Tháinig lá an chaighdeáin, agus an choinne tráthnóna. Chuadar chuig an cheolchoirm, agus sult á bhaint acu as an cheol, gan trácht ar bith a dhéanamh ar an chomhluadar mhaith a bhí acu le chéile. Ag pilleadh chun an bhaile daofa tharraingeadar scéilíní agus imeachtaí i saol na scoile orthu, agus Pia ag inse staireoga le cur síos a thabhairt do Kharl Johan ar a rabh tarlaithe sula dtáinig seisean a dh'obair anseo. B'fhacthas do Phia ansin go rabh Karl Johan ag fáil bisigh ó iarsmaí na holltubaiste a bhain dó, agus é in ann comhrá a dhéanamh léithi fán ábhar íogair ghoillsteanach seo.

Ós comhair theach Kharl Johan don bheirt acu bhíodar comh gaibhte sin leis an chomhrá agus nach dteachaidh acu éirí as. I ndiaidh deich mbomaite a chaitheamh i mbun cainte daofa d'iarr seisean isteach í.

"An mba mhaith leat braoinín caifé a shnáthadh istigh i m'árasán? Tógfaidh muid ulpóg má fhanaimid tamall eile amuigh anseo. Níl a fhios agam fútsa, ach tá mise préachta conáilte."

"Tá sé as pabhar fuar anseo ceart go leor. Isteach linn", a d'fhreagair Pia.

Chuaigh siad suas an staighre gur bhaineadar amach a árasán-san; agus chaith Karl Johan tamaillín ag tumadh a lámh ina chuid pócaí ar lorg na heochrach. Fuair sé í sa deireadh agus sháith isteach sa ghlas í, agus nuair a d'fhoscail sé an doras léim Pia isteach láithreach lena goradh a dhéanamh comh maith le súil a chaitheamh ina timpeall.

Árasán cuibheasach beag a bhí ann, árasán an fhir dhiomhaoin gan pósadh: seomra amháin agus nideog de chisteanaigh. Bhí Karl Johan tar éis seadó maith a dhéanamh anseo cheana féin, agus a phearsantacht le haithne achan áit. D'amharc Pia uaithi go bhfuair sí radharc ar na grianghrafanna ar an leabhragán. Karl Johan a bhí ansin, agus a bhean chéile a bhí tar éis a báis anois: bean bheag dhóighiúil a bhí inti lá a saoil. Ag grinnscrúdú a pioctúra daoithi bhraith Pia ábhairín náire uirthi: tusa a fuair bás, agus mise ag mealladh d'fhir ionsorm anois! Ansin áfach tharla daoithi súile an bheirt nighneach a theagmháil, agus murar chuir sin misneach ar a croí, níor lá go maidin é, nó bhain sí an-cheol as na coinnle a chonaic sí ins na rosca udaí: ba léir eadar mhioscais agus laghacht, eadar éirim is spiorad a bheith ag roinnt leis an bheirt sin.

"Tá siad iargúlta deas, na páistí", ar sise le Karl Johan. D'imigh gáire beag air, agus é á freagairt:

"Tá agus fáilte, ach is millteanach an mhagadóireacht atá iontu. Bíonn sceitimíní orm i gcónaí roimh a bhfeiceáilt athuair, ach i ndiaidh gach deireadh seachtaine dá gcaithim leofa mothaím mé féin mar a bhéinn tar éis maratón a chur díom."

Rinn Pia sciotaíl. "A chréatúir! An mbíonn lámh chuidithe de dhíth ort leofa?"

"Is minic a chrothnaím uaim a leithéid ceart go leor, agus mé tógtha ó lár acu. Ba mhaith domh bheith in ann freastal orthu ní b'fhearr, nó tuigim go rómhaith gur mór an éagóir orthu nach mbím i mo cheann sách maith dófa agus mise róthuirseach róchantalach tar éis na seachtaine fada oibre."

"Cogar i leith", ar sise, "an mba mhaith leat mise ag cuidiú leat anois agus aríst agus iad ar cuairt agat? Is maith liom páistí, agus taithí mór feighlíochta agam ag amharc i ndiaidh chlann mo chara Marianne, le linn í a bheith amuigh ag déanamh aeir lena fear céile."

