Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

An Béarlóir Deireanach

Gearrscéal le Panu Höglund

B'iad tuistí mo mháthar a thóg mé, tharla gur buaileadh m'athair le meabhairghalar, agus mise fós i mbroinn mo mháthar ag fanacht go mífhoighdeach leis an chéad radharc a fháil ar an domhan.

Chan fhuil ach breacfhios agam fá dtaobh dár bhain do m'athair, ach dealrann sé cibé gurb é an oiread sin uaireanta a chlis air déanamh as dó féin agus nach rabh sé ábalta a chreidbheáil a thuilleadh go rabh ag éirí leis ar aon nós - bhí sé de shiabhrán air go rabh tubaiste inteacht i dtólamh le achan rud a chur ó mhaith. Nuair a chuaigh aige i gceann na haimsire post a fháil a bhí ag fíor-thaitneamh leis - trádálaí taistil a bhí ann ag comhlucht cógas - sháraigh air a rath a bhuanú san obair sin dá fheabhas a bhí sé ag cruthú inti.

Tharla lá inteacht agus é ag seiceáil is ag scagadh a chuid cuntas ná gur bhain sé an mhíchiall astu go rabh seisean tar éis barraíocht airgid a chur i leataobh mar thuarastal dó féin. An gnólucht a rabh sé ag obair daofa, bhéarfaidís cúigleáil air sin gan a chreidbheáil gur trí dhearmad amháin a rinn sé é. Cibé b'í an droch-chomhairle bhómánta ar chinn sé uirthi ná a chuid oibre is an mhuirín a rabh air biadh a choinneáil leofa a threigbheáil agus greadadh leis as amharc do lucht a aitheantais.

B'é an rud b'amaidí dá dtáinig leis a dhéanamh an beart sin, agus dá mbíodh sé dáiríribh tar éis airgead a chúigleáil - ina dheoin nó ina ainneoin, is cuma - dhaorfadh an t-éaló udaí é comh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach. Ar an dea-uair, a ghlanmhalairt sin a bhí fíor, buíochas le Dia: déanta na fírinne bhí m'athair i ndiaidh cuid dá thuarastal féin a fhágáilt ag an ghnólucht, agus má bhí siad anois ar a lorg, char theastaigh orthu ach a cheart a thabhairt ar ais dá dtaistealaí tráchtála róchoinsiasach.

Cibé scéal é, tháinig ar mo mháthair a ghabháil a shaothrú a codach féin agus a ghiollacht ar a teaghlach gan chuidiú ar bith óna fear céile a bhí ag búirfigh is ag rámhailligh eadar ballaí stuáilte a cheallóige sa ghealtlainn. Mar sin cha rabh de roghain aici ach m'fhágáilt faoi chúram a tuistí féin.

Daoiní ar leith a bhí in mo sheanmhuintir. Thar aon rud eile bhíodar ar na daoiní deireanacha dá rabh an Béarla ina ghnáthurlabhra acu. I ndiaidh ghabháil ar pinsean dóibh ba bheag a chleachtaidís comhluadar aon duine taobh amuigh de lucht a seanaitheantais féin; dá réir sin b'annamh agus b'fhíorannamh a chuala mé focal Gaeilge sa bhaile.

Agus an Ghaeilge ag dul chun cinn go géar gasta ar fud na Sasana ón chéad seo caite amach, cha rabh ach corrdhuine le Béarla dúchasach ina chónaí inár gceantar féin le fada an lá, agus nuair nach rabh mise ach i mo bhrín óg, tháinig rialtas coimeádach Mhaighréide Mhac an Tuíodóra i gceann an stáit. Mar is eol don saol mhór go léir, char bhuaireadar-san a gcloigeann le cultúr dúchasach na tíre ar aon nós. Chuireadar deireadh le Béarla éigeantach na scoltach agus ghearradar amach an chuid is mó d'allúntais an League - The English Language Reanimation League atá i gceist agam, ar ndóighe, nó Conradh an Bhéarla mar a deir Tadhg an mhargaidh - agus nuair a thoisigh mise a ghabháil ar scoil, bhí orm trí mhíle a chur díom achan lá chun an t-aon scoil lánBhéarla amháin a bhaint amach a bhí in aon ghaobhair dúinn.

