Saol agus Saothar Coiriúil Adolf Hitler - Cuid a Ceathair

Príomhleathanach

An Cime ina Idé-Eolaí

Le Panu Petteri Höglund

Os Coinne an Dlí

I ndeireadh Mhí na Féile Bríde den bhliain 1924 a fuair Hitler é féin os coinne an dlí i München. Bhí an t-ádh leis go mb'iad Kahr, Lossow agus Seisser príomhfhinnéithe na gcúisitheoirí, agus d'aithin an tuathghríosóir mór ar an toirt an gaisneas a thiocfadh leis a bhaint as seo. Ar tús chuir sé i gcuimhne do na finnéithe, má bhí sé féin ciontach i gcoir thromchúiseach an ardtréasa, nach mba thaise don triúr acu féin é: nach rabh siadsan i ndiaidh píosa maith bealaigh a chur isteach in éineacht leis féin ag tógáilt uisce faoi thalamh agus ag ullmhú gabháil cumhachta go dtí gur éirigh eadar é agus iadsan go gairid roimh lá an chaighdeáin? Nach rabh a gcuid féin den mhilleán orthu i gcónaí?

B'éigean don bhreitheamh a aidmheáil go rabh an ceart ag Hitler; agus nuair a chrom Hitler ar a ghnáthmhórtas a dhéanamh as an tírghrádh mhór a thug air páirt a ghlacadh sa cheannairc, fuair sé bá agus bualadh bos na poiblíochta, agus iad ag léiriú a dtuigse is a dtacaíocht dó. Thairis sin, tharraing sé na sluaite móra iriseoirí ó gach cearn den tír go München, agus iad ag tógáil grianghrafanna is ag craobhscaoileadh an scéil ar fud na Gearmáine. Bhí ainm Hitler i mbéal an náisiúin, agus b'ansin a d'fhan sé go lá a bháis. Gaireadh laoch náisiúnta de, a bheag nó a mhór; agus ní fhéadfadh an breitheamh gan géilleadh don bhrú ó chóip na sráide.

Ní Bás...

B'é deireadh an scéil go dtáinig Hitler slán sábháilte as an phonc. Mhol an breitheamh a thírghrádh ionraic agus theorannaigh sé é féin don íosmhéid riachtanach ag gearradh téarma príosúin ar mo dhuine. Cúig bliana a fuair sé sa deireadh, ach dáiríribh, bhí sé le scaoileadh saor roimh an chéad Nollaig eile!

Cibé scéal é, ní rabh aon chaill ar an tsaol a bhí aige sa phríosún ach an oiread. Ní rachfadh lá nach dteánfadh sé dreas comhráidh is caidrimh le duine de lucht a leanstana, agus iad ag sílstean an domhain d'achan duanóg chainte dá dtiocfadh thar bhéal an "laoich" is an "mhairtírigh". Mhol siad do Hitler leabhar a chumadh a bheadh ina réalt eolais ag lucht na gluaiseachta fad is a d'fhanfadh an maestro féin i mbraighdeanas, agus rinne sé a n-achainí. Mar a shamhlófá le deachtóir, dheachtaigh sé an leabhar do rúnaithe is do scríobhaithe a sholáthraíodh a chuid carad dó.

...ach AthFhás?

