Ar an tseachtú lá de Mhí na Samhna 1938 rinne fear óg darbh ainm Herschel Grünspan nó Herszel Grynszpan - ag brath ar cé acu is fearr leat an t-ainm Giúdaise a thraslitriú go Gearmáinis nó go Polainnis - ionsaí ar ambasáid na Gearmáine i bPáras. An tAmbasadóir féin a bhí sé meáite a mharú, ach sa deireadh thiar thall, ní bhfuair sé ach duine de na taidhleoirí sóisearacha a ghoin go héag. Dídeanaí Giúdach a bhí i nGrynszpan agus é ar lorg sásaimh ar son an anró a bhí fuilingthe ag a mhuintir: díbríodh a athair as an Ghearmáin go dtí an Pholainn in éadan a thola go gairid roimhe sin. Chonaic an t-ógánach féin Murchadh sa Ghearmáin, agus an dóigh a rabhthas ag caitheamh leis na Giúdaigh ansin cheana féin, siúd is nach rabh na campaí báis ach á bpleanáil fán am seo.
Bhí tógáil na gcampaí gáis agus báis geallta ag Hitler a fhad siar lena leabhar Mo Chath Féin - an té a chuirfeadh sonrú ann i measc na hóráidíochta buile uilig. Ach siúd is nach dtáinig tuar faoin tairngreacht seo go fóill, bhí an saol sách dona ag na Giúdaigh ins an Ghearmáin mar a bhí sé, ó rug na Naitsithe ar an halmadóir. A thúisce is a bhí Hitler i mbun na gcúrsaí, toisíodh a bhaghcatáil gnóthais agus siopaí le Giúdaigh. Feachtais áitiúla a bhí i gceist go fóill, agus iad á reachtáil agus á n-eagrú ag cumainn áitiúla de chuid pháirtí na Naitsithe; ach siúd is nach rabh aon chomhordú taobh thiar den drochobair seo go fóill, is follas go rabh an preas Naitsíoch go díograiseach ag saighdeadh chun a leithéide, go háirithe Der Stürmer, nuachtán bolscaireachta Julius Streicher.
Nuair a lochtaigh na nuachtáin choimhthíocha an Ghearmáin ar son na baghcatála seo, cha dtearn sé ach méadú ar fhrithGhiúdachas na Naitsithe: thug Hitler ordú chun baghcat náisiúnta a eagrú ar an chéad lá de Mhí Aibreáin, 1933. Ar ndóighe, b'é an chiall a bhain sé as an scéal go mb'í comhcheilg eadarnáisiúnta na nGiúdach a bhí ag dáileadh scéalta de chuid chailleach an uafáis ar na nuachtáin sna tíortha cúil agus go mba chóir a shasamh sin a bhaint as Giúdaigh na Gearmáine.
Ábhar cointinne é i gcónaí eadar na saineolaithe féin, cén oiread tacaíochta a bhí ag an phobal i gcoitinne le géarleanúint na nGiúdach ins an Ghearmáin. Gan dabht, is áibhéil a rádh nach rabh ins na Gearmánaigh fríd an phíosa ach "básadóirí toilghnústa" i seirbhís Hitler. Ón taoibh eile de, is fiú cuimhne a choinneáil ar an dóigh a mbíonn an duine ábalta géilleadh do smaoitíocha idé-eolaíochta ar leibhéal an tsaoil mhóir agus glacadh leis, san am chéadna, gur "eisceacht" atá i gceist mura bhfuil cúrsaí a ghnáthshaoil féin ag cur leis an idé-eolaíocht. Mar sin, b'iomaí Gearmánach a chreid i mbolscaireacht na Naitsithe fá chomhcheilg na nGiúdach - ainneoin is gur fhan sé dílis do chairde Giúdacha ina shaol phríobháideach. Chreidfeadh an cineál seo Gearmánach go rabh a leithéid de rud agus caipitleachas Giúdach nó aicme rachmais de phór Ghiúdach ann, agus go gcaithfí cur in éadan na haicme seo, i gcruth is gur fhág sé cuid mhór den cheart ag Hitler. B'fhéidir go rabh sé leath den bharúil go rabh an deachtóir ag dul thar fóir leis an dóigh a mbíodh sé ag ginearálú na critice agus na gríosóireachta ar na Giúdaigh uilig; ach ón taoibh eile de, bhí an Gearmánach i dtaithí polaiteoirí tuathghríosaitheacha. Thuig sé go mba dual do Hitler, mar pholaiteoir den déanamh áithrid seo, rudaí casta a shimpliú ina chuid óráidíochta. Ní chuirfeadh a leithéid seo de Ghearmánach in éadan Hitler go polaitiúil, ach is féidir go rabh sé meáite ar an chupla "dea-Ghiúdach" a chosaint a rabh aithne phearsanta aige orthu, ar eagla go gcruthóchadh na póilíní ródhall ar an difríocht eadar an "drochGhiúdach" (= na Giúdaigh eile) agus an "deaGhiúdach" (= cara mo dhuine féin). Char thuig an Gearmánach sin, áfach, nach rabh cumhacht chosanta a charad fágtha aige i stát deachtóireachta gan aon dlí ceart. Is é sin is chiall leis an fhocal mhór udaí "deachtóireacht": ag aon duine amháin atá an chumhacht, agus níl oiread is cead achomairc ag an chosmhuintir.
