An Saol in Varkaus

Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Ár nÁrasán

Bhí cónaí orainn i mbloc árasán ar imeall na cathrach. Seanbhloc árasán a bhí ann a tógadh nuair a bhí meas an áireagáin mhóir nua-aoisigh ar an chineál sin d'fhoirgnimh. Caithfidh sé gurb ins na caogaidí a tógadh é, i bhfad sular rugadh mé féin. Bhí ár scoil ag breathnú cineál cosúil leis an mbloc árasáin seo ó thaobh an déantúis de, agus í tógtha sna daicheadaí, mar a chuala mé ó mo mhúinteoir. Mar sin, ní raibh cuma na slua-tháirgíochta ar an bhfoirgneamh. Na blocanna ina thimpeall, bhí siad ní ba nua, agus ní ba chosúla le chéile. Sílim go raibh ár dteach déanta as fíorchlocha, agus na cinn eile cóimeáilte as píosaí réamhdhéanta. Bhí ár dteach péinteáilte i ndathanna béis agus donnrua, ach na blocanna árasáin eile sa chomharsanacht, bhí siad bán, an chuid ba mhó acu.

áireagán MASC, GEN and PL áireagáin invention

foirgneamh MASC, GEN foirgnimh building

slua-tháirgíocht FEM, GEN -a mass production

cóimeáil/cóimeáil to assemble

béas MASC, GEN béis the colour beige

Chuir tuismitheoirí mo mháthara fúthu sa teach seo thiar sna seascaidí, agus iad i ndiaidh éirí as an múinteoireacht le dul ar pinsean. Chaith siad an chuid ba mhó dá saol ina máistrí scoile i bPuurtila, sráidbhaile beag ar an taobh eile den chathair. Bhí cónaí orthu i dteach na scoile thiar ansin, a fhad is a d'fhan siad i mbun an chineál seo oibre. Ní cuimhin liom an saol a bhí acu ansin. Nuair a tháinig mise ar an bhfód, ní raibh siad ag obair i bPuurtila a thuilleadh. Bhí go leor deismireán acu ón am sin ar fud ár n-árasáin, agus iad ag insint scéalta ón am sin go minic.

deismireán MASC, GEN and PL deismireáin souvenir, curio

Thairis sin, bhí seal caite ag Deaideó ina fheisire pairliminte dó i Heilsincí. Bhí sé ag seasamh do pháirtí na bhfeirmeoirí i mblianta an chogaidh. Sin é an fáth nach ndeachaigh sé féin sna saighdiúirí. Ní chaithfeadh na feisirí a leithéid a dhéanamh, is dócha. Bhí an t-ádh dearg orm, mar sin. Nuair a bhíodh seanaithreacha na bpáistí eile ag cur síos ar an gcogadh (nó ag iompar na bhfód taobh thall den teorainn thoir, in ithir na Rúise Sóibhéidí, b'fhéidir), bhíodh mo sheanathair ag múineadh uraiceacht na gcúrsaí polaitíochta dom. Ba mhór an cuidiú é agus mé ag dul ar scoil ina dhiaidh sin. Fuair mé léargas ar an dóigh a bhfuil an tsochaí ag obair. An chuid eile de na buachaillí ar comhaois liom, ní chluinidís óna seanmhuintir ach scéalta cogaidh. B'fhéidir gur scéalta spéisiúla a bhí iontu, ach ní raibh mórán maithe iontu don duine óg agus é ag lorg a áite féin sa saol sibhialta.

feisire MASC, GEN = NOM; PL feisirí member of parlament or diet

uraiceacht FEM, GEN-a basics

an dóigh a bhfuil an tsochaí ag obair how society works

Daideó agus an tUachtarán

Nuair a bhí mé i mo bhrín óg, bhí Urho Kekkonen ina Uachtarán ar an bhFionlainn go fóill. Bhí sé sa phairlimint san am céanna le Daideó. Bhí bailiúchán grianghrafanna ag Daideó dá chuid comh-Fheisirí do pháirtí na bhfeirmeoirí le linn an chogaidh, agus iad i bhfráma ar bhalla a sheomra. Bhí Kekkonen ar dhuine acu, agus bród ormsa go raibh Daideó s'agam i ndiaidh tréimhse a chaitheamh ar aon leibhéal le Kekkonen.

