Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.
Maidir le litríocht na hAraibise, is léir go gcaithfear an litríocht Chlasaiceach a aithne thar an litríocht nua-aoiseach. Is é an Córan an téacs is sine, ar ndóighe, siúd is gur chuir lucht na gramadóireachta díolamaí seanlitríochta agus filíochta de chuid an phobail i dtoll le chéile mar phatrún stíle agus mar ábhar staidéir. Bhain an fhilíocht seo le béaloideas na seanArabach ón tréimhse réamhIoslamach, ach is iomaí athrú agus beart cinsireachta a chuir lucht tiomsaithe na mbailiúchán seo i bhfeidhm ar an fhilíocht le smál na Págántachta (nó an "Aineolais", al-jaithilighea, mar a deir an Araibis) a ghlanadh díofa.
Siúd is nach mba ghnách do na filí réamhIoslamacha a gcuid saothar a bhreacadh síos, bhíodh na seanArabaigh riamh meabhrach ar ainm an fhile a chum dán áithrid, díreach cosúil le bunadh na Gaeltachta fadó. Mar sin, ní cheadóchadh reacaire réamhIoslamach dó féin leasuithe a dhéanamh ar dhánta le filí eile. Bhí na reacairí ina bprintisigh ag seanmháistrí filíochta, ag déanamh staidéir ar shaothar an mháistir agus á reic le lucht éisteachta, le súil is go bhféadfaidíst gradam an mháistir a bhaint amach le dánta dá gcuid féin fá dheoidh.
An chuid den fhilíocht seo atá ar fáil inniu, b'iad fir léinn na hochtú haoise a chuir ar pár an chéad uair í ó bhéal na ndaoiní. Ar ndóighe, d'fhág blianta fada na béalaithrise a sliocht ar na dánta: is dócha go rabh traidisiún na reacaireachta réamhIoslamaí ag meath cheana féin nuair a chuaigh na bailitheoirí i mbun pinn, agus gan dabht bhí na reacairí féin ag déanamh cinsireacht ar na blúiríní deireanacha Págántachta a bhí le haithne ar na dánta seo.
Tá amhras curtha ins na díolamaí filíochta réamhIoslamaí ag fear comh clúiteach le Taha Husain - duine de na daoiní is mó tábhachta i stair intleachtúil na hAraibise is na hÉigipte lenár linn - agus é inbharúla nach bhfuil iontu ach cumadóireacht bhrionnaithe de chuid na mbailitheoirí féin. Ach níl an chuid is mó de na taighdeoirí sna tíortha Arabacha ná san Iarthar inniu ar aon tuairim le mo dhuine.
Is é an qasida an ghné liteartha is tábhachtaí i bhfilíocht réamhIoslamach na nArabach. Tá an rím chéadna ag dul ó thús go deireadh an dáin, nó ní bhíonn ceathrúna i ndánta traidisiúnta Araibise. Bíonn na véarsaí féin sách fada. Is é an nasib is tús don qasida: cuimhní cinn ar shearc óige an fhile atá ann. Ina dhiaidh sin bheirthear cur síos ar an turas agus ar an chamall a iompraíonns an file ar shiúl óna ghrádh, go dtí go mbaintear amach an tríú cuid den qasida: ansin a chuireanns an file síos ar an fhíorchuspóir atá leis an dán. B'fhéidir go bhfuil an file ag déanamh leithscéil, ag moladh a urraí nó ag saighdeadh a mhuintire chun cogaidh; ach is é an rud is aistí le léitheoir an lae inniu go gcaithfidh an chéad dá chuid - an chuid anghrách agus an cur síos ar an turas camaill - a bheith ann beag beann ar goidé is ábhar don chuid dheireanach. Ar ndóighe, bhí na filí ab fhearr in ann mórshaothair ealaíne iontu féin a dhéanamh de na codanna coinbhinsiúnta seo. Ón taoibh eile de, nuair a bhí na filí ag súil le páighe fhlúirseach airgid óna n-urraithe, ní bhacfaidíst mórán leis an chuid anghrách ná leis an turas camaill, agus iad ag baint gach fad is gach fairsingeach as an tríú cuid, ag moladh fear íoctha an dáin.
Is féidir dearcadh ar an Chóran mar shaothar litríochta. Tá an-fhiúntas filíochta ag baint leis na suraí deireanacha den leabhar, ach go h-áithrid. Ós rud é gur leabhar naofa atá ann, mar Chóran, cha rabh de chroí ins na filí riamh aithris ródhíreach a dhéanamh air mar phatrún stíle. Mar sin, an cineál prós ríme atá ins an Chóran, níl mórán de le fáil sa chuid eile de litríocht na hAraibise.