Is léir nach rabh aon duine de na Giúdaigh ina Ghiúdach thar aon rud eile, i dtús báire. Bhí an chuid ba mhó de na Giúdaigh Ghearmánacha comhshamhlaithe go láidir le cultúr na tíre, agus iad ag amharc orthu féin mar Ghearmánaigh. Mar sin, nuair a fuair siad iad féin faoi bhagairt na Naitsithe, níorbh é an chéad rud a rith leofa comhar a dhéanamh le lucht a gcomhdhúchais féin in éadan na Naitsithe. A mhalairt ar fad a tharla. Rinne gach aon duine acu ina aonar iarracht i ndiaidh iarrachta, agus é ag dul i muinín cibé dintiúirí Gearmánachais a bhí aige, le theacht slán as an drocháit fríd a dhílseacht don tír a chruthú - fríd a chruthú, go prionsabálta, go mb'eisean an t-aon Ghiúdach nach rabh an cineál seo drochíde tuillte aige. Na Giúdaigh a rinne seirbhís airm sa chéad chogadh dhomhanda, ghreamaigh siad a gcuid bonn agus cros iarainn de bhrollach a gcasóige, agus iad ag tarraingt orthu focail Ghöring mar fhaoiseamh: "Aon duine a mhaslóchas iarshaighdiúir cogaidh ins an Tríú Reich, gearrfar príosún air".
Ní rabh gar ann. Siúd is nach rabhthas ag sluamharú na nGiúdach go fóill, b'éigean d'achan duine acu broic le heascainí, le bagairtí agus le cleasanna mioscaise, ar nós dartáin chaca a bheith á gcaitheamh isteach ar fhuinneoga an tsiopa nó na hoifige; le hionsaithe, le huirísliú, le náiriú agus araile. Fuair an chorrdhuine bás i lámha na n-amhas sráide a bhí earcaithe don SA; rud follasach é nach mba mhiste leis na bithiúnaigh seo mná a éigniú ach an oiread. Nuair a bhí "aonchineálú" na státseirbhíse istigh go hiomlán - nó sin é an t-ainm (Gleichschaltung as Gearmáinis) a bhí ag na Naitsithe ar an obair a bhí acu leis an Naitsíochas a chur i bhfeidhm ar an tsochaí ar fad - ar an státseirbhís ach go háithrid - agus lucht an mheoin neamhspleáigh a ruaigeadh as a gcuid post nó a imeaglú chun comhoibrithe - nuair a bhí an t-aonchineálú seo istigh go hiomlán, níorbh eagal do na hamhais a dhath, ach fad is a d'fhan an obair gan chríochnú, bhí iarsmaí an tseanchórais ag mairstint beo anseo agus ansiúd. Mar sin, tharla sé an chorruair gur ghlac na póilíní le gearán ó Ghiúdach, gur bheir siad ar dhuine de thrúipéirí ruathair na Naitsithe agus, fiú, gur ghearr an breitheamh pionós éigin ar an trúipéir. Chan ionann an méid sin aríst agus a rádh nach rabh breithiúna Naitsíocha ann, ach ar a laghad, bhí cuid de shean-neamhspleáchas na gcúirteanna fágtha i bhfeidhm anseo agus ansiúd, píosa maith isteach ar thréimhse chaithréimeach an Naitsíochais.