nuair a bhí mé i mo bhrín óg when I was just a small boy

Bhí clú ar Dhaideó ar fud na háite. Bhíodh aithne aige ar uasal agus íseal, agus iad i ndiaidh tús na scoláireachta a fhoghlaim uaidh. Thairis sin, ba mhór an fear comhluadair agus cuideachtan é. Fear tuaithe den seandéanamh ab ea é. Bhuailfeadh sé bleid ar aon duine, agus muinín aige astu. Thugadh gach duine a mháistir air, agus ceart go leor, mhothaigh sé é féin ina mhúinteoir thar aon rud eile, fiú i bhfad i ndiaidh dó dul ar pinsean.

Na Leabhair

Ba luath a d'fhoghlaim mé leabhair a léamh. Bhí ár n-árasán ag cur thar maoil le leabhair, leabhair de gach sórt. Bhí go leor drochábhair ann freisin, ar nós an stuif a foilsíodh le linn an chogaidh chun na daoine a shaigheadadh in éadan na Rúiseach, ach an chuid ba mhó de, ní raibh caill air mar litríocht. Bhí úrscéalta rómánsúla Khristmann Guðmundsson agus Ghunnar Gunnarsson ón Íoslainn ann, mar shampla, chomh maith le cuid mhór de chlasaicigh na Fionlainne; b'í Stair na Náisiún an leabhar, nó an tsraith leabhar, ab ansa le mo chroí ar na saolta sin, áfach.

ní raibh caill air it was not that bad

Stair na Náisiún

Stair na Náisiún - níor h-aistríodh an saothar ábhalmhór sin riamh go Gaeilge ná Béarla, ach cibé faoi sin, bhí tionchar dochuimsitheach aige ar an dóigh ar fhoghlaim muintir na dtíortha Lochlannacha dearcadh ar stair an chine dhaonna sa chéad leath den fhíchiú haois. An chóip a bhí inár leabhragán, tháinig sí i gcló i bhfad roimh mo lá féin, fiú roimh an dara cogadh domhanda; ach mar sin féin, is cuimhin liom gur cuireadh an tsraith iomlán in athchló chomh deireanach leis na hochtóidí. B'é an Sualannach Carl Grimberg a scríobh Stair na Náisiún - sin é an teideal a bhí ar an tsraith as Fionlainnis, ach is é Stair Dhomhanda Ghrimberg a thugann muintir na Sualainne uirthi.

dochuimsitheach unfathomable, mindblowing, difficult to imagine, difficult to assess

leabhragán bookcase, bookshelf

tháinig i gcló was printed

i bhfad roimh mo lá féin long before I was born

Is iomaí uair a chaith mé i mo shuí in aice leis an leabhragán ag déanamh mo staidéir ar Stair na Náisiún, i bhfad roimh aois na scoile dom. B'iad na scéalta fán tsean-Róimh ba mhó a mhúscail mo shuim. Thairis sin, bhí mé iontach fiosrach fá dtaobh de na sean-Éigiptigh agus na hIncigh.

Mamó agus an Stair

An spéis a bhí agam sna hIncigh, caithfidh sé gurb ó Mhamó a fuair mé í. Ba mhinic í ag tarraingt uirthi scéal an ghabháltais a rinne na Spáinnigh ar Pheiriú - nó Tahuantinsuyu, mar a thugadh na hIncigh féin ar a dtír - faoi cheannas Phisarro. Bhí spéis aici riamh sa stair, ach má bhí, b'ar éigean a bhí sí in ann an stair a aithint thar an úrscéal staire. B'ionann stair agus seanchas, agus na scéalta a bhain leis na laethanta a bhí, b'iad sin an cineál scéalta ba mhó ba chás léi.

b'ar éigean a bhí sí in ann an stair a aithint thar an úrscéal staire she was hardly able to tell history from historical novel, i.e. to distinguish between them. Note the usage of generic articles in the Irish version.

