Le Panu Höglund - Máistir Ealaíon, Léann Gearmáinise, Polainnise, agus Rúisise ó Åbo Akademi, 1997
Nuair a thoisigh an chéad chogadh domhanda - nó an Cogadh Mór, mar is fearr le saol an Bhéarla a thabhairt air - tháinig sé go formhothaithe ar na náisiúin go léir comh h-éagsúil agus a bhí sé leis na cogaíocha roimhe sin. Déanta na fírinne, cha rabh glúin na laetha sin i dtaithí cogaíochta taobh istigh den Eoraip. Ar ndóighe, ó bhí an t-impiriúlachas Eoralárnach beo bíogúil ins an am, bhíthí ag marú bundúchasaigh san Afraic, san Áise is i Meiriceá le fada an lá anuas ar shéala a theacht i seilbh a gcuid tailte-san fá choinne míntíreachais nó mianadóireachta. Ach ó bhí an bharúil ag go leor daoiní, agus an t-éadan acu lena fógairt go poiblí, nárbh ionann na bundúchasaigh bhrúidiúla agus na hEorpaigh shibhialta ó thaobh na daonnachta de, ní shamhlófaí d'aon duine roimh ré go bhféadfadh náisiúin na hEorpa a dhul in adharca a chéile agus na blianta fadaraíonacha a chur amú i gceann cathanna neamhthorthúla sna trinsí lán clábair, lucha agus galair thógálacha.
An cineál taithí a bhí ag na hEorpaigh ar an chogadh, cha rabh ann ach claontaithí. Ní rabh feicthe ag an Eorpach ach an dóigh a dtéadh díormaí na dtiarnaí gealchraicneacha chun teagmhála leis na slóite gorma: bhí an laoch geal gléigeal in ann éirleach tubaisteach a dhéanamh orthu le sailbhe amháin meaisínghunna sula rabh d'áiméar acu oiread is ga amháin a chaitheamh ina threo. Mar sin, bhí muintir na hEorpa cleachta ar an chineál cogadh ina bhféadfadh an tEorpach a namhaid a chloí in áit na mbonn buíochas leis an bharr armála a bhí aige ar na daoiní "primitíbheacha". Níorbh í an fhuilstin gan a dhath dá barr an chéad rud a shamhlóchadh bunadh ár n-ilchríche leis an chogadh, mar choincheap, san am sin, ach an bhuaidh agus an sult a bhí le baint as na torthaí. B'iad na naimhde, agus b'iad féin amháin, a d'íocfadh deachmhaidh an chogaidh agus a d'fhágfaí faoi mhéala i ndiaidh na teagmhála.
Bhí súil, mar sin, le cogadh tobann nach mbeadh i bhfad ag teacht chun réitigh. A mhalairt a thit amach, áfach, nó mar is eol dúinn, chuaigh saighdiúirí an dá thaobh in abar ar an chathéadan thiar. Mhair siad (an chuid acu - agus ba ghann an chuid iad - nach bhfuair bás) ag lámhach a chéile bliain i ndiaidh bliana, agus i ndeireadh na dála b'iad na Gearmánaigh, na hOstaraigh agus a gcuid comhghuaillithe ba thúisce a cuireadh thar a n-acmhainn i gcomórtas seo na fadfhuilsteanachta.
Is gnách linn, agus sinn ag déanamh ár marana is ár staidéir ar an chéad chogadh domhanda faoi thionchar an dóigh a dteachaidh an darna cogadh domhanda chun críche - is gnách linn a shílstint go rabh críochthoradh an chéad chogaidh soiléir bliain nó dhó roimh an deireadh, cosúil leis an dóigh ar briseadh an cath ar Hitler. Ins an bhliain 1944, bhí sé sothuigthe ag an té a rabh breithiúnas oibiachtúil aige ar na himeachtaí nach rabh seans ar bith fágtha ag an Ghearmáin. Ach is mór eadar an dá chogadh dáiríribh.
