Réamhchleachtadh Impiriúlachais

Is eol do chách gur thoisigh an Darna Cogadh Domhanda le hionradh na Gearmáine ar an Pholainn, ach níorbh í an Pholainn an chéad chomharsanach a bhí thíos le himpiriúlachas Eorpach na Gearmáine.

Athmhíleatú na Tíre - "Cosaint" Lucht na Gearmáinise

Chuir Hitler roimhe riamh neart míleata na Gearmáine a atógáil, agus ba mhillteanach an obair é, ó bhí arm na tíre coillte ag conradh síochána Versailles, agus iarthar na tíre dímhíleataithe. Choisc an conradh ar an Ghearmáin díormaí armtha a choinneáil ar garastún taobh thiar den Rín. Theastaigh ó Hitler, freisin, lucht labhartha na Gearmáinise taobh amuigh den mháthairthír a "chosaint" - mar dhea - fríd chríocha na tíre a shíneadh amach go dtí go mbeadh an Gearmánach deireanach faoi choimirce an Fhührer. Ós rud é go rabh glacadh comh forleathan le hidé an stáit náisiúnta ar fud na hEorpa, b'iomaí státaire a bhí sásta tuigse nó fiú dlúthpháirtíocht a léiriú d'éilimh den chineál seo - ar an dianchuantar, ar mdóighe, nach mb'í a thír féin a bheadh thíos sa teagmháil. Bhí Hitler thar barr ag déanamh béal bocht an fhuilsteanaigh nuair a bhí sé ina chall - ar nós go leor daoiní inniu nach bhfuil comh difriúil sin le Hitler ina gcuid smaoitíocha, agus iad comh dána is a bheith ag spalpadh leofa fán "leatrom atá an tsochaí a imirt ar na fir ghealchraicneacha".

Cás na Sárlainne

Lena cheart a thabhairt do Hitler, nuair a chuir sé an béal bocht air féin an chéa uair, bhí craiceann dodhiúltaithe fírinne ar a chuid cnáimhseála. B'fhíor é go rabh an tSárlann, an cúige Gearmánach ab fhaide siar, sealbhaithe ag na Francaigh; agus in áit aon ionadaíocht cheart phobail a cheadú ansin, bhí na Francaigh ag caitheamh leis an chúige mar a bheadh cóilíníocht ann. Ní bhacadh na Francaigh le dlí ná dleathacht a chleachtadh agus iad ag rialú na Sárlainne: nuair a phléasc trioblóidí amach sa chúige, bhí na Francaigh sásta lucht ceannais na ceannairce a mharú i ndiaidh a gcimithe mar a bheadh sabaitéirí cogaidh iontu. Cha dtug siad aon iarracht cheart ar chultúr daonlathach na Fraince a chur i gcion ar an tSárlann. Mar sin, bhí folús polaitiúil ins an tSárlann, agus an Naitsíochas ag teacht á líonadh go tiubh téirimeach.

Bhí sé socraithe i gconradh síochána Versailles go bhfanfadh an tSárlann faoi dhiansúil Chonradh na Náisiún - nó na Fraince, go praiticiúil - go ceann cúig bliana déag, agus reifreann le reachtáil ar an tríú lá déag de Mhí Eanáir sa bhliain 1935, ionas go bhféadfadh muintir an chúige cinneadh ar cé acu a d'fhanfadh an tSárlann faoi shainordú Chonradh na Náisiún, a rachfadh san Fhrainc, nó a phillfeadh ar an Ghearmáin. Nuair a fuarthas cuntas ar na vótaí a bhí caite, b'é an toradh ná go rabh formhór mór na Sárlannach toilteanach deachtóireacht Hitler a ghlacadh orthu le theacht glan ar smacht na Fraince. Ní rabh aon mhoill ar Hitler ná ar Ghoebbels leas a bhaint as an phobalbhreith seo ina gcuid bolscaireachta. Reic siad ar fud an tsaoil mhóir go rabh sé cruthaithe anois comh doirte is a bhí lucht labhartha na Gearmáinise ar fud na hEorpa dá bhFührer. Áit ar bith a rabh Gearmánaigh ina gcónaí, bhí lámh uilechumhachtach Hitler eadar iad agus an urchóid, a d'áitigh na bolscairí. Agus mar sin de.

