Mar sin féin, siúd is nach rabh mórán measa ag Hitler ar an chomhghuaillí neamhdhóchúil seo, ní rabh aon mhoill air a bhuntáiste féin a ghlacadh ar lucht an scarúnachais ins an tSlovaic le cabhóg na Seicshlovaice a dhéanamh.
B'é an chéad chéim, áfach, a dhul chun tarrthála (mar dhea) do na Gearmánaigh - "muintir Sudeten" mar a bheireadh na Gearmánaigh orthu, siúd is go mb'fhearr leis na daoiní seo féin "Böhmendeutsche" nó "Böhmen" - Gearmánaigh as an Bhóihéim, nó Bóihéimigh - a thabhairt orthu féin. Bhí páirtí náisiúnaíoch scarúnachais ag obair i measc na nGearmáiniseoirí seo ó thús na dtríochaidí i leith, agus iad sásta glacadh le cuidiú ó Hitler nuair a bhain seisean amach an deachtóireacht fá dheoidh. Dealraíonn sé gurb as a stuaim féin a tháinig an páirtí ar an tsaol, ach nuair a ghlac an ceannaire, lúthchleasaí darbh ainm Konrad Henlein nach rabh mórán blas den mhaistíneacht Naitsíoch air ar tús - nuair a ghlac an fear seo le tairiscint comhoibrithe ó Hitler, ní rabh sé i bhfad ag éirí ina chúlaistín shuarach de chuid an deachtóra. Na Gearmánaigh a bhí ina nDaonsóisialaigh nó ina gCumannaigh, d'fhan siad glan ó pháirtí Henlein. Thug an scríbhneoir Rúiseach Léav Cóipéileav a chaith na blianta fada i gcampaí braighdeánais Stailín, - thug sé cur síos spéisiúil ina leabhar Khranit' vechno ar Ghearmánach ón tSeicshlovaic a casadh air i gceann d'oileáin Ghúlag, fear a bhí ina ghnóthadóir sách saibhir: bhí an mionrachmasóir seo comh dímheasúil ar Henlein is a bheadh Cumannach ar bith. Mar sin, níl sé as bealach a rádh go rabh daoiní i measc na mbuirgéiseach féin agus iad drochamhrasach míchompordach i leith Henlein.
Agus an méid sin féin ráite, bhí an oiread de na Gearmáiniseoirí ins an tSeicshlovaic ag tacú le Henlein is gur éirigh leis a chur i gcéill gur gluaiseacht spontáineach phobail a bhí aige nach rabh ag brath ar thuathghríosóireacht Hitler amháin.
Nuair a bhí an Ostair á díleá i mbolg doshásta an Naitsíochais, bhí Hitler gníomhach gnoitheach cheana ag ullmhú an chéad chéim eile. I Mí na Bealtaine 1938 a chrom Hitler ar an obair. Thug sé ordú dá chuid fórsaí armtha grúpáil in aice leis an teorainn le bheith faoi réir chun an tSeicshlovaic a ionsaí is a fhorghabháil. San am chéadna, chuir Goebbels meaisín na bolscaireachta faoi iomlán gaile ag fógairt go rabh sceimhlitheoirí agus loitiméirí Seiceacha ag bagairt ar mhuintir Sudeten, agus Hitler bocht (!) ag mothachtáil an dualgais throim ar a ghuailneacha a theacht chun fortachta dófa.
Thoisigh Airí Gnoithí Eachtracha na Breataine Móire is na Fraince a chur sreangscéalta go Beirlín, agus iad ag áitiú ar Hitler go mb'ionann an tSeicshlovaic a ionsaí agus cogadh uile-Eorpach a chur ar barr lasrach. B'éigean do Hitler spás ama a ligint leis na Seicigh go fóill, ach mar sin féin, bhí sé meáite ar a shean-namhaid a chloí go brúidiúil comh túisce is a d'fhéadfadh sé. Tháinig an Tiarna Runciman ó Londain go Prág i dtús Mhí Lúnasa le h-"eadraiscín" a dhéanamh agus "comhghéilleadh" a spreagadh eadar Henlein agus lucht rialtais na Seicshlovaice, agus d'aithin Hitler gan mhoill go rabh na Sasanaigh is na Francaigh ag roghnú leas na Gearmáine thar leas na Seiceach. Nó ní rabh Runciman ag iarraidh aon chineál concordáid nua fá fhéinrialtas áitiúil na nGearmáiniseoirí a shocrú leis na Seicigh beag beann ar Hitler. Is é an rud a bhí i gceist aige, go bunúsach, ná a mholadh do na Seicigh an chuid den tír a thabhairt uathu ina rabh an Ghearmáinis ina gnáth-theanga.
