Bhí Pia ag gol go géar, ach ar a laghad char choisc sí lámh Kharl Johan agus é á seachadadh ionsuirthi. D'úirt sí rud ínteacht de mhonamar íseal fá dtaobh de "pheacadh tromchúiseach".
"A rúnsearc", ar seisean go buartha imníoch, "tuigim do chás, ach más peacadh féin atá ann, dar leat, tá mé cinnte go mbeidh muid in ann féacháilt chuige go dtiocfaidh maith as sa deireadh thiar thall."
Cha dtug Pia focal freagra. Bhí an chuma ar an scéal go rabh sí do-shóláis.
"Chan fhuil ionam ach striapach shuarach, mar a d'úirt mo mháthair."
"Ná bí do do mhaslú féin", a d'fhreagair Karl Johan go prap. "Tá mise i ngrádh leat, go rabh a fhios agat, agus deamhan cúis náire domh é. Chan striapach tú ach bean dheas mhórchroíoch, agus is measa liom thú ná na súile i mo chloiginn. Caith uait an féinmhaslú sin nach bhfuil tuillte agat ar aon nós ná slí."
Thost Pia ar feadh tamaill. Mhair cuimhne na hoíche aréirnas ag luí ar a coinsias, ach ar a laghad tuigeadh daoithi nach rabh an fear seo lena thréigbheáilt.
"Bris do chéadlongadh anois", arsa Karl Johan. "Más fúmsa atá sé chan den ocras a gheobhfas tú bás, cibé scéal é."
D'éirigh léithi anois aoibh bheag a fháscadh ar a ceannaightheacha. Chuaigh Karl Johan a dh'óráidíocht fá dtaobh den ghrádh mhór mhillteanach a bhí aige daoithi agus é ag cur béim air go mbeadh a chosa féin nite dá gcuirfeadh Pia lámh ina bás féin. doirte is uile mar a bhí sé daoithi.
Chaith sí súil an iontais leis. "Féinmharbhadh a dhéanamh? Mise? An bhfuil tú as do mheabhair?"
"Tá", ar seisean. "Tá mé glan as mo mheabhair i do dhiaidh, agus buaireamh an domhain orm fútsa."
Chaith Pia tamall maith ag déanamh marana ar na focail seo, agus a croí ag borradh le teann gráidh. "Má tá an oiread sin buairimh ort is féidir go mb'fhearr domh fanúint anseo go ceann tamaill eile." Ba léir daoithi go gcnagfadh an náire is an coinsias í dá rachfadh sí chun an bhaile anois. Anseo, agus an fear suallach suáilceach seo ina cuideachtain, charbh eagal léithi urchóid ar bith. Chuir sí a lámha thart air agus d'fháisc chuici é, agus nuair a bhraith sí a bhodsan ar a craiceann, dhúisigh an cíocras inti athuair, agus í ag smaoitiú ar imeachtaí na hoíche.
Mhair sí i bhfad ag méaradradh i ngruaig an fhir go dtí gur imigh uirthi a rádh: "Is mór an t-ionadh cé chomh héascaidh agus ata sé."
"Goidé atá comh héascaidh?"
"An rud a rinn mé leat aréirnas. Do chuid a thabhairt duit, mar a deirtear." Rinn sí sciotaíl bheag. "Char scoilt an spéir agus char mhúch an ghrian. Nó déanta na fírinne, scoilt an spéir ceart go leor, ach ar bhealach eile seachas mar a shíl mé." Sciotaíl eile.
"B'fhéidir nach bhfuil sé comh tromchúiseach mar pheacadh, má tá tú i ngrádh dáiríre, agus tú sásta freagracht a ghlacadh as?"
"Chan fhuil a fhios agam", ar sise. "Is eol domh go mba chóir domh aithreachas a bheith orm, ach má tá náire ar bith orm chan í ár gcomhriachtain is cúis léithi ach..."
"Goidé is cúis léithi?"
"Cha dtig liom aon chúis aithreachais a aithne. Ar bhealach tá fiú bród orm. Ins an am chéadna tá náire orm fán fheasbhaidh náire sin. Nach aistíoch mar scéal é?"
"Chan eadh. Sílim go dtuigim duit níos fearr ná mar a shamhailtear duit féin."