An Athghabháil ar Bhruach Thiar na Ríne

B'í an chéad chéim eile an crios dí-mhíleataithe eadar an Rín agus an Fhrainc a athmhíleatú le trúpaí Gearmánacha. Bhí a priacail féin ag dul leis an oibríocht seo, agus b'éigean do Hitler tamall maith ag cur de ag glacadh misneach. Déanta na fírinne, bhí sé beartaithe aige ar tús gan bacadh le seo roimh an bhliain 1937. Dealraíonn sé, áfach, gur thoisigh na luaidreáin a dh'imeacht sula rabh aon chomhairle ar leith cinnte ag Hitler i dtaobh an athmhíleataithe. Bhí an Fhrainc is an Rúis Shóibhéadach ag socrú conradh comhoibrithe, agus thiocfadh le Hitler a chur i leith na Fraince nach rabh an conradh seo ag cur leis an chonradh a bhí ag na Francaigh leis an Ghearmáin. (B'é an conradh a bhí i gceist ag Hitler ná Conradh Locarno. Bhí an conradh seo ar ceann de na héachtaí ba mhó a rinne Gustav Stresemann, an polaiteoir ab éirimiúla i bPoblacht Weimar b'fhéidir, lena lá, agus é ag iarraidh caidreamh na Gearmáine leis an chuid eile den Eoraip a thabhairt chun normáltachta. Fuair Stresemann bás sa bhliain 1929, gan Hitler a fheiceáilt ina dheachtóir riamh.)

Siúd is go rabh daoiní ar nós Blomberg (an fear céadna a bhí le ruaigeadh as oifig ar chúiseanna "moráltachta") agus Joachim von Ribbentrop (aire na ngnoithí eachtracha) ag tacú le hathmhíleatú chúige na Ríne, bhí cuid mhór de na ginearáil agus na taidhleoirí eadar dhá chomhairle, agus fíoreagla orthu roimh arm na Fraince. Agus bhí cúis mhaith acu leis; nó an meaisín scanrúil cogaíochta a chuirfeadh scaoll i muintir na hEorpa i gceann cúpla bliain, cha dtáinig sé i gcrann go fóill. Dá n-éireochadh ina chogadh dhearg eadar na Francaigh agus na Gearmánaigh fá athmhíleatú na dtailte chois na Ríne, gach seans go mbainfeadh sé an chóir ghaoithe de sheolta Hitler. Ar an drochuair, ní mar sin a d'iompaigh na cúrsaí amach. Cha rabh de mhisneach i Hitler ach fórsa sách teoranta a chur thar an Rín, agus an chuid ba mhó den fhórsa seo féin ag fanúint in aice leis an abhainn: cha dteachaigh ach duine as achan deichiúr ní b'fhaide siar, agus iad féin meáite ar ghéilleadh ar ais comh túisce is a thiocfaidíst i dteagmháil le saighdiúirí Francacha.

Cha rabh saighdiúirí Francacha ina n-araicis, áfach. Bhí na Francaigh suite siúráilte go rabh an crios athmhíleataithe ag cur thar maoil le Gearmánaigh fhiáine fhuilchíocracha fán taca seo, le raidhfil ar an leathghualainn, piostal sa láimh agus scian mhór eadar na fiacla; agus, thairis sin, níor léir dófa an difríocht eadar gaigíní sráide de chuid an SA agus an SS ó thaobh amháin agus fíorshaighdiúirí ón taoibh eile. Mar sin, chúb siad ón troid. Bhí siad ar strae ar fad, áfach. Nó ní rabh i gceist leis an chuid ba mhó de na daoiní seo ach amhais gan oiliúint cheart: bhí siad in ann broidearnach a chur i dtóin na nGiúdach bocht, ach ar ndóighe, ní bhuailfeadh na Giúdaigh ar ais iad, ó bhí siad fágtha gan chosaint an dlí. Scéal eile, áfach, an dtiocfadh leis na "Scuaid Chosanta" an fód a sheasamh in éadan fórsaí armtha oilte na Fraince.

Bheir an méid seo orainn ár dtrom-mheabhrú a dhéanamh ar comh tábhachtach agus a bhí an barr éadain agus dánachta a bhí ag Hitler ar lucht rialtais na stát eile, an dóigh a rabh sé ag dul chun cinn i dtús a chaithréime. B'é a cheann dána a cheadaigh dó aichearra a ghearradh ar na Francaigh is na Sasanaigh, agus áiméar aige an téisclim chogaidh a dhéanamh a chuir ar a chumas troid fhadálach fhadaraíonach neamthorthúil a chur ar son cuspóirí mímhorálta suaracha.