Bhí sainleas míleata ag baint leis an tsuim a bhí ag an deachtóir ins na ceantair Ghearmánacha sa tSeicshlovaic. Na sléibhte atá suite eadar an Ghearmáin agus an tSeicshlovaic, níl sé éascaidh iad a thrasnú le tainceanna is le trúpaí. Dá mbeadh an slios thall ag Hitler comh maith leis an tslios abhus, bheadh sé i bhfad ní b'fhusa an tír iomlán a fhorghabháil.
Bhí Eduard Benes, Uachtarán na Seicshlovaice, ag déanamh a dhichill leis an tsíocháin a shábháil. Thug sé cuireadh do cheannairí na nGearmánach sa tSeicshlovaic teagmháil agus comhchainteanna a dhéanamh leis, agus é ag tairiscint dófa gach aon éileamh dá mbeadh acu a shásamh, ach amháin liosta iomlán na n-éileamh seo a bheith aige nach dteánfaí aon athrú air ina dhiaidh. Ach ní rabh cead a gcinn ag puipéid Hitler glacadh leis an tairiscint, dá mb'fhearr leofa féin é, fiú. D'eitigh siad glan, agus i Mí Mheán Fómhair phléasc ceannairc amach i dtír Sudeten a cloíodh go gairid ina dhiaidh sin le lámh láidir na saighdiúirí Seiceacha. Thug an beart seo ar Hitler cogadh a bhagairt ar Phrág aríst.
Le maolú ar an ghéarchéim, chuaigh Príomh-Aire na Sasana Neville Chamberlain i dteagmháil le Hitler. B'i mBerchtesgaden, ina dhíseart i sléibhte Dheisceart na Gearmáine, a d'fháiltigh an deachtóir an cuairteoir, ar an chúigiú lá déag de Mhí Mheán Fómhair, 1938. Bhodhraigh Hitler é ag caint mar ba nós leis, agus é ag cur béime ar thábhacht an dea-chaidrimh eadar an Ghearmáin agus Sasain - an mbeadh Chamberlain sásta an tsíocháin a íobairt ar son na Seicshlovaice amháin? Ar ndóigh, thrácht sé fosta ar an cheart a bhí ag Gearmáiniseoirí na Seicshlovaice a dhul leis an chuid eile de na Gearmánaigh, dá mba mhian leofa é. D'áitigh an Führer ar Chamberlain go mb'é a chuspóir na Gearmánaigh uilig a chruinniú faoi aon bhratach amháin. Ó ba rud é go rabh muintir na hEorpa cleachta ar mhapa a n-ilchríche a scrúdú is a staidéar i dtéarmaí na náisiún is na dteorainneacha teanga - agus an oiread stáit aon náisiúin is aon teanga a tháinig ar an fhód i ndiaidh an chéad chogadh domhanda ar fud na hEorpa - ní bhfuair Chamberlain mórán lochta air mar chuspóir. Tar éis an tsaoil, ní aisling ró-eisceachtúil a bhí ann san am sin ar aon nós.
I ndiaidh na teagmhála seo, chuir Chamberlain agus Príomh-Aire na Fraince, Daladier, a gcomhairlí i gceann a chéile le fuascailt - nó bealach éalóidh - de chineál ínteacht a oibriú amach. Mar a tchítear a gcuid moltaí dúinn inniu, is díol iontais é an dóigh a rabh na Sasanaigh is na Francaigh ag sárú a chéile ag iarraidh an dea-ghiúmar a choinneáil ar Hitler, agus iad ar nós cuma liom ar fad i dtaobh leas na Seiceach. Bharúil siad go mba chóir do na Seicigh gach aon bhall dá dtír a ghéilleadh don Ghearmáin a rabh duine as achan bheirt, nó níos mó, de mhuintir na háite ag labhairt Gearmáinis ó dhúchas. D'fhógair siad go rachaidíst i mbannaí ar shlándáil na dteorainneacha nua. Bíonn an chaint saor - sin é an méid is féidir a rádh fá dtaobh de na "bannaí" sin i bhfianaise na n-imeachtaí ina dhiaidh. Chuaigh focail na Sasanach is na bhFrancach le gaoith, - ach faraoir géar, bhí buille na Gearmáine le dhul le cnáimh...
