Tháinig na Giofóga ó Phunjab (logainm Peirsise é: panj âb = "cúig uisce" - nó cúig abhainn) san India go gairid i ndiaidh na Meánaoiseanna agus scab siad ar fud na hEorpa. An chuid acu nach dtearn dearmad dá dteanga féin go fóill, labhraíonn siad canúintí de phór Ind-Áiríoch atá cosúil, cuir i gcás, leis an teanga Hindi (nó Hiondúis, mar a bheir lucht na dea-théarmaíochta uirthi), arb í teanga náisiúnta na hIndia í. Mar sin, nuair a thoisigh na Naitsithe á ngéarleanúint ar chúiseanna ciníochais, toisc nach "Áirígh" a bhí iontu, bhí a íoróine féin ag roinnt leis an scéal. Is é an bhunchiall a bhí leis an fhocal udaí "Áiríoch" ná duine ó thuaisceart na hIndia a bhfuil teanga IndEorpach ó dhúchas aige. Mar sin, is féidir a rádh gurb iad na Giofóga an t-aon dream "Áiríoch" amháin ar fud na hEorpa.
Ós rud é gur cine fáin iad na Giofóga, fuair siad deacair a bhfód a dhéanamh sa tsochaí nua-aoiseach. Roimhe sin, bhí ról tábhachtach acu ina lán áiteanna, nó ba mhinic iadsan an t-aon dream amháin a bhacfadh le trádáil a dhéanamh le sráidbhailte scoite ins na críocha cúil agus ar an iargúltacht, agus iad, follasach go leor, ag inse scéalta ón tsaol mhór do mhuintir na gcúlriasc.
Nuair a tháinig an teileagraf agus an galtán, gan aon trácht a dhéanamh ar ghléasanna cumarsáide is iompair níos nua-aimseartha fós, cha rabh feidhm leis na Giofóga a thuilleadh, ach is dual don tseanghnáthamh mairstean beo thar an riachtanas. Thairis sin, i bhfad roimh lá Hitler, bhí dlíthe peannaideacha achtaithe ag go leor stát san Eoraip ag toirmeasc ar na Giofóga seadó ceart a dhéanamh in aon áit. Mar sin, b'é an bóthar a ngeiteo. Fiú an chuid sin de na Giofóga a bheadh sásta, go prionsabalta, aithris a dhéanamh ar nósanna na mórchoda, cha rabh de rogha acu ach an fhánaíocht.
Dá réir sin, fágadh claonadh chun coirpeoireachta ins na Giofóga, cionn is nach rabh aon leas le baint acu as a bheith ag urramú an dlí. Nuair a beireadh ar Ghiofóga i mbun coire, cha rabh ann, dar le lucht an dlí, ach dearbhú ar an drochbhraon a bhí iontu mar Ghiofóga; agus ba spreagadh é chun péindlíthe nua a chur i bhfeidhm orthu.
Nuair a thoisigh na Naitsithe a dh'achtú dlíthe in éadan na nGiúdach, ba mhinic iad ag déanamh aithrise ar dhlíthe in aghaidh na nGiofóg a bhí reachtaithe cheana féin, roimh ghabháil cumhachta na Naitsithe fiú. Na reachtanna cinedheighilte a cuireadh i bhfeidhm sa Tríú Reich, bhí siad ag baint do na Giofóga comh maith leis na Giúdaigh: tá sé le léamh ar Dhlíthe Nürnberg go neamhdhébhríoch gurbh iad na Giúdaigh is na Giofóga an dá ghnáthchineál a bhí ar fáil san Eoraip den "phór choimhthíoch" a bhíothas ag iarraidh a choinneáil amuigh.
Sa bhliain 1938 - bliain na bhfuinneog briste - chóirigh na Naitsithe "seachtain scuabtha na nGiofóg", ón dóú lá déag go dtí an t-ochtú lá déag de Mhí an Mheithimh, agus na trúipéirí ruathair ag déanamh a seilge ar na daoiní seo. Fuair cuid mhór de na Giofóga leadhbairt agus greidimíní, agus caitheadh a lán acu i dtóin phríosúin ar chúiseanna ciníochais amháin.
Níorbh é sin an chéad uair a d'ionsaigh na Naitsithe na Giofóga sa Tríú Reich, ach b'é sin an buille ba troime go dtí sin. Bhí tuilleadh ar na bacáin, áfach, díreach cosúil leis an tubaiste a bhí i ndán do na Giúdaigh.
Ní bhíonn mórán eolais ar fáil fá chruachás na nGiofóg ins an Tríú Reich, faraoir. Is léir, áfach, go bhfuil siad ar an t-aon dream a tháinig in aon ghaobhair do na Giúdaigh ó thaobh na géarleanúna de: bhí na Naitsithe ag iarraidh na Giofóga a dhíothú, cosúil leis na Giúdaigh. Iad siúd a bhfuil taighde déanta acu ar chanúintí theanga na nGiofóg, deir siad gur imigh canúint amháin acu de dhroim an tsaoil go hiomlán de thoradh na géarleanúna a rinne na Naitsithe: tachtadh lucht labhartha na canúna seo ar fad i seomra an gháis.
Ar an drochuair, agus an ciníochas a bíos ag cuid mhór daoiní i leith na nGiofóg i gcónaí, rinneadh a bheag dá bhfuilstint sna blianta iarchogaidh. B'iomaí Giúdach a d'fhógair dlúthpháirtíocht leis na Giofóga go gairid i ndiaidh an chogaidh, agus an cruatan a bhí fuilingthe ag an dá dhream in éineacht.
Ar ndóighe, ba mhór an fhadhb nach rabh aos dúchasach foghlama agus léinn ag na Giofóga bochta a rachfadh ar lorg eolais i dtaobh lucht a gcomhdhúchais i gcampaí an bháis. Ar na saolta seo, áfach, tá taighde á dhéanamh ar uileloscadh na nGiofóg - Porrajmos, mar a bheirthear air ina dteanga féin - ag saineolaithe ar nós Ian Hancock. Giofóg Shasanach atá ann agus é ina staraí cheannródaíoch ar chinniúint a mhuintire féin ins an Tríú Reich.