Mar shampla, nuair a bhí sí ina múinteoir go fóill, bhreac sí síos scéal fá dtaobh den dóigh ar tháinig an chéad duine go Varkaus le cur faoi sa cheantar. Holoppa a bhaist sí ar an gceannródaí seo, nó bhí an sloinne úd Holopainen an-leitheadach sa chathair agus faoin tuath ina timpeall.

scéal a bhreacadh síos to jot, write, down a story

fá dtaobh den dóigh ar tháinig an chéad duine go Varkaus how the first man, the first person, came to Varkaus

Ní raibh sa scéal go bunúsach ach cumadóireacht dá cuid féin, bíodh is go raibh taighde cúramach déanta ag Mamó le craiceann na fírinne a fhágáil air. Chuir sí béim ar leith air gur sclábhaí ar a sheachnadh a bhí i Holoppa agus é ag éalú anoir, ó na Rúisigh. Nuair a chuaigh mise ag foghlaim Rúisise san ollscoil, fuair mé amach gurbh é "sclábhaí" nó "daor" ba bhrí leis an bhfocal féin - kholop - sa teanga sin fadó.

Ní raibh aon teanga iasachta ina pluc ag Mamó, agus bhí an cineál fuath aici ar na Rúisigh is a dteanga-san agus a bhí ag muintir na Fionlainne go léir i ndiaidh an chogaidh. Ní rithfeadh léi choíche Rúisis a fhoghlaim. Mar sin féin, chuaigh sí ar lorg chiall an fhocail áirithe seo sna leabhair eolais, agus nuair a bhí foghlamtha aici cad é ba bhrí leis, bhain sí inspioráid as sin le tuilleadh cúlra a oibriú amach don scéal.

ní raibh aon teanga iasachta ina pluc she had no idea of any foreign language

Scológa ina Scoláirí

Siúd is nach raibh i muintir Mhamó ach scológa agus feirmeoirí beaga, bhí siad ina scoláirí móra. Tógadh i dteach í a bhí ag cur thar maoil le leabhair - leabhair Fhionlainnise amháin a bhí ann, nó ní raibh Sualainnis ná Rúisis ag aon duine den teaghlach, bíodh is go ndearna bean de na deirféaracha iarracht éigin le Rúisis a phiocadh léi. B'é a hathair an fear mór léitheoireachta, ach fuair a máthair tolgadh uaidhsean. Is iomaí sciúrtóg airgid a shaothraigh athair Mhamó ag réiteach gnáthfhadhbanna na gcomharsana leis na húdaráis, agus an chiall a bhí aige do chúrsaí dlí. Bhí an-léann aige, agus an chuid ba mhó de foghlamtha aige in éagmhais scoile ar fad. Bhronn sé an tsaint chun eolais ar a chlann ar fad, ach ar an drochuair, ní raibh sé in ann iad a chur chun na hollscoile. B'í scoil traenála na mbunmhúinteoirí an t-aon rogha a bhí ar fáil, agus sin é an cineál oiliúint a fuair Mamó, cosúil le formhór a cuid deirféaracha.

Cuimhní an Chogaidh

B'iomaí uair a chuir Mamó síos ar Chogadh na gCarad san Fhionlainn. Sa bhliain 1918 a fearadh an cogadh seo, agus d'fhág sé goimh dholeigheasta ar anam na Fionlainne. Bhí an tír go gairid i ndiaidh an neamhspleáchas a bhaint amach, ach bhí lucht na heite deise agus lucht na heite clé ag teacht salach ar a chéile faoin gcineál todhchaí ab fhearr don tír. D'éirigh eatarthu i ndeireadh Mhí Eanáir den bhliain 1918, agus ansin, thosaigh fórsaí armtha an dá thaobh ag lámhach ar a chéile.