Tháinig iontas ar Kharl Johan agus d'fhan sé ina thost go ceann tamaill. Nó bhí drogall áithrid air roimh lucht an chrábhaidh, agus dá fheabhas a thaithin Pia leis, cha rabh sé lánchinnte an chun leasa a rachfadh comhluadar duine dhianreiligiúnda dá chuid nighneach. Ba chuimhneach leis an síorscaoll a chuireadh a sheanaintín ann féin lena cuid scéalaíochta fá dtaobh d'uafáis Ifrinn agus eisean ina ghearrstocach, agus má bhí sé meáite ar aon rud amháin ar an domhan bhraonach seo a chinntiú dá chlainn féin, b'é an rud sin é nach ligfeadh sé d'aon duine choíche na gearrchailí a chéasadh lena leithéid. Bhí na páistí i dteideal a bpáistiúlachta fad is a mhairfidíst ina bpáistí. D'fhoghlaimeochaidíst uafáis uilig an tsaoil seo is an tsaoil eile cibé. Agus nár 'úirt Íosa féin gur le leithéidí na bpáistí beaga A chuid flaitheas féin thar aon duine eile?

"Cad é a bíos ar obair agat leis na páistí?" a d'fhiafraigh Karl Johan.

"Ó, is éagsúil é. Bímid ag léamh scéalta lachan nó eachtraí de chuid Thintin, agus mise ag déanamh aisteoireachta le corthaí an scéil a chur in iúl dófa. Bhíodh an-spéis agam i dTintin i mo chailín bheag domh, agus mo mháthair i gcónaí ag crosadh orm iad a léamh."

"A Phia", ar seisean i ndiaidh tamall maith tosta a chur de, agus é ag éirí dáiríre ina ghnúis, "an abórfá gur bhain tú taithneamh as a bheith i do pháiste?"

"Bhaineas agus fáilte", ar sise, agus ag dul a smaoitiú ar an cheist. "Ní dóigh liom ar aon nós gur mhill an creideamh orm é, más é sin atá uait a fhoghlaim. Ar ndóighe bhíodh eagla orm roimh Ifreann ó am go chéile. Ón taoibh eile de, áfach, ba mhinic a gheibhinn sólás mór as an mhuinín a bhí agam as Dia, agus mise i gcruachás ínteacht."

"Cén seort cruacháis atá tú a mhaíomh?"

"Gach uile sheort. Nuair a bhítí do mo mhilleánú i rudaí nach dtearn mé ar scor ar bith, ba mhór an sólás agam gurbh ag Dia ab fhearr a bhí a fhios."

"An minic a bhuail do thuistí thú?" a d'fhiafraigh Karl Johan, agus é á mhothachtáil féin iontach míchompordach fán smaoitiú.

"Ó, chan minic...Is cuimhneach liom áfach uair amháin is deacair liom a mhaitheamh do mo mháthair."

"Goidé a thug uirthi sin a dhéanamh?"

Chuir Pia meangadh fiar seitgháirí uirthi féin agus í ag tabhairt freagra uaithi: "Cad eile ach mise a bheith rófhiosrach i dtaobh an Pheacaidh Uafásaigh féin."

"Cad é an rud é sin?"

"Ná bí comh sóntach sin, nach fear fásta atá ionat. Cúrsaí mo ghiniúna féin, ar ndóighe. Bhí a lán liodánachta cluinte agam fá dtaobh de adhaltranas nó mígheanmnaíocht nó rudaí den chineál sin. Ach má bhí féin, cha rabh aon chiall agam dó, agus mise lántsásta bheith aineolach. Ná bain don gheis agus ní bhainfidh an gheis duit. Cha rabh ionam ach puirtleog bheag girsí nuair a chuir mé ceist ar mo mháthair cad é an rud é an mhígheanmnaíocht sin a mbíonn an ministéir i gcónaí ag trácht uirthi. Char 'úirt sí ansin ach gur cúrsaí do dhaoiní fásta a bhí ann agus mise beag beann orthu in mo pháiste bheag domh. Agus ghabh mé leor leis an méid sin, nó cha rabh d'eolas agam ar na rudaí sin ach gur peacadh tromchúiseach a bhí i gceist. Bhail, áfach, ó ba rud é gur mhothaigh mé an seanmhóirí ag moladh is a móradh iompar na clainne mar dhualgas naofa do na mná uilig, ba nádúrtha an rud é go dteachaidh mé a chur ceisteann ar mo mháthair. Chuaidh sí le buile agus thug buille domh, agus í do mo mhaslú le focail nár chuala mé riamh go dtí sin." Rinn sí sos fada ag smaoitiú sular chan sí léithi aríst, agus an chuma uirthi gur léithi féin ba mhó a bhí sí ag labhairt anois. "Ghoill sé go trom orm, ach d'éirigh liom cian a thógáilt díom frí mhachnamh a dhéanamh ar ar 'úirt Íosa fá dtaobh de na páistí mar phatrún le tógáil agus dea-shampla le haithris." Bhain an méid seo cineál geit as Karl Johan, nach rabh ach go díreach tar éis an méid céadna a ligint frína intinn. "Le tréan páistiúlachta a chuir mé an cheist sin ar mo mháthair, agus chreid mé gur thuig Dia sin murar thuig mo mháthair."

