Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

1.Conradh is Cúnant Sollúnta Uladh

Ós cinnte dearfa dúinn le coinsias glan go rachfadh Rialtas Dúchais na hÉireann chun dochair do leas Uladh agus uile Éireann, comh maith leis an tsaoirse eadar reiligiúnda agus shibhialta a bhaint dínn, ár saoránacht a chur ar ceal, agus Aontacht na hImpireachta a shárú, glacaimid an dualgas orainn leis an Chúnant shollúnta seo, mar Ultaigh is mar ghéillsinigh dhílse dá Mhórgacht Gheanúil, an Rí Seoirse a Cúig, agus iomlán ár muiníne againn as Dia, faoi mar a bhíodh ag ár n-aithreacha in am an ghátair, - cur le chéile i bhfianaise na holltubaiste atá ag bagairt orainn inniu chun ár saoránacht chothrom sa Ríocht Aontaithe a chosaint lena caomhnú dúinn is dár gclainn, chomh maith leis an chomhcheilg a chloí atá ag iarraidh i láthair na huaire Dáil fhéinrialaitheach Éireann a bhaint amach, agus má bhrúitear a leathbhreac de Dháil orainn inár n-ainneoin, an Dáil chéadna a dhiúltú fánár ndílseacht.

Cuirimid ár n-ainmneacha leis an Chúnant seo, agus dóchas againn as Rí na nDúl go dtaobhóchaidh Sé leis an cheart in éadan na héagóra; agus achan duine againn ag dearbhú ina aonar nach bhfuil an Cúnant sínithe aige roimhe seo.

Shínigh mé an méid thuas [áit shínithe an Chúnanta] ar Lá Fhéile Uladh, Dé Sathairn, an tOchtú Lá is Fiche de Mhí Meán Fómhair, míle naoi gcéad a dáréag d'aois an Tiarna.

[ainm]

Go soirbhí Dia dár Rí!

***********

2.Forógra na Poblachta

Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann do Mhuintir na hÉireann

A Fheara na hÉireann! A Mhná na hÉireann! In ainm Dé agus na marbhghlún a phronn seanchuimhne na náisiúntachta uirthi, cuireann Éire, agus sinn thar a cionn, gairm slógaidh ar a clainn theacht faoi scáth a brataí le buille a bhualadh ar son a saoirse.

I ndiaidh daoithi fanacht go ciúin ar feadh i bhfad ag faire ar a faill, agus í ag cruinniú a cuid fear le chéile lena n-oiliúint le haghaidh cogaíochta le cabhair óna rúnchumann réabhlóideach, Bráithreachas na Poblachta, comh maith leis an dá chumann poiblí, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tá Éire ag breith ar a haiméar anois, agus í ag airdiú a láimhe le buille na buaidhe a thabhairt uaithi i muinín a cumhachta féin thar aon rud eile, siúd is go bhfuil sí ag fáil cuidiú ó lucht na himirce thar sáile agus ó chomhchogaithe cróga in Ilchríoch na hEorpa.
Dearbhaimid gur le muintir na hÉireann amháin a dtír féin agus a bhfuil de shaibhreas inti; agus gur fúthu féin amháin atá a rialú. I bhfad is mar atá Gaill i mbun na tíre, char chuir a ngabháltas ceart na nGael ar ceal, agus cha chuireann, ach na Gaeil a chur de dhroim an tsaoil. Chruthaigh gach líne de Ghaeil gurb acusan atá ceart rialaithe na tíre, agus chuir siad cath sé huaire ar fad le trí chéad bliain anuas le sin a chruthú. Leis an cheart sin a éileamh thar cionn ár nglúine féin gairimid anseo Poblacht agus Stát Neamhspleách d'Éirinn, agus sinn ag cur ár mbeo féin i ngeall le saoirse agus sonas a bhaint amach don tír agus í a airdiú ar comhleibhéal le náisiúin uilig an domhain.
Tá Poblacht seo na hÉireann ag iarraidh dílseacht achan duine de mhuintir na tíre anois, agus í ag geallstaint go gcinnteochaidh sí a gceart is cead a gcinn d'achan dream creidimh nó saindúchais, comh maith le leas cothrom achan duine is achan aicme sa Stát, beag beann ar na faltanais a chothaigh rialtas Gall inár measc le mionlach againn a dhealú ón tromlach sna laethanta a bhí.

A fhad is nach dtig le muintir na hÉireann Rialtas dá gcuid féin a thoghadh is a chur ar bun, beidh an rialtas sealadach s'againne ag déanamh ár ndichill ag tabhairt aire do ghnáthchúrsaí rialaithe na tíre.

Guímid beannacht Dé sna Flaithis ar Phoblacht na hÉireann agus ar airm lucht a fuascailte, agus súil againn nach dtarrónfaidh aon duine acusan náire ar an chúis uasal frí chladharthacht, cruálacht ná amhasóireacht. Ar an lá ghlórmhar seo tá múineadh is dea-iompar de dhíth ar Chlanna Gael comh maith le crógacht gaisce agus umhlacht anama, agus caithfidh achan duine againn bheith meáite ar chruatan a fhuilstin ar mhaithe leis an chuid eile mar chruthúnas air go bhfuilimid ar comhonóir leis an chinniúint oirirc atá romhainn amach.

TOMÁS Ó CLÉIRIGH
TOMÁS MAC DONNCHADHA
ÉAMONN CEANNT
SEÁN MAC DIARMADA
PÁDRAIC MAC PIARAIS
SÉAMAS Ó CONGHAILE
SEOSAMH PLUINCÉAD