Déanta na fírinne, bhí Giúdaigh ann agus iad ábalta ar ómós áithrid a thabhairt do Hitler féin - nó, tar éis an tsaoil, ní rabh na Giúdaigh chomhshamhlaithe díonta ar an dóigh a mbaineadh Hitler a leas féin as miotais bhunaidh an náisiúin, miotais ar chreid go leor Giúdaigh iontu fosta. Thairis sin, ba chuimhneach le go leor Giúdaigh an dóigh a mbíodh Karl Lueger, lena linn féin, ag glacadh buntáiste ar fhrithGhiúdachas mhuintir Vín gan rún ar bith aige a chuid bagairtí a chur i ngníomh. Is é an léamh a bhain siad as óráidíocht Hitler ná nach rabh seisean meáite, ach oiread le Lueger, beart a chur lena bhriathar fán ruaigeadh is fán ródach a bhí sé a ghuí ar na Giúdaigh.
Bhí a gcion féin déanta ag na Giúdaigh chomhshamhlaithe ar mhaithe le cultúr na Gearmáine - ar nós Heinrich Heine, an file, a bhfuil an-bhlas "Gearmánachais" ar an dán is mó cliú dá chuid, Lore-Lei - , agus nuair a chuaigh lucht leanstana Hitler a chur ceal i ndealbha d'ealaíontóirí Giúdacha sna háiteanna poiblí, b'iomaí duine de na huachtaráin choimeádacha féin a chuir gron ann.
Ní rabh bealtaí eile na Naitsithe ag taithneamh leis na daoiní ach an oiread. Ina leabhar féin fán Tríú Reich, thug Michael Burleigh cur síos ar chruinniú polaitiúil a chóirigh na Naitsithe i Mí Lúnasa 1935, agus Julius Streicher ag tabhairt óráide fá comh dainséarach is a bhí "an Giúdach" don Ghearmáin: ar tús chaith sé anuas ar na heaglaisí, agus é ag cur Hitler i gcomparáid le hÍosa mar shaoirseoir is mar shlánaitheoir; ansin, thoisigh sé a dh'inse scéalta gáirsiúla míréasúnta fán dóigh a mbíodh na Giúdaigh (dar leis) ag éigniú cailíní Gearmánacha agus ag tabhairt fuil, pór is cine na nGearmánach chun donais. Chuir sé síos go mionchruinn ar mhnaoi Ghearmánaigh a bhí pósta ar Ghiúdach - cha rabh ansin ach saobhaisling ghnéis dá chuid féin, ar ndóighe - agus d'úirt sé nár rugadh ach ápaí (!) don mhnaoi sin i ndiaidh an phósta sin, fiú nuair a fuair sí colscaradh is a rinne athphósadh ar fhear "Áiríoch".
