Le Panu Höglund, Máistir Ealaíon leis an Léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach, Åbo Akademi 1997
De phór na Seiceach iad ar tús muintir Hitler, is féidir. Nó sin é an chuma atá ar an tsloinneadh, ar a laghad - tá an chéad teacht air i dtaifid na mbeireatas i gceantar dúchais Hitler mar "Jidlar", "Jidlarcik" nó a leithéid; cha dtearnadh "Hitler" de ach de réir a chéile, agus lucht an tsloinnidh sin ag déanamh dearmad den tSeicis. Ón taoibh eile de, níl sé deacair sanasaíocht Gearmáinise a dhéanamh amach don tsloinneadh ach an oiread. Is féidir a shílstean gurb ionann "Hitler" agus Hüttler, nó "fear an bhotháin" - "bothán" is brí leis an fhocal Gearmáinise udaí Hütte, cosúil le hut an Bhéarla; agus is gnách do lucht labhartha na gcanúintí Deisceartacha "i" a dhéanamh de "ü" na Gearmáinise.
Ní Gearmánach a bhí i Hitler, ach Ostarach - ein typischer halbgebildeter Schlawiner, mar a thug duine de mhuintir na tíre seo air, "búr leathoilte den ghnáthchineál". Rugadh sa bhliain 1889 i mBraunau é, i gcríocha cúil na hOstaire, píosa beag ar shiúl ó theorainn na Gearmáine agus sách cóngarach do theorainn na dteangacha eadar lucht labhartha na Gearmáinise agus na Seicigh. Náisiún is eadh iad na Seicigh a bhí riamh ag cur as do Hitler. Nuair a tháinig sé ar an tsaol, bhí athbheochan mhór chultúrtha ar obair ag na Seicigh, agus dul chun cinn á dhéanamh acu go géar gasta. Bhí cúirt an Impire Ostaraigh cuibheasach cairdiúil i leith na Seiceach, ar acht go bhfanfaidíst dílis do choróin na hImpireachta. D'fhág an fhorbairt seo mímhuinín ag lucht labhartha na Gearmáinise as na Seicigh, agus is dócha gur le frithSheiceachas a tógadh Adolf óg, seachas le frithGhiúdachas.
Tír Chaitliceach is eadh í an Ostair, comh maith le deisceart na Gearmáine uilig. Waldviertel, nó Ceathrú na Coille, a bheirthear ar an cheantar den Ostair Thíos (Niederösterreich) as a dtáinig bunadh Hitler. Dá réir sin, ba trudairí triúcha iad nach rabh mórán léinn ná sibhialtachta ag baint leofa. Bhain athair Adolf, Alois Hitler, leis an chéad ghlúin dá mhuintir ar éirigh léithi scolaíocht ar bith a tharraingt uirthi, nó ba státseirbhíseach é.
Fear garbh gairgeach a bhí in Alois Hitler nach rabh ag cur suime ach ina chuid beach, nó i mbreis ar a bheith ina státseirbhíseach, bhí sé ag dul le beachaireacht mar chaitheamh aimsire. B'í máthair Adolf an tríú bean chéile aige, agus í leagtha suas aige an chéad uair cheana nuair a fuair an darna bean acu bás. Mar sin, cha rabh Alois ródhian ag tabhairt urraime do theagasc morálta na hEaglaise i gcúrsaí craicinn. B'fhéidir go rabh a shliocht ar an mhac, nó cha rabh a chuid smaoiteachais i dtaobh na gcúrsaí seo ag teacht go róloighiciúil le chéile.
Cha rabh i Hitler ach gasúr óg ag teannadh isteach sna déagaí nuair a d'éag a athair; ansin, d'imigh a mhuintir ó Bhraunau go dtí Linz le socrú síos ansin. Áit ní ba mhó a bhí i Linz, ach ní rabh sí sách mór ag Adolf óg, nuair a chuir sé suim san ealaíontóireacht, agus Vín, an phríomhchathair féin, á mhealladh ionsuirthi. Ina leathstócach dó bhain sé amach an áit le scrúdú iontrála Acadamh na nEalaíon a dhéanamh, ach nuair a chlis an scrúdú air, d'fhan sé sa chathair mar sin féin. Bhí sé beo ar an airgead a mhealladh sé óna mháthair ag cur i gcéill daoithi gur ag staidéar a bhí sé. De réir a chéile, chuaigh an fear óg ar an drabhlás ar fad, agus fá dheoidh dhiúltaigh a mhuintir fá thuilleadh airgid é. Mhair sé ag sní síos doirteal an tsaoil mhóir, go dtí go bhfuair sé é féin ar an bhlár fholamh, cosúil le George Orwell lena linn i bPáras is i Londain. Bhí sé ag siúl na sráide ó dhídean go dídean go dtí go dtearn sé stad is cónaí i gceann acu, áit ar chaith sé trí bliana ar fad.
