AN GHAEILGE - fluctuat nec mergitur

GAN tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, ón Chomhairle Ealaíon, nó ó fhoras Gaeilge ar bith eile!

An é seo do chéadchuairt ar an áit seo? Ar bhain tú sult as a bhfaca tú? An bhfuair tú locht ínteacht ar mo chuid scríbhinní? Ná bíodh eagla ná leisce ort cupla líne a chur chuig an té a chuir an méid seo ar fáil duit.

Bain úsáid as an bhocsa cuardaigh seo leis na suímh eadarlín in Éirinn a chíoradh. "Déan do scimeáil fríd Éirinn" is brí leis na focail aistíocha Béarla udaí "Browse Ireland". Scríobh isteach ins an bhearna na focail atá tú a chuartú ar an Ghréasán, agus ansin tarraing an cúrsóir - an tsaighead bheag a bhoganns agus tusa ag cuimilt na luchóige le droim an tábla - tarraing é ar an tsamhail de chnaipe ar a bhfuil an focal udaí "Go!" scríofa - "Imigh!" is brí leis. Ansin gheobhfaidh tú na suímh atá de dhíth ort. Mo léan nár éirigh liom aon Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla ar an tsuaitheantas seo.

Na naisc a gheobhas tú romhat ar an leathanach seo, bhéarfaidh siad go dtí mo chuid leathanach lán-Ghaeilge thú. Más iad na leathanaigh ilteangacha is mó atá de dhíth ort, tarraing ort

an Clár Cinn ilteangach.

Sínigh leabhar na gcuairteoirí Caith súil ar leabhar na gcuairteoirí

TACHTAIMIS AN GRÁDH SIN - An tÚrscéal don Aos Óg agus d'Ógánaigh Fhásta!

CICLIPÉID NA hOLLCHRUINNE - téarmaíocht na réalteolaíochta is na spásaireachta le míniúcháin

Stórchiste na Gaeilge - focail ó na canúintí

PÉIST AN MHEÁN OÍCHE in IKAALINEN

Gearrscéal uafáis i stíl Lovecraft le S. ALBERT KIVINEN - ar fáil do lucht na Gaeilge anois, le caoinchead an Údair léannta. Léigh é agus bí cinnte GO gCUIRFEAR Ó CHODLADH NA hOÍCHE THÚ!

AN ÁIT A nIOMPAÍONN NA TRAENACHA

- scéal rúndiamhrúil fá dtaobh de stócach a thug teasghrádh do na bóithre iarainn, i stíl a chuirfeadh Jorge Luis Borges i gcuimhne duit. Pronnadh duais thábhachtach de chuid lucht an fhicsin eolaíochta san Fhionlainn ar an Údar PASI JÄÄSKELÄINEN ar son an scéil seo.

STAIR NA RÚISE AS GAEILGE - níl sí críochnaithe go fóill, ach tá cuid mhaith ann cheana féin.

TOBAR NA hÉIGSE

Scoth Ghearrscéil le Bainríon an Fhicsin Eolaíochta san Fhionlainn

MAARIT VERRONEN

Iontais na Ceimice


Albert Einstein agus Dúthomhas na nDúpholl


Cogadh Cathartha Mheiriceá

Seanfhocail Ghaeilge


Heikki Ylikangas agus an Fhírinne nach gCreidtear
Scéal dochreidte é ag go leor dár muintir i gcónaí go bhféadfadh cúrsaí na polaitíochta inmheánaí na Fionlannaigh a chur ag lámhach a chéile, sa bhliain 1918. Léigh an athinsint seo ar sheanagallamh leis an staraí Heikki Ylikangas le tuilleadh a fháil amach fá dtaobh de seo.

"A Leithéid de Chogadh"
Chuir Cáit, cara óg Éireannach liom, an cheist orm, an raibh a leithéid de chogadh agus Cogadh na Saoirse in Éirinn, - an raibh a leithéid de chogadh san Fhionlainn riamh. Bhí mé riamh ag dúil le cupla focal a bhreacadh síos as Gaeilge faoi chogadh cathartha na Fionlainne, agus ba spreagadh dom a ceist chun freagra cuimsitheach a thabhairt uirthi agus a chur ar fáil anseo freisin. Seo a bhfuil scríofa agam chuici go nuige seo.

Artturi Leinonen
Fear mór i stair iriseoireachta na Fionlainnise, agus fear a rabh an-tionchar aige ar m'athair mhór, óna bhfuair mé cuid mhaith de mo thabhairt suas. Chuir mé an leathanach seo ar fáil an chéad uair mar eolas breise don leathanach fá Ylikangas, ach mar sin féin, creidim nach miste súil a chaitheamh air beag beann ar Ylikangas fosta.