Thug sí fáiméad póige dó agus d'fhan socair go ceann tamaill. Ansin rinn sí sciotaíl bheag dheas gáirí.
"Ba mhaith liom", arsa Pia.
"Goidé ba mhaith leat?"
"Tuilleadh den earra atá agat i do sheanbhríste mhór."
Chrom an fear ar í a chumailt, agus char thóg sé mórán ama ar an bheirt toiseacht ar bhabhta úr comhriachtana.
D'imigh sin agus tháinig seo, faraor: tar éis an Satharn uilig a chaitheamh tigh Kharl Johan ag bualadh craicinn agus ag baint suilt as an tsaol b'égean do Phia pilleadh chun an bhaile le ranganna an Luain a ullmhú. Ranganna an Luain. Lá an Luain. Lá an Bhreithiúnais. Na críocha déanacha, cuimhnigh ar na críocha déanacha. Thoisigh an náire a luí uirthi dháiríre. Bhraith sí baspairt is critheagla ag teacht uirthi, agus nuair a chonaic sí aghaidh a máthara i ngrianghraf ar an chupard baineadh stangadh aisti. An peacadh uafásach féin déanta aici...agus í ag baint sult an domhain as! Tháinig seile ina faighin ina hainneoin agus í ag cuimhneamh air. Striapach bhradach, bitseach mhillte gan mhaith...
Thit sí ar a glúnta le teann éadóchais is náire agus í ag sileadh deoir i ndiaidh deora, na dobhair ag titim anuas a cuid leicneacha. Nuair a mhaolaigh ar a pianaigh, áfach, d'éirigh sí ina seasamh agus chaith súil ina timpeall go bhfaca sí a sean Bhíobla i measc na n-úrscéaltach Gearmáinise agus na téacsleabhar teangeolaíochta. Shín sí a leathlámh leis an Scrioptúr a tharraingt chuici. D'fhoscail sí amach é agus chrom ar a léamh ag lorg sóláis. Agus fuair sí a dúil ceart go leor, nó b'iad seo na chéad fhocail a casadh ar a súil:
"Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar beireadh uirthi i gceann adhaltranais daoithi agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus d'ubhairt siad leis: - A mhaighistir, beireadh ar an mhnaoi seo i gcoir an adhaltranais féin. D'ordaigh Maos dúinn ins an dligheadh bás a imirt ar a leathbhreac seo le clochaibh. Goidé a deir tú más eadh? D'ubhairt siad an chaint sin á phromhadh i gcruth is go mbeadh rud éigcinnteacht aca le cur síos dó. Ach chrom Íosa síos agus thoisigh sé a scríobh le n-a mhéar ar a' talamh. Ós rud é nach dteachaidh aon stad orthu acht dá cheistniughadh, d'éirigh sé suas agus d'ubhairt leobhtha: - An duine agaibh atá gan pheacadh, bíodh sé ar an chéad duine a' caitheamh cloiche léithi."
Arna léamh seo daoithi b'fhearr i bhfad a bhraith Pia í féin. Mhaithfí daoithi. Thiocfadh dea-chríoch ar an scéal. Chrom sí ar iomann eaglasta a phortaíocht léithi féin fá dtaobh de thrócaire do-chloíte Dé agus chuaigh i gceann a cuid oibre fá choinne an lae arna mhárach.
Ag an am seo bhí a choinsias ag goillstin ar Kharl Johan, agus a chroí buartha brónach fá dtaobh de Phia. Ba chuimhneach leis cén dearcadh a bhíodh ag a bhaicle buachaillí féin i leith na gcailíní cráifeacha le linn é a bheith ina ghlas-stocach ag freastal ar scoil na ndéagóirí. Gáirsiúil agus mar a bhídíst ag trácht ar na cailíní bhí sé ina dhianchoradh acu gan aon iarracht a dhéanamh bean de na girseacha diaganta a chlárú. Gidh nach mbeadh sin comh dodhéanta agus mar a shamhlófaí duit, ba léir don droing uilig seo d'ógfhir áilíosacha nach mbainfidís do na vóitíní mná, nó cha rabh acmhainn acu ar an iarmhairt. Bhí Karl Johan anois tar éis an riail sin a bhriseadh, agus ba chuma cé comh hionraic a bhí sé ag gealladh grádh is pósadh daoithi bhí meas na bitsí is an pheacaigh mhóir aici uirthi féin anois. B'annamh a ghuíodh Karl Johan Dia, nó chan duine róreiligiúnda a bhí ann, ach anois thit sé ar a ghlúntaibh agus é ag impí ar Dhia an dís acu a thabhairt slán sábháilte a fhad le bainis a bpósta gan a ligean do Phia dochar a dhéanamh daoithi le teann náire nó crá coinsiasa.
