Cuireadh tús le forbairt na Gearmáinise nuair a rinneadh na chéad iarrachtaí na canúintí Gearmánda a bhreacadh ar pár a chluintí i gcroílár na hEorpa. Tháinig lucht a labhartha ansin le linn imirce mhór na bpobal a chuir deireadh le cumhacht na Róimhe agus na Meánaoiseanna in áit na Seanársaíochta i stair na hEorpa. Sa chúigiú is sa tseisiú haois a daingníodh críocha na dúiche Gearmánda an chéad uair: canúintí na Slavach Iartharach a bhí le cluinstin taobh thoir den abhainn Elbe; ins an Iarthar bhí na canúintí Gearmánda ag críochantacht leis an Cheiltis, agus í sin ag géilliúint go sciobtha don fhoirm sin den Laidin thruaillithe a mb'í bunrúta na Fraincise í.
Rinn na Gotaigh, a mb'iad an chéad phobal mór Gearmánda a d'iompaigh chun na Críostaíochta, rinn siad iarrachtaí áithride a gcreideamh féin a chraobhscaoileadh i measc na nGearmándach eile, ach níor fhág an babhta misinéireachta seo mórán loirg ar an Ghearmáinis. Is amhlaidh nach rabh na Gotaigh ag cloí leis an Chatoiliceachas, ach le h-eiriceacht Áiris (Areios na Gréigise, Areus na Laidine), agus dá réir sin b'as a stuaim féin gan chuidiú ó mhórchuid na gCríostaithe eile a chaithfidís a dhul i mbun na hoibre seo.
Bhí misinéirí Gaelacha ag gníomhú i measc na nGearmándach nó na réamh-Ghearmánach fosta, agus uathu seo a fuair an Ghearmáinis an focal eaglasta Glocke(="clog"). Ba Frainc agus Angla-Shacsanaigh iad bunús na misinéirí a thug na Gearmánaigh chun an chreidimh úir. B'iomaí mainistir a bhunaigh lucht na misinéireachta, mar ba chuí, ins an tseachtú is an ochtú haois, agus b'ansin a tugadh fá theanga na tíre a scríobh an chéad uair. Is fiú a phointeáil amach go bhfuil an t-ainm a bheir na Gearmánaigh inniu ar a dteangain féin - Deutsch go bhfuil sé ag baint le focal seanGhearmáinise a chiallaigh "gnáthphobal, cosmhuintir". Dá réir seo, is féidir a mhaíomh gurb í "teanga na cosmhuintire, gnáthurlabhra an phobail" a bhí i gceist acu siúd a bhaist Deutsch ar an Ghearmáinis an chéad uair, agus ar ndóighe b'í an Laidin an mhalairt teangan nach rabh ag an chosmhuintir. Bheirtí Fränkisch (de réir litriú an lae inniu) ar an teanga freisin, ach nuair a baisteadh an t-ainm céadna - an Fhraincis - ar an chineál Laidin thruaillithe a chuir ruaigeadh ar an Ghearmáinis is an Cheiltis i ríocht na bhFranc taobh thiar den Réin, níor mhór do na Gearmánaigh ainm eile a cheapadh dá dteanga féin.
B'é Séarlas Mór, Impire na bhFranc ins an tseachtú haois, a dhaingnigh nasc na Gearmáine le compal an chultúir Rómhánaigh Chaitlicigh. Thug sé ar a ollamh léannta, fear darbh ainm Alcuin, gráiméar na Gearmáinise a bhreacadh síos, ach theip ar an iarracht seo den chuid ba mhó, siúd is gur éirigh le Séarlas agus a chuid ollúna ainmneacha na míonna as Gearmáinis a chomhordú is a chaighdeánú.