Sin é an dóigh a dtáinig leabhar Hitler - "Mo Chath Féin" (Mein Kampf) - amach an chéad uair, nó an chéad chuid den leabhar iomláin: níl ins an darna cuid, go bunúsach, ach cur síos ar fhorbairt ghluaiseacht na Naitsithe mar a b'fhacthas do Hitler féin í. Is é a bhfuil sa chéad chuid ná forógra polaitíochta Hitler, a chuid barúlacha is smaoitíocha. Agus dáiríribh, níl mórán bunúlachta ná úireachta ag baint leis na tuairimí seo. Bhí Hitler in ann sonrú géarshúileach a chur ins na fadhbanna sóisialta agus an éagóir ina thimpeall le linn é a bheith ag cur faoi i dteach na bhfear dífhostaithe; ach ar ndóighe, nuair a chrom sé ar chúis na bhfadhbanna seo uilig a fháil amach, b'é an t-aon mhíniú amháin a rith leis ná go mb'iad na Giúdaigh údar gach urchóide. Mar a shamhlófá le fear óg urchoillte nach bhfuair sásamh a mhianta gnéis in am, chuir sé spéis sách mífholláin i gcúrsaí craicinn na ndaoiní óga ar bhealach caidéiseach, ag tál comhairlí cleamhnais den chineál is dual do dhuine gan taithí gan tuigse ar an taoibh seo den tsaol; agus is follasach gur taibhsíodh dó lámh thapaidh an Ghiúdaigh eadarnáisiúnta taobh thiar den scor a bhí ag teacht ar an mhoráltacht ghnéis lena linn, dar leis. (Ar ndóighe, níor rith leis riamh go mb'é léirscrios an chogaidh, nó an éiginnteacht eacnamaíochta ina dhiaidh, a ba chúis leis an athrú moráltachta.)

An SeanPhort Céadna go Deo, Deo

Ní miste dúinn briathra Chóiheilit a tharraingt orainn ón Bhíobla anseo: "An ní a bhí ann tráth, is é a bheidh ann go brách; an ní a rinneadh cheana, is é a dhéanfar arís; mar níl aon ní nua ann faoi luí na gréine. Fiú amháin an ní a ndeirtear faoi:'Féach, is rud nua é seo', bhí sé ann romhainn anallód." An cineál clamhsáin agus cnáimhseála a rinne Hitler fá chúrsaí gnéis ina leabhar, ba seanrud smolchaite lena linn féin é, agus is iomaí uair a tchífeá a leithéid ag lucht scríofa seafóide an lae inniu fosta. An teachtaireacht a bhí á reic ag Hitler, ní rabh ann ach an seanphort céadna a chluinfeá ag aon duine in aon áit nó in aon am; is é a bhuaidh chainte thar aon rud eile, agus an draíocht a bhí aige mar phearsa ar dhaoiní eile, a thug a fhad le stiúir an stáit é.

Ní Coimeádach a bhí ann...

Ós rud é go bhfuil barúlacha Hitler comh cosúil sin leis an chineál cantail a chluinfeá ón eite dheis chráifeach sna Státaí inniu, ní miste dúinn an tosach a bhaint den cheist a bhfuil súil agam léithi: an féidir an eite dheis chráifeach agus Hitler, nó an Faisisteachas, a ionannú le chéile?

Is é m'fhreagra féin nach féidir. Is léir go rabh a dhuáilcí féin ag baint leis an chineál "reiligiún" a chleachtaítí in iargúltacht na hOstaire thart timpeall ar Hitler óg agus é ag teacht i mbun a mhéide; ach is róshimpliú é a chuid smaoiteachais a chur ar aon leibhéal le gnáthchoimeádachas na dtrudairí tuaithe. Is é is croí don choimeádachas ná an dochma a chuireanns athrú tobann an tsaoil ar dhaoiní a rabh treoir sheasmhach a saoil acu roimhe seo, agus iad ag glacadh col leis na forbairtí nua atá ag cur isteach ar a slándáil phearsanta féin.

...ach cineál réabhlóidí

Chuaigh Hitler ní b'fhaide ná na coimeádaigh: níor theastaigh uaidh an seansaol deas sábháilte a chur ar bun in athuair, ach réabhlóid a chur i gcrích agus na luachanna uilig a athluacháil. Siúd is go mb'ionann a chuid namhad agus naimhde na gcoimeádach - rud a cheadaigh dó coimeádaigh a bhréagadh chun comhoibre - ní rabh na cuspóirí mar an gcéadna. Bhí sé in ann tacaíocht chuid mhaith Críostaithe coimeádacha a earcú fríd a chur in iúl go rabh sé ag iarraidh an gháirsiúlacht a chloí agus an ghlainíneacht a thabhairt ar ais don mhnaoi. Ina dhiaidh sin féin, áfach, bhí a fhoirceadal ag teacht glan crosach ar fhírinní bunaidh na Críostaíochta, fiú i gcúrsaí na collaíochta. B'é an taobh "Darwineach" den Naitsíochas an chuid ba mhó a chuir isteach ar na Críostaithe.

