Má tá tú eadar trí bliana déag agus sé bliana déag, is féidir go gcuirfidh tú suim ínteacht sna scéalta seo, ach ba chóir duit fanúint go ceann tamaill.
Má tá tú sé bliana déag nó níos sine, is dócha go bhfuil tú comh meallta i leith chúrsaí gráidh is go bhfaighfidh tú na scéalta seo rórómánsúil ar fad agus ró-mhíchosúil leis an fhírinne shearbh.
Craiceann - an SeanChlasaiceach ón Bhliain 1995 faoi AthEagar!
Ainmhian an Bhanmhúinteora Óig. Níl mé róshásta leis an scéal, nó thar aon rud eile níor thiontaigh sé amach go róbhreá. Thairis sin, rinne mo ríomhaire praiseach den chéad leagan chríochnaithe, agus dealraíonn sé nach mbíonn mo sháith ama agam choíche leis an deireadh a chur air athuair mar ba chóir. Sílim go bhfuil mé tar éis cóip den chéad leagan críochnaithe a chur chuig Pádraig Ó Snodaigh, ach cibé scéal é, ní bhfuair mé scéala ar bith uaidh fá dtaobh däfhoilsiú an scéil. Mar sin, cuirim ar fáil daoibh anseo gach dá bhfuil i dtaisce agam den ghearrscéal áithrid seo. Tá súil agam go n-éireochaidh liom é a chríochnú.