Ar an naoú lé déag de Mhí Mheán Fómhair a seachadadh na moltaí seo chuig lucht rialtais na Seicshlovaice. Ní bhfuair Daladier ná Chamberlain ach dubheitiú ar son a bhfuadair, dioplómaiticiúil cúirtéiseach is mar a bhí na Seicigh ag tabhairt a bhfreagra dófa. Níor thaitin an cur ó dhoras seo le Chamberlain, áfach. Chuir sé in iúl don Uachtarán Benes nach dtiocfadh a thír féin, ná an Fhrainc, chun a tharrthála in aghaidh arm na Gearmáine choíche, ach é a bheith sásta glacadh leis na moltaí. Níor fágadh ach aon rogha amháin ag na Seicigh, agus fuair siad iad féin tréigthe ag a gcuid carad. "D'fheall siad orainn go suarach", a deireadh Benes go príobháideach le lucht a aitheantais ina dhiaidh sin, agus é ag tagairt do na Sasanaigh is na Francaigh.
Chuaigh Chamberlain in ath-theagmháil le Hitler i mBad Godesberg in aice le Bonn chois na Ríne, agus dea-scéala aige fá dhéin an deachtóra: bhí éirithe leis Benes a bhlandar chun comhoibrithe i gceist na nGearmáiniseoirí sa tSeicshlovaic. Bhain freagra Hitler mealladh agus stangadh as, nó bhí an deachtóir barúlach go rabh na himthoscaí athraithe ó bhonn le himeacht an chupla lá i ndiaidh a chéad teagmhála leis an tSasanach. Mar sin, ní rabh aon mhaith a thuilleadh i socrú ar bith a bhí bainte amach ag Chamberlain leis na Seicigh, dar leis. Bhí Hitler den tuairim go gcaithfeadh sé cead a chinn a fháil críocha Gearmánacha na Seicshlovaice a fhorghabháil le fórsaí míleata chun "lucht a chomhdhúchais a chosaint ar ionsaí na Seiceach barbartha".
Bhí Hitler meáite ar na Seicigh a chloí le láimh láidir, dáiríribh, agus ní rabh in iarrachtaí eadraiscíne Chamberlain, go bunúsach, ach constaic i mbealach na caithréime míleata a bhí de dhíth ar an deachtóir, fuafar faltanasach is uile mar a bhí sé i dtaobh na Seiceach mar náisiún.
Le linn na gcomhchainteanna a bhí ar siúl eadar Hitler agus Chamberlain i mBad Godesberg tháinig sreangscéal ó Phrág go rabh an tUachtarán Benes ag fógairt slógadh na bhfear chun airm ar fud na Seicshlovaice, ar eagla go n-ionsóchadh Hitler an tír. Ar ndóighe, aon chaipiteal polaitiúil a bhí inbhainte as an bheart seo, níor fhág Hitler gan baint é. Is dócha go rabh sé dáiríribh buartha fán dainséar a bhí ann dá chuid pleananna, agus é ag brath ar theacht aniar aduaidh ar an chomharsanach gan barraíocht saighdiúirí a chailleadh sa teagmháil, é féin. Ach ar ndóighe, bhí an-am aige ag spalpadh leis fán dóigh ar fheall na Seicigh ar an bheirt acu, eadar é féin agus Chamberlain, agus é géarbharúlach anois nach dtiocfadh Gearmáiniseoirí na Seicshlovaice a shaoradh ó "bhráca na Seiceach" - ach amháin le láimh láidir, gan amhras.
Bhí Chamberlain scanraithe as a mheabhair, agus é ag claonadh chun aontais le Hitler: bhí a mhisiún eadraiscíne caillte. Chuir sé cuma imeachta air féin, ach ansin d'úirt Hitler leis go dtabharfadh sé spás dó leis na Seicigh a chealgadh chun comhoibrithe: d'fhanfadh sé go dtí an chéad lá de Mhí Deireadh Fómhair le haslonnú na ndíormaí is na gcónaitheoirí Seiceacha as críocha Gearmánacha na Seicshlovaice. Chuir an tíoránach béim ar leith air nár theastaigh uaidh ach na Gearmánaigh a aontú in aon stát amháin: ní chuirfeadh sé suim sa chuid eile den tSeicshlovaic.
Shíl Chamberlain go rabh an-ghéilleadh déanta ag Hitler, ach má shíl, ní rabh i gceist ach gnáthchur i gcéill den chineál ba dual don deachtóir. Déanta na fírinne, bhí sé socraithe aige lena chuid ginearál le fada an lá go mb'é an chéad lá de Dheireadh Fómhair lá an chaighdeáin don ionsaí ar an tSeicshlovaic.
An doiciméad a bhí 'na bhaile leis ag Chamberlain ón teagmháil seo, ní bhfuair a Chaibinéad féin ná rialtas na Fraince róbhlas air. Agus ar ndóighe, dhiúltaigh rialtas na Seicshlovaice dó amach is amach, agus iad barúlach go rabh siad fágtha gan chosc gan chosaint ar na Gearmánaigh ag an doiciméad, an lá a rithfeadh le Hitler an tír iomlán a fhorghabháil.