Ina dhiaidh sin chaith sé tamall fada ag machnamh leis cad é mar a thiocfadh leis féin Pia a chosaint uirthi féin. Tharraing sé amach drár as a dheasc le peann agus páipéar a phiocadh as agus chrom ar leitir a scríobh chun an chailín. Rinn sé mionchursíos inti ar a ionraice agus a bhí sé i ngrádh léithi agus é á hagairt gan a bheith á shílstean gur ag glacadh buntáiste uirthi lena ragús féin amháin a shásamh a bhí sé: mhionnaigh sé go mbeadh sé lántsásta fonnmhar í a phósadh dhá mbeadh ag éirí leofa le chéile. Chuir sé an leitir i gclúdach agus stampa air, agus bhain sé amach an chéad bhocsa leitreach ar a dtáinig sé trasna leis an teachtaireacht a chur ionsar Phia. Ach má sheol sé an leitir uaidh, níor mhaolaigh ar íona a choinsiasa. Chaith sé a rabh fágtha den lá ag creimnigh is ag cnaí ar a chuid iongan, agus é ag samhailt dó gur in éadóchas a bhí Pia, agus í, b'fhéidir, tar éis a bás féin a thabhairt cheana.
Cha rabh sé comh h-olc, áfach. Chuir Pia scairt gutháin ar a cara Paula. Bhí an bheirt acu ar comhaois le chéile, agus Paula go díreach i ndiaidh a hoirnithe ina ministéir. An ghluaiseacht dianchreidmheach a rabh baint ag Pia léithi cha ghlacfadh sí le h-oirniú na mban, agus b'fhada gur éirigh Pia féin comportach leis an smaoitiú, ach b'éigean daoithi a aidmheáil go mbíodh obair fhónta fhiúntach á déanamh ag macasamhail Phjaula, cuir i gcás. Inniu, bhí sí féin agus an ministéir mná seo an-mhór le chéile, ní nárbh ionadh, ó ba rud é go rabh na fadhbanna céadna ag an bheirt acu mar mhná óga cráifeacha, agus iad gan a bheith pósta fós.
"A Phaula, cha dtig leat a thomhas cad é a d'éirigh domh."
"Cha dtig, ach an ineosfá domh é."
"Sílim go bhfuil mé i ngrádh."
Rinn Paula tost fada ag an cheann eile den tsreang teileafóin, agus í ag smaoitiú léithi. Ar bhealach bhíodh sí i gcónaí ag déanamh go rabh sóntacht agus páistiúlacht ínteacht ag roinnt le Pia a cheadóchadh d'fhear míthrócaireach ínteacht an chluain Mhuimhneach a chur uirthi lena ghaisneas gnéis a bhaint aisti mura mbíodh sí cúramach.
"An bhfuil a fhios ag an fhear chéadna?"
"Sílim go bhfuil", arsa Pia. "Chaith muid oíche le chéile an deireadh seachtaine seo."
Murar fhág an méid seo Paula gan focal amháin le freagra a thabhairt dá cara níor lá go maidin é. Ar ndóighe bhí sí cineál éadmhar. Nó bhí sé beagnach dodhéanta ag mnaoi óig eaglasta ardléinn an coimeadar a chur ar a díol de fhear. Cha mbíodh le fáil ach fanaicigh choimeádacha agus iad barúlach, mar a shíolteagaisc na seanóirí dófa a bheith, nach rabh in oirniú na mban ach cleas de chuid an Áibhirseora féin; agus má chuaigh tú ar thóir fir taobh amuigh de na dreamanna eaglasta caidé a bhí le fáil ansin ach intleachtóirí leathmhagaidh agus dímheas acu uilig ort toisc gur ag obair don eaglais a bhí tú: iad go léir ag déanamh aithris ar mhanaí smolchaite fritheaglasta na seascaidí agus achan duine acu den tuairim go mb'eol dó do dhearcadh ar an tsaol mhór frí chéile sula rabh uain agat do bhéal a fhoscal. Bhíodh na liobrálaigh bhréige seo ag cur an mhilleáin ort mar dhuine eaglasta as uafáis na Cúistiúnachta ins an Spáinn, as comhobair an Phápa le Mussolini san Iodáil agus as an scalladóireacht teangan a fuair siad féin ó mhnaoi chéile an mhinistéara nuair a bhí siad ina mbuachaillí beaga ag iarraidh úllaí a ghoid uaithi.