Ar ndóighe b'ar éigean a chuaigh ag lucht ár dteagasctha Béarla a phronnadh ar bhunús na ndaltaí. Ba leasc leis na páistí an teanga chraiceáilte neamhúsáideach a labhairt ar chuir a gcuid tuistí á foghlaim iad, agus is beag duine acu ar éirigh leis choíche ceachtar den dá TH sa Bhéarla a fhuaimniú mar is cuí. Má d'éirigh féin le corrdhalta thoisigh na comhscoláirí a chaitheamh anuas air ar son na galántachta: an amhlaidh gur ag lútáil leis na múinteoirí a bhí an diabhal? Cha rabh aon ghlacadh lena leithéid: ba chóir d'achan duine Gaeilge a labhairt ar nós na ngnáthdhaoiní seachas ráiméis amaideach áiféiseach Béarla na gcábún scailleagánta de chuntaí is de bhárúin. Tharla go rabh mé do mo thógáilt ag seanchainteoirí dúchasacha agus an Béarla níos fearr agam ná an Ghaeilge, thoisigh an chuid eile a bharúil gur ag maíomh as mo chuid Béarla a bhí mé; agus má bhí, ba daor a dhíol mé ar a shon. Ghnídís scigaithris ar an bhlas is ar an dul Béarla a bhí ar mo chuid Gaeilge; is cuimhneach liom go rómhaith na gáirí a rinn an chuid eile nuair a chuir mé an t-"ag"-ghníomhaí leis an tsaorbhriathar; agus nuair a bhíomar sa rang Béarla agus saothar clasaiceach an scríbhneora Edgar Allan Poe - nach mbeadh lá aithne ag aon duine seachas na Béarlóirí gairmiúla air ach go bé gur cuireadh Gaeilge ar chupla gearrscéal dá chuid le déanaí - faoi chaibidil againn, phléasc a ngáire ar bhithiúnaigh mhórmhionnacha dhrúisiúla an chúlbhinse agus mé ag trácht ar "The Pit and the Pendulum":"An bhfuil luascadán ar bith agat", a deiridís liom, "an bhfuil aon chur amach ar an phit!" - Agus cha rabh, dáiríribh, mórán cuir amach agam fá dtaobh d'fhocla gáirsiúla na Gaeilge.

Ar ndóighe fágadh i m'aonarán is i mo ghruamachán mé de réir a chéile, agus iomrá an chancráin orm. Cha rabh de roghain agam mar chaitheamh aimsire ach ghabháil i dtuilleamaí na seanleabharthach Béarla a fuair mé ar na seilfeanna tigh mo sheanmhuintire: Emily Brontë - nó Eibhlín Nic Phronntaigh, mar a bheir tusa uirthi, is dócha -, Siobhán Nic Abhaistín, ar a dtugaim féin Jane Austen, agus mar sin de: seandream uilig an Bhéarla. Agus rinn na rógairí ábhar fonóide de seo gan amhras: "leabharthaí na gcailleach" a bhí i saothair an bheirt ban sin - girseacha cnámhacha tura ag iarraidh an coimeadar a fháil ar phlúithidí d'fhir mhóruaisle! Má theastaigh uaim mo chuid ama a chur amú is a dhiomailt i gceann léitheoireachta leabharthach, cad fáth nach rabh mé ag pléadh le scríbhneoireacht a rabh baint aici leis an fhíor-shaol - ar nós Uí Chriomhthain nó Sheosaimh Mhic Grianna mar shampla? Gan oiread leathfhocail a chanadh fá dtaobh den dream a bhí thuas fá láthair, fearacht Mhaidhc Dainín Uí Shé agus Phádraig Uí Bhaoighill? Agus nach amhlaidh gurb as Gaeilge amháin a bíos litríocht ar fiú a h-ainm í á cumadh i Sasain féin? Chan mórán lucht léitheoireachta a gheobhadh Seoirse Óirbhéal, cuir i gcás, dá scríobhadh sé sa teanga shinsearach! Agus an dtiocfadh le haon duine Béarla na seanuasal stiúgtha a chur ar scéalta na fíchiú haoise, ar nós "Míle Naoi gCéad a Ceathair is Ceithre Scór" nó "Feirm na nAinmhithe"?