An áit ina raibh Mamó agus a muintir ina gcónaí sa bhliain 1918, Jaala, bhí sí suite ar líne an chathéadain, agus chonaic bunadh na háite Murchadh i lámha an dá dhream. Ar dtús, tháinig na Gardaí Dearga isteach agus chuaigh siad ag creachadh na dtithe móra. Mharaigh siad cuid mhór de na muca is na ba le fleá agus féasta a dhéanamh. Ar ndóigh, fir bhochta a bhí iontu, agus is annamh a fuair siad bia chomh saibhir sin le hithe go nuige seo.

Cuireadh fear ar garda idir teach mhuintir Mhamó agus teach na gcomharsan. Bhí raidhfil aige agus é ag lámhach san aer mar dhiomailt aimsire. Nuar a chuaigh an feirmeoir ó theach na gcomharsan ag iarraidh air nach mbeadh sé ag lámhach, agus na páistí ag súgradh amuigh, ní bhfuair sé de fhreagra ach piléar a mharaigh é.

Ansin, chinn athair Mhamó a ghearán a dhéanamh le foireann na n-oifigeach dearg faoin míghníomh seo, ach ní raibh na hoifigigh sásta creidiúint a thabhairt dó. A mhalairt ar fad: chuir siad chun an bhaile mhóir é, agus beirt fhear de na Gardaí Dearga á sheoladh. Bhí na fir seo ag bagairt air nach dtiocfadh sé abhaile ina bheo, ach, ar ámharaí an tsaoil, níor tháinig an méid sin isteach fíor. Sa bhaile mór dóibh, chuaigh siad ag plé an scéil le comhairle áitiúil na nDearg, agus bhí fear ansin a raibh teanntás agus meas aige ar mo shin-seanathair. Chosain sé an cime go deisbhéalach, go dtí go raibh an chuid eile acu sásta athair Mhamó a scaoileadh saor. Mar sin féin, nuair a d'fhill sé abhaile, chaithfeadh sé é féin a thaispeáint d'fhear na raidhfile gach lá, ag dul ag obair dó. Bhíodh na páistí ag amharc air tríd an bhfuinneog, agus faitíos orthu: an maródh an garda é inniu? Buíochas mór le Dia, níor mharaigh.

Leis an gclabhsúr a chur ar an scéal: nuair a tháinig na Gardaí Bána agus iad ag cur ruaigeadh ar na Dearga, bhí siad seacht n-uaire ní ba mheasa ná na Dearga. Scaoil siad slua mór daoine a bhí mór leis na Dearga, dar leo, agus lean na páistí ag déanamh aithris ar an éirleach seo i bhfad i ndiaidh na teagmhála. B'é an cineál súgradh seo ag na páistí ba mhó a ghoill ar Mhamó, fiú breis is leathchéad bliain tar éis na n-imeachtaí féin.

Ar an dea-uair, fuair athair Mhamó tionchar éigin ar an bpionós a gearradh ar na Gardaí Dearga. Nuair a chuala sé go raibh fear a shábhála féin cimithe ag na Bána, agus iad meáite ar é a chur chun báis, chuaigh sé i bhfianaise na n-oifigeach Bán agus é ag ríomh scéal a tharrthála leo ó thús go deireadh. Scaoileadh a chara saor, agus is iomaí cupán caife a bhíodh acu le chéile ina dhiaidh sin.

Saol Soilíosach?

Bhí Mamó ocht mbliana déag d'aois ansin. Ar éigean a chreid aon duine go raibh an tír scoilte, stróicthe le biseach a fháil ina dhiaidh sin. Ach nuair a bhí mise i mo thachrán, bhí saol síochánta, suaimhneach againn sa chathair bheag. Ní bhfuair mé amach ach de réir a chéile go raibh iarsmaí éigin den ghoimh beo i gcónaí, cibé cén cneasú a tháinig ar an taobh amuigh.