Má shamhlaigh Streicher go rabh sé ábalta na daoiní a ghríosú in éadan na nGiúdach le rámhailligh ghnéis den chineál seo, bhí fuar aige: thréig an chuid ba mhó de na héisteoirí an áit sula rabh an óráid istigh. Is é an tátal a bhain Burleigh féin as an méid seo ná nach le domhan gan luachanna a tháinig an frithGhiúdachas i dteagmháil: bhí sé ag teacht crosach ar dhearcadh na ndaoiní i leith cad é ba chuibheas nó cad é ba toighis ann agus cén cineál ábhar a d'fhéadfá a chardáil go poiblí. Thairis sin, rud nach dtráchtann mo dhuine air, is léir go rabh a fhios ag achan duine a bhí i seilbh a shiosmaide nach mbéarfaí ápa do mhnaoi dhaonna, ar chúiseanna bitheolaíochta amháin. Is cosúil gur shíl siad go rabh Streicher ag maslú a n-intleachta, agus gurb é sin is príomhchúis gur imigh siad leofa. Siúd is nach rabh mórán céille ag baint le hóráidíocht Hitler ach an oiread, bhí cuid éigin dá fhoirceadal bunaithe ar chúiseanna a bhí inghlactha ag cuid mhór de na Gearmánaigh ba siosmaidí féin (bagairt an Bhoilséiveachais agus mífhreagracht shóisialta na mór-rachmasóirí, cuir i gcás). "Is léir nach bhfuil na Giúdaigh ina n-ápaí"... (a shílfeadh daoiní stuama féin)"...ach b'fhéidir go bhfuil an-tionchar acu ar na cúrsaí gnoithe agus cultúir, agus..." (mar a b'fhacthas don ghnáthchoimeádach é) "...tá cuid mhór de litríocht is ealaíona an lae inniu ag spochadh as luachanna an tírghráidh Ghearmánaigh - caithfidh sé go bhfuil cuid den cheart ag an Fhührer, nó an dtiocfadh a leithéid a theacht chun cinn gan Giúdaigh a bheith á spreagadh...? - Ach ar ndóighe, ní hionann iad na Giúdaigh seo agus Schmul s'againne, mo chomharsanach béaldorais...Seans go bhfuil an-náire ar an fhear bhocht toisc lucht a chomhdhúchais a bheith comh lofa is a deir an Führer"...(Agus dáiríribh, bhí Giúdaigh ann a rabh náire orthu, agus iad féin ag creidbheáil cuid mhór dá rabh le rádh ag Hitler, mar a chonaic muid cheana.)
Bhí sé ag cur isteach ar na daoiní, fosta, go rabh na páistí ag éirí dána garbh gairgeach agus iad ag freastal ar imeachtaí an Hitlerjugend. Mar a chantaí in amhrán dá gcuidsean: wir sind die fröhliche Hitlerjugend, wir brauchen keine Christentugend - "is muidne aos óg aerach Hitler, agus níl muid i gcall suáilcí na Críostaíochta". An cineál tabhairt suas a fuair siad sna Pimpfeanna, mar a bheirtí ar bhaill den eagraíocht, ní rabh sé ag teacht le gnáth-dheabhéasaíocht ar aon nós. Is é an rud a d'fhoghlaim na páistí ansin ná drochmheas ar an chultúr, róbhéim ar an spórt agus ar an lúthchleasaíocht agus druileáil mhíleata. Nuair a thigidís chun an bhaile ó champa traenála de chuid na bPimpfeanna, bhídís ag búirfigh mar a bheadh sáirsint airm ann. Agus nuair a tháinig na cailíní a fhad leis na déagaí, agus fonn craicinn ag teacht orthu, ba chuma leofa fá ghnáthmhoráltacht ghnéis: bhí siad meáite ar "chlann a iompar don Fhührer" le haghaidh an chogaidh mhóir a bhí ar na bacáin. Ní rabh ins an fhorbairt seo, dar leis an chuid ba mhó de na tuistí, ach míchompord beag - "agus dá mbeadh a fhios ag Hitler, cheartóchadh sé é", a shíl siad. Níor thuig siad gur cuid de chóras a bhí ann - den chóras a bhí dréachtaithe ag Hitler féin.
Mar sin, bhí go leor daoiní múinte gnaíúla ins an Ghearmáin a sheasfadh leis an chomharsanach Ghiúdach, agus daoiní eile a bhí eadar dhá chomhairle ina ndearcadh ar na Giúdaigh. Nuair atá an dlí i réim, tá an stát ag dul i muinín na nadaoiní cuibhiúla leis na daoiní eadar dhá chomhairle a chur i dtreo na dea-chomhairle agus lucht na droch-chomhairle a choinneáilt faoi smacht. Nuair a tháinig na Naitsithe i réim, áfach, chuaigh siad i muinín na n-amhas is na mbithiúnach leis na Giúdaigh a imeaglú agus leis an dlí féin a chur ar ceal. Fágadh an dea-dhuine gan aon ghléas ceart lena chuid carad a chosaint ar fhoréigean na ndrong troda a bhí scaoilte saor ag na Naitsithe. B'iad na drochdhaoiní a bhí ag obair i gcomhar le chéile agus leis an stát anois, agus na dea-dhaoiní scoite scartha ó chéile, ar lagchuidiú. Níl dlí ar bith ann, níl ann ach an chumhacht, mar a d'uirt George Orwell, lá, ag cur síos ar éirim an chórais ollsmachtúil - nó, mar ab fhearr a rádh as Gaeilge. ní ceart go neart.