Mar sin, ghabh fórsaí na Gearmáine bruach thiar na Ríne in athuair ar an tseachtú lá den Mhárta sa bhliain 1936. Char tugadh aon iarracht ar iad a chosc. Bhí an Eaglais Chaitliceach féin sásta dearmad a dhéanamh den fheachtas a bhí ar cois ag Hitler chun cumhacht an deachtóra a chur i bhfeidhm uirthi. An Cairdinéal a bhí i gceannas ar dheoise Khöln - cathair a bhí suite in aice le teorainn an limistéir athmhíleataithe - ghabh sé a bhuíochas le Hitler ar son "ár n-arm féin a thabhairt ar ais". Chreidfeá go rabh gach scoilt nó easaontas eadar an Eaglais agus Hitler cneasaithe leigheasta anois, agus chualathas port an athmhuintearais á chasadh ag a lán fidileoirí eile nach bhfacthas ag céilí Hitler riamh roimhe seo. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin: ba mhór an bhuaidh do Hitler é, buaidh a chuir go mór le gradam agus le stádas a rialtais sa bhaile is i gcéin.

Na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín

Bhí caithréim eile bolscaireachta ar na bacáin, mar atá, na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín i samhradh na bliana 1936. Siúd is nár chruthaigh na lúthchleasaithe Gearmánacha féin go ródhona i bpáirc na gcluichí, b'é Jesse Owens, an Meiriceánach gorm, réalt mhór na teagmhála. An chéad lá de na Cluichí, chroitheadh Hitler lámh le buaiteoir gach comórtais, ach d'éirigh sé as an nós seo go sciobtha nuair a thoisigh a dh'éirí le hOwens. Caithfidh sé go rabh an nimh san fhuil aige don Ghormach seo a rinne spior spear de theoiricí an chiníochais, an dóigh a rabh sé ag baint na bearna den "ardchine" Ghearmánach.

Mar sin féin, chuaigh Beirlín go mór i gcion ar na cuairteoirí ón choigríoch, agus an chuma a chuir Albert Speer, ailtire príobháideach Hitler, ar an áit lena chuid ciútraimintí. An té nach rabh san áit féin, a thúisce is a bhuail sé isteach chun na bpioctúirí, chonaic sé os a chomhair amach Hitler ag beannú dá chuid géillsineach, agus iad ag búirfigh "Heil!" in aon ghuth an méid a bhí ina scamháin. Na pioctúirí ba réidhe a bhí ar fáil le haghaidh na nuachtríleanna ar fud an domhain, tháinig siad ó na Gearmánaigh féin, agus an stiúrthóir cáiliúil udaí Leni Riefenstahl earcaithe leis na cluichí a scannánú: de réir na n-orduithe a fuair sí, bhí sí ag déanamh a dichill Hitler a chur i láthair comh feiceálach is a thiocfadh léithi.

Ba léir do chách, agus é ag amharc ar na pioctúirí seo, cé a bhí i gceannas ar an Ghearmáin. Ar ndóighe, le linn na gcluichí, féachadh chuige nach mbainfeadh aon duine de na mílte cuairteoirí a bhí ar fud na príomhchathrach, - nach mbainfeadh aon duine acu drochthátal as a rabh le feiceáilt. Staon na páipéir nuaíochta féin ón ghnáthscansáil fá dtaobh den "chomhcheilg Ghiúdach" agus a leathbhreac. Shílfeá go rabh lá na síorfhorrántachta thart, agus an Ghearmáin ag dul bealach na síochána anois.

Cha rabh ann ach cur i gcéill, áfach. A thúisce is a ghlan an stráinséir deireannach leis as an Ghearmáin le dea-chuimhní cinn amháin ar an tír is ar a bunadh, chrom lucht na bolscaireachta ar ais ar an tseanphort.

Hjalmar Schacht i bPonc

Má bhí an bholscaireacht faoi lán an tseoil aríst, níor thaise do thionsclaíocht na n-armálacha é. Déanta na fírinne, bhí an Ghearmáin á gléasadh suas chun cogaidh comh géar gasta is go dtáinig imní ar an Aire Airgeadais, Hjalmar Schacht, fá chúrsaí eacnamaíochta. Nó níor chreid sé go rabh geilleagar na tíre in ann gach trá a fhreastal, agus an oiread sin borradh agus fuadair faoin téisclim chogaidh.