Ba ghluaiseanna nó míniúcháin ar chorrfhocail Laidine fá dhéin scoláirí iad na chéad shamplaí de Ghearmáinis scríofa. De réir a chéile tháinig téacsanna beaga iomlána ar pár, ar nóis móide baiste agus cainteanna eaglasta eile. B'ins an chanúint áitiúil a scríobhtaí a leithéid seo, nó níorbh ann do chaighdeán ar bith fós, agus is dócha nach bhfuil i litriú na scríbhinní seo ach breacaithris ar fhuaimeanna na teangan, ós rud é nár fhóir aibítir na Laidine go rómhaith do shainfhuaimeanna uile na Gearmáinise. Is amhlaidh go rabh an dá th ar a bhfuil teacht i gcónaí i mBéarla an lae inniu, go rabh an dá th seo beo breabhsánta go fóill i gcanúintí na Gearmáinise ag an am, ach ós rud é nach mba cuid de chóras fuaimeanna na Laidine iad, ní rabh litreacha fóirsteanacha ceaptha ag lucht na Laidine.
Níl mórán fágtha againn d'oidhreacht réamhChríostaí na nGearmánach, nó caomhnaíodh iarsmaí na seanmhiotaseolaíochta is na seanscéalaíochta Gearmánda i bhfad ní b'fhearr ins an Íoslainn ná ins an Ghearmáin. Aistriúcháin ón Laidin is iad bunús na dtéacsanna is sine as Gearmáinis - nó Sean-ArdGhearmáinis mar a bheir lucht an léinn ar na canúintí scríofa seo. Is í Laoi Hildebrand, nó an Hildebrandslied, an sampla is tábhachtaí d'fhilíocht réamhliteartha na Gearmáine, ach monuar is uafásach an bhail atá ar an téacs áithrid seo. Nó dealraíonn sé gurbh í canúint na hÍosGhearmáinise - canúint an tuaiscirt - a bhí ó dhúchas ag an scríofaí, agus bhí a thuigse ar chanúint an bhunleagain ArdGhearmáinise gann go leor. Sin é an fáth go rabh sé eadar dá chomhairle fán chanúint ba chóir dó a úsáid, agus a shliocht sin fágtha ar an laoi. Níl mé cinnte anois, ach sílim gurb i mainistir na cathrach udaí Fulda a fuarthas lámhscríbhinn an Hildebrandslied.
Tá sé tábhachtach an t-eadardhealú eadar ArdGhearmáinis(Hochdeutsch) i ndeisceart na dtíorthach Gearmánach agus ÍosGhearmáinis (Niederdeutsch, Plattdeutsch) ins an tuaisceart a choinneáil i gcuimhne, nó d'fhan traidisiún liteartha is labhartha an dá mhórchanúint seo réasúnta scartha ó chéile go dtí go dtáinig le Máirtín Liútar a bpósadh leis an aistriúchán mhaith a rinn sé ar an Bhíobla sa tseisiú haois déag. - Ach ná déanaimis dearmad ná droichead de na himeachtaí roimhe sin.
B'i gcanúint ÍosGhearmáinise ar a dtugtar SeanShacsóinis a breacadh síos mórdhán reiligiúnda an ama, an Heliand ("Slánaitheoir" is brí leis an fhocal seo). Tá blas na seanfhilíochta Gearmánda le brath air go fóill, nó úsáidtear an uaim ann, a bhí á díbirt as úsáid ag an rím deiridh fán taca seo.
An chéad leabhar fealsúnachta a tháinig amach i gcanúint Gearmáinise, b'é an t-aistriúchán a rinn an fear léinn cáiliúil Notker Labeo ar leabhar chlasaiceach an fhealsaimh luathChríostaí Boëthius, De Consolatione Philosophiae ("An Sólás Atá le Fáil i bhFealsúnacht").
Cha rabh ins na hiarrachtaí litríochta le linn na Sean-ArdGhearmáinise sa deireadh thiar thall ach trialacha scoite gan mhórán teacht le chéile ná comhordú eatarthu. An teanga liteartha a faibhríodh ina diaidh, ba bhisiúla i bhfad í, gidh nár caighdeánaíodh go hiomlán í sa mhéid is a d'éileochthaí inniu ar theanga litríochta. Meán-ArdGhearmáinis nó Mittelhochdeutsch a bheirthear ar an fhoirm seo den ArdGhearmáinis.