Bhí Hitler ar imeall na sochaí, ach mar sin féin, bhí gléas éigin beatha air i gcónaí. Siúd is nár éirigh leis giúróirí diana an Acadaimh a shásamh, agus iad ag lorg iarrthóirí a mbeadh gealladh nuála, úireachta nó bunúlachta fúthu, bhí lámh an cheardaí aige (nach ionann í mar rud agus lámh an ealaíontóra, is fiú a thuigbheáilt) ar phioctúracha nó sceitseanna a líniú d'fhoirgintí agus de thithe.
Ní díol iontais é ar aon nós an luiteamas a bhí ag Hitler lena ailtire phearsanta Albert Speer, nuair a bhí sé ina dheachtóir fá dheireadh. Bheadh comhábhair an ailtire i Hitler ceart go leor, ach go bé nár bhac sé riamh leis an scoil an oiread agus ba chóir le theacht isteach ar scoil na n-ailtirí. Le cuidiú Speer bhí Hitler in ann éiric a fháil ins na rudaí fánar diúltaíodh é agus a laghad oideachas a bhí air.
Bhí Hitler go minic i muinín eadarghabhálaithe Giúdacha lena chuid líníochtaí a reic le custamóirí Giúdacha, agus gach seans nach rabh deacrachtaí aige Giúdaigh a chaidreamh ná a ghiúmaráil nuair a tháinig air.
San am seo bhí Hitler ag léamh an cineál ábhair a bhí ar fáil do mhuintir na bplódcheantar i Vín. Bhí na náisiúin óga in Oirthear na hEorpa ag teacht i gcrann, ag éileamh a gcirt ar Impire na hOstaire nó ag cur suim i scarúnachas - is é sin, ag dréim le stáit dá gcuid féin a bhunú agus slán a fhágáilt ag Vín. Ar ndóighe, tharraing a leithéid frithghníomh láidir i measc lucht labhartha na Gearmáinise. Má bhí oidhríocht chultúrtha agus béascna dá gcuid féin ag na náisiúin bheaga, ní rabh d'fhéiniúlacht ag na Gearmáiniseoirí ach an dóigh a rabh siad á gcomhionannú féin le leas an stáit is an Impire. Bhí dáimh áithrid ag an Impire leis na mionlaigh, na Seicigh thar aon dream eile, agus é ag iarraidh maolú ar a míshástacht fríd sheansanna úra scolaíochta is oibre a thairgsint dófa. B'é oighear an scéil, áfach, go mb'fhacthas do lucht labhartha na Gearmáinise nach rabh an tImpire in ann a leithéid a dhéanamh gan baint de chuid na nGearmánach - rud a chuir i dtreo cogaidh iad. Bhí siad ag iarraidh malairt comhairle a áitiú ar na húdaráis fríd a chur in iúl go mb'ionann an stát a fhágáilt faoi na Slavaigh agus an bharbarthacht a chur in áit an chultúir. Bolscaireacht uilig go léir a bhí ann ar tús; ach ó tháinig an chéad mheabhraíocht ar chúrsaí polaitíochta ag Hitler nuair a bhí an cath cultúrtha seo á chur le fada an lá cheana, ní rabh de chéill aigi ach glacadh le duanóga smolchaite na bolscaireachta mar a bheadh fírinne ann.
Na billeoga bolscaireachta a bhí á scabadh ina scórthaí le smaoiteachas seoibhineach na nGearmánach a chraobhscaoileadh ar fud na tíre, ba chuid thábhachtach iad de lón léitheoireachta Hitler agus é ina chónaí i ndídean na mbochtán. Mar a chonaic muid cheana féin, ba dual dó snomh agus col a ghlacadh le cath cultúrtha na Seiceach, ag cur san áireamh cérbh as do mo dhuine. Thairis sin, áfach, bhí frithGhiúdachas den chineál is callánaí á chleachtadh ag cuid mhór de pholaiteoirí na cathrach, go h-áithrid ag Karl Lueger, an tArdMhéara.
