Nuair a tháinig Chamberlain chun an bhaile ó Mhünchen, thaispeáin sé don tsaol mhór an conradh a bhí sínithe aige le Hitler, Daladier agus Mussolini, agus é ag fógairt go rabh "síocháin lenár linn-ne" ionchollaithe sa phíosa páipéir sin. Níor imigh mí ó shíniú an chonartha sin, áfach, agus na Naitsithe ag cromadh ar an obair aríst a bhí leis an chogadh a chur ar bharr lasrach faoi dheireadh.
Ar an cheathrú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1938 tháinig Ambasadóir na Polainne ar cuairt chuig Joachim von Ribbentrop, a bhí i gceannas ar an Auswärtiges Amt, Roinn Gnoithí Eachtracha na Gearmáine. Bhí Ribbentrop ag cur geáitsí dioplómatúla an tsoichill air féin, ach san am chéadna, cha rabh aon mhoill air an chéad ghreim a bhaint as úll na cointinne, mar atá, Danzig.
I ndiaidh an chéad Chogadh Domhanda, dealaíodh an chathair udaí Danzig - nó Gdansk, mar a deir na Polannaigh - ón chuid eile den Ghearmáin; ach murab ionann agus na tailte ina timpeall, níor cuireadh an chathair leis an Pholainn. Rinneadh slánaonad polaitiúil ar leith daoithi, SaorChathair (Freistadt Danzig/Wolne Miasto Gdansk), a rabh forlámhas aici uirthi féin, cosúil le cathracha Hainseatacha na Meánaoiseann. Maidir le muintir na cathrach, is dócha go rabh Gearmáinis ó dhúchas ag cuid mhór acu; ón taoibh eile, áfach, ní mór cuimhne a choinneáil air gur Caisiúbaigh a bhí ina sinsir, de réir gach dealraimh, agus is dócha go rabh an Chaisiúibis, gnáthurlabhra mhuintir na tuaithe timpeall ar an chathair, á labhairt go fairsing sa bhaile mhór féin.
Tá an Chaisiúibis ar cheann de na canúintí Polainnise nach rabh mórán tionchair acu ar fhorbairt an chaighdeáin scríofa. Déanta na fírinne, is féidir a rádh gur teanga ar leith atá ann, mar Chaisiúibis: dá mbeadh lucht a labhartha níos líonmhaire, agus stát dá gcuid féin acu, ghlacfadh an saol mór leis nach Polannaigh iad, ach oiread leis na Seicigh. Bhí na Caisiúbaigh go mór faoi thionchar na Gearmáinise, agus a aithne sin ar a chanúint, comh breac agus atá sí le hiasachtaí. Chuaigh go leor Caisiúbaigh leis an Ghearmáinis, agus iad á saothrú mar theanga chultúrtha; bhí siad sách mall ag tarraingt aon mheabhraíocht náisiúnta orthu féin mar Pholannaigh. Cnámh cointinne é i gcónaí an féidir glacadh leis gur Polannaigh iad. B'é an scríbhneoir Gearmánach de phór na gCaisiúbach, Günter Grass, ba mhó a chuir cás na gCaisiúbach os comhair an tsaoil mhóir. I nDanzig a tháinig Grass féin ar an fhód, agus chum sé úrscéalta barrúla fá dtaobh de shaol na háite - úrscéalta a thabhaigh Duais Nobel dó sa litríocht.
Bhí tionchar nach beag ag na Polannaigh ar chúrsaí inmheánacha Dhanzig, agus bunáit mhíleata acu in Westerplatte, taobh leis an chathair. Mar sin, cha rabh na Polannaigh róshásta leis an dóigh a dteachaigh na Gearmánaigh a chardáil cás na SaorChathrach anois. Is fiú cuimhne a choinneáil air nach rabh an Pholainn agus an Ghearmáin ag treabhadh go ródhona le chéile go dtí seo. Bhí lucht rialtais na Polainne comh santach ins na grabhróga a thitfeadh ó thábla Hitler agus gur thapaigh siad an fhaill le líne na teorann eadar an Pholainn agus an tSeicshlovaic a "leasú" anseo agus ansiúd - le caoinchead Hitler, ar ndóighe - nuair a bhí cúrsaí na nGearmáiniseoirí sa tSeicshlovaic faoi chaibidil.