Is fiú ar ndóighe Laoi na Nioblungach - an Nibelungenlied (nó Der Nibelunge Nôt, mar a ainmnítear uaireanta í as na focail dheireanacha: Daz ist der Nibelunge Nôt) a lua, arb í éipic náisiúnta na Gearmáine í. Is leagan den tseanfhilíocht chéadna é agus atá ar fáil i litríocht na hÍoslainne, agus baint ag an scéal le himeachtaí na himirce móire Gearmánda. Mar shampla, ghnítear trácht ar Attila, Rí na Húnach, ach amháin gur "Etzel" a rinneadh dá ainm le linn fhorbairt fhuaimeanna na Gearmáinise, agus is cuma eile ar fad a tháinig air faoi thionchar idéal ridireachta na Meánaoiseann, ná mar a shamhlófá leis de réir tuairiscí a chomhaimsire, agus meas an danair chruthanta air iontu. Ar ndóighe, chuir údar na laoi an bhail ghalánta fhaisiúnta chéadna ar na pearsana uilig, agus an scéal féin suite aige i dtimpeallacht atá i bhfad níos cosúla le cultúr cúirte is cúirtéiseachta na Meánaoiseann ná le cíorthuathail na mionchogaíocha éagruthacha le linn imirce mhór na bpobal Gearmánda.
Bhí filíocht is litríocht eile á saothrú fosta, áfach, agus is tábhachtaí í b'fhéidir ná an Nibelungenlied féin. Bhíthí ag baint úsáid as an Ghearmáinis cheana mar theanga an dlí in aois na Sean-ArdGhearmáinise, ach tá an chéad mhórleabhar dlí Gearmáinise ag baint le ré na Meán-ArdGhearmáinise, mar atá, an Sachsenspiegel, nó Scáthán na Sacsónach. Sa tríú haois déag a cuireadh an díolaim seo le chéile, agus ba fán am chéadna a cumadh an chéad chroinic staire ins an teangain.
Is fiú aire a thabhairt fosta don mhórfhealsamh reiligiúnda mhistiúil udaí Máistir Eckehart a fuair bás i gKöln sa bhliain míle trí chéad a seacht is fiche. B'é an chéad duine a thug fá théarmaíocht ar leith Gearmáinise a cheapadh do chúrsaí fealsúnachta gan aon phatrún a thógáilt leis na scríbhinní Laidine. B'é bunsmaointiú nó fiú siabhrán na misteach ar nós Eckehart nárbh fhéidir an cumann diamhrach nó an aontacht mhistiúil (unio mystica) eadar Dia agus anam an duine a chur i bhfoclaibh - ach san am chéadna bhí siad ar theann a ndichill cuntas is cursíos a thabhairt ar an rud dho-inste dho-thuairiscithe seo nó ar a mothachtálacha féin ag féacháilt dófa leis an aontacht rúnda seo a bhaint amach.
Ba frithghníomh é an misteachas seo ar scolaíochas na n-ollscoileann, áit nach mbítí ach ag diospóireacht go léannta intleachtúil fá dtaobh de mhioncheisteanna diagachta cosúil le líon na ndiabhal beag in Ifreann. Ós rud é go mb'í an Laidin teanga na fastaoime bréagscolártha seo, agus ó b'í an teanga dhúchais an uirlis ab fhearr le mothachtálacha reiligiúnda an chroí istigh a chur ar pár, b'í an Ghearmáinis rogha na misteach.
B'é an Minnesang - amhránaíocht an ghráidh éagmhaise - an ghné ba thábhachtaí i bhfilíocht na linne seo. Amhráin ghráidh is eadh iad na hamhráin Minne a chumtar de réir dianrialacha teangan is stíle le h-áilleacht an bhantiarna, vrouwe, a cheiliúradh is a adhmholadh. Is é coinbhinsiún liteartha na hamhránaíochta seo gur grádh éagmhaise atá ag an fhile don mhnaoi, agus í pósta cheana ar fhear uasal eile. Sa darna haois déag is sa tríú haois déag a mhair litríocht na cúirte, ar nós an Mhinnesang, fá bhláth, agus b'iad Walther von der Vogelweide, Hartmann von Aue, Gottfried von Strassburg, agus Wolfram von Eschenbach máistrí móra na hamhránaíochta seo.