Bhí frithGhiúdachas Lueger ina chnámh spairne riamh acu siúd a rinne taighde nó staidéar ar na himeachtaí agus ar na daoiní i Vín sa tréimhse a chaith Hitler sa chathair. Sílim, áfach, gurb é an tátal a bhain formhór na staraithe as Lueger ná nach rabh i gceist aige leis an fhrithGhiúdachas ach cleas toghchánaíochta agus bolscaireachta. ("Wer ein Jude ist, bestimme ich!") Cibé scéal é, bhí lucht a chomhaimsire barúlach gur duine a bhí i Lueger a déarfadh le gach toscaireacht an rud ba mhian leofa siúd a chluinstint uaidh, cuma cé acu Gearmánaigh, Seicigh, Giúdaigh nó frithGhiúdaigh a bhí ann, agus é meáite, thar aon rud eile, cothromaíocht éigin a choinneáil eadar na dreamanna éagsúla i gcathair a bhí as pabhar ilnáisiúnta.
Tá malairt tuairimí ann, áfach, nó is dóigh le cuid de na staraithe gur fanaiceach ceart a bhí i Lueger agus fuath na ndaol aige ar na Giúdaigh. Is léir, áfach, gur mothúcháin nó réamhbhreithiúnais den ghnáthdhéanamh a bhí á spreagadh in éadan na nGiúdach, i mbreis ar uaillmhian pholaitiúil an tuathghríosóra; ní rabh "teoiric an chiníochais" aige. Ar aon nós, tá a chuid féin den mhilleán ar Lueger as an dóigh ar forbraíodh intinn agus smaoiteachas Hitler sna bliantaibh a chuir sé isteach i Vín.
Sa bhliain 1913 d'imigh Hitler ón Ostair leis an tseirbhís mhíleata in arm na tíre sin a sheachaint: ina ionad sin, liostáil sé in arm na Gearmáine nuair a thoisigh an cogadh. Ní rabh aon chaill air ag cur cogaidh: déanta na fírinne, bhain sé amach an Chros Iarainn, comh cróga is a chruthaigh sé i bpáirc an áir. Ní féidir a rádh gur laoch mór cogaidh a bhí ann, ach d'éirigh leis a chuid féin a dhéanamh de shaol an chathéadain agus a chion féin den obair a chur i gcrích go sásúil. Mar is eol dúinn, níor éirigh leis leath comh maith i saol na síochána, agus is deacair gan a shílstean go rabh sé ar duine de na crannlaochra sin ar dual dófa cuimhne an chogaidh a cheiliúradh go lá a mbáis toisc go mb'é an cogadh an tréimhse ab fhearr, an tréimhse ba mhó caradais agus comhluadair, dá saol.
Ar a laghad, is fiú cluais éisteachta a thabhairt d'Émile Durkheim a phointeáil amach ina leabhar fá dhinimic shochúil an fhéinmharfa go dtig laghdú ar líon na bhféinmharaíocha sna tréimhsí cogaidh, ós rud é go bhfuil an dlúthpháirtíocht a chrothnaíonns an féinmharfóir uaidh, - go bhfuil sí ar fáil go flúirseach i saol an chogaidh. Dealraíonn sé go rabh an-chaitheamh ar Hitler i ndiaidh an chineál seo dlúthpháirtíochta nuair a bhí an cogadh thart.
Rug deireadh an chogaidh ar Hitler in ospidéal na saighdiúirí i bPasewalk agus é ag fáil bisigh ón nimhiú gáis a bhain radharc a shúl de go sealadach. (Ar ndóighe, tá siad ann a chreideanns nach rabh Hitler ach ag cur i gcéill go rabh sé dall. Is féidir go bhfuil an ceart acu, ach tá an dá bh'fhéidir ann.)
Nuair a díshlógadh an t-arm, chuir Hitler faoi i München. B'ansin a chuaigh sé i bPáirtí Lucht Oibre na Gearmáine, agus dealraíonn sé nárbh é a thoil féin é ó thús: fuair sé ordú ó oifig faisnéise an Airm a bhí ag coinneáil súil ar shaol polaitiúil na háite. Páirtí tuathghríosóirí a bhí ann a bhí ag iarraidh coinsias sóisialta na Sóisialach a chur in oiriúint do thírghrádh na heite deise leis an scoilt eadar an dá eite polaitíochta a leigheas agus an náisiún a chomhdhlúthú aríst. Bhí tacaíocht nach beag ar fáil don chineál seo smaoiteachais, agus fán bhliain 1920 thoisigh an páirtí a bhunú craobhacha is gasraí nua taobh amuigh den Bhaváir féin. B'é Hitler, agus é comh héirimiúil sin ag óráidíocht, a spreag cuid mhaith den bhorradh seo. Ní rabh aon mhoill air a dhul i gceannas ar an pháirtí.