Siúd is go rabh críocha Gearmánacha na Seicshlovaice gaibhte ag Hitler anois, agus rialtas úr i bPrág ag géilleadh do thoil an deachtóra ar go leor dóigheann fiú i gcúrsaí inmheánacha na tíre, cha rabh Hitler sásta ach an tír féin a dhul de dhroim an tsaoil.
I Mí Eanáir den bhliain 1939, dheonaigh Hitler Aire Gnoithí Eachtracha na Seicshlovaice, Frantisek Chvalkovský, a fháiltiú chuige. Bhí Chvalkovský buartha ag na luaidreáin a bhí ag imeacht ó cheann ceann na tíre, ag tabhairt le fios go rabh an tSeicshlovaic le dhul ins an Reich mar chúige eile go luath. Cha rabh Hitler ag maolú ar imní an tSeicigh, a mhalairt ar fad. D'éiligh sé ar Chvalkovský géilleadh go hiomlán do stiúradh na Naitsithe i gcúrsaí an pholasaí eachtraigh, comh maith le toiliú na Gearmáine a lorg roimh ré d'achan ghléasra úr tionsclaíochta a bhí le tógáilt sa tSeicshlovaic (!).
Ar ndóighe, theastaigh ó Hitler fosta a chuid polasaithe frithGhiúdacha a fhairsingiú ar an tír eile. Ní rabh an deachtóir sásta, áfach, a dhath a thairiscint in éiric na n-éileamh míréasúnta seo ar fad, ar nós, mar shampla, sábháilteacht na dteorainneacha a ghealladh do na Seicigh.
I Mí Feabhra, áfach, bhí teagmháil eile ag Hitler le cuairteoir ón tSeicshlovaic - Vojtech Tuka ón tSlovaic. Bhí an-fhaltanas ag an chinnire náisiúnaíoch Shlovacach seo ar na Seicigh, agus téarma fada caite aige i mbraighdeanas ar chúiseanna polaitíochta. D'fhág an fuath seo comh dall é agus é ag sílstint go mb'fhearr do na Slovacaigh stát dá gcuid féin a bheith acu, fiú mura mbeadh ann ach puipéad i lámha an deachtóra Ghearmánaigh, ná a gcúis a chur chun cinn i stát Sheiceach, fiú dá mbeadh stát daonlathach ann.
Mar sin, bhí Tuka sásta mein Führer ("mo chinnire") a thabhairt ar Hitler, agus é ag guí ar mein Führer an neamhspleáchas a phronnadh ar an tSlovaic, i gcruth is go bhféadfadh na Slovacaigh é a chailleadh aríst, ar mhaithe leis na Naitsithe. B'aistíoch an cineál saoirse a bhí de dhíth ar Tuka, leoga.
B'é an toradh a d'fhás air seo ná gur mhéadaigh go mór ar na trioblóidí a bhí lucht an scarúnachais ins an tSlovaic a tharraingt. Ar ndóighe, cha rabh an darna suí sa bhuaile ag an Uachtarán i bPrág ach féinrialtas na Slovaice a chur ar ceal, ó nach rabh lucht rialtais an chúige toilteanach a dhath a dhéanamh le cearmansaíocht na náisiúntóirí antoisceacha a cheansú.
Beireadh ar Jozef Tiso, PríomhAire na Slovaice, comh maith le Tuka agus ceannaire náisiúnaíoch eile a rabh baint aige le Hitler, agus cuireadh an dlí míleata éigeandála i bhfeidhm ar an tSlovaic.