Ní amhráin amháin a chumadh scríbhneoirí an ama seo, nó bhí ráchairt ar éipicí móra filíochta: d'éirigh scéalta Breatnacha na hArtúraíochta faisiúnta, agus daoiní uaisle na gcúirteann ag éileamh ar na filí leaganacha Gearmáinise de na scéalta seo a sholáthrú. Bhain faisiún na hArtúraíochta an Ghearmáin amach fríd an Fhrainc, agus aistriúcháin ón Fhraincis is ea iad na dánta Artúraíochta as Gearmáinis. An éipic cháiliúil Gearmáinise fá dtaobh de Thriostán agus Iosóld le Gottfried von Strassburg, chan fhuil inti go bunúsach ach aistriúchán ar bhunleagan Fraincise le Chrétien de Troyes. Na héipicí a scríobh Hartmann von Aue, bhí siad bunaithe ar shaothair de chuid de Troyes freisin. Ní nach ionadh go rabh tionchar láidir ag an Fhraincis ar an Ghearmáinis fán tráth seo, nó bealach na Fraincise a tháinig cultúr na gcúirteann is na ridireachta go dtí an Ghearmáin an chéad lá riamh. Gidh go dteachaidh a lán de na focla úra - die spaehen wörter - i léig arís in éineacht le cultúr na ridireachta, mhair an chuid eile acu ins an teangain go dtí an lá atá inniu ann. Thairis sin, b'iomaí focal a cumadh de réir mhúnlaí na Fraincise; chuaidh cúpla iarmhír ins an Ghearmáinis fosta, agus úsáid á baint astu inniu le focla nuadha a chruthú as comhábhair lánGhearmáinise: is ón Fhraincis a fuair an teanga an -rei ins an fhocal Bücherei (leabharlann, ag teacht as Bücher = leabhartha) nó an -ieren ins an bhriathar buchstabieren (focal a litriú, litreacha scríofa an fhocail a thabhairt os ard, as Buchstabe = litir na haibítre).
Chuaigh traidisiún beo na h-amhránaíochta Minne i léig ag druidim le deireadh na Meánaoiseann, ach bhí borradh ag teacht faoi chleachtadh liteartha na Gearmáinise ins na cáipéisí oifigiúla. Sa tríú is sa cheathrú haois déag a d'iompaigh a lán cúirteanna áitiúla ar an Ghearmáinis a úsáid ins na doiciméid oifigiúla, in áit na Laidine. B'é an rí Ludwig Baváireach agus é i gceannas ar an Impireacht Naofa Ghearmánach-Rómhánach sna blianta 1314-1347, a thug isteach an Ghearmáinis i gcáipéisí cúirte an Impire an chéad uair riamh. B'as na cathracha beaga a tháinig an t-athrú seo, agus aicme na mbuirgéiseach ag borradh iontu; bhí an páipéar saor ag teacht in áit an pháir dhaoir, agus scríbhinní d'achan tseort ag éirí níos coitinne. Ní ceard ealaíonta a bhí ins an scríbhinn níos mó ach gnáthuirlis fá choinne an cheannaí is an cheardaí. Sa bhliain 1390 a bhunaigh Ulmann Stromer an chéad mhuileann páipéarachais ins an Ghearmáin - i Nürnberg - agus tuilleadh siúil ag teacht faoin dul chun cinn seo ó shin i leith. B'iomaí saindream i sochaí na Gearmáine a bhreac síos a mbéarlagair féin an chéad uair faoi dheireadh na Meánaoiseann, agus is ón ré sin amach a thig ár gcéad eolas ar chuid mhór de théarmaíocht na gceard sa Ghearmáinis.