B'é sin an bunlocht ar an chóras Naitsíoch ó thaobh na heacnamaíochta de: an borradh a rinne sé, ní rabh ann go bunúsach ach gníomhú gach acmhainn a bhí ann, gan aon fhíor-bhisiúlacht nó táirgiúlacht. Slógadh eacnamaíochta a bhí i gceist. Nuair a bhí na hacmhainní spíonta, cha rabh an córas in inmhe seanchaighdeán maireachtála na nGearmánach a choinneáil thuas, ach na Gearmánaigh a dhul a chreachadh tíortha eile.

Siúd is gur Naitsí a bhí i Schacht féin, bhí ciall éigin aige don eacnamaíocht, agus thuig sé go hiomlán nach rabh de bhealach éalóidh ann ach srianta a chur leis na harmálacha, sin nó caolú ar chóras an leasa shóisialta. Cha rabh an córas sin ag oibriú go ró-éifeachtach mar a bhí sé, agus cúigleáil agus claonchasadh na n-acmhainní ag coinneáil cúl ar na scéimeanna rilífe; ach mar sin féin, bhí na Naitsithe go mór i dtuilleamaí na rilífe le tacaíocht na cosmhuintire a chinntiú. Siúd is go rabh na póilíní is lucht na rúnseirbhíse ag caitheamh go garbh gairgeach le gach cineál easaontóirí, ceannairceoirí nó lucht freasúra, ní rabh Hitler féin in ann déanamh in uireasa ghnaoi an phobail.

B'é an Cogadh an Cuspóir

Nuair a chuaigh Schacht a dhéanamh a ghearáin le Hitler, ní bhfuair sé d'fháilte ach cur ó dhoras. Agus dáiríribh, bhí lá an aire Airgeadais seo thart. Siúd is gur chaith sé tamall maith eile ina Aire, b'é Hermann Göring - a mba duine é de chúlaistíní dílse an deachtóra - a thóg an stiúir uaidh. D'fhéadfá a rádh go rabh an tír ag tréigbheáilt gheilleagar na síochána agus ag cromadh ar an chóras eacnamaíochta a ullmhú don chogadh. Bhí Schacht ar dhuine acu sin a ghlac an "Sóisialachas Náisiúnta" dáiríribh mar idé-eolaíocht, agus é ag sílstean nach rabh i gceist leis an téisclim chogaidh ach cuid de pholasaí Hitler chun a misneach a thabhairt ar ais do na Gearmánaigh. A mhalairt a bhí fíor, áfach. Thug Hitler a misneach ar ais do na Gearmánaigh le bheith in ann a ghaisneas féin a bhaint astu chun cogadh a chur. B'é an cogadh an cuspóir; cha rabh ins an athbheochan náisúnta ach gléas leis an chuspóir seo a bhaint amach.

Hitler agus Franco

San am chéadna, bhí feachtas bolscaireachta ar obair ag Hitler lena áitiú ar pholaiteoirí buirgéiseacha agus ar ghníomhaithe coimeádacha sna tíortha iartharacha - i Sasain ach go h-áithrid - go mb'é an Boilséiveachas an príomhnamhaid a bhí aige, agus nach mb'eagal do na Sasanaigh a dhath, siúd is go rabh sé ag ullmhú a thíre chun cogaidh. Chinn Hitler ar ladar a chur isteach ins an chogadh chathartha a phléasc amach sa Spáinn fán taca seo - sa bhliain 1936. Ní rabh an tAuswärtiges Amt, nó an Roinn Gnoithí Eachtracha, róshásta leis an bheart, ach bhí cúiseanna maithe ag Hitler leis an chomhairle seo. Bhí amhábhar - miotail - de dhíth air chun tuilleadh armála a shaoirsiniú, agus é ag súil le conradh maith trádála le Franco i ndiaidh an chogaidh seo a chuirfeadh acmhainní mianadóireachta na Spáinne in aice láimhe dó. Is dócha gur shíl sé fosta nach mba mhiste dó níos mó cairde a bheith aige ná Mussolini amháin i measc chinnirí na stát Eorpach. Níor éirigh leis ach go measartha, áfach.