Darwineachas?

Agus sinn ag baint úsáid as an fhocal mhór udaí Darwineachas, caithfidh muid Charles Darwin féin a shaoradh ón chuid is troime den mhilleán. Ag tabhairt achoimre ar bhunphrionsabal an roghnachais nádúrtha agus na héabhlóide dó, d'úirt sé go mb'ionann é agus "buaidh an té is oiriúnaí" - tabhair fá dtear nár 'úirt mo dhuine a dhath ar bith i dtaoibh na treise ná an urraidh, siúd is go mb'é sin an tátal a bhain Hitler agus a leithéidí as an scéal. Ábhar seitgháirí é, gan aon amhras, ná gurb iad na daoiní ar beagán ratha sa tsaol, na daoiní ar beagán féinmhuiníne an dream is réidhe a théid i dtuilleamaí teoiricí bréagDharwineachais den tseort seo. Daoiní iad, de ghnáth, nach bhfuil cead isteach acu sa tsochaí, agus díomuaidh a mí-oiriúnachta féin ag drannadh aghaidh a craois leofa áit ar bith a dtéid siad. Is é an t-aon bhealach amháin acu a ndíomuaidh a shéanadh ná a bheith ag áitiú orthu féin nach mbeidíst faoi chrann smola ná ar an bhlár fholamh ach meas ceart a bheith ag an tsochaí ar a gcuid buanna. Agus mura bhfuil acu ach buaidh an fhoréigin is an bhruíonachais, áitíonn siad orthu féin nach bhfuil ins na dlíthe, ins an tsibhialtacht ná ins an mhoráltacht ach bréaga de chuid na mboigeartán is na meatachán le lámh láidir an fhir chumhachtaigh a stopadh. Dá mbeadh cead a buille ag an láimh sin, thiocfadh bláth ar an chine dhaonna aríst, agus an éabhlóid ag dul a seanbhealach in athuair, seachas a bheith á cur as a riocht ag srianta mínádúrtha na daonnachtúlachta, na trócaire is na Críostúlachta.

Sin é an cineál Darwineach a bhí in Hitler - duine a shíl go rabh Darwin i ndiaidh argóintí eolaíochta a fháil amach le deireadh a chur le gach rud ach amháin neart brúidiúil an bhuaiteora. Déanta na fírinne, ní ó scríbhinní Darwin féin a fuair sé an spreagadh chuige seo ach ó smaoiteoirí frithdhaonlathacha ar nós Joseph de Gobineau agus Houston Stewart Chamberlain.

Spreagadh an Uaslathachais

Uaisle agus uaslathaigh ab eadh iad Gobineau agus Chamberlain a bhí ag iarraidh a ngaisneas féin a bhaint as smaoiteachas Dharwin lena gcúis polaitíochta féin a chur chun cinn. Sa naoú haois déag, mar is eol dúinn, bhí na haicmí ísle ar fud na hEorpa ag éirí meabhrach ina gcearta agus ina sainleas féin, comh maith leis an neart a bhí iontu mar aicmí ach iad a bheith ag cur le chéile. Bhí an mhúscailt seo ar obair ó réabhlóid na Fraince i leith, agus an Sóisialachas ag cur léithi, ar ndóighe. I bhfianaise na forbairte stairiúla seo, bhí na huaisle ag éirí faiteach fuascrach, agus daoiní acu ag tobchumadh teoiricí aiféiseacha le cúltaca intleachtúil a sholáthar d'fhorlámhas a n-aicme féin.

