Dhá lá roimh Nollaig na bliana 1924 fuair Hitler é féin os comhair gheaftaí Landsberg, ag tabhairt a dhroma leis an phríosún. Scaoileadh saor é ar acht go gcloífeadh sé leis an dlí feasta (geallúint nach rabh aon mhoill ar mo dhuine a bhriseadh) agus ceadaíodh dó fanúint sa Ghearmáin, siúd is go rabh saoránacht na hOstaire aige i gcónaí. B'fhéidir go rabh na húdaráis ag dréim le Hitler a dhíbirt ar ais go tír a dhúchais, ach ó bhí sé i ndiaidh páirt a ghlacadh sa chogadh in arm na Gearmáine, bhí na hOstaraigh sách drogallach roimhe, go h-áithrid ó bhí sé ina thuathghríosóir antoisceach mhíchliúiteach a tharraingeochadh trioblóid agus iaróg áit ar bith a dtiocfadh sé.
Chinn údaráis áitiúla na gcúigí Gearmánacha, nó an chuid ba mhó acu, ar Hitler a dhiúltú fá chead a bhéil, fosta. Sa chuid ba mhó den tír, bhí sé coiscthe ar óráid phoiblí a thabhairt uaidh go deireadh na bhfichidí. Cheal cead cainte, ghabh sé leor le h-obair polaitíochta de chineál eile, mar atá, a pháirtí a chur i dtoll a chéile in athuair i ndiaidh an scor a tháinig air i ndiaidh cheannairc an halla leanna. Bhí claontachtaí áithride daonlathais ag tiomsú nirt sa pháirtí, rud nach rabh ag taithneamh le Hitler ar aon nós. Thairis sin, bhí ceannurraidheanna áitiúla nó réagúnda ar nós Joseph Goebbels nó Georg Strasser barúlach go mba chóir don pháirtí díriú ar lucht leanstana an tSóisialachais i measc an lucht oibre ins na cathracha móra, agus iad, dá réir, ag cur béim faoi leith ar eilimintí an tSóisialachais in idé-eolaíocht agus i dteagasc an pháirtí, rud a d'fhág báúil le Rúis na Sóibhéidí ar bhealach dhoiléir iad - agus mar is eol dúinn, bhí a leithéid ag teacht salach ar fad ar smaoiteachas Hitler mar a chuir sé in iúl ina leabhar é.
Thionóil Hitler a mhuintir chun ArdFheise i mBamberg sa bhliain 1926 le scagadh a dhéanamh ar an chineál Naitsíochais a bhí á chraobhscaoileadh ag na mioncheannairí sa pháirtí. Choisc sé iarrachtaí chun comhoibre leis na Cumannaigh agus na Daonsóisialaigh. Bhí sé éirithe le heagraíochtaí áitiúla de chuid na bpáirtithe seo tacaíocht a bhladar ó Naitsithe aonair lena gcuid pleananna chun tailte na dtiarnaí móra a choigistiú is a athroinnt ar na scológa; anois, áfach, chuir Hitler deireadh giorraisc leis an chineál seo rúnpháirtíochta. Cheansaigh sé Strasser agus Goebbels fríd phoist arda a phronnadh orthu sa ghluaiseacht - poist a d'fhág go dian daingean faoina cheannas féin iad - agus rinne sé iarracht a ghreim a theannadh ar an SA, is é sin, gardaí paraimíleata an pháirtí, fríd Ernst Röhm, seanchara dá chuid a bhí ag éirí ró-neamhspleách, a chur i leataobh agus fear níos sochomhairlí a chur ina áit mar cheannaire ar an SA. B'é seo an chéad chomhartha go rabh bláth an SA ag feo.
Nó cha rabh ins na "díormaí ruathair" seo, tar éis an tsaoil, ach traigheamán d'fhir mheánaosta ag ól beorach is ag déanamh bruíonachais leis na Cumannaigh. Thairis sin, ba homaighnéasach é Röhm a rabh a chuid nósanna craicinn ina n-ábhar seanchais, grinn agus míghrinn ag naimhde na Naitsithe. Is minic a chuirtear homaighnéasachas i leith an SA mar eagraíocht, ach is deacair a rádh an bhfuil aon úimléid cheart leis na líomhaintí seo. B'fhéidir nach rabh ann ach iarracht lena chruthú go rabh na Naitsithe ag sárú a gcuid prionsabal féin fríd homaighnéasachas a cheadú is a chleachtadh ina measc féin nuair a bhí siad á dhaoradh ag daoiní eile. Ar an bhealach chéadna, rinne cuid mhór daoiní a ndicheall le sinsir Ghiúdacha a fháil nó a chumadh do Hitler. (Rinne an t-iriseoir Ostarach Hans Bekécsi an chéad iarracht phoiblí den chineál seo; díol grinn é, b'fhéidir, go rabh sé fein, faoin ainm Hans Habe, le míchliú an "nua-Fhaisisteachais" a bhaint amach i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine i ndiaidh an darna cogadh domhanda lena chuid saothar liteartha, agus é ina scríbhneoir bhisiúil choimeádach ag síorchogaíocht in aghaidh na h-eite clí.) Is iad na príomhchúiseanna gur chuir Hitler deireadh eis an SA ná go rabh baill de chuid na heagraíochta seo ag éileamh éiric a ngarbhoibre ar son na cúise, agus iad, fosta, ag tabhairt an iomarca creidiúna don reitric Shóisialach a chleachtaíodh an páirtí.