D'fháiltigh Franco gach cineál cuidiú a bhí ar fáil ón Ghearmáin, ar ndóighe, ach san am chéadna, bhí sé ródhifriúil ina shaoldearcadh le haon chomhoibriú seasta a chur ar bun le Hitler. I ndiaidh an iomláin, réabhlóidí a bhí i Hitler a rabh gach luach á athluacháil aige; cha dtiocfadh leat an méid sin a rádh i dtaoibh Franco, áfach, nó coimeádach a bhí ann go smior. Thar aon rud eile, ba Chaitliceach é: rinne sé a dhicheall an Eaglais Chaitliceach a chosaint ar an loitiméireacht is ar an tsladaireacht a rinneadh uirthi i bPoblacht na Spáinne.

Mar sin, siúd is gur deachtóir cruálach a bhí ann, mar Franco, d'aidmhigh sé go rabh údaráis ní b'airde ná eisean ann. Ní bhainfeá a leithéid de ghéilleadh as Hitler choíche, áfach: bhí meas Dé aige air féin. Mar sin, níor cheadaigh sé do Hitler tionchar a fháil ar a pholasaithe féin i ngnoithí eachtracha ach go háithrid: nuair a phléasc an Darna Cogadh Domhanda amach, choinnigh Franco é féin i leataobh go cáiréiseach. Siúd is gur imir a chuid díormaí díoltas barbartha brúidiúil ar lucht na maidhme i ndiaidh an chogaidh chathartha, agus siúd is gur chuir sé ar bun deachtóireacht chruálach a sheas go lá a bháis, ní bolscaireacht amháin a bhi i gceist aige, agus é ag spalpadh leis fá "leas na Spáinne" a bheith á chosaint aige. B'fhéidir gur chiallaigh sé "leas na Spáinne" ar bhealach choimeádach bhiogóideach, ach bhí sé ionraic: ní rabh sé araiciseach a thír dhúchais a chur ar bhealach a míleasa fríd pháirt a ghlacadh i gcogaíocha coimhthíocha.

Scéal na hOstaire is na Seicshlovaice

Roimh thús an chogaidh d'éirigh le Hitler, áfach, dhá éacht impiriúlachais a chur i gcrích gan oiread is urchar a scaoileadh: an Ostair agus an tSeicshlovaic a chur de dhroim an tsaoil.

Cás na hOstaire

Bhí fonn éigin ar an chuid ba mhó de mhuintir na hOstaire a stát neamhspleách a chur ar ceal ar mhaithe leis an Ghearmáin Aontaithe; nó nuair a bhunaigh náisiúntachtaí mionlaigh na seanmhonarcachta Ostaraí-Ungáraí a gcuid stát féin i ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, níor fágadh mórán cúise ag Gearmánaigh na hOstaire a thuilleadh le tír dá gcuid féin a reachtáil. Bhí polaitíocht inmheánach na hOstaire sách guagach, agus nuair a thoisigh Hitler a chur a ladar sa chorcán sin, ní chun suaimhnis a chuaigh na cúrsaí ar aon nós. Fán am a tháinig Hitler i réim ins an Ghearmáin, bhí an Ostair féin ag dul i dtreo na deachtóireachta go tiubh téirimeach comh maith. I dtús na bliana 1934, rinne díormaí an tSeansailéara Engelbert Dollfuss ródach agus sluamharú ar na céadta oibrithe Daonsóisialacha, in éineacht lena gcuid teaghlaigh, eadar bhean agus chlann, i Vín. Sa bhliain chéadna, áfach, mharaigh lucht leanstana Hitler an Seansailéir Dollfuss. B'é Kurt von Schuschnigg, deachtóir eile, a tháinig i gcomharbacht air.