"Cén dearcadh atá agat anois ar an chreideamh mar chuid de thabhairt suas na bpáistí? An dtógfá do chlann le reiligiún?"

"Thógfainn, ach is casta crosta an scéal sin cad é is brí le clann a thógáilt le reiligiún", arsa Pia. "Thógfainn le reiligiún iad ach dheánfainn mo chroídhicheall gan a gcéasadh as a meabhair le hIfreann. Bíonn páistí ag déanamh barraíocht marana ar a leithéid gan aon spreagadh a fháil ó dhaoiní eile."

"Is mór an t-áthas orm é an méid sin a chluinstin uait", arsan fear, agus diabhal smid bréige a bhí ann, dáiríribh. "Bhí aintín agam agus mise i mo smuilcín bheag de bhuachaill, agus í i dtólamh do mo chur ó chodladh na hoíche frí rabhadh a thabhairt domh fá dtaobh d'Ifreann."

Rinn Pia draothadh beag gáirí. "Nach mór an díol trua a bhí ionatsa! An rabh páirt aici in aon ghluaiseacht athbheochana creidimh? Lucht an Chráifeachais, lucht an tSoiscéalachais, clann Lars Levi?"

"Char chuala mé iomrá ar a leathbhreac ariamh", arsa Karl Johan.

"An rabh sí ina ball d'eaglais ínteacht neamhaontais? Na Meitidistigh, na Baistigh, cuir i gcás?"

"Ba bhall de Chlainn Liútair í, mar is dual do mhuintir ár dtíre."

"An mbíodh sí ag déanamh comhluadar ar bith do lucht a comhchreidimh?"

"Cha mbíodh, ná geall leis. Is dócha nach réiteochadh sí leofa. Bhí fios an Chreidimh Chirt aici féin, seachas ag aon mhinistéir nó seanmóirí, dar léithi féin."

"Mar sin, cha rabh ann ach go rabh iomrá an chrábhaidh uirthi i ndiaidh an iomláin?"

"Sin go díreach."

Sméid Pia a cloigeann go heolasach.

"Sin mar a síleadh domh. Is dócha liom nach duine reiligiúnda ar bith a bhí inti mar a thuigim féin an coincheap, ach gnáthchnáimhseálaí gangaideach de sheanmhnaoi nach rabh ach ag cur craiceann na cráifeachta ar an díoltas a bhí á agairt aici ar an domhan bhraonach seo uilig ar son cibé éagóir a d'fhuiling sí féin tráth a bhí sí óg. B'fhéidir go mba dóigh léithi go dtearn duine ínteacht praiseach dá saol nó go rabh a hóige comh gann i spraoi agus i subhachas is go rabh de dhíobháil uirthi sásamh a brise a bhaint as an aos óg ina timpeall."

"An é an rud atá tú a mhaíomh nach vóitín tipiciúil mná a bhí inti?"

"Chan maith liom an focal udaí vóitín, ach cibé locht a thig leat a fháil ar lucht an dianchreidimh féadaim a rádh go deimhin dearfa nach daoiní den tseort sin sinn. Daoiní caidriúla sinn ó dhúchas, cibé cotadh a fháganns an reiligiún orainn roimh na daoiní taobh amuigh denár gciorcail féin. Ná dearmad go bhfásaimid uilig aníos inár slóite síoraí de pháistí, ós rud é nach gceadaítear an fhrithghiniúint."

"Tuigim, ach más féidir locht a fháil oraibh cad é an locht é?"

"Bhail, is é an locht is mó a chuireanns as domh go pearsanta ná an meon frithintleachtúil. Agus déarfainn gur cuid é an meon seo de bhunmháchail ár ngluaiseachta, is é sin, blas Chumann na hOidhríochta."

"Cad é an rud an Cumann sin?"

