Bhí gormchló de sheort éigin ag an tSeansailéir Brüning fá choinne polasaí eacnamaíochta, ach má bhí, ní rabh ag éirí go rómhaith leis, ná cead a churtha i gcrích aige. D'fhéach sé leis an bhoilsciú a stopadh fríd uasmhéid a chur leis na tuarastail is na praghsanna, agus é ag airdiú na gcánach lena chinntiú nach rachfadh an stát in anás airgid thirim. B'fhéidir go rabh ciall ínteacht leis an iomlán, ach níor thabhaigh a chuir beartas gnaoi an phobail - ná na n-uasaicmí féin - dó. Rinne lucht Bhrüning praiseach den pholasaí eachtrach, fosta. Bhí sé de shiabhrán orthu go mba chóir a thaispeáint go rabh sracadh sna Gearmánaigh i gcónaí, agus mórtas cine i gcaidreamh na dtíorthach eile. B'ionann sin agus dúdhiúltú a thabhairt do lucht rialtais na Fraince, agus iadsan ag tairscint scéim comhoibrithe eacnamaíochta le hiarsmaí na géarchéime a chloí.
Bhí an daonlathas ag dreo. Bhí Brüning go hiomlán i muinín an Uachtaráin Hindenburg le haghaidh tacaíochta, nó ba léir go rabh sé ag teastáil ó fhormhór na bhFeisirí bata is bóthar a thabhairt don tSeansailéir. Fá dheoidh, ritheadh toghchán nua Uachtarántachta in Aibreán na bliana 1932, agus ghnóthaigh Hindenburg aríst - le vótaí na nDaonsóisialach a roghnaigh thar Hitler é. B'é ba toradh dó seo, áfach, go rabh an chumhacht ag sleamhnú ó lámh na bhfeisirí, agus na ginearáil is na comhairleoirí thart timpeall ar Hindenburg á sealbhú dá réir sin. Cha rabh an dream seo ródhoirte don daonlathas: déanta na fírinne, bhí siad ag útamáil le smaoitíocha fá dheachtóireacht dá gcuid féin a chur ar bun. Bhí fonn orthu fáil réitithe de Bhrüning fosta, ó ba dóigh leofa go rabh mo dhuine barraíocht ag brath ar na Daonsóisialaigh agus a gcuid tacaíochta. Bhí drong na nginearál is na gcoimeádach sásta suíocháin Rialtais a ghéilleadh do na Naitsithe, nó bhí siad inbharúla go dtiontóchadh lucht na svaistice amach sách sochomhairleach, ach an sop seo a chaitheamh leofa. Nuair a rinne an tAire Cosanta Groener iarracht cosc a chur leis an SA i ndiaidh fianaise a theacht chun solais go rabh an eagraíocht seo ag brath ar fhorghabháil cumhachta a chur i gcrích i gCúige Hessen, cha rabh Hindenburg - nó an ginearál Kurt von Schleicher a bhí ina chomhairleoir rúnda aige - mall ag baint a shuíochán rialtais de Ghroener mar gheall ar an éacht seo.
Bhí port Bhrüning féin seinnte. Bhí sé ar an chonstaic ba mhó ina bhealach, agus é ag iarraidh polasaí éifeachtach eacnamaíochta a chur i ngníomh, ná go rabh barraíocht lucht rachmais ábalta díolúine a bhaint amach dófa féin ó lámh thapaidh an chigire cánach. Caithfear cuimhne a choinneáil air, aríst, go rabh dintiúirí ag Brüning ó ghluaiseacht na gceardchumann Caitliceach, agus fuath ionraic aige ar fhéinspéis agus ar shaint shaolta na rachmasóirí móra, siúd is nach fear ón eite chlí a bhí ann féin mar a thuigimid an téarma sin inniu. Caithfidh sé go rabh Brüning ag beartú scéim ínteacht le cáin a ghearradh ar thailte móra na n-uasal in Oirthear na Gearmáine, áit a rabh an feodachas faoi réim i gcónaí. Ansin, tháinig chun solais go rabh a Aire Airgeadais i ndiaidh plean cuimsitheach polasaí a dhréachtáil le heastáit na n-uasal seo a choigistiú is a bhaint de lucht a n-úinéireachta, ach amháin iad a bheith ag tabhairt an oiread sin brabúis is a d'íocfadh costas a reachtála. Scannal mór millteach a bhí ann mar scéim, dar leis na tiarnaí talaimh féin, agus ar ndóighe, chuir siad Cumannachas i leith an rialtais. Ní Cumannach a bhí ins an Aire Rialtais a chum an gúm sin ach iar-cheardchumannach Caitliceach ar nós an tSeansailéara féin; ach ó bhí dlúthghaol polaitiúil aige le Brüning, b'éigean don bheirt acu slán a fhágáil ag an Rialtas anois.