Is fiú a chuimhneamh nárbh ionann toradh na forbartha seo ins achan chearn den tír. Scabadh is scor a tháinig ar an teanga scríofa réasúnta caighdeánta theas, agus na cathracha is na cúirteanna éagsúla ag cloí lena gcaighdeáin phríobháideacha féin feasta. Ar ndóigh bhí cupla caighdeán réagúnda ann agus meas mór orthu go fairsing taobh amuigh de na cúirteanna áithride a dtángadar astu: b'iad an "Ghearmáinis Choitianta" nó Gemeines Deutsch a d'fhaibhrigh in oifigí an Impire ins an Ostair, agus Meissnisch na hOir-LárGhearmáine a ba mhó a rabh tionchar acu ar stíl na n-oifigí eile.
Ba fán am seo a scar an Ísiltíris leis an Ghearmáinis go críochnúil, agus an ÍosGhearmáinis ag imeacht le scód fosta. Bhí trádáil na Bailte uilig faoi smacht an Chonartha Hainseataigh, a mba chonradh é eadar na cathracha láidre trádála ar fud tuaisceart na Gearmáine, agus brainsí an Chonartha seo gnoitheach gníomhach ar chóstaí na Bailte uilig. Bhí an Mheán-ÍosGhearmáinis á saothrú sna hoifigí ins achan chuan trádála Bailteach, agus an eilimint Lochlannach ins an tSualainnis agus ins an Danmhairgis ag géilliúint go hiomlán do rabharta na bhfocal iasachta ón ÍosGhearmáinis: mar shampla, betala an focal Sualainnise inniu ar íoc, cosúil le bezahlen na Gearmáinise; gjalda a deirtear ins an Íoslainn, áfach: ós rud é nár fágadh an Íoslainnis riamh faoin bhrú teangan seo, tháinig an seanstór focal Lochlannach slán ansin amháin.
Díol iontais é gan dabht nach bhfuil fágtha den teanga "impiriúlach" seo inniu ach dornán de chanúintí labhartha agus iad féin ag dul in éag. Ach is ábhar suntais é an fear freisin ar éirigh leis tuaisceart agus deisceart na Gearmáine a aontú faoin chaighdeán scríofa chéadna. B'eisean an fear mór Reifirméisin a chuir Gearmáinis ar an Bhíobla: Máirtín Liútar (Martin Luther).
Ba chuid d'aisling reiligiúnda Liútair é na slóite síoraí a bhréagadh ionsar an Bhíobla frí stíl éascaidh a chleachtadh ina aistriúchán, agus é barúlach gurb i mbéal an phobail a bhí caighdeán na stíle scríbhneoireachta a mb'fhearr dó féin an creideamh a chraobhscaoileadh inti. Sin é an fáth gur shroich a theanga an gnáthphobal. Is gádh aird a thabhairt ar chomh foscailte agus a bhíodh sé fá choinne ceartúcháin is leasaithe a theanga is a stíle. Ní rabh de rún aige caighdeán úr a cheapadh ná a mholadh don teanga ach na traidisiúin a fuair sé roimhe a aithris, agus is dócha nár thuig sé féin cén cion fir a rinn sé i stair liteartha na Gearmáinise.
B'as LárOirthear na Gearmáine dó féin, áit ar faibhríodh caighdeán na Meissnisch - ach b'í Gearmáinis Choitianta an deiscirt a bhí sé ag iarraidh a aithris ina chuid scríbhinní. B'é an toradh a bhí air seo gur fágadh a Bhíobla inléite inthuigthe ag lucht an dá traidisiún in éineacht. B'iomaí focal ÍosGhearmáinise fosta a phronn sé ar chaighdeán scríofa na hArdGhearmáinise.