"Chan ann dó ar scor ar bith ach amháin gur chum mé é", arsa Pia go greannmhar leathmhailíseach. "Is amhlaidh gur minic nach n-aithníonn daoiní de lucht an dianchreidimh cad ius Críostaíocht ann ina gcuid oidhríochta fEin, nó bíonn an urraim is dual don chreideamh, bíonn an urraim sin go mion minic acu do chlaonttachtaí agus claontuairimí cúigeachais nach bhfuil aon bhaint acu leis an chreideamh. Cuir i gcás, bíonn siad iontach diúltach i leith deolchaire agus reachtaíocht fá dtaobh de dheolchaire agus cúrsaí an leasa shóisialta, agus iad den bharúil go gcaithfidh achan duine bheith in ann déanamh as dó féin. Cha rabh mé ach seacht mbliana d'aois nuair a thuig mé nach bhfuil an dá chuid ag teacht go rómhaith le chéile - an síorspalpadh fá dtaobh den charthanacht agus an t-uabhar peacúil sin i leith na mbochtán. Cheapfá nach mb'iad na bochtáin chéadna iad sin a dtearn Íosa trácht orthu agus iad siúd atá ag mairstin inár measc féin. Agus an frithintleachtúlachas! Is dóigh le cuid acu nach bhfuil i léann ná i bhfoghlaim ar bith ach barr gach díomhaointis agus buaic na baoise. Ins an am chéadna bíonn glacadh tostach le cibé íota i maoin shaolta. Is fearr duit bheith i d'fhear gnoithe ag déanamh na múrtha airgid, siúd is go bhfuil a fhios ag madraí an bhaile gur airgead leathlochtach atá i gceist, ná léann a fhoghlaim agus eolas a charnadh le chéile."

Sciorr draothadh beag gáirí ar Kharl Johan. "Char samhladh domh ariamh gur duine den eite chlí thusa!"

"Ó, ná bí ag spochadh asam", arsa Pia go magúil.

Mhair siad ag caint le chéile píosa maith eile, ach ansin tháinig tuirse ínteacht orthu, nó bhí gach ábhar cainte dár rith leofa ag an ócáid áithrid seo spíonta acu cheana féin. I ndeireadh an ama cha rabh eadar lámhaibh acu ach lán a súl a bhaint as a chéile agus cineál meangadh beag ag croitheadh fána gcuid liopaí. Bhí a fhios go sármhaith ag Pia go mba chóir daoithi anois buíochas a ghlacadh le Karl Johan ar son an scoth ama a bhí aici ina chuideachta; agus Karl Johan ins an am chéadna , tuigeadh dó gan dabht go mb'é an rud a rabhthas ag súil leis uaidh anois ná scairt ghutháin a chur ar ionad na tacsaithe le marcaíocht shábháilte chun an bhaile a chinntiú don mhnaoi óig. Ach ina dhiaidh sin féin cha dtearn aon duine acu bogadh ná corraí ar bith.

Mhothaigh Pia cathuithe aistíocha ag teacht uirthi. Ní rabh sí cinnte dáiríribh goidé a bhí i gceist. Ní rabh aon rud cinnte ach amháin nach mba mhian léithi Karl Johan a fhágáilt ina aonar anseo. Samhlaíodh daoithi a h-áit uaigneach féin agus an chuma mharbh a bhí uirthi, gan ann go prionsabalta ach stóras dá cuid leabhar agus sráideog leapa ann le codladh aonaránach a chinntiú daoithi. Amseo istigh, áfach, bhí sé go deas ar fad, agus fear séimh cairdiúil mar chomhluadar aici.

Níor chuimhin le Pia a thuilleadh an uair dheireanach go dtí seo a fuair sí barróg mhaith ó aon duine. Bhí gach blúirín dá craiceann ag stiúgadh le feasbhaidh peataireachta, agus í ag aithne ar an toirt go rabh gach ag an fhear seo dá rabh ag teastáil uaithi anois. Bhraith sí a cosa ag teip uirthi nuair a ghlac sí an dá choiscéim i dtreo Kharl Johan a bhí de dhíth le seasamh go dlúth in aice leisean.

Sheachaid sí leathlámh go cotúil chuig Karl Johan, agus í ag rádh le baspairt ina glór:

"A Kharl Johan, níl a fhios agam cad é mar a déarfainn leat é, ach is amhlaidh...is amhlaidh nach mba mhaith liom a dhul 'na bhaile." Agus mura mbeadh na focail ag fanúint i bhfostó i gcaol a sceadamáin, chuirfeadh sí leis an méid sin go mba dóigh léithi nach thall ansin a bheadh sí ins an bhaile a thuilleadh.