Ar lorg an fhoréigin ins na sráideanna, tháinig na dlíthe peannaideacha lena gcearta a bhaint de na Giúdaigh. Ó bhí an oiread sin acu ag sílstint nach mb'eagal dófa a dhath, agus dintiúirí na seirbhíse míleata bainte amach acu, ba mhithid an bealach élóidh seo a dhrud: reachtaigh na Naitsithe dlí nua sa bhliain 1935 a chros ar aon duine gan dúchas "Airíoch" a dhul ar fiannas sna fórsaí armtha. Ní rabh ansin ach an tús, áfach, ach ba tuar tubaiste é: thaispeáin sé an dóigh a rabh na Naitsithe ag iarraidh rogha a bhféiniúlachta a bhaint de na Giúdaigh. Bhí sé ar ceann de na clocha ba mhó ar phaidrín Hitler an rogha sin a chur ar ceal. Go nuige seo, thiocfadh le Giúdach malairt féiniúlachta a bheith aige, seachas an fhéiniúlacht Ghiúdach amháin: d'fhéadfadh aon Ghiúdach a bheith, abair, ina iarshaighdiúir Ghearmánach ón chéad chogadh domhanda agus bród air as; nó d'fhéadfadh aon Ghiúdach a bheith ina bhall de chumann mheasúil Ghearmánach (ar nós cumann bailithe stampaí, mar shampla) agus é ag roghnú an fhéiniúlacht seo thar an fhéiniúlacht Ghiúdach: is é sin, meas an iarshaighdiúra nó an bhailitheora stampaí a bheith aige air féin thar mheas an Ghiúdaigh. Bhí Hitler ag cur d'fhiachaibh ar na Giúdaigh a bheith ina nGiúdaigh, agus sin go so-aitheanta, i gcruth is go dtiocfadh iad a scarúint go soiléir ón chuid eile agus a dhúnadh isteach i ngeiteo.
B'iad Dlíthe Nürnberg a reachtaíodh sa bhliain chéadna (1935) an chéim mhór i dtreo apairtéid institiúideach na nGiúdach, áfach. Chaill na Giúdaigh "saoránacht" na Gearmáine, agus fágadh ina n-"géillsinigh" don Stát iad. Ar ndóighe, chros na dlíthe seo gach caidreamh collaíochta (gan aon trácht a dhéanamh ar an phósadh) eadar Giúdach agus "Airíoch": le cailíní Gearmánacha a "chosaint" ar "ragús mínáireach" an bhoid thimpeallghearrtha, coisceadh ar mhná "Airíocha" ní b'óige ná cúig bliana is dhá scór d'aois a bheith ar fostó nó in aimsir ag Giúdach. Ansin, áfach, fágadh faoi na státseirbhísigh oibriú amach cé a bhí ina fhíor-"Ghiúdach". Bhí comhshamhlú iomlán don tsochaí Ghearmánach coitianta i measc na nGiúdach; chuaigh tonn a mbaiste Críostaí ar chuid mhaith acu; bhí go leor lánúineacha measctha agus athmheasctha ann; agus cén meas a bheadh agat ar chlann na lánúineacha seo? Ní rabh de rogha ag na státseirbhísigh ach córas casta leath-dhothuigthe a chur i dtoll le chéile le téarmaíocht shaoithíneach ag tagairt do mheascaigh éagsúla, rud a thaispeánanns comh deacair agus atá sé ciníochas agus drochnáisiúnachas a chur in oiriúint don rialtas dlíthiúil, nó córas ciníochais a bhunú ar dhlíthe a bheadh sásúil ó thaobh theoiric na dlí-eolaíochta féin de, nó inchurtha i ngníomh gan a dhul i muinín cleasanna tacair. Dona go leor a réitíonns an dlí is an éagóir le chéile.