Ní rabh róchuma an daonlathais ar shaol polaitiúil na Polainne ach oiread leis an Ghearmáin, siúd is nach rabh an Marascal Józef Pilsudski leath comh dona le Hitler, ar ndóighe. Ní rabh Poblacht na Polainne i bhfad ar an fhód, nuair a thuirsigh Pilsudski, laoch náisiúnta an neamhspleáchais, de shíordhiospóireachtaí na Pairliminte (nó Sejm, lena hainm Polainnise a thabhairt uirthi). D'ionsaigh sé an Phairlimint, ruaig sé an tUachtarán as oifig agus bhunaigh sé cineál deachtóireacht mhíleata, siúd is gur fhág sé leithscéal éigin de phairlimint i mbun oibre. Lena cheart a thabhairt do mo dhuine, ní rabh bithiúnacht ná Faisisteachas ag roinnt leis: murab ionann agus cuid mhór dá chomhdhúchasaigh san am, ní fear mór frithGhiúdachais a bhí ann, fiú. Bhí sé ina Shóisialach i dtús a chaithréime, ach mar a deireadh sé ina sheanóir dó, "níor thóg mé tram an tSóisialachais riamh ach le tramstad an Neamhspleáchais a bhaint amach". Nuair a shíothlaigh sé sa bhliain 1935, agus ailse an ghoile ag luí air le fada an lá, níor chuir sin críoch leis an deachtóireacht, nó tháinig cineál junta i gcomharbacht air: daoiní de lucht a leanstana a bhí ann, oifigigh airm ach go háithrid, ach ní rabh a chuid dea-thréithre i bpáirt acu leis, agus thoisigh a ghéarú ar an fhrithGhiúdachas agus ar cibé claonadh chun ollsmachtúlachta a bhí ann.
Siúd is gur chaith Pilsudski a sheal féin lena linn ag comhoibriú ar bhonn oirbheartaíochta (taictice) le Gearmánaigh an Impire Uilliam a Dó sa chéad chogadh domhanda, agus é inbharúla go mb'í an Ghéarmáin an céile nádúrtha comhoibrithe don tír, le srianta a chur ar an impiriúlachas ba dual don Rúis, eadar Rúis na Impire agus Rúis na gCumannach - siúd is go rabh dintiúirí páirtíochta leis an Ghearmáin ag Pilsudski, d'fhág sé le hoidhríocht ag lucht a leanstana súil a choinneáil ar Dhanzig, ó b'í an chathair seo an miosúr ab fhearr amuigh le fíordhearcadh na Gearmáine i leith na Polainne a mheasúnú. Mar sin, nuair a thoisigh Ribbentrop a chaint ar Dhanzig a fháil ar ais don Ghearmáin, tháinig athrach gnúise ar fad ar an Ambasadóir Lipski.
Ar an cheathrú lá fichead de Mhí na Samhna 1938, thug Hitler a chéad fhreagra ar eitiú na bPolannach. D'ordaigh sé dá chuid fórsaí armtha forghabháil thobann Dhanzig a ullmhú, ach, a fhad is a chuaigh na cúrsaí, níor theastaigh uaidh cogadh a chur ar barr lasrach go fóill. A mhalairt ar fad: d'áitigh sé ar ardcheannasaí an airm ná go rabh cogadh le seachaint an oiread agus ab fhéidir. B'é an rud a bhí ar na bacáin aige ná a sheanchleas a chuaigh comh maith sin i gcion ar an tSeicshlovaic agus ar an Ostair: an t-atmaisféar cuí a chothú sa chathair le bolscaireacht agus le huisce faoi thalamh polaitíochta, go dtí go mbeadh muintir Dhanzig go léir ag guí Hitler iad a ligint "chun an bhaile ins an Reich" - heim ins Reich - cosúil le Gearmáiniseoirí na Seicshlovaice roimhe sin.