Ar ndóighe, cha rabh na hamadáin seo in ann cairdinéal a aithne thar ayatollah ná Pratastúnach a scarúint ó Chaitliceach. Thar aon rud eile cha rabh siad ábalta ar a thuigbheáilt go dtiocfadh leat suim a bheith agat i litríocht, in ealaíon nó i gcultúr ar bith, nó ba chóir duit, dar leofa, gan ach peacadh is pornagrafaíocht a fheiceáilt ina leithéid. Nuair a d'áiteofá ar na fir seo nach amhlaidh a bhí, cha chreidfidíst a dhath uait. Bhí a fhios acu cheana, dar leofa féin, cén cineál daoiní a bhí ar fostó ag an eaglais. Agus mura rabh an realtacht ag teacht leis an íomhá sin, ba mheasaide don réaltacht é.
Bhí na duaircsmaoití seo uilig ag teacht fríd chloiginn Phaula nuair a bhí cluinte aici cén scéal a bhí ag Pia. San am chéadna áfach tháinig imní uirthi fána cara. An rabh banaí neamhscrupallach ínteacht tar éis í a leagan le húsáid a bhaint aisti, agus an cailín bocht macánta i ngrádh leis an scabhaitéir bhradach anois?
"A Phia", ar sise faoi dheoidh, "an as do chéill a chuaigh tú? Nach bhfuil náire ort?"
"Tá, cineál", a d'fhreagair Pia, "ach cha rabh neart agam air. Tá mé comh splanctha sin ina dhiaidh."
Lig Paula osna aisti. "A Phia, an bhfuil tú cinnte nach ag baint suilt asat atá an fear gan rún do phósta ar chor ar bith?"
"Tá mé réasúnta cinnte go bhfuil sé dáiríre."
"Tá go maith", arsa Paula, "ach bíodh a fhios agat nach bhfuil an scéal seo ag taithneamh liom. Tuigim do chás, ach ba chirte duit fanacht glan ar na cúrsaí seo go lá do phósta seachas dul le drúis mar a rinn tú."
Rinn Pia sciotaíl gháirí. "An é sin do thuairim féin, nó an é seasamh oifigiúil na hEaglaise é?"
Lig Paula osna aisti aríst. "Chan cúis gáirí atá anseo ar aon nós. Tá a fhios ag Dia nach mbíonn sé ró-éascaidh cloí le foirceadal na Críostaíochta i gcúrsaí collaíochta agus an saol mar atá sé. Ach ní gan chúis a hordaíodh dúinn caidreamh craicinn a sheachaint taobh amuigh den phósadh. Chan maith liom a bheith i mo sheargánach, ach tá praghas ar achan phléisiúr ar an domhan bhraonach seo, bí cinnte go bhfuil. Chan le teann mailíse a chrostar orainn bheith ag bualadh craicinn, nó is é mo thuairim féin - creid uaim nach é seasamh oifigiúil na hEaglaise é - nach n-éilíonn Dia orainn ach an rud a dhéanamh atá níos fearr ná a mhalairt. Ná samhail nach bhfuil i ndianmhoráltacht i gcúrsaí collaíochta na heaglaise ach iarracht shuarach lánchosc a chur ar achan rud deas, nó is í ciall cheannaithe an chine dhaonna go dtiocfaidh diomá ar lorg na dárach."
"Ach tá mé i ngrádh leis", arsa Pia.
"Cá mhéad cailíní a bhí i ngrádh le fear nach rabh ach ar mhaithe lena bhod bhradach féin", a d'úirt Paula, agus fearg uirthi.
"Chan fhuil tú ach in éad", arsa Pia.
"Ó, dún do ghob", a d'imigh ar Phaula, agus b'é an méid sin a chuir deireadh deifnideach leis an agallamh beirte.