Ar ndóighe chan mar sin a d'fhéachadh na cúlbhinseoirí le mo chealgadh chun na Gaeilge. Cha rabh aon t-eolas acu ar an Óirbhéalach ná ar an bheirt Griannach. Nuair a theannadar an oiread sin amach in aois na drúise óige agus gur éirigh siad as samhlacha d'eitleáin a chóimeáil agus a gcuid inchinne a bhogadh leis an ghliú, ghabhadar a cheannacht irisí pornagrafaíochta ar nós "Craiceann", "Banaí", "Díonteach" agus "Fadbhodach". As Gaeilge, gan dabht ar bith, mar is cuí, a bhí achan cheann acu. An cacamas seo a bhídís a thaispeáint domh, agus iad ag áitiú agus ag tathantú agus ag cur ina luí orm i seanairde a nglóir nach rachfadh agam choíche mo chuid a fháil ó aon chailín, mura mbínn ábalta sin a dhéanamh i dteangain chirt na collaíochta - as Gaeilge.

Agus is féidir agus fáilte go rabh an ceart acu tar éis an tsaoil. Nuair a d'éirigh leofasan spéirbhean i ndiaidh spéirmhná a leagan, bhí orm comhluadar na seanleabharthach amháin a chleachtadh nó mo bhod féin a bhleán, agus má rinn corrghirseach oiread is bleid a bhualadh orm, bhuail baspairt mé láithreach bonn agus mé gan a bheith in inmhe ach rois neirbhíseach Béarla a ligean asam. Ansin dhrannadh an ainnir meangadh scige liom agus an scéala seo a leanfas le h-aithne is le léamh agam ar leithead a gnúise: Chan sa rang atáimid, a amhlóir: éirigh as na carúil mhóra Bhéarla agus can as Gaeilge ar nós achan duine. Má d'fhéach mé lena chur ina luí uirthi go mb'fhearr mo chuid Béarla ná mo chuid Gaeilge cha dtearn an scigmheangadh ach a leathadh: an dóigh leat go gcreidfidh aon bhómán an méid sin uait?

Dá réir seo uilig, i léig a chuaigh cibé caidreamh a bhí agam le mo chuid comhaoiseann. Cha rabh Béarla líofa ach ag mo sheanmhuintir agus ag na múinteoirí, má bhí; óir bhí an-lorg na Gaeilge ar an tseort Béarla a labhradh a mbunús-san: "he felt himself tired" a deiridís, nó fiú "he felt tiredness upon him", gan trácht ar bith a dhéanamh ar "Are you all after eating your share?" D'imigh an chaint dheireanach acu seo ar an Phríomhoide féin i bproinnseomra na scoile ar an lá chéadna a bhí toscaireacht Chonradh an Bhéarla ar cuairt agus cluas ghéar á tabhairt acu don chineál Béarla a bheadh á chleachtadh ag na múinteoirí agus ag na daltaí. Ar ndóighe ba mise an scoláire a d'iarr an Príomhoide as measc na codach eile le tamaillín comhráidh a dhéanamh leis na toscairí, agus nuair a chualadar na focla "this" agus "thick" á bhfuaimniú agam, char leor aon adhmholadh leis an ardmheas a léiriú a bhí acu ar an phríomhoide a dteachaidh an t-éacht aige - mar dhea - a leithéid de dheaBhéarla a phronnadh ar a chuid daltaí.

Ach ba bheag is b'fhíorbheag a thaitin mo ghradam leis na scoláirí eile. An seanseoinín ag galamaisíocht leis na cunúis de mhúinteoirí - b'é sin an tátal a bhaineadar as an scéal. Agus má chuir mo chuid suasógachta tuistí na codach eile do mo mholadh mar dheashamhail do na páistí eile, chan chun mo leasa a chuaigh sin nuair a tháinig an crú ar an tairne. A ghlanmhalairt ar fad. An rud is lú ar achan dalta scoile ná an t-éigsín bradach lofa udaí ar mhaith lena mháthair an chlann a bheith ag déanamh aithris air, agus an páiste fén cinnte dearfa siúráilte go bhfuil an saol mór líonlán de rudaí níos spéisiúla ná aon tiaráil scoile: clocha a chaitheamh fá fhuinneoga an tseanfhir chantalaigh sa chomharsanach, a gcuid balcaisí a chur i bhfolach ar na cailíní agus iad amuigh ag snámh, dé dheataigh a tharraingt as na toitíní raithní a thug deartháir mór Riocard an Bhuistéara leis ón chathair mhóir, agus mar sin go Lá an Luain. Béarla a fhoghlaim? Stad den mhagadh sin! As Gaeilge a labhraíos na haisteoirí sna scannáin Mheiriceánacha - cé a samhlóchthaí "Síobtha ar Shiúl" as Béarla dó? (Déanta na fírinne bheirthear "Gone with the Wind" ar an phioctúir chéadna as Béarla, rud a choinníonns daltaí doicheallacha drogallacha na nEnglish Schoolanna ag síormhagadóireacht go mioscaiseach: cén Béarla atá ar "Síobtha ar Shiúl"? - "Imithe leis an Ghaoith"! HAHAHAHAHAHAHA!) An féidir le haon duine focla Béarla a chur ar bhéal Réamainn Bhuitléir agus é ag rádh: "Is cuma liom sa diabhal!" Nó Scairléid Ní Eadhra ag suirí as Béarla le clann mhac Uí Tharlatúin? Agus cén Béarla a bheadh agat ar "Minicíochtaí ceiliúir ar foscal!" nó "Gasheol aníos mé, a Albanaigh!" ar an Réalt-Astar?