Ach thuig Karl Johan a cás. Rinn an bheirt acu scotbhach gáirí, agus chuir Karl Johan a lámh thart ar an mhnaoi óig agus thug fáiméad mór de phóig daoithi. B'fhada a mhair sé á pógadh is á fáscadh chuige, agus nuair a d'éirigh sé as, d'fhan an bhean tamall maith ina tost agus meangadh beag ar a béal. Bhraith Karl Johan an luisne ag teacht ina cheannaightheacha agus é ag dul a dhéanamh leithscéil:

"Gabh mo leithscéal, a Phia. Chan fhuil a fhios agam go balach cad é an cat mara a thug orm..."

"Ó, stad den tseafóid", arsan ghirseach agus tocht ina glór. "Caithfidh sé gur maith leatsa mise."

"Is maith", ar seisean, agus é ag labhairt go furchaidh faichilleach mar a bheadh stadachán cotúil de bhuachaill óg ann. "Tá mé i ngrádh leat, a Phia."

Bhí léaspáin ag teacht ar shúile Phia le teann iontais agus áthais, nó cibé argóint réasúnta a d'ullmhaigh sí roimh ré fá choinne a leithéid seo de chás, bhí sí i ndiaidh dúdhearmad a dhéanamh daoithi. Bhraith sí a colainn uilig ar bís tuilleadh peataíochta a fháil ón fhear dheas udaí. Agus de réir a chéile tuigeadh daoithi go rabh éirí craicinn uirthi fosta, agus í gan a bheith in ann cíocras a colainne a chloí. Ba dóigh léithi anois nach peacadh ar bith a bheadh ann dá scaradh sí a cosa in araicis an fhir seo agus a bhoid.

Bhraith Pia lámha Kharl Johan ag foscal cnaipí a cuid éadaí, agus char bhog sí méar le cur ina éadan. Thit sí i ndiaidh a droma ar an tolg agus í ag cuimilt gruaig an fhir go santach. D'fhreagair sí póga Kharl Johan go réidh fonnmhar, agus sceitimíní uirthi roimh an tsult mhór a bhí le theacht.

Phioc Karl Johan ceirt i ndiaidh ceirte de cholainn na mná, agus é ag déanamh iontais den ragús chraosach collaíochta a bhuail an cailín comh tobann formhothaithe sin. B'ar éigean a chreid sé féin go mb'ann dá leithéid seo de scothstuaire, mar Phia; má bhí a chroí ag greadadh mar a bheadh fear an oird ann ag bualadh tairne isteach ins an bhalla, níorbh é an t-éirí craicinn an t-aon chúis amháin leis.

Chuir sé a bhéal ag smutfaíl thart timpeall ar leathdhide na mná, agus é ag corraí a theangan uirthi. San am chéadna bhí a chuid lámh ag léarscáiliú a droma agus a cliathán, agus méara a dheasóige ag dul thar a heasnacha mar a bheadh sé á gcuntas. Agus nuair a thoisigh sé a dhruidim i dtreo a ball giniúna, lig sí béic bheag aisti inar aithin sé eadar eagla agus dhúil, eadar áthas agus náire, agus súil aige gurab iad an t-áthas agus an dúil a gheobhfadh an lámh in uachtar sa deireadh thiar.

I ndiaidh muineál is brollach, cíocha is bolg na mná óige a phógadh go craosach cíocrasach dó thoisigh Karl Johan a chuimilt a cuid ceathrún, agus é á ullmhú féin chun a theanga a chur ar a liobra thíos agus a breall. Bhí Pia faoi dháir ar fad, agus í ar crith mar a bheadh sí á préachadh ag an fhuacht. Bhí sé ag dul rite le Karl Johan í a choinneáil socair áit a rabh sí.

Nuair a ba dóigh le Karl Johan go mba mithid dó a bhod a sháthadh isteach inti, agus é ag crágáil an choiscín ar a bhod lena dheasóig le linn a chiotóg a bheith ag súgradh eadar ceathrúna na mná, bhí meadhrán ina cloiginn cheana le teann ragúis, agus í ag sciotaíl gháirí mar a bheadh glincín sa ghrágán aici. Ag feiceáil sáiteán an fhir daoithi, agus é ag gobadh ina cholgsheasamh, cha dtearn sí ach béic gháirí a ligean aisti nuair a thuig sí go rabh an maide sin le dhul isteach inti. Char chuimhneach léithi a thuilleadh a rabh ráite ag a máthair fá pheacadh na mígheanmnaíochta, agus í ag géilleadh go réidh rugtha don bhall fhearga a tháinig suas a faighin. Bhí a súile ar foscal fairsing, agus í ag grinndearcadh ar a rabh le feiceáilt: a báltaí féin agus an bod cruaidh udaí ag obair eatarthu.