I ndiaidh an chomhráidh seo, áfach, ní rabh an náire go mall ag teacht ar Phaula faoina míchumas gan ach locht a fháil ar an chumann seo eadar Pia agus cibé fear a bhí i gceist. Ar ndóighe, cha rabh aon chur amach ag Pia ar chiniciúlacht agus drúisiúlacht na bhfear. Ón taoibh eile de, má bhí fear ar bith in ann a garda a bhaint den ghirsigh udaí ba léir nach fear róchomónta a bhí ann ach duine ar leith. Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne cha rabh ins na girseacha cráifeacha féin ach colainn chlaon, agus iad, b'fhéidir, somheallta go leor ag an bhanaí mhíthrócaireach a rabh na cleasanna uilig aige. Tháinig imní ar Phaula fá dtaobh dá cara. Imní agus dubhoibriú intinne.
Maidir le Pia féin, cha rabh sise róshásta léithi féin agus í i ndiaidh an glacadán a chur uaithi. Bhí an ceart ag Paula tar éis an tsaoil nach rabh inti ach óinseach ag móradh Karl Johan gan a bheith in ann a rádh cad chuige a rabh sí ins an chéill ab aigeantaí aige. Agus cén chúis a bhí aici le bheith comh héadromchroíoch sin i dtaobh an fhir? B'fhéidir nach rabh de dhíth air ach céile leapa agus gogamán de fheighlí páistí fá choinne a chuid nighneach?
Ansin chuir Karl Johan glao teileafóin uirthi, agus d'aithin sí í féin go sonasta aríst.
Cúpla lá ina dhiaidh sin casadh scaifte d'áibhirseoirí óga de chuid na scoile ar Phia agus iad ag déanamh gaisciúlacht craicinn le chéile nuair a tháinig sise isteach doras mór an árais scoile. Bhí siad ag múitseáil thart i halla an fhoirgnihm, agus iad ní ba mhórmhionnaí ná a chéile ag trácht ar bhaill ghiniúna na mban uilig a bhí leagtha (mar dhea) acu le déanaí. Déanta na fírinne bhí Pia go mór in amhras faoi an mb'ann don óinsigh chruthanta a ligfeadh duine de na ropairí udai in aon ghaobhair daoithi féin. "Heileo, a Phia! An bhfuil bod ag teastáil uait", a scairt fear de na buachaillí. Ansin chaith Pia súil leis, súil nár chaith sí a leithéid le haon duine go dtí seo: súil an díspeagtha a rabh ábhar áithrid trua measctha leis, súil an duine fhásta ag amharc anuas ar ghearrbhodach nach bhfuil fios an tsaoil aige: "Chan fhuil aon bhod ag teastáil uaim, go rabh maith agat", ar sise. "Ortsa atá ceann de dhíth, is dócha." Phléasc lucht leanstana an ghaisceora sin amach ag gáirí, agus luisne ag lasadh i leicneacha an bhuachalla a labhair.
"A bhitseach lofa...!" a d'imigh ar an ógánach. Char bhac Pia leis an mhasla, ach bhí duine eile ansin nach rabh sásta glacadh lena leithéid óna chuid scoláirí: an PríomhOide ina steillbheatha. Nuair a chuala sé an stocach ag tabhairt an ainm mhóir ar Phia, bhuail taom ridireachta é agus chuaigh sé a fhad leis an drong. Chuir sé a lámh ar ghualainn an stocaigh - agus nach as a baineadh an gheit nuair a thiontaigh sé thart ar a shála agus an PríomhOide ina cholgsheasamh os a chomhair, ag cur gnúis na míshástachta air féin.
"Goidé a d'úirt tú leis an Mháistreás Bobacka?"
Scanraíodh an buachaill agus d'fhan sé ina thost.
"Bitseach, nach eadh? Bhail, bíodh a fhios agat nach é sin an t-ainm a bheir do leathbhreac féin de stocach sotalach ar mhúinteoir mná de chuid na scoile seo. Gearrfaidh mé pionós ort, ná bí in aon amhras faoi sin."
"Ise an chéad duine a thug masla", arsa an buachaill go cotúil. "D'úirt sí nach rabh aon bhod agam."
