sheachadadh aici ionsar an tiománaí. Dhrann seisean a mheangadh oifigiúil léithi, agus an bheirt acu ag beannú dá chéile. Ansin fuair sí suíochán in aice leis an chúldoras, agus nuair a bhí sí soiprithe léithi chuaigh an bus a bhogadaigh.
Ba bheag eadar an lá seo agus cibé gnáthlá eile go dtí gur thoisigh sos an tséire, nuair a cuireadh gairm scoile ar na múinteoirí uilig chuig an PhríomhOide. Chuaigh Pia go dtína oifig-sean agus sceitimíní uirthi, tharla nár fhéad sí tuairim ar bith a chaitheamh fá shiocair an chruinnithe. Bhí bealtaí áithride ann mar PhríomhOide, ach má bhí féin, cha rithfeadh leis choíche aos teagaisc a scoile a iarraidh isteach ionsair ar an ábhar amháin go léifeadh sé gos ard dófa ciorcallán aiféiseach ínteacht ón Roinn Oideachais nach gcuirfeadh isteach ná amach ar ghnáthobair na múinteoireachta.
Ag foscal an dorais daoithi fuair Pia bunús na múinteoirí eile istigh roimpi. Sméid cupla duine acu go cairdiúil léithi gan gíocs a ligean astu, agus an PríomhOide ar shéala labhairt amach. Bhí sé ina sheasamh os coinne an choimhthioláin, agus fear coimhthíoch in aice leis.
"A chairde", a thoisigh sé, "ba mhaith liom cuid bheag de bhur n-airde a fháil, mura miste. Is é rud a tháinig comhoibrí úr anseo, agus mise lena chur in aithne daoibh inniu. Mar is eol do chách, sciob galar tromchúiseach Nestor von Born uainn go tobann tubaisteach ar shlí na fírinne..."
Ailse na scamhán a thug a bhás, mar Nestor, nó bhí sé comh tugtha sin do na toitíní is go mbíodh sé ina shean-nathán magaidh ag na múinteoirí gurb airsean amháin a thiocfadh tionsclaíocht an tobaca i dtír dá gcaillfí na custamóirí eile ar fad. Ba mhór an bhris í eisean a bheith tar éis báis, dar le formhór na múinteoirí, nó duine laghach cairdiúil a bhí ann. Fear mór eadraiscíne a bhí ann a réitíodh go héascaidh cibé caismirt nó easaontas a d'éiríodh eadar na hoidí is na daltaí, siúd is nár thaithin sé le cách go rabh de nós aige toitíní a thairgsin do na buachaillí ag ócáidí den tseort sin "leis an scéal chrosta seo a shocrú go foighdeach eadar fir fhásta". Ní fios an mb'í a fhlaithiúlacht leis na toitíní ba chúis le sin, ach bhíodh fíormheas ag an scoláire ba driseogaí air lá a shaoil, rud nach mba ghnách ar an scoil seo.
"Karl Johan von Essen is ainm don mhúinteoir úr staire a bhéas sa bhearna bhaoil i ndiaidh Nestor feasta."
An fear a bhí ina sheasamh ar an taoibh dheis den PhríomhOide, tháinig sé chun tosaigh a chrathadh láimhe leis na múinteoirí eile. Rinne an PríomhOide a dhicheall achan duine acu a chur in aithne dó le cupla focal greannmhara de réir mar a rachfadh an fear nuadh ó dhuine go duine.
"Seo duit Pia Bobacka. Dríodar an chrúiscín atá inti, nó is í an t-oide is óige anseo, agus í ag iarraidh teangthacha móra an Iarthair is an Oirthir a fháscadh i gcloigne na ndaltaí."
D'amharc Karl Johan uirthi, agus nuair a rinne a gcuid súl teagmháil le chéile b'aistíoch an bogstangadh a bhraith Pia á bhaint aisti. Na mothachtálacha a d'aithin sí taobh thiar de shúile an fhir, shroich siad, dar léithi, ó bhrón go cumhaidh is ó shearbhas go cineáltacht. Tar éis na céadchastála seo char mhair aici ach mearchuimhne ar chosúlacht Kharl Johan, nó b'ar na súile a bhí iomlán a h-iúil aici.