Siúd is gur deachtóireacht a bhí ins an Ostair fán am seo, ní deachtóireacht ollsmachtúil a bhí ann: bhí Dollfuss agus Schuschnigg i bhfad ní ba chosúla le Franco ná le Hitler. Ba Chaitlicigh fhíréanta iad agus lucht a leanstana, mar shampla. Bhí Hitler agus Schuschnigg ag teacht salach ar a chéile ina lán bealtaí ina gcuid dearcaíocha, agus má bhí póilíní rúnda Schuschnigg ag tóraíocht Cumannaigh agus Daonsóisialaigh, ní bhíodh aon chúl orthu ach an oiread Naitsithe a chaitheamh i dtóin phríosúin - go dtí gur éirigh Hitler comh bagrach is nach bhfaca Schuschnigg de bhealach éalóidh ach a dhul á ghiúmaráil. Sa bhliain 1936, shínigh Schuschnigg conradh comhoibrithe le Hitler inar ghéill sé pardún ginearálta do na Naitsithe Ostaracha a bhí i mbraighdeanas ar chúiseanna polaitíochta. Phronn Schuschnigg, fiú, suíocháin ardchéimíochta sa Rialtas ar dhaoiní de na hiarchimí polaitiúla seo, le súil is go n-éireochadh leis a gceansú. A mhalairt a d'iompaigh amach a bheith fíor, áfach.

Nó cibé conradh a bhí sínithe ag Hitler, char scoir sé den bhrú a bhi sé a chur ar na hOstaraigh. Níor éist na Naitsithe Ostaracha den dóigh a rabh siad ag cur sceimhle ar na daoiní le foréigean, le buamanna agus le sluachorraíl phoiblí. Bhí Hitler meáite ar an tír bheag seo a chloí le láimh láidir, agus é i ndiaidh pleananna rúnda cogaidh a nochtadh dá chuid ginearál: bhí sé ag dréim le hionsaithe a dhéanamh ar an Ostair agus ar an tSeicshlovaic. (B'iad na pleananna seo an phríomhchúis leis an dóigh a bhfuair sé réitithe le Fritzsch agus le Blomberg le líomhaintí scannalacha, mar a chonaic muid thuas cheana féin.) Nuair a bhí sé de dhánaíocht i Schusnigg buille a bhualadh in éadan na Naitsithe agus lárionad an Naitsíochais i Vín a fhorghabháil - áit a dtáinig a chuid póilíní trasna ar an dúrud doiciméad fán ghabháil chumhachta a bhí á hullmhú ag na Naitsithe san Ostair, dhealraigh sé go rabh faobhar úr ag teacht ar na cúrsaí, agus port na tíre chóir a bheith seinnte.

Bhí Hitler sásta, áfach, an t-ábhar a réitiú go pearsanta le Schusnigg - nó sin é an chuma a chuir sé air féin leis an fhear eile, ar a laghad. Fuair seansailéir na hOstaire cuireadh a theacht i bhfianaise an deachtóra mhóir i mBerchtesgaden, ar an dóú lá déag de Mhí Feabhra den bhliain 1938. Má bhí Hitler sách múinte leis roimh ré, ag teacht go Berchtesgaden dó fuair Schusnigg é féin i bponc gan choinne. Thug Hitler ceann dá chuid seanóráidí uaidh gan mórán cead cainte a fhágáil ag an fhear eile, agus é á mhilleánú fá seo is siúd, fá mhídhílseacht do chomhchúis an náisiúin uileGhearmánaigh thar aon rud eile, agus scanraigh sé Schusnigg as a mheabhair, beagnach.

B'é ba toradh don teagmháil seo ná go gcaithfeadh Schusnigg Naitsithe a chur i mbun na Roinne Gnoithí Inmheánacha - an dlítheoir Arthur Seyss-Inquart a bhí i gceist ansin - agus na Roinne Cosanta - a fágadh faoi chomandracht Edmund von Glaise-Horstenau. Chonaic Schusnigg neamhspleáchas na hOstaire ag leá os coinne a shúl, agus rinne sé an iarracht dheireanach muintir a thíre a chruinniú le chéile chun buille a bhualadh ar son a saoirse. D'agair sé na Daonsóisialaigh an seanfhaltanas a ligint i ndearmad ar mhaithe leis an chomhleas, ach bhí sé rómhall. Chuaigh na Naitsithe i réim faoi cheannas Seyss-Inquart, ar gaireadh Seansailéir de anois. Nuair a cuireadh an rogha faoi bhráid na nOstarach i reifreann ar an deichiú lá d'Aibreán 1938, cé acu a bhí siad le fanúint taobh amuigh den Ghearmáin nó leis an neamhspleáchas a chur ar ceal agus a dhul isteach sa Ghearmáin, cha rabh ann ach séala foirmiúil ar an rud a bhí curtha i gcrích go praiticiúil cheana féin. D'imigh ainm na tíre féin de dhroim an tsaoil - tháinig Ostmark, nó "Críocha an Oirthir", in áit Österreich mar ainm - agus thoisigh lucht an mhurdair a thonnadh isteach ón Ghearmáin ina slóite síoraí le teannadh ar phobal Ghiúdach na hOstaire.