Bhí Hitler ag fanúint lena sheal féin ar bís, ach ní bhfuair sé é go fóill. B'é Franz von Papen ab ainm don chéad Seansailéir eile.
Caitliceach de phór na huasaicme a bhí i bPapen, fear saibhir frithdhaonlathach agus é ag cur chun cinn sainleasanna a leithéidí féin. Coimeádach a bhí ann, ach ós rud é gur Caitliceach ó Iarthar na Gearmáine a bhí ann, cha rabh dáimh aige leis na Prúisigh ná leis an dóigh a rabh stát na Prúise ag fanúint beo breabhsánta mar chuid ar leith taobh istigh den Ghearmáin. Fir uaisle a fuair na suíochán rialtais eile fosta, nó an chuid ba mhó acu; ach má fuair féin, bhí siad lánmhór acu, mar shuíocháin. Má bhí ciall éigin ag Brüning don eacnamaíocht, ach áiméar a húsáide a bheith fágtha aige, cha rabh caibinéad Phapen in ann aon rud fónta a dhéanamh: cha dtearn siad mórán eile ach an deolchaire dífhostaíochta a ghearradh siar agus an t-airgead a íoc leis na húinéirí móra tailte. Bhí an polasaí seo ag taithneamh le lucht an rachmais go taghna ar fad, ach má bhí, mhéadaigh sé go mór ar mhíshástacht an lucht oibre nó an lucht as obair.
Agus cé a bhí ar lorg vótaí an lucht oibre anois, agus mealladh bainte as an aicme sin ag na Daonsóisialaigh? Na Cumannaigh, ar ndóighe --- agus na Naitsithe.
Bhí an chéad olltoghchán eile ar na bacáin, agus an rialtas ag déanamh géarleanúint ar lucht na gceardchumann is na heite clí, gan aon trácht a dhéanamh ar an bhruíonachas eadar an SA agus na Cumannaigh, rud a thug siocair mhaith do lucht Phapen ruaigeadh a chur ar an rialtas Daonsóisialach ins an Phrúis le daoiní dá gcuid féin a chur i gceannas ar an chúige sin.
I ndeireadh Mhí Iúil den bhliain 1932 a ritheadh an toghchán, agus d'éirigh go seoigh leis na Naitsithe, nó fuair siad corradh is vóta as achan triúr. Chuaigh Hitler i bhfianaise Hindenburg ag éileamh oifig an tSeansailéara dó féin, ach ní rabh an tUachtarán sásta ach cuid de ba ranna stáit a ghéilleadh do na Naitsithe: bhí Papen le leanstain i gceann an rialtais. Níor ghabh Hitler leor le sin: b'é an freagra a thug sé do Hindenburg ná go mb'fhearr leis fanúint san fhreasúra.
Ach ba bheag an difríocht a rinne sé, nó a thúisce is a chrom Papen ar a chuid oibre, vótáladh as oifig é. Fógraíodh olltoghchán nua a bhí le reachtáil i Mí na Samhna, agus chaill na Naitsithe cuid mhór vótaí an turas seo. Tháinig Kurt von Schleicher féin in ionad Phapen mar Sheansailéir, agus é suite siúráilte go n-éireochadh ní b'fhearr leis féin.