Fear cúig bliana déag is fiche ab eadh é Karl Johan, a bheag nó a mhór; agus gidh gur bhreathnaigh sé go folláin sláintiúil, b'fhacthas do Phia go rabh néal gruama an bhróin mhóir i gcónaí ar foluain os a chionn. Dá laghacht is dá chineáltacht is a bhíodh sé, agus é á iompar go cairdiúil béasach i dtólamh, bhí an chuma air go mbíodh sé ag iarraidh an chumhaidh dhothuigthe dhiamhair sin a mhaolú nó a dhíbirt uaidh frína shaol féin a ofráil ar son leas na ndaoiní eile agus iad a fhágáil faoi chomaoin aige.
Bhí spéiseanna agus caithimh aimsire dá chuid féin aige, áfach. Ghnáthaíodh sé an amharclann agus na ceolchoirmeanna clasaiceacha, agus cha dtug Pia cuairt amháin ar an leabharlainn nár casadh uirthi é ansin. Ba léir gurbh iad na seanfhealsúna ba mhó a léigheadh sé, nó rudaí eile a rabh baint acu lena chuid oibre: chonaic Pia eadar Cicero agus Boëthius, Spinoza agus Wittgenstein aige. Bhí sé amuigh ar Kharl Johan go dtearn sé a dhicheall fealsúnacht is smaoiteoireacht gach aois a mhíniú do na daltaí agus iad ag streachailt leofa frí stair an chine dhaonna - rud nár rith ariamh, de réir chosúlachta, le lucht scríofa na dtéacsleabhar.
Léigheadh Pia féin litríocht ins na teangacha a mhúineadh sí. Böll agus Fontane, Proust agus Émile Ajar, Dostaighéavscaí agus Púiscín. Ba bheag a chuireadh sí spéis ins na leabharthaí crábhaidh ar na saoltaibh seo, nó tuigeadh daoithi nach rabh ina mbunús ach síoriarracht scrupaill coinsiasa an léitheora a chur ina dtost frí róshimpliúchán a dhéanamh ar na beocheisteanna móra moráltachta. An fear a bhunaigh an ghluaiseacht dianchreidimh a rabh baint ag Pia leofa, b'eisean an eisceacht mhór, nó b'fhacthas do Phia anois nár thuig sí don tseanphropast i gceart ach le déanaí.
Gruama is uilig mar a d'amharcadh sé go coitianta, dhrannadh Karl Johan aoibh thaithneamhach chairdiúil le Pia comh luath is a gheibheadh sé radharc uirthi, agus bhíodh cupla focal cineálta aige fána coinne uair ar bith. Dar le Pia go rabh an dá Kharl Johan ann, agus croí mór maith faoi chlúdach na gruamachta a d'fhág anró is ainnise a shaoil air, de réir dealraimh. Chaithfeadh sé go rabh taisme thruamhéileach nó cailliúint tar éis baint dó go frithir, agus na cneánna gan chneasú go fóill ina dhiaidh sin. Ach má b'fhíor daoithi, cén seort tubaiste a bhí i gceist? Ar thréig a bhean é? B'éadócha le Pia sin, nó cha mbeadh sé comh séimh muinteartha léithi ná le mnaoi ar bith eile dá mb'amhlaidh.
Lá amháin, agus Karl Johan tar éis cupla seachtain a chur isteach anseo, tháinig ar Phia sciordadh isteach chuig a sheomra le h-iasacht foclóra a fháil. Ghabh sí bealach an chúldorais, agus nár thruacánta an feic é an fear bocht: cromtha os cionn a dheasc a bhí sé, agus na deora á sileadh ina ndobhair mhóra aige. Baineadh geit as Pia, agus d'fhan sí ina seasamh faoi bhun an fhardorais gan bhíog gan mhíogChinn Pia, ansin, ar sheanchas an chomhoibrí úir a chur: bhíodh fios gach ruda is aithne gach duine ag Gunnel, a mb'í an bhean ba mhó dúirtsé-dáirtsé í dár casadh le Pia lá a saoil. "Más é ríomhaire Dé an domhan", a deireadh oide an teagaisc Chríostaí, "is í Gunnel A chomhadlann." Ar ndóighe, chuireadh sí caol uirthi an méid seo a ligean thar a béal in éisteacht Ghunnel féin.