Ar ndóighe, níor thaitin seo le Hitler. De réir mar a bhí lá na cinniúna ag druidim isteach, bhí óráidíocht an deachtóra ag dul chun fíochmhaireachta in aghaidh an lae, agus polaiteoirí na hEorpa ag aithne drochbholadh an phúdair ghunna san aer. Bhí sé thar am gníomh a dhéanamh leis an tubaiste a stopadh, a shíl siad. Ceart go leor, ach níor roghnaigh siad an bealach cóir le sin a dhéanamh, nó d'íobair siad an tSeicshlovaic.
B'é ba toradh don chluiche a bhí á imirt ag Hitler ná go dtáinig Chamberlain agus Daladier le chéile i München go gairid roimh sprioclá an ionsaí Ghearmánaigh a bhí ar na bacáin; agus thoiligh Mussolini féin, comhghuaillí Hitler, a theacht i láthair comh maith. Baothán a bhí i Mussolini agus é dúnta i ngrádh leis féin; ach san am chéadna, ní fear mire ná máineach cogaidh cosúil le Hitler a bhí ann. Nuair a chuala sé go rabh cogadh eadar Hitler agus an tSeicshlovaic ag bagairt, bhroslaigh sé faoi dheifre is faoi dhriopás i bhfianaise a chara ag iarraidh a chion féin den obair eadraiscíne a dhéanamh.
Sa deireadh thiar thall, cuireadh d'fhiachaibh air na Seicigh críocha Sudeten a thabhairt uathu. D'éirigh Eduard Benes as a phost mar Uachtarán. Chaill na Seicigh a gcuid daingean cosanta ar feadh na teoirainne, ach thairis sin, baineah an chuid ba mhó de na hacmhainní mianadóireachta is tionsclaíochta díofa a rabh an náisiún ag brath orthu le marthain eacnamaíochta a dhéanamh. Fágadh roinnt mhaith Seiciseoirí, fiú, ar an taoibh Ghearmánach den teorainn úir.
An dtiocfadh Hitler a stopadh ag an chéim seo dá mháirseáil ar aghaidh? Is é tuairim na saineolaithe go dtiocfadh. Dá bhfanfadh na Seicigh ina gcuid daingean le troid a chur ar dhíormaí Hitler, bheidíst in ann na Gearmánaigh a choinneíl in abar, a fhad is a d'fhéadfadh na Francaigh is na Sasanaigh a ionsaí ón taoibh eile. Is é seo an bharúil a bhí ag na ginearáil Ghearmánacha, fiú. Déanta na fírinne, b'iad na pleananna chun an tSeicshlovaic a ionsaí ba chéadspreagadh dá lán ginearál a dhul sa chomhcheilg in éadan Hitler, nó shíl siad go mb'iad na pleananna seo a chruthaigh go doshéanta go rabh Hitler comh ceanndána le bheith dainséarach don náisiún Ghearmánach comh maith leis na náisiúin eile, go rabh sé ar nós cuma liom fá riachtanaisí na cogaíochta réasúnta, go rabh sé ró-araiciseach chun dul sa tseans agus go rabh sé, sa deireadh thiar thall, ag cur a thíre féin ar bhealach a míleasa.
Bhí Hitler meáite ar chogadh a chur ar an tSeicshlovaic, agus dá bhfaighfeadh sé a mhian, is éadócha go seasfadh a chuid fórsaí an fód i gcoinne na Fraince, na Sasana is na Seicshlovaice in éindí. Ní rabh sé comh láidir sin go fóill, ó thaobh na n-acmhainní is na téisclime cogaíochta de, agus mar a chruthaigh sé nuair a thoisigh an cogadh sa Pholainn fá dheoidh. Siúd is go rabh siad ag tacú an Naitsíochais ar tús, ar chúiseanna an tsean-náisiúnachais ar bhain Hitler a úsáid féin as ina chuid bolscaireachta, - thuig ginearáil na comhcheilge de réir a chéile go rabh dúil nimhe ag an Fhührer i bhfiontraíocht mhíréasúnta, agus an dóigh ar láimhseáil sé gnoithe na Seicshlovaice. Siúd is go dtáinig deireadh ádhúil - ádhúil don Ghearmáin, go ceann tamaill - leis an scéal sin, cha rabh na ginearáil comh sóntach is nach mba léir dófa an chontúirt a bhí ann, dá n-éireochadh na Seicigh tuirseach de bheith ag teacht in araicis an tíoránaigh.