Is minic a ligtear i ndearmad go rabh cogadh an chathéadain thoir buaite ag an Ghearmáin. D'aidmhigh Léinín féin é, nuair a thoiligh sé leis an chonradh síochána a bhrúigh na Gearmánaigh air i mBrest-Litovsk i Mí na Márta den bhliain 1918. B'í an chomha gur fhág na Rúisigh uathu an Bhílearúis, an Úcráin, na tíortha Baltacha (an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin), an Pholainn agus an Fhionlainn. I gcuid de na tíortha ar a laghad, ní rabh i gceist go bunúsach ach na Rúisigh ag tabhairt aitheantais don staid de facto. Nó bhí gluaiseachtaí neamhspleáchais i ndiaidh theacht i gcumhacht ansin cheana féin, agus tacaíocht mhíleata nó mhorálta ón Ghearmáin acu.
San Fhionlainn, mar shampla, bhí na náisiúntóirí buirgéiseacha ag comhoibriú go dlúth leis na Gearmánaigh le tamall maith anuas, agus óglaigh Fhionlannacha ag troid in arm na Gearmáine, le súil is go mbainfidíst úsáid ina dhiaidh sin as a rabh foghlamtha acu ag cur ruaigeadh ar na Rúisigh. - Scéal eile ar fad, áfach, nuair a tháinig siad chun an bhaile i ndeireadh na dála, ná go bhfuair siad an tír á tréigbheáilt ag na Rúisigh cheana féin, agus na Fionlannaigh in adharca a chéile ar chúiseanna polaitíochta.
Bhí Erich von Ludendorff ina Mharascal ar fhórsaí armtha na Gearmáine ar fad, agus cumhacht an deachtóra aige go praiticiúil. Nuair a tháinig deireadh leis an chogaíocht san Oirthear, bhí Ludendorff in ann a chuid saighdiúirí go léir a chruinniú ar an chathéadan thiar, agus é dóchasach go dtiocfadh leis frithsheasmhacht na namhad sa Iarthar a chloí anois agus Páras a ghabháil. Ansin, thiocfadh leis comha na Gearmáine a chur ina luí ar na Francaigh is na Sasanaigh fosta. D'oibrigh Ludendorff amach roinnt mhaith pleananna le hainmneacha galánta ardnósacha - oibríochtaí ar nós St. Georg a hAon, St. Georg a Dó, Walküre agus Mars - agus chaith sé ins an tine gach a rabh de shaighdiúirí aige.
Bhí fórsaí na Gearmáine in ann ascnamh mór a dhéanamh ceart go leor, ach má bhí, ní rabh gar ann a thuilleadh, agus acmhainní na Gearmáine comh spíonta tráite is a bhí siad cheana. Nuair a chonaic Ludendorff nach dtáinig an briseadh mór a rabh sé ina thuilleamaí leis an chogadh a bhuachan, tuigeadh dó go rabh an cluiche caillte aige, agus in áit a bheith ag brionglóidigh fán bhuaidh, chrom sé ar an tubaiste a theorannú, an oiread is a thiocfadh leis.
Deirtear nár theastaigh ó Ludendorff ach gnáthaimh riaracháin na tíre a fhágáilt faoi pholaiteoirí daonlathacha. Mar sin, d'fhéadfadh sé féin a fhreagracht as tubaiste na Gearmáine a shéanadh agus an milleán a chur ar na sibhialaigh. Cibé fá dtaobh de sin, caithfidh sé go rabh ginearáil ní ba siosmaidí ná eisean ag tacú le tiomnú seo an údaráis ar chúiseanna ní b'fhearr. Chreid siad go mbeadh Sasain agus an Fhrainc sásta gan an iomarca míthrócaire a imirt ar an Ghearmáin i ndiaidh a maidhme, dá mbeadh rialtas daonlathach ag rialú na tíre, in áit mhaorlathas míleata an Impire. Ar ndóighe, bhí an gnáthshaighdiúir sách cliste leis an adhmad cheart a bhaint as imeachtaí an chogaidh, agus é ag dul chun cearmansaíochta ar na hoifigigh cheana féin, le faobhar na réabhlóide ar a ghuth. Bhí na scothaicmí traidisiúnta scanraithe roimh an réabhlóid, áfach, agus an ródach a bhí ag siúl ar a mhacasamhlacha féin sa Rúis ó tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an tír sin.