Dealraíonn sé go rabh an chuid ba mhó de na Gearmánaigh sásta glacadh leis na dlíthe seo. Ar ndóighe, bhí siad dubh dóite den dóigh a mbíodh traigheamáin de "thrúipéirí ruathair" agus amhais fhrithGhiúdacha eile ag rith damhsa ar fud na tíre, agus iad ag cur na síochána poiblí ó mhaith ar an náisiún uilig. Shíl siad, áfach, go rabh na dlíthe seo riachtanach go díreach leis na "trúipéirí" a thabhairt chun sibhialtachta, agus ba chuma leofa fá na srianta a chuir an reachtaíocht seo le cearta daonna agus cearta saoránachta na nGiúdach. Is féidir a rádh gur comhartha é seo aríst ar an dóigh a dteán córas coiriúil rialtais dochar dofheicthe d'anam an tsaoránaigh. In áit a dhul i gcomhar leis an Giúdaigh chun na hamhais is na coirpeoirí a chloí - rogha nach rabh fágtha acu i gcóras na Naitsithe - thoiligh na dea-dhaoiní féin a gcinn a chromadh agus ciúnas a chleachtadh, le súil is go dtabharfadh an géilleadh seo na bithiúnaigh chun sibhialtachta.
Ní rabh cead ag na Giúdaigh ní ba mhó bheith ina státseirbhísigh, ar ndóighe, agus bhí siad ag cailleadh gléasanna beo eile fosta. Na gnóthadóirí Giúdacha a bhí thíos leis na baghcait, báitheadh ins na fiachaibh iad agus brabús an ghnoithe ag dul i laghad: sa deireadh thiar thall, choigistigh an stát a gcuidf gnoithí lena gcur ar ceant agus a reic le ceannaithe "Áiríocha".
Bhí lucht na tuathghríosadóireachta iontach cliste ag craobhscaoileadh ciníochais. Caithfear cuimhne a choinneáil air nárbh iad óráidí Hitler is na gcabairí Naitsíocha eile an t-aon ghléas bolscaireachta amháin a bhí ag an Pháirtí: a mhalairt ar fad. Shealbhaigh na Naitsithe na fleánna pobail féin lena n-úsáid féin a bhaint astu. Mar sin, nuair a nochtadh na paráidí amuigh sna sráideanna in áiteanna ar nós Köln - cathair mhór na gcarnabhal - bhíodh maslaí gránna frithGhiúdachais le feiceáilt i measc na nathanna grinn agus spraoi. Is féidir nach mbíodh lucht na bparáidí róshásta leofa, ach ó bhí na fleánna traidisiúnta agus gach cineál siamsaíochta go géar de dhíth orthu le cibé drochamhras a ruaigeadh as a n-intinn, rinne siad a ndicheall lena ndearmad a dhéanamh díofa. B'fhéidir go rabh duine acu ag áitiú air féin go mb'é an magadh frithGhiúdach "faisiún an lae" a gcaithfeá draothadh éigin gáirí a dhéanamh faoi, leath i d'ainneoin féin, leis an atmaisféar cheart spraoiúil a bhaint amach. Ar ndóighe, bhí céatadán éigin d'fhrithGhiúdaigh dholeigheasta le fáil i measc na cosmhuintire féin agus iad ar a sáimhín suilt fán chosúlacht úr a bhí ag teacht ar na fleánna fán am seo.
Fuair cuid mhaith de na dearbhGhearmánaigh féin deacair a bpór uasal a fhíorú do na Naitsithe faoi na dlíthe nua. B'éigean dófa saineolaithe ginealais a fhostú le cruthúnas a bhfolaíochta a chur i dtoll le chéile fá choinne na n-údarás, rud a spreag lucht an ghrinn chun iad féin a chur i gcomparáid le cúnna a bhfuil pórtheastas de dhíth orthu le páirt a ghlacadh sna rásaí. Ní rabh féith an ghrinn ins na daoiní a bhí thíos le seo. Is dócha go dtearn a gcruachás siúd dochar éigin d'íomhá Hitler nó an chórais úir i measc na ngnáthdhaoiní.