Ba fear léinn den tseandéantús é Liútar, agus b'aige b'fhearr a bhí a fhios cé chomh truaillithe agus a bhí teanga an reiligiúin ag an Laidin, agus teibíocht, doiléire, is doléiteacht ag roinnt léithi. Bhí an Laidin ní b'fhearr aige féin ná a Ghearmáinis dhúchasach. Ach má bhí féin, char éalóigh sé ón ghnáthphobal i gciorcail an lucht ardléinn - thuig sé a dhualgas mar "iascaire ar dhaoiní", le tagairt a dhéanamh d'fhocail Chríost féin. Ar an drochuair níor mhair a obair chomh buan agus ba chóir, nó tháinig an Laidin chun cumhachta athuair i measc aos scríofa na Gearmáinise sna céadta a bhí le theacht; agus is féidir cuid mhór den truailliú chéadna Laidine a chur i leith teanga liteartha na Gearmáinise inniu agus a theastaigh ó Liútar a ghlanadh amach aisti. Ón taoibh eile de, is iomaí scríbhneoir Gearmáinise lenár linn féin a rinn dianstaidéar ar Bhíobla Liútair le stíl mhaith ghonta a fhoghlaim.
B'iad lucht Athbheochan an tSruithléinn - lucht an Renaissance - ba chiontaí le h-athLaidiniú na Gearmáinise lena dtóir buile ar athchruthú is aithris na Laidine Clasaicí. Faisiún uile-Eorpach a bhí i gceist ar ndóighe, ach cibé scéal é d'fhág sé a shliocht ar stíl na Gearmáinise thar aon teanga eile. Is cuimhin le gach duine dár fhoghlaim Gearmáinis riamh cé chomh dothuigthe a b'fhacthas na rialacha fá dtaobh d'ord na bhfocal sna fochlásail dó an chéad uair; ábhar iontais b'fhéidir nach bhfuil aon bhunús leis na geáitsí seo i ngnáthchaint na ndaoiní - nó ní rabh, go dtí gur éirigh leis an aos léinn a mbéarlagair leathLaidine a thathantú ar mhuintir na Gearmáine ar fad mar chaighdeán. Is fíor don té a scríobh an méid seo ag fáil locht ar stíl scríbhneoireachta na linne:
Ós rud é go bhfuil an Laidin chomh líofa sin ag scríbhneoirí is ag lucht óráidíochta ár linne, is gnách leofa ár dteanga féin a lúbadh is a mhíchumadh, focail thruaillithe Laidine a mheascadh fríthi agus í ag éirí casta dothuigthe le nósmhaireacht neamhriachtanach. Is fearr leofa siúd dóigheanna scríofa is labhartha na Laidine, rud nach bhfuil aon chiall ag dul leis, nó nach amhlaidh gurb é a nós féin is dual d'achan teanga?
Níorbh í an Laidin an t-aon teanga iasachta amháin ag múnlú na Gearmáinise is ag stiúradh a forbairte sa chéad aois tar éis Liútair, nó bhí an Fhraincis ag análú ar an teanga fosta, gan aon droichead a dhéanamh den Iodáilis. Sa tseisiú haois déag bhí borradh mór faoi ghnoithe na baincéireachta is faoin chaipitleachas san Iodáil, agus téarmaíocht na gcúrsaí eacnamaíochta ag teacht isteach sa Ghearmáinis dá réir sin. San tseachtú haois déag a tháinig an Fhraincis chun cinn, agus í ag éirí faisiúnta sna cúirteanna ríoga. Thairis sin b'iomaí Gearmánach a d'fhoghlaim an teanga agus é ag cleachtadh a cheirde taobh thiar den teorainn teangan. Chuir na slóite móra de Phrotastúnaigh Fhrancacha - Úgónaigh (nó huguenots) - fúthu i stáit Phrotastúnacha na Gearmáine, agus an gnáthGhearmánach lántsásta an teanga a phiocadh suas uathu, le súil is go réiteochadh an Fhraincis an bealach suas dó i saol na sochaí is na trádála.
Chuaigh an fhorbairt seo a fhad is go rabh an chuma ar an scéal i ndeireadh na seachtú haoise déag an Ghearmáinis a bheith ag dul as úsáid i measc na haicme léinn go hiomlán. Maidir leis an ghnáthphobal bhí siadsan tar éis a lán Fraincise a fhoghlaim ó na saighdiúirí coimhthíocha le linn Chogadh an Tríocha Blian. Sa bhliain míle seacht gcéad caoga (1750) d'úirt Voltaire, agus é ar cuairt ins an Ghearmáin, go rabh mé anseo mar a bhéinn sa Fhrainc. Níl le cluinsbheáil ach ár dteanga féin, agus an Ghearmáinis fágtha ag na saighdiúirí is a gcuid capall.