Ar tús d'fhéach Ludendorff leis an tír a fhágáilt á rialú ag lucht na heite deise, ach ní rabh siadsan in ann rabharta na réabhlóide a choinneáil siar. Bhí saighdiúirí agus lucht oibre ag bunú comhairlí féinrialtais - sóibhéidí - anseo is ansiúd in aithris ar na cinn Rúiseacha. Ní rabh muintir Mhünchen i ndeisceart Chaitliceach na tíre riamh róchompordach le forlámhas na Prúise Protastúnaí; chuaigh siad anois a fhad is poblacht Shóisialach a ghairstint de chúige na Baváire, agus Kurt Eisner ina Uachtarán uirthi.
Cha rabh Daonsóisialaigh mheasartha Bheirlín róshásta le radacachas na mBavárach. Nuair a chonaic siad an mhonarcacht ag leá ina dtimpeall, agus iad féin sách naimhdeach i dtaobh gach cineál tástálacha radacacha sa pholaitíocht, nó mímhuiníneach astu, cha rabh de roghain acu ach seilbh a ghlacadh ar an tír iad féin, ó nach bhfuarthas aon dream eile a thuilleadh a mbeadh an sracadh fágtha iontu le triail a bhaint as. Ar an naoú lá de Mhí na Samhna, míle naoi gcéad a hocht ndéag, thug an tImpire Uilliam a Dó suas a choróin, agus é ag cur clabhsúr ar stair rítheaghlach Hohenzollern. Bhí an t-iarImpire le deireadh a shaoil - fiche éigin bliain - a chaitheamh ina fheirmeoir fir uasail ins an Ísiltír.
B'é an diallaiteoir Friedrich Ebert a rug ar halmadóir an stáit anois. Daonsóisialach de chineál sách measartha a bhí ann agus dearcadh praiticiúil aige. Cibé fá dtaobh den eadarnáisiúnachas nó den tsíochánachas a mba chuid thábhachtach é d'oidhríocht smaoiteachais na nDaonsóisealach, d'fhan mo dhuine dílis do chúis na Gearmáine Impiriúla ar feadh an chogaidh. Bhí sé cleachtach le cuspóirí réadúla teoranta na n-oibrithe oilte proifisiúnta, an aicme a rabh baint aige féin léithi, agus deireadh sé riamh go rabh fuath ar an réabhlóideachas aige mar a bheadh peaca ann. Ní daonlathach neamhchoinníollach a bhí ann ach an oiread, nó roimh an chogadh bhí sé barúlach go rachadh bunú na poblachta ins an Ghearmáin i bhfad thar fóir ó thaobh na réadúlachta polaitiúla de. Bheadh sé ní ba phraiticiúla, dar leis, leor a ghabháil leis an mhonarcacht, ach diansrianta an bhunreachta a chur le cumhacht an Impire. Mar sin, d'fhágfaí cead a gcinn ag na Daonsóisialaigh oibriú ar mhaithe le tuilleadh leasuithe sóisialta a bhaint amach don lucht oibre, agus an tImpire i gcónaí ina shiombail a bhféadfadh lucht an mhíleatachais mionna a mhóidiú dó.
Ós rud é go rabh an Páirtí Daonsóisialach sealbhaithe ag lucht na measarthachta cosúil le hEbert, bhí an chuid ba radacaí de na daonsóisialaigh in éis an bunpháirtí (Sozialdemokratische Partei Deutschlands, SPD) a thréigbheáilt le malairt pháirtí dá gcuid féin a chur ar bun, mar atá, Páirtí na nDaonsóisialach Neamhspleách (Unabhängige Sozialdemokratische Partei Deutschlands, USPD). Ní rabh an dá pháirtí róchairdiúil le chéile, ní nárbh ionadh, ós rud é go rabh meas an tréigtheora ag cinnirí an dá dhream ar a chéile. Ina dhiadh sin féin, bhí Ebert sásta fáiltiú roimh chupla cinnire de chuid na "scoilteoirí" chuig a rialtas. Caithfear a chuimhneamh fosta go rabh an chosmhuintir Dhaonsóisialach i bhfad níos radacaí ná Ebert féin, agus iad ní ba chóngaraí do chinnirí lucht an Neamhspleáchais ina ndearcadh; aríst, bhí cosmhuintir na Neamhspleách ní ba radacaí ná na cinnirí. Shíl Ebert, is dócha, go dtiocfadh leis an chuid ba mhó den eite chlí a thabhairt chun síochána agus a chur i dtreo na measarthachta fríd na Neamhspleáigh a ligean isteach.