Mar a rinne Papen agus Brüning roimhe sin, fuair Schleicher amach go sciobtha fán phonc a rabh sé ann mar Sheansailéir: má thug sé aon iarracht dháiríre ar pholasaithe a chur i gcrích a shásóchadh Tadhg an mhargaidh, cha rabh a chuid seancharad i measc na huasaicme saibhre coimeádaí fonnmhar a thuilleadh oiread is beannú a thabhairt dó, agus má d'fhéach sé leis na boic mhóra a ghiúmaráil, chuaigh na trioblóidí sráide chun olcais. Bhí Schleicher soineanta ar an bhealach ba dual do na tírghráthóirí míleata neamhpholaitiúla, agus é ag brionglóidigh fá rialtas saighdiúirí, cineál junta mar a bhéarfadh muintir Mheiriceá Theas air, a bheadh ag rialú na tíre chun a leasa, beag beann ar shíorsháraíocht na bpolaiteoirí, le tacaíocht ó "dhaoiní ciallmhara", nó daoiní sochomhairleacha comhoibritheacha, sna ceardchumainn agus i bpáirtí na Naitsithe féin. Nó bhí muinín áithrid ag Schleicher as Gregor Strasser, Naitsí le hoiliúint eacnamaíochta, a rabh cuma na heite clí ar a chuid Naitsíochais, nó bhí sé ar duine acu siúd a ghlac dáiríribh na himpleachtaí a bhí ag dul leis an dá fhocal mhóra udaí "sóisialachas náisiúnta". Thairg Streicher suíochán an Leas-Sheansailéara do Strasser, ach má thairg féin, b'éigean dá chara diúltú dó, ó nach rabh Hitler sásta a thacaíocht a thabhairt.
Anois, thoisigh an t-uisce faoi thalamh eadar Hitler agus Papen. Bhí an darna fear acu sách míshásta leis an ruaigeadh a fuair sé, aimirneach is uile a bhí sé chun cumhachta. Ón taoibh eile de, bhí eagla ar Hitler nach mbainfeadh sé amach an deachtóireacht i ndiaidh an iomláin. Bhí an bheirt fhear acu meáite ar bhuntáiste a ghlacadh ar a chéile, ach is éadócha go rabh rómhuinín ag an fhear as an duine eile. Bhí lucht an airgid mhóir ag iarradh cleamhnas a shocrú eatarthu le haghaidh an chéad rialtas eile, nó shíl siad go mbeadh a leithéid de chaibinéad sách sochomhairleach i gcúrsaí eacnamaíochta.
Ó nach rabh Schleicher in inmhe ancheisteanna na polaitíochta a réitiú ní b'fhearr ná na Seansailéirí roimhe féin, bhí sé ag cailleadh fóid go tapaidh. Cha rabh an darna suí sa bhuaile aige ach iompó in aghaidh na mórthiarnaí talaimh lena shlusaíocht a dhéanamh leis an lucht oibre, agus an tacaíocht a rabh súil aige léithi ó chuid de na Naitsithe, fuair sé é féin diúltaithe fúithi. Bhí a chosa nite, agus malairt Seansailéara ag fanúint lena sheal - Adolf Hitler.
I ndeireadh Eanáir den bhliain 1933 a chonacthas Hitler ag tabhairt na mionnaí ina Sheansailéir, agus Papen lena thaoibh mar Leas-Sheansailéir. Ós rud é gur gnáthchoimeádaigh a bhí i mórchuid na nAirí Rialtais i gcaibinéad Hitler, cha rabh súil cheart ag lucht urraíochta an rialtais sin, na rachmasóirí móra, leis an olltubaiste a bhí ag bagairt. Shíl na coimeádaigh go rabh Hitler ar teaghrán acu, ach bhí ciapóga orthu. B'é Hitler an duine a rabh greim muiníl aige orthusan, agus fonn a theannta air.
