CAD FÁTH AR FHOGHLAIM MÉ GAEILGE - WHY DID I LEARN IRISH?


An Cheist is Minicí a Chuirtear Orm - The Most Frequently Asked Question Ever

Ní cuimhin liom ná ní heol domh cé comh minic a cuireadh an cheist orm cheana goidé an t-ábhar gur fhoghlaim mé Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh sásamh bhur bhfiosrachta anseo, nó b'fhearr liom ceist ínteacht eile a fhreagairt. (Seo é an cineál ceisteanna ab fhearr liom: "Is cailín cúig bliana fichead de phór Chúige Uladh mé. Tá gruaig dhubh agam, agus tá mé sách dathúil siúd is go bhfuil mé beagáinín ramhar. Ní chaithim gail. Tá mé an-eolach ar litríocht na Gaeilge, agus an-fhiosrach fá thíortha eile. An mba mhaith leat mo phósadh?" Ar mhí-ámharaí an tsaoil, níor cuireadh an cineál seo ceist orm riamh. Tá mé ceithre bliana déag is scór, a chailíní - ní féidir liom mórán eile a fhanúint!)

Ach ós rud é go bhfuil muintir na hÉireann comh leisciúil sin i leith a dteanga féin, is ábhar iontais dófa aon duine a chuir an beagáinín strus air féin atá de dhíth le Gaeilge réasúnta a phiocadh leat. Bíonn siad ag áitiú orthu féin gur teanga dheacair í agus nach fiú le haon duine í a fhoghlaim. Bhail, bíodh acu, ach tá Mo Mhórgacht Uasal den bharúil mhacánta go bhfuil sé dodhéanta ar fad gan ceol agus sult agus subhachas a bhaint as an teanga. (Nach bhfuil a fhios agat goidé is "subhachas" ann, a chunúis? Léigh an Trí Mhám le Seán Bán Mac Meanman - tá siad le fáil sách saor i siopa leabhar ar bith in Éirinn ar fiú a ainm é!) Dá gcuirfeadh muintir na hÉireann an deichiú cuid den strus orthu leis an teanga a fhoghlaim agus atá a bhformhór a chur orthu le cur in éadan a foghlama, bheadh siad éirithe as an Bhéarlóireacht leis na blianta fada anuas.

Ach tá mé ag tréigbheáilt an ábhair. Bhí tú ag fiosrú cad fáth ar fhoghlaim mé Gaeilge an chéad lá riamh, nach rabh? Ceart go leor. Nuair a bhí mé ceithre bliana déag d'aois, bhí cláracha maithe ag imeacht ar an teilí ins an Fhionlainn i gcónaí, murab ionann agus inniu. Lá amháin chonaic mé clár faisnéise fán phonc a rabh an Ghaeilge ann san am sin. (Agus ar ndóighe, tá sibh ag áitiú go bhfuil sí ann i gcónaí. Éirígí as an bhéal bhocht udaí anois fá dheireadh, nó tá mé dubh dóite de. Tá a fhios go rómhaith agaibh nach bhfuil ann ach siocair shuarach le gan a dhath a dhéanamh chun an scéal a thabhairt chun feabhais. Foc sibh a leisceoirí - an bhfuil sibh leis an obair uilig a fhágáilt fúmsa?) Bhail, mar is éascaidh a thuigbheáilt as m'úrscéal Gaeilge, b'iad tuistí mo mháthara a thug suas mé, agus bhain siad leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas frí mheán na Fionlainnise. Nuair a bhí siad ina mbunmhúinteoirí óga, bhí siad an-diograiseach ag cur sracadh úr san Fhionlainnis agus á forbairt mar theanga chultúrtha. Ba mhinic iad ag cur síos ar an obair seo i m'éisteacht agus mise i mo bhrín óg. Agus d'éirigh leofa, nó sa lá atá inniu ann tá an Fhionlainnis beo bíogúil. Nuair a chuala mé iomrá ar an Ghaeilge, go rabh a leithéid de theanga ann agus go rabh sí ag saothrú an bháis, b'é an t-aisfhreagra ba dual domh ná a shílstint go mba chóir í a shlánú agus a athbheochan. Bhí mé ullmhaithe i gcomhair an chineál sin oibre ag mo mhuintir agus a gcuid scéalta. B'é sin mo bhunoideachas réamhscoile féin: teangacha leathmharbha a athbheochan. B'fhacthas domh go rabh na hÉireannaigh, go rabh lucht na Gaeilge, ag iarraidh cuidiú orm, mar dhuine proifisiúnta leis an oiliúint chuí. Agus ní mise an té a d'eiteochadh fear an chruacháis fán tarrtháil.

Bhail, an bhfuil sibh sásta anois? Caithfidh mé a dhul fá dhéin aráin agus ispíní agus sú oráistí sula ndruidtear an siopa!

Iarnóta (Mí Mheán Fómhair 10, 2001): Cha rabh de mheabhraíocht ionam ach inniu fiosrú de Raidió agus Teilifís na Fionlainne cé a rinne an clár a chuir i dtreo na Gaeilge mé an chéad lá riamh. Tá a fhios agam anois: b'í Mirja Metsola a rinne é. Clár de dhéantús na Fionlainne a bhí ann, mar sin.