Is acrainm - focal atá curtha i dtoll le chéile as túslitreacha - é an focal udaí GAU ar thagair mé sa chaibidil roimhe seo, ach tá ciall eile ag dul le Gau i gcomhthéacs an Naitsíochais. Is ionann Gau agus eagraíocht chúige de chuid pháirtí na Naitsithe, agus Gauleiter i gceannas uirthi. Bhí Gau agus Gauleiter ar na foclaibh nua a bhí muintir na Gearmáine a fhoghlaim anois, cosúil le Rottenführer, Standartenführer, Gruppenführer, Sturmbannführer (céimeanna oifigigh iad seo ins na "Scuaid Chosanta" nó SS), Hitlerjugend, Jungvolk, Bund Deutscher Mädel (eagraíochtaí de chuid na Naitsithe do dhaoiní óga), Pimpf (buachaill atá ina bhall d'eagraíocht den chineál sin), Reichsschrifttumskammer ("seomra scríbhinní an Reich" - is é sin, an chinsireacht), Reichssicherheitshauptamt ("príomhúdarás slándála an Reich")...
Is é Führer - an ceannaire, an ceannasaí, an ceann urraidh, an ceann feadhna - an chéad fhocal acu seo ar fad. Nuair a bhain Hitler amach oifig an tSeansailéara, ní rabh sé ina cheannaire dhoshéanta ar an uile Ghearmáin go fóill, ach ní rabh aon mhoill air gach buntáiste a ghlacadh ar na cumhachtaí a bhí aige anois lena chinntiú nach bhfágtaí aon duine in ann a chuid comhairlí a chosc ná cúl a chur orthu.
Siúd is go rabh deachtóireacht Hitler leis an tír a chur as aithne ar fad, níor chuir teacht an Tríú Reich bunreacht Weimar ar ceal go foirmiúil, cibé cén fuath agus cén díspeagadh a bhí ag an deachtóir air riamh. In áit malairt córais dá gcuid féin a chur in áit phoblacht Weimar, cha dtearn na Naitsithe ar tús, go bunúsach, ach forais agus fothruithe an tseanchórais a choinneáilt ag imeacht, mar dhea - agus san am chéadna, cumhachtaí úra a dhílsiú dá bPáirtí féin a sháraigh cumhachtaí bunreachtúla an stáit. Go bunúsach, bhí an dlí ann i gcónaí, ach má bhí, b'acmhainn leis na Naitsithe bheith beag beann air.
Mar shampla, nuair a thug drong de bhithiúnaigh Naitsíocha léadhbairt is greidimíní do Ghiúdach, cha rabhthar - i dtús na deachtóireachta, ar a laghad - ag cur cúl ar an Ghiúdach an dlí a chur ar lucht a chéasta. Ceist eile a bhí ann, áfach, an bhfágfai a cúrsa ag an chaingean, agus an mbeadh an misneach sa bhreitheamh na ciontóirí a dhaoradh. Nó dá mbuailfeadh an tallann sin na Naitsithe, d'fhéadfaidíst litreacha gan ainm seoltóra a chur chuig na cúiseoirí nó chuig an bhreitheamh, ag bagairt an mhíle murdar orthu; agus mura gcuirfeadh a leithéid lucht an dlí ar athrach comhairle, thiocfadh leis na Naitsithe a dhul i dtuilleamaí íde bhéil, bagairtí foscailte, feachtais chliúmhillte nó tuilleadh foréigin.
Ní rabh ins na Naitsithe i dtús báire ach traigheamán gnáthropairí sráide, go bunúsach; ach ba traigheamán iad nach rabh aon teorainn lena neart ná lena n-iomadúlacht. Bhí siad in inmhe gach breitheamh dobhreabtha a thuirsiú le teann a líonmhaireachta féin: bhí siad ábalta scaoll agus sceimhle a chur ins achan fhinné de chuid na gcúiseoirí agus finnéithe bréige a earcú as measc lucht a dtacaíochta le h-ailibí a chruthú do chiontóir ar bith. Má bhí an dlí ann i gcónaí, cha rabh lucht feidhmithe an dlí in inmhe a thuilleadh a gcuid oibre a dhéanamh go críochnúil, ó bhí na Naitsithe meáite ar iad a imeaglú is a chosc, má bhí gá acu leis.
Thairis sin, ba léir go mbíodh cara sa chúirt ag na Naitsithe cibé. Siúd is nach rabh ach dornán beag breithiúna ina Naitsithe nuair a tháinig Hitler i seilbh na cumhachta, chan ionann sin is a rádh nach mbeadh dáimh nó luiteamas éigin ag cuid acu leis na Naitsithe. Tar éis an tsaoil, ní chaithfeá a bheith i do Naitsí le bheith drochamhrasach i dtaoibh na gCumannach nó le heagla cheart a bheith ort rompu; mar sin, nuair a bhí na Naitsithe ag locadh Cumannaigh kena gcaitheamh i dtóin phríosúin nó a bhfágáil ag streachailt an tsaoil leofa i gceann de na campaí úrbhunaithe géibhinn, ba mhinic a fuair na Naitsithe lámh fhonnmhar chuidithe ó bhreithiúna coimeádacha nach rabh ródháimh acu leis na Naitsithe ach oiread is na Cumannaigh. Dáiríribh, bhí an-áthas ar go leor daoiní ar fud na sochaí na Naitsithe a bheith ar thóir na gCumannach, siúd is nach rabh siad ródhoirte do cheachtar den dá dhream.