Shílfeá go mba léir don duine dhall féin an dóigh a rabh Gobineau agus Chamberlain ag tochras ar a gceirtlín féin agus na rudaí a deiridíst. Bhí siad ag áitiú go mb'é barr feabhais a bhfolaíochta (nó a gcuid géinte, mar a déarfaí inniu) a thuill a gcéimíocht shóisialta do na tiarnaí is do na mórúinéirí, agus go mb'ionann an cine daonna a chur ar bhealach a mheata is a thruaillithe agus stiúir na sochaí a fhágáilt ag scroblach na ndrochghéinte ó na haicmí ísle. Coir i gcoinne na nádúra a bhí ins an daonlathas, mar sin, dar leis na fir fhíoruaisle seo.

Lena cheart a thabhairt do Hitler, níor ghlac sé leis na smaoitíocha seo scun scan, gan a chasadh féin a bhaint astu. Nó nuair a thig an cruth ar an tairne bhí sé féin ar duine acu sin nach rabh meas an mhadaidh ag tiarnaí uaisle ar nós Gobineau nó Chamberlain orthu: trudaire triúcha a bhí ann, agus is dócha nach rabh géinte a mhuintire thar moladh beirte ach an oiread, an dóigh is a mbíodh siad ag pósadh colcheatracha dá gcuid féin. Bhí namhaid dá chuid féin aige, mar atá, an Giúdach. B'é an Giúdach a bhí le díothú, dar leisean; níorbh í ceannairc na n-aicmí ísle a bhí ar an chloch ba mhó ar a phaidrín, siúd is go rabh fuath aige ar an Chumannachas; b'fhearr a rádh go rabh sé ag iarraidh a úsáid féin a bhaint as an cheannairc sin. Níorbh iad na seanuaisle ná na tiarnaí talaimh an dream ba réidhe a thacaigh le Hitler, cibé a deir Marxaigh dholeigheasta agus iad ag iarraidh crot a dteoirice féin a chur i bhfeidhm ar an domhan. Scéal eile ar fad, áfach, go rabh na huaslathaigh sásta, comh maith le duine, caithréim an tsaoil agus sásamh a mianta is a n-uaillmhianta a lorg ins an "Ghearmáin Nua" i réimeas Hitler.

Fuarthas an Rabhadh...ach níor cuireadh sonrú ann

Ní rabh Hitler in ann a cheilt cad é a bhí daite dá chuid namhad dá n-éireochadh leis a mhian féin a fháil. Nó ríomh sé an scéal ó thús deiridh ina leabhar, gach rud dá dtearn sé ina dhiaidh sin ina dheachtóir dó. Rinne sé tagairt don dóigh a rabh oirthear na Gearmáine gaibhte ó na ciníocha Slavacha anallód mar chosaint ar an ghabháltas ar an Rúis a bhí á bheartú aige; mar ba dual dó, chuir sé an milleán as díomuaidh na Gearmáine sa chéad chogadh domhanda ar na Giúdaigh, agus é á rádh amach go soiléir "go mb'fhearr fiche míle de na truaillitheoirí Giúdacha a mharú le gás nimhe i dtosach an chogaidh ná rogha na nGearmánach bás a fháil ón ghás chéadna i dtrinsí an chathéadain". Ag Hitler amháin atá a fhios cad fáth nó cén chaoi a stopfadh a leithéid de ródach na Sasanaigh ó ghás a scabadh ar na Gearmánaigh sa chogadh (agus dála an scéil, nach mb'iad na Gearmánaigh féin ba túisce a chuaigh i muinín an gháis, in Ypres sa bhliain 1916?). Ach ar a laghad, cha dtig a chur síos do Hitler nach dtug sé rabhadh roimh ré cad é a bhí sé ag brath a dhéanamh.

SCAOILTE SAOR ARÍST