Ag dul le fána daoithi bhí an liathróid shneachta ag dul i méadaíocht go tiubh tapaidh. Gaireadh póilíní breise de shlóite móra Naitsithe a bhí ina mbaill de na Trúpaí Ruathair (SA) nó de na Buíonta Cosanta (SS). Nuair a chuir fear mire ón Ollainn teach an Reichstag - áras na pairliminte - le thine fá dheireadh Mhí na Féile Bríde, b'é an tátal a bhain na Naitsithe as go rabh an Cumannachas eadarnáisiúnta ag iarraidh a ladar a sháthadh i saol pholaitiúil na Gearmáine. (Cumannach a bhí ins an fhear seo, Marinus van der Lubbe a b'ainm dó, agus an chuma ar an scéal gur cineál díoltas nó ligint rachta a bhí i gceist aige leis an éacht.) Ní rabh mórán measa ag na Naitsithe riamh ar an phairlimint - an Quatschbude nó "bothán na seafóide", mar a deiridíst féin, ach tháinig an coirloscadh seo isteach iontach áisiúil mar shiocair. Pronnadh cumhachtaí úra ar na póilíní litreacha a fhoscal, árasáin a chuartú gan ordú cúirte, nuachtáin a choscadh agus daoiní a choinneáil faoi ghlas ar chúiseanna drochamhrais amháin gan iad a thabhairt os cionn an bhreithimh - is é sin, gan an urraim is cuí a thabhairt don phrionsabal udaí habeas corpus, mar a déarfadh lucht an dlí.
Rinne na Naitsithe a seacht ndicheall leis na vótálaithe a imeaglú, agus na holltoghcháin nua, a bhí le cumhacht gan srian a chinntiú don rialtas, b'i Mí na Márta a reachtáladh iad. Fuair na Naitsithe agus na coimeádaigh a bhí i gcomhrialtas leofa, fuair siad araon caoga dó faoin chéad de na vótaí, nó fiche a sé as achan deich is dhá scór. Bhí na Cumannaigh i dtóin phríosúin cibé, agus nuair a gheall na Naitsithe don Eaglais Chaitliceach nach rabh siad le seanchoncordáid an Phápa leis an Ghearmáin a chur ar ceal, bhí an faobhar bainte d'iarracht ar bith a dheánfadh an Páirtí Caitliceach - an Zentrum - cur in éadan scéimeanna na Naitsithe.
Maidir leis na scéimeanna féin, b'é Dlí na gCumhachtaí an scéim ba mhó a bhí ar na bacáin fán taca seo. B'é ba chuspóir leis an dlí seo ná cumhachtaí thar an ghnáth a phronnadh ar an Rialtas le bheith in ann "cur in éadan chomhcheilge na gCumannach" go héifeachtúil. Thar aon rud eile, bheadh an Rialtas ábalta, faoin dlí seo, reachtanna dá gcuid féin a achtú gan a gcur faoi bhráid na pairliminte.
Chuir na Naitsithe an-saothar orthu féin ag imeaglú na bhfeisirí pairliminte, á maslú is á n-ionsaí, agus b'é deireadh an scéil go bhfuair an phairlimint, nó an chuid de na feisirí a bhí i láthair, - go bhfuair siad riachtanach glacadh le Bille na gCumhachtaí agus dlí a dhéanamh de. Bhí Hitler ina dheachtóir anois.
Níor theastaigh uaidh ach an dlaíóg mhullaigh a chur ar an scéal: chóirigh na Naitsithe olltoghchán nua eile, i ndeireadh na bliana 1933, ina bhfuair siad níos mó ná naoi gcinn as achan deich vóta. Ach le fírinne ní bhíodh mórán gá leis an phairlimint a theacht le chéile anois, i ndiaidh don Fhührer féin an chumhacht dhoshéanta neamhtheoranta a bhaint amach dó féin.
San am chéadna, bhí an córas nua á chomhdhlúthú, agus iarsmaí an daonlathais á scuabadh chun siúil gan mhoill. Má bhí an Páirtí Cumannach faoi chois ó Mhí na Márta i leith, chaill na Daonsóisialaigh díonadh an dlí i Mí an Mheithimh, agus sa chéad mhí eile b'iad na Naitsithe an t-aon pháirtí amháin a bhí ceadaithe.
Is minic a chuala mé duine de mo chuid múinteoirí Gearmáinise ag tagairt don Naitsíochas mar "GAU" i stair na Gearmáine. Is é "GAU" an t-ainm a bhaist an lucht saineolais ar thubaiste Shearnóbail ins na hirisí Gearmánacha - Grösster Anzunehmender Unfall, nó "an tubaiste is mó is féidir a shamhlú". Mar sin, b'iad na Naitsithe Searnóbail na Gearmáine. Ach más amhlaidh féin, cha rabh i gceist leis an fhorghabháil cumhachta seo ach an chéad phléasc. Bhí an truailliú sách mall á leathadh go dtí tíortha eile...