Ar ndóighe, tháinig teannadh ar an ghreim a bhí ag na Naitsithe ar an tsochaí de réir a chéile, agus a gcumhacht á comhdhlúthú le himeacht aimsire. Bhí an-tábhacht le hOíche na Scian Mór i dtús Mhí Iúil den bhliain 1934 san fhorbairt seo.
Is é an rud a bhí i gceist leis an oíche sin ná glantachán a rinne Hitler i measc an chuid de na Naitsithe ab fhaide a bhí ag tacú leis, nó níor theastaigh ó mo dhuine, ar ndóighe, aon chrannlaoch ná seansaighdiúir de chuid na gluaiseachta a bheith ag fáil locht ar pholasaithe an Fhührer féin agus ag iarraidh faicsean freasúra a chruinniú ina thimpeall. Thairis sin, bhí an chontúirt ann go dtoiseochadh na seansaighdiúirí a dh'fhiafraí de Hitler cá háit faoi rothaí na gréine a rabh an "sóisialachas" a bhí geallta dófa in ainm an "Pháirtí Shóisialaigh Náisiúnta".
Bhí cuid mhór de na daoiní seo an-dáiríribh fán tSóisialachas Náisiúnta mar iarracht ar idé-eolaíocht úr a chur i dtoll le chéile as an chuid ab fhearr den dá rud eile, eadar Náisiúnachas agus Shóisialachas. An chuma a bhí ag teacht ar an scéal, áfach, bhí sé ag iompó amach nach rabh i gceist leis an Naitsíochas ach deachtóireacht phearsanta Hitler, agus níor léir go mbeadh gach duine sna Buíonta Ruathair, sa SA, sásta glacadh leis an fhorbairt seo scun scan. A mhalairt ar fad: ós iad thar aon duine a bhain amach an chumhacht do Hitler, bhí siad barúlach go mba chóir don deachtóir cead cainte a fhágáilt acu sa dóigh a mbeadh an stát Naitsíoch á reachtáil. Ní rabh aon ruspa ag Hitler lena leathbhreac, áfach. Mar sin, chum Hitler bréag fá chomhcheilg ina aghaidh féin a bheith ar obair i measc na ndaoiní seo, agus shiúil an ródach mór ar shaighdiúirí sráide an SA agus ar shean-chomhghuaillithe eile de chuid an deachtóra. Thar aon duine eile, cuireadh Ernst Röhm chun báis - fear a bhí i gceannas ar na Buíonta Ruathair, agus ar h-úradh go minic ina thaoibh go mb'eisean an t-aon chara amháin a bhí ag Hitler ariamh.
Is minic a rinne lucht na staraíochta tagairt d'"fheasbhaidh mhoráltachta" an SA, agus an dúrud á dhéanamh de homaighnéasachas Ernst Röhm. B'éascaidh an tátal a bhaint as seo go mb'iad cúiseanna na moráltachta a thug ar Hitler a sheanchara a mharbhadh mar sin, ó bhí sé i ndiaidh an chumhacht a shealbhú le gealltanais fán deireadh giorraisc a chuirfeadh sé le lobhadas agus le mígheanmnaíocht Phoblacht Weimar. Is fearr gan a chuid reitrice is reacaireachta a ghlacadh ródháiríre, áfach. Ba deachtóir é Hitler, thar aon rud eile, agus é meáite ar stiúir a choinneáil ar an tír; an té a chuideochadh leis san obair sin, bheadh cead a chinn aige i gcúrsaí príobháideacha, cúrsaí leathair san áireamh; agus an té a chuirfeadh constaic i mbealach an Fhührer, cha dtarrthálfadh a ardmhoráltacht féin é ó fhearg an fhir uilechumhachtaigh.
Ar ndóighe, ní rabh aon mhoill ar Hitler a ghaisneas a bhaint as líomhaintí gnéis le míchliú a tharraingt ar dhaoiní nach rabh sách sochomhairleach aige. Is maith an gléiniú air seo scéal an ghinearáil Blomberg go gairid roimh thús an chogaidh.