Bhí an fhilíocht sách mall ag athrú i ndiaidh theacht an Ioslaim féin. Dealraíonn sé gur fhan an-sracadh i móitífeanna a bhí bun os cionn le hoidim agus le foirceadal an chreidimh úir i bhfad i ndiaidh a bhunaithe, beag beann ar an dímheas a bhí ar na filí - "an aicme sin ar shlí Ifrinn" - ag na fir naofa. Thairis sin, cuid de na treibheacha a chuaigh i gcomhghuaillíocht le Muhamad ar tús, níor thuig siad ach de réir a chéile goidé a bhí i gceist leis an reiligiún nua: shíl siad i dtús báire nach rabh i gceist ach cúrsaí polaitíochta.
Nuair a ghabh na saighdiúirí Arabacha an Pheirs, an tseanríocht ardsibhialta, tháinig an-tionchar ón taoibh sin ar litríocht agus ar fhilíocht na nArabach. Ar ndóighe, nuair a bhí Arabaigh ag cur fúthu sna cathracha, ag socrú síos le só na Peirse is ag éirí as seansuáilcí Spartacha an Bheidiúnachais, tháinig gá acu le filíocht nua nach rabh comh mór sin i dtuilleamaí na gcamall le haghaidh meafair, samhlaoidí agus ábhar filíochta. Agus nuair a thoisigh an seicteachas Ioslamach a theacht ar an fhód leis an Charaideachas nó leis an luath-Shítheachas, chrom fir a rabh féith na filíochta iontu ar dhánta bolscaireachta a chumadh le mairtírigh na seicte a mhóradh.
Ba chuid d'oidhríocht na filíochta Arabaí na dánta scigiúla, agus tháinig an-bhorradh faoin chineál sin filíochta i dtréimhse na Cailifeachta Umaigheadaí, i ndeireadh na seachtú haoise agus sa chéad leath den ochtú haois. Faisiún mór a bhí i gceist leis na dánta scigireachta ins an tSír agus ins an Iaráic i réimeas Chlann Umaighea, agus an file Críostaí Al Achtal chun toisigh i g-"cogadh na bhfilí", nuair a bhí na filí ag caitheamh anuas ar a chéile i ndán i ndiaidh dán. Leis an fhírinne a dhéanamh, dealraíonn sé nach rabh i gceist le cuid mhór den bhriatharchath seo ach mireog fhaisiúnta. Bhí an-mheas ag Al Achtal ar fhilíocht chuid mhaith de na filí Ioslamacha a rabh sé ag iomaíocht leofa ag cumadh goineoga maslacha i bhfoirm fhiliúnta.
Ós rud é gur Críostaí a bhí in Al Achtal, ní rabh aon chúl air fíon a ól, agus bhí sé ar duine de na filí ba mhó a scríobh dánta fíona fosta. Bhí an-traidisiún ag na dánta fíona i bhfilíocht na hAraibise, agus bhí sé an-fhadálach ag dul in éag, siúd is nach rabh moladh an fhíona is na meisce ag réitiú go rómhaith le riailbhéas an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a fuair bás sa bhliain 814, an file fíona ab aithnidiúla, nó sin é an cineál cliú atá air, ar a laghad. Laoch béaloideasa atá ann, mar Abú Nubhás, agus na mílte scéilíní á n-inse faoi; is é an t-aon rud amháin ar féidir linn a bheith cinnte faoi i dtaoibh mo dhuine ná nach bhfuil sa chuid is mó de na scéilíní seo ach cumadóireacht.
Ar ndóighe, scríobhadh na seanfhilí Arabacha dánta gráidh comh maith le duine. Nuair a bhí clann Úmáighea i seilbh na cailifeachta, bhí dhá phríomhghné á saothrú ag lucht scríofa na ndánta gráidh. Fir uaisle diomhaoine ba mhó a chumadh dánta gráidh ins na cathracha, agus iad go mór faoi thionchar na sofaisticiúlachta nó fiú an drabhláis a bhí ag teacht isteach ón Pheirs shean-ardchultúrtha. B'é Ómár ibn Aibí Raibíá an file ba tábhachtaí acu seo. Fuair Ómár bás doisín nó cupla doisín de bhlianta i ndiaidh thús na hochtú haoise. Súgradh éadromchroích agus grádh faoi cheilt is gnáthábhar don chineál seo dánta gráidh: tá blas áithrid craicinn agus collaíochta orthu, ach ní dánta gáirsiúla iad.