B'áibhéil a rádh, áfach, gur h-éiríodh scun scan as an teangain a aclú sa litríocht. Nó bhí fir léinn ann agus iad ag iarraidh treoirlínte stíle a sholáthrú do Ghearmáinis na filíochta. Sa bhliain míle sé chéad a ceathair is fiche a d'fhoilsigh Martin Opitz Das Buch der Teutschen Poeterey (Leabhar na Filíochta Gearmáinise; Das Buch der deutschen Poesie a scríobhfaí i gceartlitriú an lae inniu) nó treoirleabhar filíochta do lucht scríofa na teangan. Na rialacha a leag Opitz síos ins an leabhar seo, glacadh go réidh leofa i measc lucht a chomhaimsire, nó cibé locht a bhí ar dhearcadh Opitz i leith chúrsaí na stíle b'é an locht céadna a bhí ar fhaisiún liteartha na linne.
San aois chéadna bhunaigh an prionsa Ludwig von Anhalt-Köthen cumann léinn is ealaíon - Die Fruchtbringende Gesellschaft(An Cumann Torthúil), nó mar a d'ainmnítí as a shuaitheantas é fosta, Palmenorden (Ord na Pailme). D'éirigh leis an phrionsa seo rogha na bhfilí Gearmáinise de chuid na linne a thionól faoi bhratach na Pailme, ar nós Opitz féin agus Andreas Gryphius. B'iad lucht leanstana na Pailme agus ballra na gcumann eile den tseort chéadna (ar nós Cumann Cneasta na Giúise a bunaíodh sa bhliain míle sé chéad a trí dhéag is fiche, nó Cumann an Mheoin Ghearmánaigh a tháinig ar an fhód naoi mbliana ina dhiaidh sin) a chuir bun le traidisiún an ghlanteangachais ins an Ghearmáin, agus iad ag iarraidh téarmaí dúchasacha a chumadh lena gcur in áit na n-iasachtaí Fraincise nó Laidine, nó fiú focail ón tseanlitríocht a athbheochan. B'é Philipp von Zesen an fear ba mhó glanteangachais, nó cheap sé a lán téarmaí nuadha agus iad anois ina gcuid dhoscartha de fhoclóir na Gearmáinise, siúd is go dteachaidh von Zesen thar fóir frí fhocail ar nós Jungfernzwinger ("conchró na maighdean") (in áit Kloster - "mainistir") a thairgsin - focail nach rabh gá ná ganntar leofa, ó ba rud é go rabh na téarmaí "iasachta" seanbhunaithe cheana féin, agus iad i bhfad Éireann ní ba sothuigthe ná aireagáin amscaí von Zesen. Níor chóir dúinn, áfach, obair leithéidí von Zesen a ligean amach ar ghreann, nó b'iomaí téarma inúsáidte a d'éirigh leofa a chumadh chomh maith - ní seafóid amháin a bhí i gceist ar aon chuma.
Fán am chéadna rinneadh na chéad iarrachtaí léann na Gearmáinise a chur chun cinn mar ábhar scoile. B'é Wolfgang Radtke-Ratichius an ceannródaí mór a thiomnaigh a shaol don chúis seo. Mhol sé do chomhthiolán na n-uasal i bhFrankfurt sa bhliain míle sé chéad a dó dhéag gramadach na Gearmáinise a thabhairt isteach mar ábhar teagaisc sna bunscoltacha, agus é barúlach go rachfadh sin chun tsochair do fhoghlaim na dteangacha iasachta féin. Glacadh leis an mholadh seo go forleathan, agus thairg Ludwig von Anhalt-Köthen, an t-urraí mór cultúir, post príomhoide do Radtke-Ratichius ins an scoil a bhí go díreach bunaithe aige.