Ó bhí poblacht Shóibhéadach faoi lántseol ins an Bhaváir cheana féin, fuair Ebert é féin i bponc go sciobtha. Ar ndóighe, ní fhéadfadh sé cead a gcinn a fhágáilt ag na Baváraigh ná ag na saighdiúirí a bhí ag bagairt ceannairce ar an údarás dhlisteanach. Ón taoibh eile de, ní bhíodh mórán muiníne ag na Daonsóisialaigh riamh as oifigigh choimeádacha an Airm, ná a mhalairt. Nuair a tháinig an tArdMháistir Ceathrún Wilhelm Groener i bhfianaise Ebert lena thacaíocht a thairgsint don tSeansailéir, ba léir nach gcuideochadh sé le leithéid Ebert ach ar dianchuantar. Theastaigh uaidh go mbeadh an Seansailéir toilteanach troid a chur ar an "Bhoilséiveachas" agus ar an radacachas chlí - agus bhí, gan amhras - comh maith le húdarás na n-oifigeach airm a chosaint ar na gnáthshaighdiúirí a bhí ag réabadh suaitheantais a ngradaim díofa.
Bhí Ebert sásta comhoibriú le Groener, ach má bhí, chuir an "feillbheart aicme" seo fearg ar lucht an Neamhspleáchais. I Mí na Nollag den bhliain 1918 thréig siad comhrialtas Ebert. An chuid ba radacaí de na Daonsóisialaigh - na Spartacaigh, agus iad ainmnithe as Spartacas, cinnire ar cheannairc mhór na ndaor ins an tseanRóimh fadó - bhí siad araiciseach chun troda agus réabhlóide, fiú, agus rinne siad iarracht a dhul i gceannas ar an stát i dtús na bliana 1919. Thar aon rud eile, chuaigh siad i seilbh na nuachtán lena stopadh ó fhoilsiú agus le saoirse an phreas a chur ar ceal.
Níor thaitin an chearmansaíocht seo leis an rialtas mheasartha dhaonsóisialach. Chuaigh Gustav Noske, an tAire Cosanta, i dtuilleamaí na láimhe láidre leis na Spartacaigh a chloí, agus má chuaigh, ba mhór an ródach a rinne sé. Is amhlaidh gurbh iad na Freikorps, na Saor-Óglaigh, an príomhfhórsa armtha a bhí ar fáil do Noske. Slua a bhí iontu a bhí sách cosúil le Dúchrónaigh na Sasana in Éirinn, mar atá, iarsmaí an chathéadain a bhí cranraithe ag brúidiúlacht an chogaidh fhada, agus iad ar strae, ar bhealach, sa tsaol fosta. Nó bhí siad an-fhuafar i dtaobh ghluaiseacht an lucht oibre, ar ndóighe, faoi thionchar an choimeádachais thraidisiúnta, ach, thairis sin, bhí siad ag taobhú leis an smaoiteachas nuaGhearmánach freisin ina dteántaí adhradh agus diagú ar an chogaíocht mar mhalairt "bheo" ar "mharbhántacht bhuirgéiseach" na síochána. Mar sin, bhí na SaorÓglaigh in ann a dhul i bhfad thar an cheasaí ag cur catha ar an lucht oibre radacach. An dóigh ar dhúnmharaigh siad Karl Liebknecht agus Rosa Luxemburg, cinnirí intleachtúla na Spartacach, ní rabh ann ach an cineál gnáthrud nach sílfeadh na fir seo mórán de.
In Aibreán na bliana 1919 rinne na SaorÓglaigh ionsaí ar Phoblacht na Baváire i München. Bhí Kurt Eisner éirithe as an Uachtarántacht agus feallmharaithe le fada an lá, agus lucht an antoisceachais ón dá eite ag cur borradh faoin fhoréigean pholaitiúil. B'iad na Cumannaigh a bhí i gceann an rialtais anois, agus iad in éis Arm Dearg dá gcuid féin a earcú is a eagrú cheana féin. Mar sin, d'éirigh ina chogadh cheart eadar na SaorÓglaigh agus na gardaí dearga seo, agus ba mhinic a bhí daoiní neamhurchóideacha ar fad thíos leis na trioblóidí. Mar shampla, thóg na SaorÓglaigh cruinniú de chumann Caitliceach in ainriocht sluachorraíola de chuid na gCumannach, agus ó b'fhearr leofa gach díol drochamhrais a lámhach ná slí éalóidh a fhágáilt ag aon duine de na "ciontóirí", mharaigh siad an t-iomlán dearg acu.