Chan ionann an méid seo a rádh aríst is a rádh go rabh aon bhá nó dlúthpháirtíocht ag na daoiní leis na Giúdaigh. Iad sin a bhí i gcall an phórtheastais, ar eagla go gcaithfidíst a dhul faoi aon chith leis na Giúdaigh, is dócha go dtearn siad a ndicheall a naimhdeas i dtaoibh an "chinidh chamghaosánaigh" a fhógairt in ard a ngutha. Cuid mhaith acu, chreid siad "go mb'iad na Giúdaigh a chuir sa phonc seo sinn", cionn is "nach rabh de rogha eile ag an Stát" ach na dlíthe ciníochais a reachtú.
B'é seo ba chúlra don dúnmharbhadh a rinne Herszel Grynszpan. Bhí taidhleoirí Gearmánacha maraithe roimhe sin ag Giúdaigh ar lorg díoltais agus sásaimh as an chruatan a bhí fuilingthe acu, ach b'í an iaróg a tharraing gníomh Ghrynszpan ina dhiaidh a d'fhág ar leabhar na staire é.
Giúdach ón Pholainn a bhí i nGrynszpan, agus é ar a sheachnadh i bPáras. Bhí a mhuintir ina gcónaí ins an Ghearmáin, áit a dteachaidh siad nuair a bhí ina dhaonlathas go fóill. An saol a bhí ag a leithéidí ins an Pholainn, ní rabh sé ar fónamh ach an oiread. Fad is nach rabh Hitler i gceannas ar an tír, bhí cliú na Gearmáine go han-mhaith in intinn na nGiúdach in Oirthear na hEorpa, agus iad ag déanamh go rabh tearmann ansin i gcónaí dá rachadh an leatrom is na géarleanúintí chun olcais ina dtíortha féin. I Mí an Mhárta den bhliain 1938 bhain rialtas leathdheachtóireachta na Polainne a saoránacht de na teifigh Ghiúdacha ón Pholainn a rabh cónaí orthu sa Ghearmáin. B'é freagra na Gearmáine - i Mí Deireadh Fómhair den bhliain chéadna - ná gur loc siad na mílte de na teifigh seo lena ndíbirt as an tír. Ó nach rabh na Polannaigh sásta iad a ligean isteach ach an oiread, fágadh ar fán ag an teorainn iad. Bhí muintir Ghrynszpan i measc na ndaoiní seo, agus chinn Herszel óg ar dhíoltas a imirt ar aon duine a thiocfadh a mhilleánú ar aon nós.
Thug an dúnmharfóir óg iarracht ar theacht i bhfianaise an ambasadóra Ghearmánaigh i bPáras, ach nuair a bhí fuar aige, ghabh sé leor le sop in áit na scuaibe, nó sa deireadh thiar thall b'é rúnaí na hambasáide a scaoil sé. Ba mhór an tubaiste é, nó ní rabh an fear bocht ina Naitsí ar aon nós ná slí, a mhalairt ar fad. Taidhleoir coimeádach uaslathach den tseandéanamh a bhí ann, cosúil le cuid mhaith acu sin a ghlac páirtí i gcomhcheilg Stauffenberg in aghaidh Hitler.
Shíothlaigh an taidhleoir - Ernst vom Rath ab ainm dó - ar an naoú lá de Mhí na Samhna, míle naoi gcéad a hocht ndéag is fiche. Chuaigh meaisín bolscaireachta Hitler a dh'obair faoi iomlán gaile, agus an foréigean sráide ag dul chun donais. Níorbh iad na Naitsithe amháin a bhí ag ionsaí na nGiúdach anois, nó thoisigh na daoiní a thabhairt creidiúna don bholscaireacht, agus iad ag cromadh ar an loitiméireacht fhrithGhiúdach as a stuaim féin. Bhí Hitler agus Goebbels sa ghlóire le sult. Nach leofasan a bhí ag éirí anois! Ar ndóighe, bhí siad i ndiaidh cuid mhaith dá gcuspóirí a bhaint amach, ar nós Anschluss na hOstaire agus conradh Mhünchen, agus b'fhacthas dófa go rabh siad sklán sábháilte ó aigne an tsaoil mhóir féin. Mar sin, chuir siad an Ghearmáin ar fad ag ionsaí na nGiúdach ar an oíche chéadna - oíche ar thabhaigh na mílte fuinneoga briste a hainm daoithi. Is gnách "Oíche na Gloine Briste" a thabhairt ar oíche mhór na géarleanúna seo, nó Reichskristallnacht as Gearmáinis - "Oíche an Chriostail ar fud na tíre".
