Rugadh Franz Kafka sa bhliain 1883 i bPrág. Cha rabh a athair ach go gairid in éis saibhreas saolta a bhaint amach - nó ba tráchtálaí é - agus goimh an bhochtanais ag goillstint ar an teaghlach i gcónaí. Giúdaigh ab eadh iad muintir Khafka, ach b'í an Ghearmáinis teanga chultúrtha mo dhuine, nó d'fhreastail sé ar mheánscoil Ghearmáinise agus chaith sé cúig bliana i mbun staidéar dlí in ollscoil Ghearmáinise Phrág. Bhí suim aige i gceisteanna polaitíochta i mblianta a óige, nó bhí sé ina bhall de chumann do dhaltaí reibiliúnda agus iad ag cur in éadan na cléire agus ag útamáil le hidéanna sóisialacha.
Ós rud é go rabh an pór uasal ina mháthair, bhí fáilte roimh Khafka ag cuid mhór de mhaithe agus móruaisle na cathrach; ach ins an am chéadna chleachtaíodh sé comhluadar lucht labhartha na Seicise, a mb'iad an chuid ab ísle céimíochta de dhaonra Phrág. Cathair iontach Gearmánach a bhí i bPrag ins an am i gcónaí, rud a thiocfadh aniar aduaidh ar fad orthu siúd nach bhfuil aithne acu ach ar Phrág lánSeicise an lae inniu.
Siúd is go n-áirítear Kafka inniu ar duine de na nua-aoiseoirí móra i stair litríocht na Gearmáinise, cha rabh sé rósháite i scríbhneoireacht thurgnamhach na comhaimsire. A mhalairt ar fad, nó b'iad na clasaicigh agus na scríbhneoirí simplí ba mhó a tharraingíodh é.
I ndiaidh dó céim dlíodóireachta a bhaint amach sa bhliain 1907, chuaidh Kafka a dh'obair do ghnólucht árachais. I gceann deich mblian tholg sé an créachta, agus b'éigean dó éirí as an obair lánaimseartha. Chaith sé an chuid ba mhó dá rabh fágtha dá shaol ag éileamh i dtithe banaltrais. Fuair sé bás i Vín sa bhliain 1924.
Char fhoilsigh sé ach cúpla téacs tráth a shaoil, agus é an-chriticiúil i leith a chuid scríbhneoireachta féin. Ag druidim leis an bhás dó, d'fhág sé a chara Max Brod i seilbh a chuid sceitseanna, ach níor theastaigh uaidh aon cheann acu a theacht i gcló i ndiaidh a bháis: b'fhearr, ar sé le Brod, an t-iomlán a chur le thine. Ar ámharaí an tsaoil, cha rabh Brod ar aon bharúil lena chara. Bhí meas as pabhar aige ar scríbhinní Khafka, agus de réir a chéile d'éirigh leis súil an tsaoil mhóir a tharraingt ar shaothar a chara. B'aistreánach an bealach é, áfach, agus chuir deachtóireacht Hitler ins an Ghearmáin agus an Ostair go mór isteach ar an obair: is iomaí leabhar le Kafka arb i Meiriceá a tháinig sé amach an chéad uair riamh, ó theach foilsitheoireachta a rabh lucht a reachtála ar deoraíocht ins na Státaí ar chúiseanna polaitíochta.
Inniu áfach, is féidir a rádh gur coincheap ann féin is eadh é sloinne an scríbhneora féin. Na daoiní nach bhfuil scéal ar bith le Kafka léite acu, is léir dófa goidé is brí le Kafkaesque: coimhthíos an duine uaignigh roimh a mhuintir féin agus a eagla roimh lámh uilechumhachtach an stáit, an chórais, na bunaíochta, na béasaíochta: roimh na fraitheacha ag titim isteach air.