Iarracht Úr le Cín Lae Gaeilge a scríobh

An tSeanDialann
17 Meán Fómhair 1999
Nuair a phill mé chun an bhaile ó oileán iathghlas na hÉireann i ndeireadh Mhí Bealtaine, fuair mé árasán úr ar an toirt, rud nach rabh aon tsúil agam leis, agus é suite, thairis sin, sa teach chéadna agus ar an urlár chéadna agus an seancheann. Bhí aghaidheanna nuadha le feiceáilt ar fud an urláir beagnach, nó cha rabh fágtha den tseandream ach an nighean léinn ceimice. Fionlannaigh ar fad is eadh iad na comharsanaigh seo, deamhan strainséara ina measc. déanta na fírinne ba mhór ab fhearr liom an corrchoimhthíoch, nó is é an fhírinne shearbh nach bhfuil aon chomhluadar do mo leithéid féin sna Fionlannaigh óga. Na strainséirí áfach bíonn siad glan aineolach ar chaithimh aimsire na bhFionlannach óg, agus eagla orthu roimh shaol na dtábhairní anseo, ós rud é gur baol dófa sa tábhairne Fionlannach ínteacht ag iarraidh lucht an ionraidh a ghlanadh ar shiúl ón dúchastír ghormbhán (más fir iad) nó an coimeadar a chur ar na plúróga coimhthíocha a bhfuil, dar leis, an ragús gnéis ar bharr lasrach ina gcuid fola (más mná iad). Maidir leis na Fionlannaigh óga, is beag dream is leadránaí ná iad. Ar na saoltaibh seo tá mé ag toiseacht is ag glacadh col dáiríre le muintir mo thíre féin. Is fuath leis na mic léinn teangacha féin na tíortha coimhthíocha, agus más amhlaidh gur aois na fiosrachta a ba chóir a bheith san óige, caithfidh sé nach gcuala na hamadáin aon iomrá air sin go fóill. Ar ndóighe tá siad iontach rugtha chun triail a bhaint as cleachtais úra gnéis nó as drugaí coimhthíocha, ach sin a bhfuil de. Níl aon chur amach acu ar litríocht ach an oiread.
Cuireann sé iontas orm na Spáinnigh óga, mar shampla, a thig anseo. Ní chuireann na buachaillí ó Bharcelona suas do na cailíní atá á dtairiscint dófa, mar is dual dófa, agus ní tógtha orthu é. Bíonn cuid acu ag caitheamh toitíní raithní fosta. Ach más amhlaidh féin é ní ainbhiosáin iad, agus is féidir sult a bhaint as a gcuideachta gan a dhul i dtuilleamaí biotáilte nó drugaí fosta. Meon eile ar fad atá acu: ábhar cuideachtan atá sa duine eile seachas namha agus bíobha a chaithfeas tú a ruaigeadh uait ar nós nó ar éigean. Agus bíonn leabharthaí léite acu freisin. Thairis sin, níl siad chomh fada sin ar deis i gcúrsaí polaitíochta agus muintir óg na Fionlainne.
Bhí geallta ag Giedre Andreikenaite, an ghirseach Liotuáineach a chaith bliain ina cónaí i dTurku i mBaile na Mac Léinn, bhí geallta aige go dtiocfadh sí go Turku i lár na míosa seo, ach diabhal teimheal a bhfaca mé daoithi go dtí seo. Cá háit a dteachaidh sí in abar eadar Vilnius agus Turku, ba mhaith liom a fháil amach!? Tá cumha orm ina diaidh, nó scoth na gcailíní atá inti. Tá sí iontach fiafraitheach i leith na Fionlainnise, agus mise i mo chuidiú mhaith aici nuair a bhí sí ag foghlaim ár dteanga anseo. Díol deas iontais domh a bhí ann an oiread taithnimh agus a thug sí do shaothar Erno Paasilinna, siúd is gur scríbhneoir den eite chlé atá ann, agus ise ina Liotuánach i ndiaidh a saol féin a chaitheamh faoi scáth na Sóibhéidí. Is iomaí scéilín deas magaidh a d'inis sí domh, dáiríre, fá dtaobh de fhrithchumannachas a máthara féin, agus an bhean sin chomh naimhdeach sin i leith rud ar bith a bhfuil baint aige leis an chumannachas agus nach gceadaíonn sí oiread is scaraoid dhearg ar an tábla níos mó.

15 Deireadh Fómhair 1999
Cha dtáinig Giedre ach i ndeireadh na míosa seo caite, ach ba mhór an faoiseamh do mo chroí an cúpla uair-a'-chloig a tairgeadh domh a chaitheamh ina cuideachtain. (Ó, a Dhia, cad fáth gurb iad na cailíní is fearr iad siúd is faide uaim a bhfuil cónaí orthu?) Bhí feabhas mór ar a cuid Fionlainnise ó chonaic mé an uair dhéanach roimhe sin í, agus í níos áille ná riamh. Ar an drochuair phill sí go dtí an Liotuáin go sciobtha ina diaidh sin. Nach mise an díol mór trua!
Ag déanamh mo mharana inniu domh ar úsáid an Bhéarla ag Máire i dTairngreacht Mhiseoige. Nuair a chuireanns mo dhuine síos ar dhaoiní de bhunadh na Gaeltachta is é an gnáthmheascán Gaeilge-Béarla a bíos acu: iad ag gabháil i dtuilleamaí an Bhéarla nuair nach bhfuil an téarma le fáil sa ghnáthchaint. Ag taispeáint Béarlóirí meánaicmiúla dó áfach is é an cineál Gaeilge a chuireanns sé ina mbéal ná an Ghaeilge mar a bheadh sí agus í ina príomhtheanga in Éirinn - agus é ag baint úsáide as na téarmaí nuachumtha féin, rud nach mbíodh ina dhúchas, mar is eol dúinn.
Chum mé pribhléid an chéad fhriotail mar théarma air seo. Nuair atá teanga amháin faoi chos teanga eile ins an tsochaí , is féidir a rádh go bhfuil ag an teanga níos láidre, agus is é is údar le focail nó friotal na teanga láidre a bheith ag fágáilt a sleachta ar an teangain laig ná gurb ins an teanga láidir a céadchuireadh i bhfocail na ceisteanna is tábhachtaí sa tsochaí áithrid sin, agus an teanga lag i dtuilleamaí an chéadfhriotail seo ar a dteántar trácht inti. Dá dtiocfadh leis an Ghaeilge pribhléid an chéad fhriotail seo a bhaint amach i sochaí na hÉireann - dá dtabharfaí a ndóthain airgid is áiseanna d'fhoireann TnaG agus RnaG le hiriseoireacht neamhspleách a chleachtadh beag beann ar na meáin Bhéarla in Éirinn, agus dá gcuirfí de dhualgas na meán Béarla a gcuid tuairisceoireachta a bhunú ar bhuntéacsanna is bunleaganacha Gaeilge de chuid RnaG agus TnaG, b'ag an Ghaeilge a bheadh pribhléid an chéadfhriotail.

This page hosted byGeocities. Get your Free Home Page now.