Shaothraíodh na filí Beidiúnacha gné eile de dhánta gráidh, mar atá, traigéidí nó triantáin ghráidh. Amhráin a bhí ins na dánta seo, agus thug siad go leor inspioráide do lucht scríofa próis fosta. B'iad Majnún agus Laidheala lánúin chlasaiceach na filíochta seo, cosúil le Triostán agus Iosóld ins an Artúraíocht: bhí Majnún dúnta i ngrádh le Laidheala ó tháinig an chéad chuimhne aige, ach nuair a pósadh an cailín ar fhear eile, chaill Majnún a mheabhair, agus fágadh ag fánaíocht san fhásach é, ag cumadh amhráin dá rúnsearc agus ag déanamh a chomhráidh leis na hainmhithe aingiallta. Go leor de na dánta gráidh a bheir cur síos ar an scéal seo, deirtear go mb'é Majnún féin a chum iad, ach ar ndóighe, níl i gceist leis sin ach maisiú rómánsúil. Creideann lucht an tsaineolais gur pearsana finscéalacha amháin iad Majnún agus Laidheala agus baint acu leis an bhéaloideas réamhIoslamach. Mar sin, is dócha gur béaloideas atá ins an chuid mhór de na hamhráin Bheidiúnacha seo fá dtaobh de ghrádh leatrom Mhajnún, ach amháin nár cuireadh ar pár roimh lá na nÚmaigheadach iad.
Is gádh cuimhne a choinneáil air nach rabh cuid de na dánta seo intuigthe ach cnámha an scéil a bheith ar eolas agat cheana féin. Ní aithneofá cad é a bhí faoi chaibidil ins go leor dánta ach na scéalta béil uilig a bheith cluinte agat ó na seanchaithe a bhí á n-inse cois tine.
De réir a chéile, meascadh an dá ghné fríd chéile, i gcruth is gur fáisceadh dán gráidh de chineál úr astu - filíocht atá níos cosúla leis na hamhráin a chluinfeá ó thrúbadóirí na hEorpa sna meánaoiseanna. Déanta na fírinne, creidtear go rabh tionchar éigin ag filíocht na nArabach ar an trúbadóireacht san Eoraip.
Nuair a tháinig Clann Abbáis - nó na hAbásaidigh - i seilbh na cailifeachta, bhí malairt cuma ar an fhilíocht ghráidh cheana. Bhí filíocht gháirsiúil á saothrú ag filí áithride, ach is léir nach rabh aon ghlacadh foscailte ag an tsaol mhór lena leithéid i sochaí an Ioslaim. B'í an fhilíocht homaighnéasach a tháinig chun toisigh i dtréimhse na nAbásaideach. B'iad coinbhinsiúin agus comhghnása na filíochta Peirsí ba bhuntsiocair leis seo; ach i mbreis ar an tionchar sin, dá n-úsáidfeá fíorainm mná i ndán anghrách, is féidir go sílfeadh athair cailín éigin ar comhainm le cailín an dáin, - go sílfeadh sé gur ag maslú a nighne-sean nó ag cur mígheanmnaíocht ina leith-se a bheifeá. Mar sin, bhí sé ní ba sábháilte cloí leis an ghrádh homaighnéasach mar ghnás liteartha, beag beann ar an chineál craicinn ab fhearr leis an fhile ina shaol phríobháideach féin. Dealraíonn sé, áfach, go rabh Abú Nubhás, maighistir an chineál seo filíochta, - go rabh sé féin ina fheileacán dáiríribh.
Cuid den fhilíocht ghráidh a scríobhadh i dtús ré na nAbásaideach, ní fíordhánta gráidh a bhí iontu ach dánta misticiúla a bhí ag tabhairt cur síos ar an tsirtheoireacht reiligiúnda, ar an dóigh a rabh an Muslamach fíréanta ag iarraidh a bhealach a dhéanamh a fhad le Dia. Fuair go leor filí misticiúla an oiread sin múnlaí is gnása ar iasacht ó na dánta gráidh is go gcaithfidh tú saineolas éigin a tharraingt ort leis an chiall reiligiúnda a bhaint as an tseort seo filíochta. (Mar sin féin, tá an chiall sin ann. Bhíodh an tAyatollah Khomeiní féin - an fear céadna a theilg Salman Rushdie chun báis - ag scríobh filíocht fá "aoibhneas an fhíona sa tábhairne", nach n-aithneofá aon tseach-chiall dhiaganta uirthi - go dtí go gcluinfeá cé a chum an dán...)