Ní rabh ins na fuinneoga briste ach an chuid ba séimhe den chruatan a d'fhuiling na Giúdaigh an oíche sin. Bhí an spéir dearg le dóiteáin mhóra i gcathracha ar nós Bheirlín féin. In éineacht leis na sluaite corraithe a bhí ag léirscrios agus ag gadaíocht rompu, bhí fórsaí ruathair na Naitsithe, an SS, ag obair ar dhóigh ní ba phleanáilte, agus iad ag locadh is ag gabháil Giúdaigh de réir scéimeanna réamhullmhaithe.
Scriosadh sionagóga na tíre ar fad. Bhí cuid áithrid de na máithreacha Gearmánacha ag cur scaoill ina gclann i gcónaí le scéalta duairce fá dheasghnátha reiligiúnda na nGiúdach: scéalta a chuaigh siar go dtí géarleanúintí na nGiúdach ins na Meánaoiseanna, agus iad ag tabhairt le fios go ngoidfeadh "na Giúdaigh" páistí Gearmánacha lena n-"íobairt" dá gcuid "íol". Ar ndóighe, nuair a thiocfas an duine i mbun a mhéide, dheánfaidh sé dearmad den chineál sin seafóide; ach má ghní féin, is dual dó an tseafóid a tharraingt air féin in athuair, má scaoileann racht láidir mothachtálacha srianta a fhochomhfheasa. Mar sin, bhí loitiméirí ar fáil go flúirseach le fáil chun na hoibre seo, a thúisce is a chaill na daoiní na srianta a bhí acu orthu féin faoi bhrú an ródaigh a bhí ar cois ina dtimpeall.
Nuair a bhí an oíche - nó an tseachtain, le bheith beacht, nó mhair an foréigean cupla lá i ndiaidh na hoíche ba mhó léirscrios - nuair a bhí na himeachtaí thart, tháinig Hitler agus a chuid comrádaithe le chéile le cinneadh ar na comhairlí ab fhearr leis an phraiseach a ghlanadh i ndiaidh na scléipe. Ba léir nach mb'eagal d'aon duine de na loitiméirí conairt an dlí a theacht ar a lorg, ar aon nós más ball den pháirtí uilechumhachtach a bhí ann. Ós rud é gur ghlac gnáthchoirpeoirí páirt ins na himeachtaí, agus iad ag creachadh na siopaí, is féidir gur cuireadh an dlí ar chorrdhuine acu lena chur i gcéill nach mb'é an Stát a spreag an ghéarleanúint. Thairis sin, ó ba rud é gur thoirmisc dlíthe Nürnberg gach cineál teagmháil ghnéis eadar Airíoch agus Giúdach, ruaigeadh cuid de na banéigneoirí as an Pháirtí: b'é an chiall a bhain an Páirtí as an scéal go rabh siad i ndiaidh a bhfuil uasal a easonórú fríd chomhriachtain le mná Giúdacha!
Ar ndóighe, bhí siopaí na nGiúdach faoi árachás, agus an chuma ar an scéal go rabh géarchéim ag bagairt ar ghnoithe an áracháis sa Ghearmáin i ndiaidh sheachtain na n-uafás seo. Mar sin, d'ordaigh Hitler go rabh na Giúdaigh le luach an léirscriosta a íoc as a bpócaí féin, díreach mar a bheidís féin ciontach san iomlán. Bhain Hitler agus Goebbels sult agus subhachas páistiúil as an chleas áithrid seo, cosúil le maistíní meánscoile nó bullaithe bunscoile.
Níorbh iad na Giúdaigh amháin a bhí faoi bhagairt ins an Tríú Reich, áfach. Ós rud é go rabh cine fáin eile thíos leis an Uileloscadh comh maith, ní mór cupla focal a bhreacadh síos i dtaoibh an náisiúin eile sin gan stát, leis.