Cinniúint na nGiúdach

Agus ba mhór millteach an pobal iad sin. An chuid ba saibhre de na Giúdaigh, bhí siad in inmhe luach a bpasáide go dtí tíortha sábháilte a scríobadh le chéile is a íoc leis na bithiúnaigh. An chuid eile de na daoiní seo, áfach, bhí siad le tachtadh i seomraí gáis na sluachampaí i gceann leathdhoisín bliain. Ostarach a bhí ins an fhear a chuaigh i mbun na hoifige a bhí ag riar gnoithe na heisimirce Giúdaí - fear a bhfuil boladh an bháis as a ainm féin inniu: Adolf Eichmann. De réir a chéile, thiontaigh sé amach narbh í an imirce n chinniúint a bhí sé a ullmhú d'fhormhór mhór na nGiúdach.

Cineál siombaile atá ann nach rabh aon mhoill ar na Naitsithe an chéad sluachampa braighdeanais a chur ar bun ins an Ostair - Mauthausen. Cha rabh aon seomra gáis ansin, nó níorbh é seo am an gháis go fóill.

Tógadh seomra beag gáis ansin ní ba deireanaí, ach níor baineadh mórán úsáid as riamh, nó b'ins na tíortha gabháltais san Oirthear - ar nós na Polainne - a cuireadh na fíor-champaí báis ar bun. Sa Ghearmáin féin, cha rabh ach gnáth-champaí braighdeanais agus daorbhroide ag obair, agus má baineadh úsáid as seomraí gáis iontu, b'í an eotanáis a bhí i gceist - rud gránna, ar ndóighe, ach réasúnta inghlactha i gcomparáid leis an chineál uafáis a bhí ar siúl san Oirthear agus an cogadh ag druidim chun deiridh. Dá mbeadh monarcáin bháis cosúil le hAuschwitz ag obair sa Ghearmáin féin, is dócha go bhfaighfeadh Hitler i bhfad ní ba deacra an cogadh a mhíniú do mhuintir na tíre mar "chosaint dhlisteanach na Gearmáine in éadan na mBoilséiveach Giúdach".

Bhíodh cimí á marú ansin ceart go leor, ach bhíodh na bithiúnaigh i dtuilleamaí modhanna ní ba traidisiúnta, ar nós na ndorn, na spádaí is na n-arm tine. Cuireadh corradh is tríocha míle de dhaoiní chun báis i Mauthausen a fhad is a d'fhan an campa ag obair, de réir staitisticí na nGearmánach féin.

An tSeicshlovaic faoi Bhagairt

Nuair a bhí an Ostair críochnaithe, thoisigh Hitler a dhéanamh scéimeanna ar an tSeicshlovaic. Bhí fuath aige riamh do na Seicigh, agus is féidir a rádh go rabh an faltanas seo ó thaobh na dtaobhann aige. Nó fuair sé le hoidhreacht é ó mhuintir an chompail inar rugadh is inar tógadh é, mar a chonaic muid thuas. Nuair a bhí Impireacht na Hapsburgach ag druidim chun deiridh, b'iad na Seicigh an náisiúntacht ba mhó dul chun cinn ansin; agus lucht na Gearmáinise, go h-áithrid anchuid ba bhoichte acu nach rabh de phribhléid acu ach an Ghearmáinis ina mbéal, bhí cineál scáth orthu roimh na Seicigh, comh gustalach a bhí siad mar náisiún óg dúthrachtach ag cur ruaigeadh ar na Gearmánaigh as oifigí arda na hImpireachta (nó sin é an cineál dainséar a bhí iontu, dar le lucht labhartha na Gearmáinise). Agus ar ndóighe, cuireann an eagla an fuath ag borradh.