Fán am seo, i dtús na naoú haoise, a thoisigh na náisiúin neamhArabacha sa Chailifeacht a dh'éileamh a gcirt i saol an chultúir. "Siúbachas" nó shu'ubiyya a bheirthear ar an ghluaiseacht seo, agus b'iad na Peirsigh a bhí chun tosaigh i measc lucht an tSiúbachais, mar ba dual dófa. Sean-náisiún ardchultúrtha is eadh iad na Peirsigh, ar ndóighe, agus siúd is go rabh siad ina ngéillsinigh ag na hArabaigh Mhuslamacha anois, níorbh ionann é is a rádh gur lig siad a seanchultúr (ná a dteanga, nach bhfuil gaol ar bith aici leis an Araibis) i ndearmad i ndiaidh dófa iompó i leith an Ioslaim. B'é Abú Nubhás, a dtearn muid trácht air cheana féin, an file ba mhó a d'eascair as ithir an tSiúbachais. Chuir a chuid scigaithrise deireadh leis an Bheidiúnachas i bhfilíocht na hAraibise. Bhí samhlaoidí nua ag déanamh a mbealaigh isteach - samhlaoidí a bheadh bunaithe ar shaol shofaisticiúil na gcathrach ina rabh cónaí ar shliocht na bhforghabhálaithe Arabacha anois. Ar ndóighe, ó b'as an Pheirs a tháinig an só sofaisticiúil i saol an Ioslaim, ba léir go rabh tionchar na Peirsise ar an fhilíocht agus ar an stíl Arabach ag teacht in éineacht le hathrú an chultúir ábhartha.
An stíl a tháinig ar an tsaol anois, is féidir í a chur i gcomparáid leis an Bharócachas - badi' an téarma Araibise. Filíocht ardealaíonta is eadh í an fhilíocht badi', agus í ag éirí cineál féintagarthach go géar gasta, ag cur níos mó béime ar an mhaisiúlacht agus ar na tagairtí liteartha: chaithfeadh achan fhile a léiriú go rabh sé eolach ar an traidisiún agus ar shaothar na bhfilí a tháinig roimhe féin. Bhí na filí á dtuirsiú féin leis na mílte meafar, pearsanuithe, paradacsaí agus cleasanna eile, agus na dánta ag éirí doléite ar fad. D'fhéadfá a rádh gur chuir an file gairmiúil ardléannta ruaigeadh ar an éigeas tíre agus ar an fhile pobail.
Baineann an fhilíocht badi' leis an naoú haois. Bhodhraidh sí cluasa na héisteoirí fá dheoidh, agus phill na filí nua ar an fhilíocht "nádúrtha", nuachlasaiceach i ndeireadh na haoise céadna. Mar sin féin, níor ligeadh an fhilíocht badi' i ndearmad go hiomlán. Tréimhse taighde, turgnaimh agus tástála a bhí i dtréimhse na ndánta badi', tréimhse a mhúin go leor cleasanna úra do na filí - ach iad a úsáid go sparálach cúramach.
Maidir le prós na hAraibise, ní rabh sé leath comh forbartha leis an fhilíocht chlasaiceach. Díolamaí de scéilíní magaidh ó bhéal an phobail ab eadh iad na chéad leabhartha próis sa teanga, nó rudaí a dtugtar adab orthu: is é an cineál leabhar atá in adab ná bolg soláthair, nó lón léitheoireachta don dalta óg atá ag tógáil léinn ar scoil. Is geall le téacsleabharthaí scoile iad na díolamaí adab go minic: is iomaí téacsleabhar focleolaíochta nach furasta a aithne thar dhíolaim adab. B'as na díolamaí adab a d'fhás na ciclipéidí Araibise, sa deichiú haois ach go h-áithrid.
Fán bhliain 1000 a tháinig an maqama i gcrann, agus b'as an Pheirs a fuarthas an chéad spreagadh chun an chineál seo scríbhneoireachta a chleachtadh, ní nach ionadh. Scéal magúil a bíos i maqama agus é suite i saol na mbocht is na nocht sa chathair, nó i saol na n-oilithreach amuigh sna tíortha cúil. Bíonn na scéalta seo ag cur síos ar chleasanna na ndoilfeoirí agus ar reitric na reacairí i bpanc aonaigh, agus iad ag cur dallamullóg ar dhaoiní macánta beag beann ar an dlí.
De réir mar a chuaigh an cultúr Arabach féin i léig, nó in abar ar a laghad, chaill an litríocht a seansracadh comh maith. Cha dtáinig fuinneamh úr inti roimh athbheochan na naoú haoise déag - al nahda.