Ag cur lena sheanmhodh oibre dó, thoisigh Hitler a theannadh a chuid éileamh ar an Pholainn anois. Ní rabh Józef Beck, Aire Gnoithí Eachtracha na Polainne, in inmhe an dainséar a aithne in am, ach oiread leis na státairí eile ar bhain Hitler an bhearna díofa lena chuid bealtaí. A mhalairt ar fad. Fearacht Pilsudski, bhí claonadh i ndúchas Bheck bheith rómhuiníneach as an Ghearmáin. Bhí sé creathnach naimhdeach i dtaoibh na Rúise, arbh í bíobha bunaidh na Polainne í dar leis, agus murab ionann is Pilsudski, bhí Beck sách tuigseach i staoibh an Tríú Reich. B'é an Marascal Rydz-Smigly a bhí i gceannas ar an tír go foirmiúil, ach dáiríribh, b'é Beck fear láidir an junta san am.
Ar ndóighe, bhí cúiseanna siosmaideacha ag Józef Beck leis an dearcadh a bhí aige. Bhí eagla air roimh an Rúis Shóibhéadach, agus é ag súil le cúidiú ón Ghearmáin Naitsíoch leis an namhaid mhór san Oirthear a choinneáil faoi smacht. Bhí Hitler sásta ligint air féin go rabh sé ar aon bharúil le Beck fá sin, agus dá thoradh sin, chuaigh sé rite le Beck an fhírinne shearbh a aithne nach rabh deachtóir na Gearmáine ach ag glacadh buntáiste air.
Nuair a d'iarr Ribbentrop an tAmbasadóir Józef Lipski isteach chuige féin in athuair ar an chéad lá fichead de Mhí na Márta, míle naoi gcéad a naoi ndéag is fiche, bhí malairt gnúise air cheana féin leis an chuairteoir. Bhí Hitler ag éirí mífhoighdeach fá dtaobh de Dhanzig. Bhí an Führer sásta comhoibriú leis na Polannaigh in éadan Stailín, - a d'úirt sé - , ar acht nach dtabharfadh an Pholainn aon chúis drochamhrais dó. Theastaigh ó Ribbentrop Danzig a fháil ar ais, comh maith le bealach mór a ghearradh, maille le bóthar iarainn, fríd an stiall talaimh de chuid na Polainne a scar an Phrúis Oirthearach ón chuid eile den Ghearmáin - Polnischer Korridor, nó "Bealach na Polainne", a bheirtí ar an stiall seo. - Dá ngéillfeadh Beck agus Rydz-Smigly do na héilimh seo, - a gheall Ribbentrop do Lipski - bheadh Hitler sásta polasaí frithShóibhéadach a chomhordú i ndlúth-theagmháil leis na Polannaigh chun comhleasa don dá thír.
Fán am chéadna, chuir Hitler gabháltas eile i gcrích, agus é ag baint úsáide as na seanchleasanna aríst. B'í an chathair Liotuánach udaí Klaipeda - Memel, as Gearmáinis - a bhí ag críochantaíocht le Prúis Oirthearach na Gearmáine - a bhí an cheist, nó bhí Hitler i ndiaidh a shúil a leagan ar an áit, agus é meáite ar í a shealbhú don Ghearmáin.
Ní rabh i Memel do Hitler ach bonnachán beag bídh eadar dhá bhéile. B'í an Pholainn an chéad suipéar eile.
Le bheith beacht barainneach, ní rabh sé i ndúchas Hitler fonn pearsanta ar leith a bheith air chun an Pholainn a chloí. Mar a chonaic muid cheana, ba Ghearmáiniseoir ón Ostair é, rud a chiallaigh go mb'iad na Seicigh an náisiún Slavach ba mhó a d'fhuathaigh sé. Ní rabh Hitler ina Phrúiseach: Caitliceach ó Dheisceart na Gearmáine a bhí ann, go bunúsach; ach ba Phrotastúnaigh iad na Prúisigh, agus col nádúrtha acu leis na Polannaigh Chaitliceacha. Nuair a thoisigh Hitler a dh'ullmhú forghabháil agus léirscrios na Polainne, caithfear a aidmheáil go rabh an-tacaíocht leis na pleananna seo ag teacht dó ó na hoifigigh den tseandéanamh Phrúiseach, siúd is go rabh cuid mhór de na daoiní áithrid seo le hiompó in éadan an deachtóra agus iad ag fáil amach fán ródach a bhí ag siúl ar na Giúdaigh. Ní mór focail an Ghinearáil Hans von Seeckt ón bhliain 1922 a lua ins an choimhthéacs seo - b'é William Shirer a thagair don ráiteas seo ar leathanach a sé dhéag ar shé chéad (616) dá leabhar:
Ní féidir glacadh leis go bhfuil an Pholainn ann ar aon nós, nó ní cheadaíonn bunchoinníollacha beatha na Gearmáine é. Caithfidh an Pholainn imeacht de dhroim an tsaoil, agus imeochaidh sí, a bhuí lena fannlaige inmheánach féin, comh maith le gníomhartha na Rúise, agus muidne ag cuidiú leis an Rúis [...] Caithfidh muid polasaí na Gearmáine a dhíriú ar dhíothú na Polainne, mar cheann de na príomhchuspóirí [...] agus is féidir an cuspóir seo a bhaint amach le tacaíocht na Rúise.