"Ó, seadh, Karl Johan, ar ndóighe", arsa Gunnel ag toiseacht is ag inse, "an fear bocht...is eadh, ar feadh m'eolais...bhail...chuala mé corriomrádh ar an scéal ceart go leor...sé rud a bhí bean is teaghlach aige, ach tháinig scúille ínteacht d'fhear óg ag tiomáint gluaisteán agus braon maith biotáilte ins an ghrágán aige...nach dtearn an pleib sin cíolar chíot den mhnaoi bhoicht, go dteána Dia trócaire uirthi...agus sin os coinne shúile a fir is an dá nighean acu agus iad gan a bheith ábalta oiread is leathlámh a airdiú lena cosnamh...char caitheadh ach leathshoicind, agus an mordadh déanta. Bhí an bhean bhocht marbh ar an bhall. Agus an fear céile á mhilleánú féin fán tubaiste, mar is gnách."
"Nach bocht an scéal é! An créatúir!" a d'imigh ar Phia. "An bhfuil na nighneacha slán, ar a laghad?"
"Tá, ar ndóighe, chan eagal dófa. Tá siad ar lóistín tigh deirféar de chuid Kharl Johan. Naoi mbliana d'aois atá an bhean is sine acu, agus trí bliana aici ar an nighin is óige."
"Nach agatsa atá an t-eolas", arsa Pia go leathfhonóideach.
"Ó, chan fhuil agam ach aithne ar mhúinteoir ins an scoil a bhfuil an nighean is sine ag freastal uirthi. Sin é an bealach a tháinig mo chuid seanchais", a d'fhreagair an bhean eile gan an fhonóid a aithint. "Is mór millteanach an truaidhe é. Togha fir atá ann mar Kharl Johan ar go leor bealtaí, ach is léir nach bhfuil sé in inmhe theacht chuige féin a thuilleadh."
"Tá an ceart agat", arsa Pia, "an fear bocht." Thug sí in amhail leanstan léithi agus trácht a dhéanamh ar a bhfaca sí ag amharc ar Kharl Johan i nganfhios dó, go mbíodh sé i gcónaí ag caí a mhná céile; ach chuir sí fiacail ann, nó cha rabh fonn dá laghad ar Phia tuilleadh ábhar cáidéise a thairgsin do Ghunnel. Tharraing sí scéal eile chuici go sciobtha, agus ba ghearr go rabh an bheirt acu ag ársaí téamaí eile ar fad go gealgháireach.
Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair Pia áiméar corrfhocal a chanstan le Karl Johan. Cha rabh aon olc ná colg air léithi, a mhalairt ar fad: bhí sé caidiúil cúirtéiseach mar ba dhual dó, agus é ag déanamh a bheag dá chuid buarthach.
"Cha rabh orm ach tuirse", ar seisean, agus é ag ligean gothaí éadromchroíocha air féin.
"Ná bí ag caint mar sin", a d'fhreagair an bhean óg, agus imní ina guth. "Tá a aithne ort go bhfuil pian ínteacht do do chrádh" - cha dtabharfadh Pia le taispeánadh go rabh fios fátha a phianach aici cheana - "agus sin go frithir goimhiúil. Nach dóigh leat go mba chóir duit do chás a chardáil liom?"
"Cén spéis atá agatsa i mo chúrsaí?", a d'imigh ar Kharl Johan, agus cuma na mífhoighde air.