Nó nuair a thosaigh an cogadh, b'iad na Dearga a fuair an lámh in uachtar ar Varkaus, siúd is gurbh iad na Bána a bhí i gceannas ar na ceantair thuaithe timpeall na háite. Baile mór tionsclaíochta a bhí i Varkaus san am sin féin, agus ar nós go leor áiteanna den chineál céanna, bhí na Sóisialaigh iontach láidir i measc na cosmhuintire ansin. Ós rud é go raibh Varkaus scartha ar fad ó na hionaid thionsclaíocha eile, agus a bhformhór suite i ndeisceart agus in iarthar na tíre, ní raibh na Bána i bhfad ag cloí frithsheasmhacht na gcosantóirí. Cimíodh na Dearga agus h-agraíodh díoltas míthrócaireach orthu. Caitheadh duine as gach deichniúir. "Crannchur Huruslahti" a tugadh ar an mbású seo. Is é Huruslahti an loch a bhfuil an chathair suite ina thimpeall - an loch a dtagadh leac oighir air gach geimhreadh, i gcruth is gurbh fhéidir dúinn lár na cathrach a bhaint amach trasna an locha. Má thuig mé an scéal i gceart, tugadh ar na cimí Dearga dul thar an droichead trasna Huruslahti ina nduine is ina nduine, agus nuair a thagadh an deichiú fear, mharaíodh na Bána é.

frithsheasmhacht resistance

na cosantóirí the defenders

cimigh/cimiú to capture, to take prisoner

díoltas a agairt ar dhuine to take revenge, exact one's revenge upon somebody

Is é is impleacht dó seo, ná gur fhan goimh an chogaidh is a iaróige nimhneach i bhfad faoin gcuma chneasaithe a tháinig uirthi le himeacht na mblianta. Má bhí meas ag cuid mhór de mhuintir na háite ar thuismitheoirí mo mháthara, bhí an chuid eile acu den tuairim nach raibh ins na múinteoirí ach bolscairí na héagóra agus giollaí na mbuirgéiseach, agus iad ag cur na barúla seo in iúl ar chúla téarmaí, ó d'fhág díoltas uafásach na mbuirgéiseach róscanraithe iad le bheith oscailte faoina gcuid smaointeachais. Nuair nach leomhfaidís a ngearán a dhéanamh leis an saol mór iad féin, thugaidís ar na páistí an sásamh a bhaint as clann na mbuirgéiseach.

is é is impleacht dó seo ná go... what this implies, is that...

impleacht FEM, GEN -a implication

goimh FEM, GEN -e wound, sore spot

iaróg FEM, GEN iaróige (here:) the bad consequences of something, (but it can also mean simply) a quarrel

bolscairí na héagóra the propagandists of injustice

giollaí na mbuirgéiseach the lackeys of the bourgeois

bolscaire MASC, GEN = NOM; PL bolscairí propagandist, agitator

éagóir FEM, GEN éagóra injustice. Note that in Irish it is an éagóir, in English just "injustice" (no "the").

giolla MASC, GEN = NOM; PL giollaí (here:) lackey, humble servant

buirgéiseach MASC, GEN and PL buirgéisigh bourgeois person, i.e. a perceivedly well-to-do person, who is against the workers' cause

an sásamh a bhaint as duine to exact one's revenge upon somebody, to get even with somebody

Bhí mo mháthair thíos go mór leis an gcineál díoltais seo, agus bhíodh sí i gcónaí ag trácht ar mhuintir na monarchan. B'iad muintir na monarchan clann na bhfear oibre, iad siúd a bhíodh ag déanamh maistíneachta uirthi nuair a bhí sise ar scoil. B'iad muintir na monarchan a chaitheadh a gcuid vótaí i bhfách leis na Daonsóisialaigh - gan aon tagairt a dhéanamh do na Cumannaigh, siúd is nach raibh siadsan róláidir in Varkaus, a bhí riamh ina cathair Dhaonsóisialach go smior. B'iad muintir na monarchan a théadh ag damhsa i dteach mór ar imeall an tsean-phanc aonaigh a raibh Torppa air.