Is léir nár chuidigh na triobloidí seo uilig le meon an daonlathais a mhúscailt ná a chothú i measc mhuintir na Gearmáine. Ón taoibh eile de, áfach, bhí stát, síocháin agus socrú ar na bacáin ins an Ghearmáin anois, ar chúla téarmaí beagnach. Nó tháinig tionól náisiúnta le chéile i Weimar, cathair bheag a bhfuil níos mó bainte aici le Gearmáin an chultúir ná le Gearmáin an mhíleatachais, chun stát na Gearmáine a chur in ordú aríst. Thogh siad Ebert ina Uachtarán agus thoisigh siad a dhréachtáil bunreacht daonlathach don phoblacht nua. D'ainmnigh Ebert Príomh-Aire don stát, Philipp Scheidemann, agus tháinig na Daonsóisialaigh, na Liobrálaigh agus na Caitlicigh - an páirtí udaí Zentrum nó an Lár - le chéile i gcomhrialtas a rabh tacaíocht na slóite síoraí leis.
Tá droch-chliú ar an bhunreacht a d'achtaigh an tionól náisiúnta seo agus ar an phoblacht - Poblacht Weimar - an cineál stát a tháinig ar an fhód dá thoradh. Déanta na fírinne, ní bhfuair an bunreacht seo a cheart riamh ó lucht scríofa na staire. B'é an locht ba mhó air gur fhág sé cumhachtaí móra ag an Uachtarán: d'fhéadfadh sé a theacht salach ar an daonlathas fríd achtanna éigeandála dá chuid féin a thabhairt uaidh chun comhairle na pairliminte a chur ar ceal. Ón taoibh eile, áfach, bhí forálacha forásacha leathanaigeanta mórchroíocha ann fá chúrsaí ar nós córas an leasa shóisialta nó saoirse na gclómheán - cead cainte ag cách, mar a déarfá. Murar éirigh leis an phoblacht ach go lagmheasartha, níorbh ar an bhunreacht a bhí an locht.
Scéal eile, áfach, an rabh gléas comhlíonta an bhunreachta seo ar lucht rialtais na Gearmáine, agus na himthoscaí mar a bhí siad.
Ní rabh an gealladh céadna ná a leath faoi na coinníollacha a bhí á dtairgsint don Ghearmáin ag buaiteoirí an chogaidh i gcomhchainteanna Versailles. Rud follasach a bhí ann go mb'éigean don Ghearmáin cuid mhór dá críocha oirthearacha a ghéilleadh don Pholainn, de réir mar a bhí éilithe ag Woodrow Wilson, uachtarán na Stát Aontaithe, agus é ag cur ar son saoirse na náisiún beag ins an Eoraip. Is deacair do bhreathnadóir an lae inniu mórán deora a dhoirteadh ach an oiread fán dóigh ar baineadh a cuid cóilíneachtaí - an Tógólann, an Afraic Thiar Theas (Namibia), Tanganyika (an Tansáin) agus eile - den Ghearmáin.
Nó nuair a tháinig an cruth ar an tairne, bhí ré an tseanchóilíneachais ag druidim lena deireadh cibé scéal é. Thairis sin, ó nach dtáinig na mionstáitíní Gearmánacha le chéile ina stát aontaithe ach go déanach sa naoú haois déag, ní rabh mórán fágtha le cóilíniú nuair a chrom na Gearmánaigh ar an obair fá dheoidh. Mar sin, cha rabh ina gcuid cóilíneachtaí riamh mórán eile ach ceirín leis an tsiabhrán ísleachta a leigheas a bhí ar na Gearmánaigh roimh mhórchumhachtaí seanbhunaithe an domhain.