"Dún do chlab, a dhailtín", arsan PríomhOide. "Mura bhfuil cosaint níos fearr agat caithfidh tú fanúint anseo go ceann cúpla uair an chloig in éis na gceachtann. Agus scríobhfaidh mé tuairisc fá dhéin di thuistí." Lig an PríomhOide seitgháire as. "An banoide cráifeach nach n-abórfadh le haon duine gur cam a ghaosán, ise ag trácht ar bhod, a deir tú! Tá tú i ndiaidh barraíocht ama a chur amú i measc lucht na mionnaí móra, a bhuachaill, agus tú den tuairim nach bhfuil a mhalairt sin daoiní ann a thuilleadh, b'fhéidir. Tar amach as an leithreas agus tabhair aghaidh ar an réaltacht, a mhaistín an chacamais chainte."
D'fhan an "maistín" ina thost. An ag rámhailligh a bhí sé? B'fhéidir go rabh an leath-thoitín marachuain a chaith sé trí mhí ó sin in Amstardam - b'fhéidir go rabh sé ag oibriú go fóill, dar leis. Gheall sé dó féin nach mblaisfeadh sé den raithnigh choíche aríst.
Bhí go maith agus ní rabh go holc, ach amhain go rabh an chéad teagmháil le nighneacha Kharl Johan ag teannadh isteach, agus seort aiféaltais ar Phia freisin ó d'éirigh eadar ise agus Paula. Rinn sí cupla iarracht glaoch gutháin a chur ar an mhinistéir mná, ach dheamhan gar a bhí ann.
Ach ba ghéar a theastaigh comhairle a cara ó Phia, agus í ag toiseacht is ag buaireamh a cloigne le cuid teaghlaigh a leannáin. Nó siúd is gur tógadh le crábhadh agus le hidéal na mná clannaí í, agus í cruthaithe ina gogamán maith ag páistí, bhí sé ag déanamh scime daoithi an rabh sé de dhíobháil uirthi tar éis an tsaoil an chéad doisín eile de bhliantaibh a chaitheamh ina feighlí ar bheirt nighneach a chlannaigh a grádh geal le mnaoi eile. Bhail, spréadh air sin mar bhuaireamh, ach bhí clocha eile ar a paidrín go fóill. Bhíodh Karl Johan ag trácht i gcónaí ar a chrostacht agus a bhí na rudaí beaga. An amhlaidh gur páistí eisceachtúla ab eadh iad clann Mharianne, agus í gan taithí ar an chuid ba mhó cleasanna acu?
Ansin gheal lá na cinniúna, agus Pia ag comóradh a leannáin go drogallach faitíosach go dtí stáisiún na traenach. Cha rabh lá imní air sin, a mhalairt ar fad. Bhí sé ag portaíocht leis féin - agus shílfeá go rabh sé tar éis dearmad a dhéanamh daoithi, agus é ag fanúint lena chuid clainne!
Nuair a nocht soilse tosaigh an innill ag tarraingt na gcarráistí i dtreo an stáisiúin baineadh stangadh as Pia agus í ag tabhairt fá dear go rabh an fear ar shiúl. Nuair a dhearc sí ina timpeall chonaic sí nach rabh sé in aon áit eile ar an ardán. Tháinig tuilleadh imní uirthi. An rabh an fear i ndiaidh a thitim ar na ráillí?
Stad an traein agus choinnigh Pia súil ghéar ar na daoiní ag tuirlingt den traein. Cúpla gaisceoir óga...seanbhean agus a fear céile...cailíní óga...Ó! Ansin a bhí deirfiúir Kharl Johan, cha rabh aon dabht ann! Agus murarbh iad sin Tanja agus Pinja, níor lá go maidin é!
Chuaigh Pia caol díreach chuig an triúr udaí, agus greadadh a croí ag baint macalla as a cluasa. Sméid sí a ceann go fáiltiúil do na rudaí beaga agus í ag cromadh ina leithsean beag beann ar an mhnaoi a bhí á dtionlacan:
"Dia dhaoibh, a chailíní! An sibhse Tanja agus Pinja?"
Bhí an bhean ab óige acu comh cotúil is go mb'fhearr léithi a súile a iompó ar shiúl ó Phia, ach má bhí féin, cha rabh moill ar bith ar an chailín eile a aithne nó a dhéanamh amach cé a bhí aici.