Cibé scéal é, nuair a bhí críocha Sudeten gaibhte, ba bheag le Hitler an oiread sin féin. Bhí craos amplach aimirneach Mholoch ag santú an chéad ailp cheana féin, agus cabhóg na Seicshlovaice déanta. Cha rabh de dhíth ach an bealach ab fhearr a oibriú amach. Thar aon rud eile, theastaigh ó Hitler geáitsí leath-inchreidte an fhuascailteora is an tsaoirseora a chur air féin. Fána choinne sin, chrom sé ar na Slovacaigh a spreagadh is a shaighdeadh chun scarúnachais agus chun cearmansaíochta ar Phrág.
Roimh an chéad chéim eile ar an bhealach sin, áfach, tharla eadarlúid a bhí ina tuar tubaiste ach na daoiní a bheith in ann an léamh ceart a bhaint aisti in am.
Cad fáth a rabh na Francaigh is na Sasanaigh comh dall sin ar an ghuais a bhí i Hitler do shíocháin na hEorpa? Cad fáth ar chaith siad comh suarach leis na Seicigh?
Is furasta locht a fháil ar a n-iompar i bhfianaise na tubaiste a tháinig ar lorg na n-imeachtaí seo. Is deacra, áfach, tuigse cheart a fháil don mheon chomhaimseartha. B'fhéidir go bhfuil na hÉireannaigh níos ábalta ná go leor den chuid eile againn ar an scéal a thuigbheáil. Seanimpireachtaí ab eadh iad an Fhrainc agus Sasain, ar ndóighe: sílim go rabh cuid mhór de mheon an tseanimpiriúlachais beo i gcónaí i bpáirtí na dTóraithe ins an Bhreatain Mhór, cibé scéal é. Ní rabh a meon siúd i bhfad ag dul in oiriúint don daonlathas, agus ní rabh glacadh neamhshrianta acu leis an daonlathas. Mar sin, nuair a chonaic siad stát daonlathach (an tSeicshlovaic) agus deachtóireacht (an Ghearmáin) ag iompairc ar a chéile, ní tháinig sé ó dhúchas leofa seasamh a ghlacadh ar mhaithe leis an stát dhaonlathach.
Is dócha go rabh de chlaonadh ins na polaiteoirí Sasanacha - ina n-ainneoin féin b'fhéidir, go fo-chomhfheasach mar a déarfá - an tSeicshlovaic a shamhlú le hÉirinn, an Ghearmáin a shamhlú le Sasain agus muintir Sudeten a shamhlú le muintir Phrotastúnach na Sé gContae. Is furasta a chreidbheáilt go rabh tionchar éigin ag an chomhcheangal smaoitíocha seo ar an dóigh ar dhearc na Sasanaigh ar an scéal.
Is léir, fosta, gur mhothaigh na Sasanaigh (agus na Francaigh, b'fhéidir) iad féin ní ba chóngaraí don Ghearmáin ná don tSeicshlovaic: tar éis an tsaoil, b'í an Ghearmáin tír na gceoltóirí, na smaointeoirí is na scríbhneoirí a gcuala an saol iomrá orthu, agus bhí gaol na Gearmáinise agus an Bhéarla inaitheanta ag duine ar bith, fiú ag dubhthuata nach rabh cur amach ar bith aige ar an teangeolaíocht. San am chéadna, náisiún beag baoideach a bhí ins na Seicigh nach rabh mórán eolais ag na polaiteoirí ar a gcultúr. Ar ndóighe, bhí intleachtóirí forásacha i Sasain féin ag léamh scríbhneoirí nua-aimseartha na Seicshlovaice - bhí meas mór ag George Orwell, mar shampla, ar shaothair Kharel Capek, agus a lorg sin le haithne ar scríbhinní Orwell féin, "Míle naoi gcéad a ceathair is ceithre scór" go háirithe - ach ní rabh na polaiteoirí coimeádacha comh forásach sin.
Ní féidir tábhacht an fhrithChumannachais a ligint i ndearmad anseo ach an oiread. Bhí na Seicigh réasúnta mór leis an Aontas Sóibhéadach, agus dáimh acu go traidisiúnta leis na "comh-Shlavaigh" sa Rúis; déanta na fírinne, bhí an seanluiteamas seo i bhfad ag saothrú an bháis, agus is féidir a rádh nár thréig sé go deifnideach roimh imeachtaí na bliana 1968. Sna blianta eadarchogaidh, is léir go rabh mímhuinín ag na cumhachtaí iartharacha as aon stát a bhí róchairdiúil le Stailín.