Is deacair a rádh an rabh na Gearmánaigh níos brúidiúla ag caitheamh leis na bundúchasaigh sna cóilíneachtaí ná na hEorpaigh eile. Mura rabh ins na cóilíneachtaí acu ach bréagán, seachas foinse amhábhair, is dócha nach bhfuair siad riachtanach é riamh aon chóras ciallmhar riaracháin a chur ar bun, seachas sluaíochtaí mírialta pionóis ag crádh na mbundúchasach mar a rithfeadh leofa. Ón taoibh eile de, tá fianaise ann go rabh saighdiúirí gorma an Ghinearáil Lettow-Vorbeck an-dílis dá gceannasaí ag cur ar son chúis na Gearmáine san Afraic. Tá an dá bh'fhéidir ann, mar sin.
B'iad na srianta is na smachtbhannaí eacnamaíochta ba mhó a rinne dochar do chobhsaíocht pholaitiúil na NuaGhearmáine. Thar aon rud eile, gearradh cúiteamh cogaidh ar na Gearmánaigh nach rabh acmhainn a íoctha i ngeilleagar na tíre. Nuair a briseadh an cogadh ar arm na Gearmáine, b'iomaí duine aonair a chaill a chuid airgid sa teagmháil, ó bhí an stát ag dul i muinín maoiniú príobháideach leis an chogadh a choinneáil ar obair, agus an státchiste á spíonadh.
Fá dheireadh an chogaidh, mar sin, bhí ballaí na Gearmáine breac le fógráin fá Kriegsanleihe - iasacht chogaidh. B'é ba bhrí leis an Khriegsanleihe ná go rabh an stát ag díol bannaí leis na saoránaigh aonair, ag gealladh aisíoc ar raidhse úis i ndiaidh bhuaidh chinnte na Gearmáine sa chogadh. Nuair a chuaigh den arm an "bhuaidh chinnte" sin a bhaint amach don tír, fágadh na tírghráthóirí macánta muiníneacha a thug creidiúint do sheoraí cainte na mbolscairí comh beo bocht leis na Rúisigh udaí a chonaic a gcuid coigiltis ag leá i bpirimídí airgeadais na gcneámhairí na blianta beaga ó shin.
Mar sin, b'é ba chomhthoradh d'iasacht chogaidh an mhí-áidh agus don tsásamh airgid a bhí na Francaigh is na Sasanaigh ag iarraidh a bhaint as an Ghearmáin ná gur fágadh geilleagar na tíre sin go buan ag guagaíl.
Mar bharr ar an ainnise seo, bhí iarchinnirí an Airm ag scabadh ráflaí agus miotais fán "fheillbheart" a "loit buaidh an chogaidh" ar laochra na Gearmáine. Cha rabh aon chur leis dáiríribh, nó bhí an cogadh caillte ag an Ghearmáin go neamhdhébhríoch, ach ó bhí an cogadh inbhuaite go fóill comh deireanach le tús na bliana 1918, bhí na míleataigh arda in ann a áitiú ar an náisiún go rabh an scéal amhlaidh comh fada le Mí na Samhna, nuair a bhris an réabhlóid dhaonlathach amach sa Ghearmáin. "Bhí muid ar shéala an cogadh a bhaint", a bhí siad ag mairgnigh, "ach ansin sháith na daonsóisialaigh an mhiodóg sa droim orainn". Bhí na Náitsithe le téarma lárnach bolscaireachta dá gcuid a dhéanamh den t-"sáthadh miodóige", Dolchstoss a thug "coirpeoirí na Samhna", November-Verbrecher, don Arm, mar dhea.
Bhí saoldearcadh frithdhaonlathach ag go leor de mhuintir na poblachta úrbhunaithe agus fuath acu ar an bhunreacht agus ar an fhocal udaí féin poblacht; ó bhí cleachtadh an tsaighdiúra ag a lán acu, fosta, bhí siad araiciseach chun troid a chur ar son a gcúise in éadan an daonlathais. Nó i bhfad roimh lá Hitler bhí antoiscigh ón eite dheis ag iarraidh an daonlathas a chur ar ceal, agus iad sásta a dhul chun cearmansaíochta ar an rialtas go foscailte. I Mí an Mhárta den bhliain 1920 phléasc ceannairc amach faoi cheannas Wolfgang Kapp, frithghníomhach den tseandéanamh mhíleata, agus slua de shean-ShaorÓglaigh mar arm aige. D'éirigh le lucht leanstana Khapp oifigí an rialtais i mBeirlín a fhorghabháil, agus an t-arm ag fágáilt cead a gcinn acu. B'iad na ceardchumainn a chloígh na ceannairceoirí fríd ollstailc a fhógairt. Chuir an cheannairc seo go mór leis an radacachas pholaitiúil ar fud na sochaí.