Ar ndóighe, ní rabh Hitler i bhfad ag tabhairt freagra air seo. Ar an t-aonú lá déag de Mhí an Mhárta 1939 fuair na Seicigh fógra deiridh ó chara mhór seo na náisiún beag, agus é ag éileamh "saoirse" do na Slovacaigh. D'éirigh le Tiso éaló ón bhraighdeanas agus a dhul i dteagmháil leis an phríomh-aire nua a bhí ainmnithe ag an Uachtarán Hácha do na Slovacaigh, ach ní cheadóchadh na Naitsithe aon chineál comhchainteanna neamhspleácha eadar na polaiteoirí Slovacacha. D'fhógair Josef Bürckel, a bhí ina Ghauleiter ar pháirtí na Naitsithe san Ostair (nó Ostmark), go rabh Hitler meáite ar an tSlovaic a chríochdheighilt eadar an Ghearmáin is an Ungáir, ach go bé na Slovacaigh a bheith sásta scarúint ó na Seicigh, agus sin go sciobtha.
Cad eile a dheánfadh na Slovacaigh ach a dtoil a chur le toil an Fhührer? Ina dhiaidh sin, cha rabh mórán ratha i ndán dá rabh fágtha den tSeicshlovaic. D'fhógair na Slovacaigh neamhspleáchas, nó a ainm, ar an cheathrú lá déag de Mhárta 1939.
Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig an tUachtarán Hácha agus an tAire Gnoithí Eachtracha Chvalkovský ar cuairt chuig Hitler. D'inis Hitler dófa go rabh sé meáite ar an tSeic a ghabháil ar áit na mbonn le láimh láidir, mura mbeadh Hácha sásta glacadh le stádas an "choimircis" don Bhóihéim agus don Mhóráiv. (Is iad an Bhóihéim agus an Mhóráiv an dá chúige as a bhfuil an tSeic comhdhéanta.) Ar ndóighe, chosain sé go leor ama agus fuadair ar mo dhuine na Seicigh a chur "ar bhealach a leasa", mar a thuig sé féin é, ach i ndiaidh fanntais a chur ar Hácha le bagairtí, d'éirigh leis fá dheoidh.
Shínigh an tUachtarán an doiciméad a bhí Hitler a choinneáil faoina shrón, agus d'fhorghabh na trúpai Gearmánacha an tSeic gan mhoill gan mhórdhua. Fuair Hitler leigheas fá dheireadh ar an choimpléasc íslíochta a chuir na Seicigh fhorásacha ghustalacha air agus é ina bhrín óg ins an Ostair.
Ní rabh ins an "choimirceas", ar ndóighe, ach daoirse shuarach faoi chrann smola. Rinne na Seicigh iarracht iad féin a shólású le himeartas focail, ag tabhairt protentokrát (Seicis: "i láthair na huaire") ar an choimirceas (Protektorat as Gearmáinis). Ach dáiríribh, bhí greim teann míthrócaireach ag na Naitsithe ar an choimirceas.
Ar tús, chuir Hitler Konstantin von Neurath, an t-iar-Aire Gnoithí Eachtracha, i mbun an choimircis: níorbh eisean an duine ba mheasa de na Gearmánaigh, nó ba taidhleoir den tseandéanamh é. Cha rabh Himmler, ceannaire an SS, i bhfad ag fáil tionchair ar chúrsaí an choimircis, ámh. I ndiaidh dhá bhliain ina ghobharnóir ar thír na Seiceach dó, chaill Neurath a phost, agus tháinig an bithiúnach cruthanta udaí Reynhard Heydrich i gcomharbacht air, go dtí gur mharaigh na pairtiseáin é. Ar a shon sin, d'agair na Gearmánaigh díoltas cruálach suarach ar na Seicigh.
Chuala an saol iomrá ar an dóigh ar chuir na trúipéirí ruathair an sráidbhaile udaí Lidice de dhroim an tsaoil, ach dáiríribh, ní rabh ann ach cuid de na huafáis. Maraíodh tuilleadh is míle de dhaoiní in áiteanna eile seachas Lidice go gairid i ndiaidh bhás Heydrich.
Siúd is go rabh an tSeic go dona as agus í gaibhte ag na Gearmánaigh, ba mheasa fós an dúchinniúint a bhí daite do na Polannaigh.