maistíneacht bullying, acting the bully; maistín mastiff; bully

vótaí a chaitheamh to cast votes

i bhfách le in favour of, [voting] for

Daonsóisialach Social Democrat

Cumannach Communist

Is é is brí leis an bhfocal úd torppa ná bothán tionónta - torppari a thugtar ar scológ nó ar thionónta talún, ar nós na dtionóntaí a bhíodh á ndíshealbhú ag tiarnaí talún na hÉireann i laethanta Pharnell. Mar sin, bhí sé le haithint ar ainm na háite gurbh iad an lucht oibre agus a gcuid eagraíochtaí a bhíodh ag reachtáil na n-imeachtaí siamsaíochta ansin, nó ba mhaith leo an chuma a chur orthu féin go mb'iad fuíoll na géarleanúna iad, ar nós na scológ fadó. Is fiú a chuimhneamh anseo go raibh an-tábhacht le cúis na dtionóntaí talún i stair nua-aoiseach na Fionlainne, chomh maith le stair na hÉireann, agus go raibh go leor scológa tuaithe ag taobhú leis na Sóisialaigh le linn an chogaidh chathartha. An t-úrscéal mór faoi chogadh cathartha na Fionlainne, Täällä Pohjantähden alla("Anseo faoin Réalta Pholach") le Väinö Linna, níl sé ag tabhairt cur síos ar chruachás an lucht oibre sna monarchana, ach ar éirí amach na scológ faoin tuaith.

scológ peasant

tionónta tenant

reachtáil to run, to organise events etc.

fuíoll na géarleanúna the victims of persecution, the oppressed

ag taobhú leis na Sóisialaigh taking sides with Socialists, supporting them

Ár dTeach Saoire

Bhí teach beag saoire againn in oileán beag ar theorainn Varkaus agus Leppävirta - paróiste nó condae, nó sír b'fhéidir, is ea é Leppävirta agus é suite in aice le Varkaus; sílim go dtugtar "cathair" ar an limistéar seo go hoifigiúil cheana féin. Cibé scéal é, bhí teach saoire againn ansin, más féidir "teach" a thabhairt air ar aon nós, nó ní raibh sé mórán níos mó ná puball, siúd is go raibh sé déanta as adhmad.

teach saoire holiday house

paróiste parish

condae county

sír shire

puball tent

Sílim gur thiar sna caogaidí a tógadh an teach sin. B'iad Daideó agus cara leis a rinne an obair. Fuair an cara áirithe seo bás roimh mo lá féin, nuair a tháinig ailse air. Mar sin féin, d'insíodh an chuid eile de mo mhuintir scéalta faoin bhfear bocht i gcomhchlos dom féin nuair a bhí mé óg, agus is é an t-ainm a bhí acu air ná an tUncail Bán, ós rud é gur Valkonen an sloinne a bhí air - focal atá cosúil le valkoinen, a chiallaíonn "bán" - dáiríre, níl difríocht ar bith idir an dá fhocal seo mar a fhuaimnítear sa ghnáthchaint iad. Rinne an bheirt fhear a ndicheall le teach deas cluthar a chur ina sheasamh, ach déanta na fírinne, de réir mar a insíodh an scéal domsa, ní raibh siad róchleachta ná róphraiticiúil, nuair a chrom siad ar an obair seo. Ní raibh de shiosmaide iontu bád iompair ar leith a fháil ar cíos, agus mar sin, b'éigean dóibh ábhar tógála an tí a thabhairt leo go dtí an t-oileán ina mbád beag rámhaíochta féin, turas i ndiaidh turais. Is dothuigthe an t-ádh a bhí leo nach ndeachaigh an bád i dtóin phoill le linn na hoibre!