An Saol in Varkaus - giobóga fáin agus cuimhní cinn. Tá an teanga sna giobóga seo níos caighdeánta agus níos fusa ná i mbunús mo chuid scríbhinní, nó tá mé barúlach nach mba mhiste úsáid a bhaint astu mar lón léitheoireachta ar scoil.

Bolscaireacht ár Námhad á Bréagnú!

Sliocht as Cuimhní Cinn ó Theach na Marbh, an t-úrscéal cáiliúil le Feodor Míocháileoivits Dostaighéavscaí. Mé féin a chuir Gaeilge air, ar ndóighe.

Bás an Státseirbhísigh, gearrscéal clasaiceach le hAntón Tséachov, mórscríbhneoir Rúiseach eile. Mé féin a d'aistrigh ón bhunteanga.

Frithchaoineadh - prósdán dófa siúd a bíos i gcónaí ag tuar báis don Ghaeilge

An Fíchiú hAois - faoi rothaí na gréine, cad é an cineál rud a bhí ann ar aon nós?

Deir mo chara Mark Rosenfelder go bhfuil gach rud faoin spéir dár tharla san fhichiú haois curtha fríd chéile aige ins an aiste seo. Caith súil ansin go bhfaighe tú amach an bhfuil an ceart aige. Níl mé féin ag teacht leis ar achan rud ach is dóigh liom gur fearrde don Ghaeilge féin a leithéid seo de thuairimíocht pholaitíochta a bheith le fáil ins an teanga. Mé féin a rinne an t-aistriúchán, ar ndóighe.

Eolas turasóireachta fá dtaobh den Fhionlainn

Fadhbanna Sheáin - fadhbanna sóisialta ár linne féin á gcardáil as Gaeilge, ar mhaithe leis na foghlaimeoirí.

Voces Hiberniae - stórchíste na foclóiríochta roinnte de réir na bpríomhchanúintí

Os Coinne an Dlí - Vor dem Gesetz. Fabhalscéal le Franz Kafka as Gaeilge

An Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann
Athinsint Chriticiúil ar an Leabhar The Irish Language in Northern Ireland

An Fhionlainn as Gaeilge

Greannáin agus Greannánaíocht san Fhionlainn

Gorta mór na Fionlainne

Scríbhneoirí na Fionlainne

Aleksis Kivi

Väinö Linna

Erno Paasilinna

Hannu Salama

Maarit Verronen

Amhrán Náisiúnta na Fionlainne

Ábhar léitheoireachta eile

An Ceacht le Foghlaim ón Rúis inniu - alt le Stephen Holmes

An Béarlóir Deireannach (leagan úr leasaithe anois!)

Cín Lae Phanu

Teangacha an Domhain: An Eabhrais

Teangacha an Domhain: An tSeanÉigiptis

Teangacha an Domhain: An tSuáithílis

Teangacha an Domhain: An Ghearmáinis---Stair an Naitsíochais is na Gearmáine Naitsíghe - drong choiriúil i gceannas ar stát nua-aimseartha

Teangacha an Domhain: An Bhascais

Teangacha an Domhain: An Chatalóinis

Teangacha an Domhain: An Araibis - Cuid a hAon - Cuid a Dó - Cuid a Trí

Teangacha an Domhain: Caighdeánú na Cuirdínise sna Meáin Chumarsáide (le Michael Chyet)

Teangacha an Domhain: An Pholainnis AIRE - caithfidh tú an códú udaí Unicode a chur ar do bhrobhsálaí le bheith in ann an leathanach seo a léamh. An leathanach atá tú a léamh fá láthair, úsáideann sé códú Iarthar na hEorpa.

Teangacha an Domhain: An Rúisis - Cuid a Dó - Cuid a Trí - Cuid a Ceathair

Teangacha an Domhain: An tSínis

Cúrsaí an Dátheangachais á gcardáil as Gaeilge

Conarthaí Bunaidh an Dá Stát in Éirinn - Leaganacha Gaeilge

Réamhstair Impireacht na Róimhe as Gaeilge

Súil ar an Ioslam is a Chultúr

Léitheoireacht Éadrom d'Fhoghlaimeoirí Fásta

Téigh ar ais go Leathanach Bharra Uí Eireamhoin agus Scoil Ghramadaí na Deastógála anseo, más é an bealach sin a tháinig tú anseo - agus más bealach eile é, tabhair cuairt orthu!