Agus sinn ag teannadh amach is ag druidim le lá críochnaiste na scoile, thoisigh an chuid eile de réir a chéile á ngiúlán is á n-iompar mar is cuí agus mar is dúcha d'ógdhaoiní ar thairseach na h-apaíochta: tháinig ainnireacha faoi ascaill go leor gasúraí agus ba iomaí dís den tseort seo a pósadh go díreach tar éis dóibh an scoil a fhágáilt ina ndiaidh. As Gaeilge a bhídís ag labhairt le chéile, agus ba léir gur le Gaeilge a thógfaí na páistí nuair a bhéarfaí iad. Mar sin féin, chuirfeadh corrlánúin a gcuidsan ar scoil lánBhéarla, chun scrupail an choinsiasa a mhaolú. B'é sin an t-aon toradh amháin a tháinig as planda an Bhéarla scoile: an coinsias a bheith do do chrádh mura gcaithfeá sop 'ínteacht in áit na scuaibe ar son athbheochan an Bhéarla, mar dhea.

Cad é a rinn mise?

Bhí sé de shiabhrán agam go mbeadh lucht líonmhar an Bhéarla le fáil áit inteacht agus fáilte Uí Cheallaigh acu fá mo choinne: duine de na cainteoirí dúchasacha deireannacha, agus a chuid Béarla i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh an teanga ag lucht a hAthbheochana féin. Thug mé aghaidh ar Bhaile Átha Tarbh chun léann mo theangan féin a fhoghlaim. Agus nuair a chonaic mé geafta na hollscoile an chéad uair, b'iad na focla

OXFORD UNIVERSITY - UNIVERSITAS OXONIENSIS

amháin a léigh mé air, as Laidin is as Béarla, gan Gaeilge ar bith. Tháinig ríméad is gliondar ar mo chroí, ach ba ghairid a mhair sin. Bheannaigh mé d'achan duine as Béarla, ach b'annamh a fuair mé freagra ar bith, agus má fuair, as Gaeilge amháin a fuair. Nuair a chuaigh mé go dtí oifig an fháilteora, cha rabh aige ach Gaeilge Reachlainne.

Maidir le hEnglish Club na hOllscoile, cha rabh sa droing sin ach cupla seanollamh agus na seanchancráin chéadna a fhreastalaíonns ar achan imeacht Béarla gan a bheith in inmhe ach an deargruaigeadh a chur ar cibé duine a tharlaíonns ina n-éisteacht lena gcuid síorghlagaireachta fá dtaobh de thábhacht an Bhéarla, agus na torthaí is na cúiseanna ag malartú is ag athmhalartú áit le chéile ina gcuid réasúnaíochta: is é an dualgas atá orainn ná Béarlóirí a bheith ionainn, ós rud é gur Sasanaigh sinn; ní féidir linn bheith inár bhfíorShasanaigh, mura dtig linn éirí inár bhfíorBhéarlóirí leis an dualgas a chomhlíonadh atá orainn mar fhíorShasanaigh...agus araile agus araile.