Bhí na daoiní ag dul chun antoisceachais ar deis is ar clí, agus na Cumannaigh ag éirí ina sluapháirtí. Ar an taoibh chontrártha, bhí feallmharfóirí ag obair ag marú polaiteoirí liobrálacha nó Giúdacha, ar nós Walter Rathenau sa bhliain 1922. Fear cumasach a bhí i Rathenau, agus dintiúirí éifeachtacha aige ó bhlianta na monarcachta, ach ós rud é gur gróintín tionsclaíochta de phór Ghiúdach a bhí ann, ba dual do sceimhlitheoirí na heite deise targaid a dhéanamh de.
Nuair a bhí rialtas na Gearmáine ag déanamh moille le híocaíocht an chúitimh chogaidh, ghabh fórsaí armtha na Fraince croí tionsclaíochta na Gearmáine, limistéar Ruhr in Iarthar na Gearmáine. Cha rabh aon chuidiú ins an fheachtas diúnais a d'fhógair an rialtas in éadan na bhfórsaí forghabhála, nó bhí na Francaigh garbh gairgeach ag láimhdeachas (agus ag lámhach) lucht ceannairce, díreach mar a bheadh cogadh ann i gcónaí. Chuir na himeachtaí seo borradh mór faoin náisiúnachas ins an Ghearmáin, ach san am chéadna rinneadh smionagar de gheilleagar na tíre, agus an dóigh a rabh sé ag brath ar an tionsclaíocht i gceantar Ruhr. Chuaigh an rialtas i dtuilleamaí na bpreasanna cló le hairgead a fháil, nuair a bhí an obair caillte ag oibrithe Ruhr, agus an stát féin fágtha gan luach na dtáirgí as na poill mhianaigh agus as na monarchana ansin. Bhí an stát, go bunúsach, ag iarraidh lucht na dífhostaíochta a bheathú le páipéar. Boilsciú dochuimsitheach ar fad a tháinig ar a lorg seo, agus ní bheifeá ag súil lena mhalairt.
Ní gnáthbhoilsciú a bhí ann dáiríribh, ach "bás an airgid", mar a bhaist duine de staraithe na linne air. Léim na praghasanna in airde comh géar gasta is nach rabh muileann an airgid ag coinneáil bord ar bhord leis. Bhítí ag éileamh cúig mhilliún marg ar stampa poist, nó praghasanna a bhí ní ba mhó as compás fós. Tháinig eacnamaíocht na hiomlaoide is na babhtála in áit an airgeadra. D'imigh na difríochtaí aicme sa tsochaí, agus chuaigh nighneacha na dteaghlach sócúlach meánaicmeach á ndíol féin sa tsráid leis an ghléas beo a sholáthar dá dtuistí. Ar ndóighe, bhí na galair thógálacha (na galair ghnéis san áireamh) ag siúl ar uasal is ar íseal, nuair nach rabh luach an leighis ag ceachtar acu.
Leis an tír a tharrtháil as an dubhfhaopach seo, chrom Gustav Stresemann ar an Ghearmáin a stiúradh. Polaiteoir measartha coimeádach a bhí ann ar gaireadh Seansailéir de i bhfómhar na bliana 1923. Bhí cliú an tírghráthóra chogúil air, rud a chuidigh leis i gcomhluadar na míleatach. Ón taoibh eile de, chonacthas go rabh sé sásta dearmad a dhéanamh d'fhaltanais an chogaidh le socrú is comhréitiú a lorg leis na Francaigh.
Siúd is nach rabh an Ghearmáin slán ná sábháilte, ba chomhartha é teacht an fhir chumasaigh seo ar an stáitse go rabh na cúrsaí ag socrú beagán. Ach ní rabh gealladh faoin todhchaí. Fán am seo a tharraing Adolf Hitler an chéad challán.