"Nach tusa atá giorraisc liom anois", a bhléasc Pia air. "Go deimhin cha mbeadh lá suime agam iontu ach amháin gur comhoibrí de mo chuid tusa, agus b'fhearr a threabhfaimist le chéile i mbun oibre dúinn freisin dá mbíteá sásta a riomh liom cén cat mara a chuireanns ag gol do chuid súl amach as do chloiginn thú darn'achan uair dá gcastar ar a chéile sinn."
Bhí an guth céadna aici agus a bhíodh nuair a chuireadh sí foirteagal ar pháistí dána, eadar fhearg agus shéimhe le haithint, agus a hintinn socair aici comhairle a chur ar an fhear. D'fhág sí a deasóg ar leathghualainn an fhir le cuimilt bheag peataíochta a thabhairt do Kharl Johan. "Bhí sé de dhánacht ionam a shílstean gur cineál cairde sinn dá chéile, ach má tá ciapóga orm..."
Tháinig an dubhiontas ar Kharl Johan agus é ag baint lán a shúl as an chailín. Char aithin sé i gceart ach anois cén chúnsóg mhná a bhí i bPia: stuaire stáidiúil staidéartha ab eadh í, agus imní ionraic uirthi fá dtaobh dá comhoibrí, rud a chuala síé go soiléir ar a glór. Bhí dáimh aici leis. Mhothaigh Karl Johan an lasóg á bhladhmadh arís ina chroí a múchadh go deo, mar a shíl sé go dtí seo, nuair a fuair a bhean chéile bás. "An chéad bhean chéile s'agam", a chuaidh frína intinn, agus baineadh stangadh as leis an smaoitiú seo.
Ba mhilis meallacach a mothaíodh achan fhocal séimh ó bhéal Phia don fhear, agus ba ghéar a bhí a cuidiú is a cuideachta d'fheidhm air. Is féidir fosta gur bhraith sé fonn beag craicinn ag teacht air comh maith, agus an chéad léaró de dhóchas as a shásamh adhainte ann; ach rinn sé a dhicheall an diabhailín seo a fháscadh cun báis comh luath is a d'aithin sé é. In ainneoin gach uile rud níorbh é an craiceann an rud ba ghéire a theastaigh uaidh, agus ba chóir dó a chinntiú nach ruaigfeadh a ragús an bhean óg dheas seo uaidh.
Seachas bheith ag streachailt leathair léithi b'é an rud ba mhó ab áil leis a dhéanamh ná a chloigeann a bhrú go tiubh lena croí-se ag éisteacht leis na buaillí.
Thainig corrdheoir faoina leathshúil agus na brionglóidí seo ag reachtáil frína intinn, ach chuir sé caol air féin leis na smaoitíocha seo a dhíbirt. Chuir sé ceiliúr ar Phia. "Is féidir go bhfuil an ceart agat, a chuid", ar seisean. "Más dáiríre atá tú, ba mhaith liom coinne a shocrú leat ar an tséala sin lá ínteacht de na laetha seo. Cogar i leith, a dheirfiúirín: beidh ceolfhoireann an raidió ar cuairt anseo an tseachtain seo chugainn le ceolchoirm mhór a thabhairt uathu. An mbeifeá sásta a dhul ansin in éineacht liom? Seifteochaidh mé ticéad duit agus beidh ceol is comhrádh againn."
A thiarcais! a smaoitigh Pia. Chan ceiliúr rómánsúil ná téaradh pósta a bhí mé le cur air, cha rabh mé ach ag tairgsin lámh chuidithe...ach cibé rud a tháinig frína cloiginn, b'é an toradh gur leath meangadh gealgháirí ar a béal, agus í ag cluinstint a glór féin ag rádh: "Ó, beidh sin an-deas. Tiocfad agus fáilte!"
"Go deimhin?" a d'fhiosraigh seisean.
"Dheamhan amhras", a chinntigh sí.