Bhí dintiúirí maithe saighdiúireachta ag an Ghinearál Werner von Blomberg a bhí ina Mharascal Machaire san am, agus cliú na dílseachta air. A fhad is a choinnigh Hitler a chuid gabháltaisí taobh istigh de chríocha an Ghearmánachais is na Gearmáinise - ag forghabháil tíortha is tailte a rabh lucht labhartha Gearmáinise ina gcónaí iontu - d'fhan Blomberg umhal dó. Bhí an ginearál suite siúráilte nach rabh i Mo Chath Féin, leabhar Hitler, ach caidearnach bolscaireachta gan cur leis. Ansin, áfach, fuair sé amach go rabh an deachtóir lom dáiríre fána rabh ráite de bhagarthaí aige sa leabhar - an t-ionradh ar an Rúis Shóibhéadach, cuir i gcás - agus baineadh stangadh as. Nuair a bhí pleananna den chineál seo á gcardáil ag Hitler i lúb chruinnithe leis na ginearáil i Mí na Samhna 1937, bhí sé de dhánacht i mBlomberg, comh maith le beirt ghinearál eile, Werner von Fritsch agus Konstantin von Neurath, a mbarúil a rádh gos ard: cha dtiocfadh le harm na Gearmáine an cineál cogaigh a bhuachan a bhí ar na bacáin ag Hitler. Níor thaitin an bheachtaíocht seo leis an Fhührer, ach ní fhéadfadh sé na ginearáil a ruaigeadh as oifig scun scan, ach amháin siocair mhaith a bheith aige.
Maidir le Blomberg, b'é an pósadh nua a bhí á ullmhú aige a tháinig chun fortachta don deachtóir. Baintreach fir a bhí i mBlomberg agus é ag éirí mór le cailín óg dathúil a bhí ag obair ina rúnaí aige. Bhí sé cineál in amhras fúithi, nó bhí baint ag Blomberg ó fhréimhíocht le sean-uasaicme na Prúise, rud nach gceadóchadh dó cleamhnas a shocrú le cailín tíre. Bhí Hermann Göring, cara Bhlomberg agus boc mór de Naitsí (duine acu siúd a bhain amach céimíocht ard sa chóras i ndiaidh Oíche na Scian Mór), an-tuigseach i leith Bhlomberg, agus é ag saighdeadh faoin ghinearál chnagaosta a ghrádh geal a phósadh, rud a bheadh ina shiombail álainn ar an dóigh ar chneasaigh Hitler na scoilteacha eadar na haicmí éagsúla, dar le Göring.
Ní rabh aon mhoill ar Bhlomberg ansin an cleamhnas a thabhairt chun críche. Go gairid ina dhiaidh, áfach, tháinig oighear an scéil chun tsolais. Bhí comhad iomlán ag scuad drochbheatha na bpóilíní fán mhnaoi óig bhoicht: sular éirigh léithi jab an rúnaí a fháil ag Blomberg, bhí seal caite aici ina cuspa ag grianghrafadóirí gáirsiúla, ag bualadh craicinn os comhair na gceamaraí. Réaltóg cheart pornagrafaíochta a bhí inti.
Ar ndóighe, ba mhór an scannal a bhí ann, agus b'éigean do Bhlomberg éirí as a phost ar chúiseanna moráltachta. Ní fhéadfadh sé a bheith ina Mharascal Machaire agus é pósta ar striapaigh. Fuair sé scor ón arm go tapaidh agus chuaigh sé ar saoire go dtí an Iodáil lena mhnaoi chéile úrphósta. Níl a fhios ag lucht scríofa na staire an rabh rath ar an phósadh.
Go gairid roimh an chogadh a tharla seo. Roimhe sin, áfach, b'iomaí gar a rinne Blomberg do Hitler; agus déanta na fírinne, b'é an phríomhchúis leis an ródach a rinne Hitler ar lucht an SA ná go rabh cuidiú leithéidí Bhromberg de dhíth air go ceann an chéad chupla bliain eile.
Maidir le Fritsch, ginearál eile a fuair locht ar aislingí Hitler nuair a chuaigh siad thar fóir, - d'imir an deachtóir an seanchleas air, mar atá, homaighnéasachas a chur ina leith. Is dócha go rabh bunús leis na líomhaintí gnéis ar Röhm, ach is léir d'achan duine gur stáitsiú agus bréagchiontú a bhí i gceist le scéal an ghinearáil seo.
Bhí daoiní eile i measc lucht leanstana an Cheann Urraidh a rabh nósanna aistíocha craicinn acu, fearacht Reinhardt Heydrich, a bhíodh ag crúbáil ar achan bhean óg go foscailte, cibé uair a bhuaileadh an tallann é; agus siúd is gur fear gránna mísciamhach a bhí i Josef Goebbels, príomh-thuathghríosóir na tíre, agus cam reilige ann, níor stop sé é ó bheith ag síorspallaíocht le spéirmhnáibh - ar nós an t-aisteoir mnáón tSeicshlovaic, Lida Baarová - beag beann ar a mnhaoi chéile féin, Magda. Ina dhiaidh sin féin, bhí meaisín bolscaireachta na Naitsithe ag baint fad is leithead as Goebbels á chur chon tosaigh mar fhear céile agus mar athair clainne a bhféadfadh gach fear Gearmánach patrún a thógáil leis.
Ábhar caidéise a bhí i nGoebbels, ar a laghad, murab ionann agus Hitler féin. Nó d'éirigh leis an deachtóir a shaol príobháideach a choinneáilt faoi cheilt ón tsaol mhór: díol suntais é nach bhfuarthas amach fán chumann a bhí aige le hEva Braun sula dtáinig na saighdiúirí Sóibhéadacha trasna ar an dá chorpán leathdhóite in Áras an tSeansailéara i ndeireadh an chogaidh.