Nuair a cheangal mise nasc le cumann na mBéarlóirí, ba fuar an fháilte a fearadh romham. Éad agus tnúth a bhí i ndán domh. Bhí dul ceart an Bhéarla ar mo chuid cainte, mar ba dhual; ach níor thaitin sin leis na seanollúna. Ba dóigh leofasan nach mba chóir d'aon duine Béarla líofa a bheith aige gan é a bheith thar éis scór bliantach a dhiomailt i ndomhnán na Béarlóireachta oifigiúla agus seacht gcúrsa is fíche a chur de ag foghlaim na teangan. Chun a ngradam féin a chur in iúl, bhídís i gcónaí ag fáil lochtanna ar mo chuid Béarla: corrfhocal Gaeilge má d'imigh orm, rinneadar rúchladh an bhultúir ocraigh air lena chruthú nach rabh maith ar bith i mo chuid cainte.

Ba bheag meas a bhí ag mic léinn eile na h-ollscoile orm, nó ar na Béarlóirí ar fad. Bhí iomrá na hómaighnéasach ar na Béarlóirí, agus nuair a tháinig aithne ag an tsaol air gur i mo bhall den English Club a bhí mé - agus is fiú béim ar leith a chur air nach mórán ógdhuine a mbíodh baint aige leis an traigheamán sin - chuaigh an luaidreán orm láithreach gur i mo leannán ag duine de na seanfhondúirí a bhí mé. Ag amharc siar ar na laetha sin thig liom a aidmheáil inniu go rabh seanduine nó cupla ann agus iad de réir cosúlachta ag cur leis an iomrá, ach cibé, ba mhór an áibhéil í an triantán pinc a ghliúáil orainn uilig.

Bhí sé gliúáilte ormsa anois, áfach, ag cuid mhór de na mic léinn eile, agus mar sin cha dtáinig liom choíche bun a chur le cumann le haon ghirsigh; is dócha gur chuir mo chuid drochGhaeilge leis an mhíádh a bhíodh i dtólamh ag goillstin orm sna cúrsaí sin. Cha rabh a fhios agam cérbh iad na focla b'fhóirsteanaí don ócáid, agus an ainnir ar chuir mé spéis inti bhí sí le fada an lá as amharc go deo le stócach eile nuair a tháinig mé ar an Ghaeilge chirt.

Ar ndóighe bhain mé an chéim amach fá dheoidh agus chuaidh mé a mhúinteoireacht. Bhí an Bhéarlóireacht ag dul chun teirce sna scoltacha in aghaidh an lae, agus b'éigean domh post a ghlacadh i gceantar chúlriascmhar iargúlta nach dtáinig róshlán as ré Bhean Mhac an Tuíodóra: d'fhág sí cuma na hainnise ar a lán pobal a rabh beann acu ar cheird nó tionscal amháin traidisiúnta. Mar thoradh air seo bhí lagmhisneach agus neamhshuim ar achan duine a tharla i gceann múinteoireachta ansin. Agus an té a chonaic an traighean a bhí in ainm a bheith ag foghlaim léinn ar an scoil, thuig sé láithreach nach mba thógtha ar na múinteoirí an phatuaire chéadna. Cha rabh spéis ag na daltaí ach i gcaitheamh na dtoitíní draíochta, sa bhiotáilte is i mbruíon. Corruair tharla duine ina meascsan a rabh de dhianrún aige ghabháil le foghlaimeoireacht chun a bhealach a dhéanamh as na bólaí seo. Cha rabh gar ann áfach: agus an oiread sin frustrachais ar na múinteoirí bhí meas na mioscaise acu ar cibé díograis a thaispeánfadh corrdhalta. An chuid ba réalaíche de na daltaí ba léir dóibh nach rabh mórán bainte ag na torthaí scoile leis an dúthracht a chaith an scoláire leis na hábhair fhoghlama. Chan fhuair aon duine réidh leis an cheantar bealach an léinn ach amháin an ghirseach uaillmhianach a bhí sásta síneadh leis na múinteoirí fir.

Cha rabh aon ráchairt ar an Bhéarla anseo, ní nach ionadh. De réir mar a tháinig mé i dtaithí le nósanna an tí, thréig mé an beagán idéalachais athbheochana agus Béarlóireachta a bhí fágtha agam tar éis blianta seasca na h-ollscoile. Agus ar ndóighe thoisigh na cathuithe craicinn a luí go trom orm. Ó thaobh an ghnéis de cha rabh ionam ach déagóir óg, nó manach. Shantaigh mé colainneacha na mban óg, agus san am chéadna bhí fuath nimhe agam orthu: comhábhair an bhanéigneora a bhí ionam gan bhréig ar bith.