Bhí roinnt mhaith Gearmánach ina gcónaí ins an tSeicshlovaic san am sin, go háithrid ins na ceantair a bhí ag críochantacht leis an Ghearmáin agus leis an Ostair. Cha rabh siad ag déanamh go ródhona, nó siúd is gur mionlach a bhí iontu, agus na Seicigh sách teann ar a dtairseach féin, cha rabh aon leatrom ceart á imirt orthu. Bhí cuid mhór acu i ndiaidh seadó comh seasmhach a dhéanamh ins an tsochaí agus go rabh siad ina gcrann taca ó thaobh an stádais de dá bpobal iomlán. Bhí na Gearmáiniseoirí ins an tSeicshlovaic in ann, an chuid ba mhó, gnoithí agus gnáthaimh a saoil a shocrú le lucht a gcomhtheanga féin, agus an dlítheoir, an dochtúir agus an múinteoir ag labhairt Gearmáinis leofa.

Bhí mionlaigh eile ina gcónaí ins an tSeicshlovaic: na Slovacaigh, na hUngáraigh is na hÚcráinigh (nó na Rúitéanaigh - is deacair a rádh cé acu treibh Úcráineach atá iontu nó náisiúntacht ar leith); agus bhí siad i bhfad ní ba mheasa as ná na Gearmánaigh. - Thrácht mé ar na Slovacaigh mar mhionlach, agus mionlach a bhí iontu. Tá an tSlovaicis comh cóngarach don tSeicis is go síleann go leor daoiní nach bhfuil inti ach canúint de chuid na teanga níos mó: tá tacaíocht áirithe don dearcadh seo le fáil i stair an dá theanga. Tá caighdeán scríofa na Slovaicise bunaithe ar na canúintí labhartha, ach is fearr leis na Seicigh teanga liteartha a chleachtadh atá an-seanfhasiúnta, an-éagsúil le caint na ndaoiní. Nó nuair a thoisigh athbheochan an chultúir náisiúnta ins an Bhóihéim agus an Mhóráiv (is é sin, ins an tSeic) sa naoú haois déag, bhí an teanga Seicise fágtha chun sioparnaí le dhá chéad bliain anuas, agus na canúintí labhartha ag dul a mbealach féin. Bhi lucht an ghlanteangachais inbharúla go mba chóir an caighdeán clasaiceach a athbheochan, gan bacadh leis na canúintí "truaillithe", agus mar sin, chuathas a shaothrú teanga liteartha a bhí sách difriúil leis an ghnáthchaint i mbéal an phobail. Na simpliúcháin a tharla i ngnáthchaint na Seicise, ba mhinic ab ionann iad agus na simpliúcháin a tharla ins an tSlovaicis, ach b'iad na Slovacaigh amháin a chuir i bhfeidhm ar an teanga scríofa iad. Nuair a tháinig an tSlovaicis liteartha ar an fhód, d'aithin na Seicigh gramadach shimplithe a gcuid canúintí féin uirthi, agus b'é an tátal a bhain siad as an scéal ná go rabh na Slovacaigh ag "baint úsáid na teanga scríofa as a gcanúint féin" - is é sin, ní aidmheochaidíst gur "teanga" ar comhfhiúntas leis an tSeicis a bhí ann.

Bhí an manadh céadna ag na Seicigh i dtaoibh na Slovacach ar go leor bealtaí eile fosta; níorbh í an teanga an t-aon chúis achrainn amháin eatarthu. Bhí na seicigh claonta chun a bheag a dhéanamh de na Slovacaigh, den tSlovaicis agus den tSlovacachas. Go h-áiruthe, nuair a bunaíodh Poblacht na Seicshlovaice, ní thoileochadh na Seicigh féinriail inmheánach a ghéilleadh do na Slovacaigh, rud a bhí geallta acu. Chothaigh an loiceadh seo tuilleadh drochfhola agus faltanais i measc na Slovacach, agus thoisigh lucht an antoisceachais náisiúnta a dhéanamh bolscaireachta agus tuathghríosóireachta in aghaidh na Seiceach is an rialtais. Bhunaigh an sagart Caitliceach Ondrej Hlinka páirtí polaitíochta a rabh blas an Fhaisisteachais agus an fhrithGhiúdachais air; nuair a d'éag an bunaitheoir, tháinig préaláid eile, Jozef Tiso, i gcomhabacht air. B'í a raimhreacht ba mhó a thabhaigh a chliú do Tiso, comh tugtha is a bhí sé do bhiadh bhlasta is d'fhíon a thíre.

(An chuid eile de "Réamhchleachtadh an Impiriúlachais - bhí an chaibidil seo rófhada le haghaidh aon chomhad amháin.)