Ba chuid den tSoilsiú é gur chuir gramadóirí ar nós Johann Christoph Gottsched agus Johann Christoph Adelung rompu rialacha gramadaí na Gearmáinise a léarscáiliú is a chaighdeánú. Is fíor nach mb'é Gottsched an chéad duine dá dteachaigh i mbun na hoibre seo tar éis Liútair, nó ba chóra an onóir sin a fhágáilt ag Justus Georg Schottel ó thimpeallacht Ord na Pailme, a d'fhoilsigh chomh fada siar agus sa bhliain míle sé chéad a trí is trí scór Ausführliche Arbeit von der teutschen Haubt-Sprache ("Saothar críochnúil fá dtaobh de chaighdeán na Gearmáinise"). Tháinig gráiméar Ghottsched, Grundlegung einer deutschen Sprachkunst nach den Mustern der besten Schriftsteller des vorigen und itzigen Jahrhunderts ("Bunachar gramadóireachta Gearmáinise de réir rogha scríbhneoirí ár n-aoise féin agus na haoise a chuaigh thart"), amach sa bhliain míle seacht gcéad a hocht is dhá scór. Bhunaigh Gottsched traidisiún na gramadóireachta scoile leis an leabhar seo a foilsíodh ocht n-uaire, agus í á h-úsáid ag scoltacha Dheisceart na Gearmáine ach go h-áithrid. Is féidir lochtanna a fháil ar an tseort teangan a mhol Gottsched, nó bhí sé faoi thionchar na Laidine i gcúrsaí comhréire is dul na teangan