B'annamh a bhraith sé a leithéid de ríméad is de lúcháir air féin ar na saoltaibh seo, i ndiaidh na tubaiste móire. Nuair a tharraing sé amach an doras mór ina dhiaidh ag gabháil isteach ina árasán dó níorbh é an síoruaigneas a thit anuas air a thuilleadh. Ní dúnta i mbraighdeanas a mhothaigh sé é féin ní ba mhó. Nuair a d'airdigh sé a shúile d'fhonn amharc a chuid nighneach a theagmháil, agus iad ina ngrianghrafanna ar chupard na leabharthach, b'í an chéad mhothachtáil a bhuail é ná go rabh muinín ag na rudaí beaga as a n-athair go mbeadh sé in ann leasmháthair mhaith a roghnú dófa. Cha rabh Karl Johan á mhilleánú féin a thuilleadh in anbhás a mhná céile. Ag dearcadh ar aghaidh uaidh chonaic sé todhchaí úr á foscal fána choinne, áit nach rabh roimhe seo ach an síordhuairceas gan athrú go lá a bháis.
"An bhfuair tú máthair úr fánár gcoinne?" Sin é an seort ceiste a shamhólfadh sé leis an ghearrchaile ba shine acu. "Cad fáth arb éigean dúinn a bheith inár gcónaí toigh Aintín Laura?" a d'fhiafraigh sí dá hathair tráth. "Cad chuige nach bhféadfaimist fanúint in aontíos leatsa?"
"Cha dtiocfadh liom an bheirt agaibh a iongabháil mar is ceart, agus mise i m'aonar. Bheadh faitíos orm me a bheith ag déanamh neamart ionaibh." Agus bheadh an dá áibhirseoir bheaga mná udaí ag dul chun cearmansaíochta air, ach ní abórfadh sé sin gos ard leis an chailín bhocht.
"Cad fáth nach bpósfá athuair", arsa an nighean ba shine ansin - Tanja ab ainm daoithi, dála an scéil. D'fhág an cheist mhacánta pháistiúil ar fíorbheagán focal é. Rinn sé cupla iarracht amscaí a mhíniú dá nighin nach rabh réitiú na faidhbe lán chomh simplí sin, nó chaithfeadh sé bean faoi leith a fháil, agus í fonnmhar fear beagnach meánaosta a phósadh a rabh muirear de chúram air. Thairis sin, bheadh sé deacair bean a chuartú a thaithneochadh le Tanja agus Pinja comh maith leis féin. Cha rabh an gearrchaile in ann a chuid scrupall a thuigbheáilt, nó ba dhóigh léithi go rabh a hathair ar fear comh maith agus a bhí le fáil sa tír uilig. Bhain an breithiúnas seo racht mhór gáirí as Karl Johan, agus thoisigh sé a dh'áitiú ar Thanja nach rabh sí, b'fhéidir, lánoibiachtúil ina barúil nuair a tháinig an cruth ar an tairne. Ba bheag gar a bhí ann, nó chan athróchadh na seacht ríochta eadar chlaíomh is each tuairim a nighne fá dtaobh dá fheabhas agus a bhí a hathair. Cha dtiocfadh sí ar mhalairt intinne ach go mbainfeadh sí amach a sáith aoise le sonrú a chur i neacha fireanna ar comhaois léithi féin.
An ceart agat a chailín, cad fáth nach bpósfainn...
Chroith sé a chloigeann ag iarraidh an tóir dhearg a chur ar smaoitiú ar bith den chineál seo, ach ní rabh gar ann. Nó ba sciobtha a phillfeadh Pia ar a intinn: bean óg shéimh laghach, agus é in ann í a fheiceáilt ina steillbheatha os a chomhair dá gcuirfeadh sé drud ar a shúile.
Ach scéal ar bith é, cha rabh aige ach mearaithne an chomhoibrí uirthi. Cha dtitfidís i ngrádh le chéile, agus dá dtitfidís, ba dócha go n-iompóchadh sí amach ina vóitín caolaigeanta éadulangach; nach rabh iomrá an reiligiúnachais amuigh uirthi? Nó níos measa fós, thiocfadh chun tsolais í a bheith ina nimhneachán neirbhíseach gan acmhainn inti a chuid clainne-sean a ghiúmaráil.