Rinne mé trácht ar an tionchar cheana a bhí ag misteachas na Meánaoiseanna ar fhorbairt na MeánArdGhearmáinise. Is féidir an anáil seo a chur i gcomparáid le cion an Chráifeachais (Pietismus as Gearmáinis) i stair na Nua-ArdGhearmáinise - mar a bheirthear ar an tseort Gearmáinise a tháinig ar an fhód le Liútar. Bhí an Cráifeachas ar aon bharúil le Liútar agus leis an Mháistir Eckehart fá thábhacht theanga an phobail d'eispéireas reiligiúnda an phobail, agus bhí lucht leanstana an Chráifeachais ag cur na Gearmáinise chun cinn i saol an chreidimh dá réir sin. Bhí lucht an Chráifeachais an-ghnoitheach ag foilsiú leabhartha scoile fosta, agus a shliocht sin ar theanga an aosa léinn a tógadh ar na leabharthaí seo. Ós rud é gur éiligh litríocht reiligiúnda an Chráifeachais mion-chur síos ar chúrsaí an chreidimh is ar mhothúcháin diaga, tháinig fás mór faoi chumadóireacht focal, gan aon trácht a dhéanamh ar an iliomad daoiní a spreagadh chun pinn faoi thionchar ghluaiseacht an Chráifeachais.
Maidir le formhór mór na bhfilí ins an tseachtú haois déag tá a gcuid saothar chóir a bheith doléite inniu, nó b'é an Barócachas an t-idéal stíle a bhí ann, agus lucht na filíochta ag síoriarraidh geáitsí aibhéileacha "ealaíontóireachta" a ligean orthu féin, i gcruth is gur fágadh a gcuid véarsaí dubh breac le poimpéis ardnósach is le samhlaoidí róláidire: sa deireadh thiar thall h-éiríodh bréan dubh dóite den bhastallacht seo. Freasúra is frithghníomh a bhí i ngluaiseacht an Chráifeachais tar éis ruthaig is carúil mhóra an Bharócachais: b'é an rud a bhí ag teastáil ó lucht an Chráifeachais ná fíor-theachtaireacht an chreidimh a fháil ráite, a fháil a fhad leis an ghlacadóir, agus an stíl a cheapadh a ba chuí don chuspóir; charbh ionann sin agus cás lucht an Bharócachais, nach rabh go bunúsach ach ag ceilt na rudaí ba chomónta faoi fheisteas na n-ornáidí móra stíle.
San ochtú haois déag a tháinig an Soilsiú (Aufklärung). Chuir an ghluaiseacht seo béim ar an tsiosmaid mar thréith uiledhaonna agus ar an réasúnachas, agus is follas go mb'iad an t-oideachas agus craobhscaoileadh an eolais shaolta na clocha ba mhó ar phaidrín na Soilsitheoirí. Ní chun tsochair a mháin a chuaigh seo don litríocht, nó mhill cuid mhaith de scríbhneoirí na linne a dteanga féin le barraíocht d'fhoclaibh léannta de gheall ar an fhaisiún féin. Ar an dea-uair d'fhás torthaí ní b'fhearr ar an tSoilsiú fosta: go h-áithrid chuathas in éadan claonthuairimí reiligiúnda agus an oiread sin léirscriosta is creiche tarraingthe acu ar an Ghearmáin le linn Chogadh an Tríocha Blian. Is gá ainm Ghotthold Ephraim Lessing a lua anseo, nó b'eisean a scríobh an dráma cliúiteach Nathan der Weise ina dtaispeánann sé laoch Giúdach agus bithiúnaigh Chríostaí nach bhfuil in ann ardléann agus siosmaid an Ghiúdaigh a mheas mar a bheadh tuillte aige. B'é Moses Mendelssohn (amharc ar leathanach na hEabhraise) ba bhunchuspa do Natan Críonna: b'é Mendelssohn seo athair Shoilsiú na nGiúdach nó na gluaiseachta Hascalah as ar shíolraigh athbheochan na hEabhraise.