Saol agus Saothar Coiriúil Adolf Hitler - Cuid a Trí

Príomhleathanach

An Chéad Challán a Tharraing Sé

Le Panu Höglund

Trioblóidí i Halla na Beorach

I Mí na Samhna den bhliain 1923 rinne Hitler agus lucht a thacaíochta an chéad iarracht an chumhacht a ghabháil le láimh láidir - i München, príomhchathair na Baváire i ndeiceart na tíre. Fán am sin, bhí an tír fríd chéile i ndiaidh an chogaidh is na réabhlóide i gcónaí, agus an triúr fear is cumhachtaí ins an Bhaváir, na Ginearáil von Lossow agus von Kahr, comh maith le Ceannasaí na bPóilíní, Seisser, ag diúltú ArdCheannasaí an Airm, von Seeckt, fána ndílseacht, cionn is nach rabh siad sásta comhoibriú le rialtas Dhaonsóisialach Ebert i mBeirlín. Bhí an chuma ag teacht ar an scéal go rabh Lossow agus Kahr ag beartú ionradh ar Bheirlín le rialtas Ebert a ruaigeadh as an oifig chun deachtóireacht náisiúnta mhíleata a chur ina áit. Ní rabh de locht ag Hitler ar na pleananna seo ach an cuireadh nach bhfuair sé féin chuig an chóisir, agus mar sin, chinn sé ar stocaireacht a dhéanamh.

Nuair a tháinig lucht leanstana Kahr agus Lossow le chéile i Halla Beorach na Saoránach - Bürgerbräukeller - le cluais éisteachta a thabhairt do na ceannasaithe agus iad lena straitéis a leagan síos dá gcuid tacadóirí, mháirseáil Hitler isteach le drong amhas - iarShaorÓglaigh a bhí ar inneall troda aige ina ndíormaí ordaithe catha, agus ainm an SA, "na díormaí stoirme" nó "na díormaí ruathair", baiste aige orthu. B'iad lámh láidir na Sóisialach Náisiúnta iad - nó sin é an t-ainm (NSDAP, Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, Páirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine) a thug Hitler ar an pháirtí nuair a tháinig sé i gceannas air. (Caithfear a chuimhneamh, b'fhéidir, nach ábhar adhnua a bhí i ngardaí armtha de chuid páirtithe polaitíochta sa Ghearmáin sa tréimhse chorrach sin. Bhí "arm" príobháideach den chineál seo - Reichsbanner - ag na Daonsóisialaigh féin, mar shampla.)

Shealbhaigh Hitler an t-ardán agus chuaigh sa chrannóg le tús na réabhlóide náisiúnta a fhógairt don phoiblíocht, agus ó bhí fios a leasa féin ag Lossow agus Kahr, cha rabh aon mhoill orthu tacaíocht a mhionnú do Hitler, bagrach is uile mar a bhí a chuid ceithearnach ag breathnú.

Le taoibh an Mharascail

Bhí comhghuaillí láidir ag Hitler le linn ghabháil seo na cumhachta - Ludendorff, iar-ArdCheannasaí an Airm, a rabh cuid mhór saighdiúirí agus iar-shaighdiúirí dílis dó i gcónaí. Mar sin, bheadh seans éigin ag Hitler an iarracht seo féin a chumhacht a bhuanú go ceann tamaill mhaith, ar aon nós, murab ionann sin is a rádh go dtiocfadh leis a dheachtóireacht a chur i bhfeidhm ar an tír uilig, mar a bhí sé le déanamh i gceann deich mbliana. D'fhág sé áiméar, áfach, ag Lossow is ag Kahr a n-éalódh a dhéanamh ó Halla na Beorach, agus go sciobtha fuair sé é féin in achrann leis na fórsaí a d'earcaigh an bheirt sin chun é a stopadh. Nuair a chonaic sé an caochló seo ag teacht ar na cúrsaí, thit an drioll ar an dreall aige, agus b'éigean do Ludendorff é a bhladar chun a chuid fórsaí a shlógadh amuigh agus ruathar máirseála a thabhairt fá lárionaid na cumhachta sa chathair lena thaispeáint go rabh sé dáiríribh.

Éaló i ndiaidh na Teagmhála

Le linn na máirseála tháinig póilíní Lossow agus Kahr in araicis fhórsaí Hitler, agus d'éirigh ina bhruíon lámhaigh eadar an dá dhream. Nuair a bhí an teagmháil thart, bhí ceathrar duine de chuid Hitler sínte marbh, maille le triúr de na constáblaí, agus an reibiliúnach féin ag éaló béal a chinn. Chaith sé an chéad chúpla lá ar a theicheadh in Uffing, taobh amuigh de chathair Mhünchen, ach ansin beireadh air agus caitheadh i dtóin phríosúin é in oirchill na próiste dlí.

Hitler lena Chur chun Bháis?

Bhí Hitler i bponc anois, nó ba léir go gcuirfí ardtréasún ina leith, agus dá gcruthófaí a chiontacht sa choir seo - agus b'éadócha nach gcruthófaí, ó bhí a fhios ag madraí an bhaile go mb'eisean a bhí i gceannas ar na ceannairceoirí - , bheadh sé comh maith aige slán a fhágáil go múinte leis an tsaol seo agus athmhuintearas a lorg ó Dhia: b'é an bás an pionós is túisce a ghearrfaí ar réabhlóideach a bhí i ndiaidh diúltú don údarás dlisteanach agus póilíní maraithe aige. Ar an drochuair don uile dhomhan, thiontaigh sé amach nach rabh port mo dhuine seinnte go fóill.

An Cime ina Idé-Eolaí