Agus lá amháin a d'ofráil Cairistíona ínteacht, nó Chrissie mar a bheirinn uirthi sa rang Béarla, oíche a chaitheamh sa leabaidh liom ar na gnáthachtanna: gheobhadh sí pas i gcríochscrúdú an Bhéarla agus scoláireacht an Chonartha cuma cé chomh ainnis a chruthóchadh a cuid eolais ar an teangain. Ghlac mé go réidh leis an mhargadh agus scar an ráitseach a cosa liom.

Chan ionadh ar bith gur chlis orm go tuibisteach sa leabaidh léithi. I dtús báire cha dtáinig liom adharc a fháil orm, agus nuair a fuair, steall mé mo chuid síl asam láithreach bonn. Mar bharr ar an chlampar rinn mé cupla iarracht ciotacha í a mhuirniú agus grádh ainmhianach a ligean orm go truacánta truamhéileach. Dealrann sé áfach nach ainchleachtaithe a tháinig uirthi mé a bheith comh h-éagumasach sin: is dócha nach rabh na múinteoirí eile a fuair a gcuid uaithi ina ngaiscígh leapa ach oiread. B'é an Béarla a chaill mé.

Cé go rabh mé tar éis an-Ghaeilge a phiocadh liom de réir a chéile, luíonn sé le réasún go dteachaidh mé i dtuilleamaí an Bhéarla agus éirí craicinn orm. Ábhar mór gáirí a bhí anseo dar le Cairistíona; nach bómánta atá an t-oide Béarla nach dtig leis an ráiméis áiféiseach teangan s'aige a ligean de sa leabaidh féin! Chuaigh an t-iomrá seo thart, agus d'iompair na ráflóirí óga é a fhad lena gcuid tuistí.

Ansin d'éirigh sé ina mhórscannal fán cheantar uilig go mbíodh múinteoir fir ag bualadh leathair leis na scoláirí mná. Lena gcosnamh féin ar an bhriseadh chuaidh na h-oidí eile i gcomhar i m'éadan - agus cha dtógaim orthu é: b'amhlaidh nach rabh mé tar éis aon chara a fháil ina measc, agus an crampa seo ar mo theangain. Suarachán de Bhéarlóir a bhí ionam, duine ar imeall an tsaoil: b'fhurast m'íobairt lena chinntiú nach ar an chuid eile a chaithfí an drochamhras.

Chruinnigh na hiriseoirí láib inár gcathair bhig le h-albam grianghrafann a dhéanamh den mháineach craicinn a bhí tar éis girseach bhocht a mhealladh chun leapan leis. Briseadh as mo phost mé láithreach bonn, agus b'fhollas nach bhfaighfinn aon jab mar mhúinteoir feasta. Caithfidh mé a aidmheáil nach rabh Cairistíona sásta an ról a ligean uirthi a cheap na hiriseoirí daoithi. A ghlanmhalairt. D'inis sí do na nuachtáin gur crann crusta amháin a bhí ionamsa, agus na fíor-bhithiúnaigh ina suí go seascair in áit eile.

Druideadh dorais na fostaíochta os mo choinne i ngluaiseacht an Bhéarla fosta, agus go n-uige seo cha dtáinig freagra ar bith ar na hiarratais uilig a rinn mé ar phostanna olscoile. Tuigim go maith gurb é an rud is fearr domh a dhéanamh ná scaradh go hiomlán leis an tsaol, agus tá mé do m'úmú chun an astair dheireannaigh cheana féin. Tháinig mé trasna ar sheanbhád bheag bhaoideach nach bhfuil móran acmhainne farraige inti, agus is í seo an soitheach atá roghnaiste agam fá choinne m'iomraimh ionsar an bhás.

Lá amháin taobh istigh de chupla mí rachfaidh mé i mo shuí sa bhád agus bhéarfaidh mé m'aghaidh ar an fharraige mhór. Nuair a bheas mo sháith achair eadar mé agus an cladach, caithfidh mé na maidí rámha leis an fharraige. Fanóchaidh mé leis an doininn, agus mé ag ól cibé biotáilte le dearmad a dhéanamh den tsaol timpeall, agus nuair a thiocfas na tonnta folcánta falcánta talcánta tréan le mo bhád a chur thar a corp, ní bheidh mé in inmhe a thabhairt fá dear gur do mo bháitheadh atáim.

Clúdóchaidh an fharraige uaigh fhuar fhliuch an Bhéarlóra dheireannaigh, agus múchfar a theanga go deo deo na ndeor. (CRÍOCH)