Bhí sí comh ailíosach agus gur éirigh léithi buaic a suilt a bhaint amach roimh an fhear, agus é i ndiaidh an oiread sin peataíochta a thabhairt daoithi roimh ré. Ag ligean a rachta daoithi cha dtearn sí aon choigilt ar a guth. Mhair sí ag éagaoint go dtí go rabh piachán uirthi, agus achan chomharsa béaldorais de chuid Kharl Johan ina dhúiseacht ag an liú. Char éirigh Karl Johan as an phumpáil dheas a bhí ar siúl aige, agus é ag muirniú a ghráidh ghil comh fial flúirseach flaithiúil sin agus gur lig sí racht eile go díreach i ndiaidh an chéad cheann sula rabh sé críochnaithe. An tonn aoibhnis a rith frina corp chuir sí iontas uirthi, nó cha rabh sí in ann a leathbhreac a mhothachtáil go dtí seo, agus í ag iarraidh a corp a chuimilt ina haonar. Draoi ceart a bhí ins an fhear seo ar éirigh leis a leithéid sin de cheol a bhaint as mnaoi!

Nuair a bhí seisean i ndiaidh a chuid síl a scaoileadh agus an coiscín úsáidte a bhaint de, tháinig seort náire air. Cailín cráifeach cláraithe aige!

Ba mhór an t-aoibhneas é an babhta seo don dís acu, ar ndóighe, ach ba léir go dtiocfadh doilíos uirthi fosta. An mba leor a ghrádh daoithi le scrupaill a coisiasa a thabhairt chun tsuaimhnis? Scrúdaigh sé aghaidh na mná go mion le céadchomhartha aithreachais a aithne uirthi, ach dheamhan a bhfaca sé ach aoibh an áthais.

"A Phia", ar seisean.

Rinn Pia gnúsachtach shásta.

"Tá mé i ngrádh leat."

An freagra céadna uaithi aríst, agus an meangadh á leathadh.

"Cha dtréigim go deo thú."

A seanghnúsachtach uaithi.

"An bpósfaidh tú mé?"

"Pósfaidh agus fáilte", ar sise gan a súile a fhoscal, agus biorán suain le haithne ar a glór.

Chuir sé a chluais eadar na cíocha agus é ag éisteacht lena croí ag bualadh. Sin e an rud a ba ghéire a bhí de dhíth air. Is beo daoithi, a smaoitigh sé. Míle buíochas le Dia. Nach iontach an mhiorúilt a macasamhail seo de mhnaoi dheis ghrámhair a bheith beo beathach, agus í i ngrádh liom!

Thit a chodladh sona sultmhar suaimhneach ar Kharl Johan, agus le linn a shuain taibhríodh dó Pia ag súgradh lena chlainn-sean is ag léamh eachtraí de chuid Thintin dófa. Bhí sé féin ag giollacht tae daoithi lena sceadamán-se a choinneáil fliuch agus í ag reacaireacht línte Thintin agus an Chaiftín go drámatúil do na rudaí beaga.

Nuair a mhúscail seisean, bhí Pia ina codladh go fóill, agus a seanmheangadh ar a béal, rud a mhisnigh go mór é. Thug sé póg shéimh daoithi, agus í ag monamar faoi shuan. "Fan tusa anseo", ar seisean go ciúin grámhar. "Beidh bricfeasta againn in áit na mbonn."

Chuaigh sé go dtí an chisteanach agus é ag portaíocht go haerach. Chroch sé suas achan amhrán gráidh dár rith leis, agus a ghuth ag teip air le teann ríméid.

Ag pilleadh chuig an chailín dó, áfach, agus é ag iompar trádaire le dhá chupa tae agus bricfeasta beag solamarach, chonaic sé láithreach bonn gur thoisigh a coinsias a luí go trom ar Phia ó mhuscail sí go hiomlán. Bhí sí ag sileadh deora go ciúin, agus strainc na pianach uirthi. Lig seisean an tráidaire ar an chathaoir a bhí ag déanamh cúis an tábla cois leapa aige, agus ansin shuigh sé síos in aice le Pia le focal séimh sóláis a chanstan léithi.

"Goidé atá ag dó na geirbe agat, a rún mo chroí?" a d'fhiafraigh sé.

Lean ort