Ar an darna lá is fiche den Mhárta, d'fhorghabh na Gearmánaigh Memel (Klaipeda), agus iad ag cloí go dlúth leis an tsean-lámhscríbhinn. Ar tús, chuaigh timirí Hitler a dh'eagrú na nGearmáiniseoirí áitiúla chun cearmansaíochta. Ansin, dheonaigh an Führer a theacht chun fortachta ar lucht seo a chomhdhúchais a bhí go díreach in éis fáil amach fá dtaobh den leatrom uafásach a bhí na Liotuánaigh a imirt orthu, mar dhea.
Mura bhfuair bunadh na Polainne boladh an dainséir ar na himeachtaí seo, níor lá go maidin é. Thuig siad go rómhaith nach rabh i gceist ach réamhléiriú feistithe roimh an ghabháltas ar Dhanzig. Mar sin, b'é an diúltú an t-aon fhreagra a bhí rialtas na Polainne sásta a thabhairt do Ribbentrop, siúd is nach dubheitiú drochmhúinte a bhí ann, ach diúltú dioplómatúil. Ina dhiaidh sin féin, bhí na Polannaigh fonnmhar - ar siadsan - na bóithre fríd Bhealach na Polainne a fheabhsú i gcomhar agus i gcomhthuigse leis na Gearmánaigh. San am chéadna, áfach, dhiúltaigh siad glan amach cearta eistíre a ghéilleadh don Ghearmáin i leith na mbóithre seo - is é sin, cha rabh siad leis na bóithre a dhíolmhú ó dhlí na Polainne ná le caitheamh leofa mar a bheadh limistéar de chuid na Gearmáine iontu. Ba leofa féin flaitheas agus forlámhas a dtíre, agus sin a rabh de. Maidir le Danzig, bhí na Polannaigh sásta stádas na cathrach a athrú i gcomhchainteanna agus i gcomhthuigse leis na Gearmánaigh, aríst; ach ins an am chéadna, bhí sé as an áireamh ar fad cuid den Ghearmáin a ghairstin den áit.
Bhí na Gearmánaigh ar an daoraí ar fad, ach má bhí, d'fhan Beck dian. Nó ós rud é gur chríochnaigh scéal na Seicshlovaice mar a chríochnaigh, bhí lucht rialtais na Sasana is na Fraince ag cur in iúl do mo dhuine nach bhfágfaí na Polannaigh ina n-aonar ins an chruachás chéadna ina bhfuair na Seicigh iad féin roimhe seo. Bhí Chamberlain meallta go mór ag an fheillbheart a d'imir Hitler air fríd an tSeicshlovaic a chur de dhroim an tsaoil, agus é féin i ndiaidh cuidiú leis an deachtóir ins an obair seo!
Mar sin, chuaigh Chamberlain i mbannaí ar an Pholainn, rud a chuir tallann feirge ar Hitler. Dealraíonn sé, fiú, gur chuir sé ábhairín beag eagla ar an tíoránach: an dteachaigh sé thar cailc fá dheoidh?
Sin é an chuma a bhí ag teacht ar na cúrsaí, ar aon nós. Ní rabh Beck i bhfad ag freagairt ar thairiscint na Sasana. I dtús Mhí Aibreáin, thug sé aghaidh ar Londain le conradh fá chomhoibriú mhíleata a shíniú le Chamberlain. Fán am chéadna, d'fhorghabh fórsaí armtha Mhussolini an Albáin don Iodáil - bhí deachtóir na hIodáile ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an dóigh a rabh Hitler ag dul chun cinn.