Ná cromaimis air sin roimh ré, áfach, nó caithfidh muid ar tús ár staidéar a dhéanamh ar an dóigh ar éirigh le Hitler an chumhacht a ghabháil, nó siúd is go rabh luiteamas ag go leor daoiní ar fud na sochaí lena smaoiteachas, cha rabh sé follasach ar aon nós roimh ré go n-éireochadh le cinnire ar sheict chancránach polaitíochta cumhachtaí an deachtóra a bhaint amach.
Creidtear go forleathan go mb'iad na gléasanna sofaisticiúla bolscaireachta is reacaireachta, cosúil leis an raidió agus an scannánaíocht, ba mhó a chuidigh le Hitler a theacht i réim, ag tabhairt le fios go mb'eisean an t-aon duine amháin i bpolaitíocht na Gearmáine a rabh tuigse a dtábhachta agus aisling a gceartúsáide aige. Níl Michael Burleigh ag aontú leis an méid seo, áfach. Tagraíonn seisean do pháirtí liobrálach a rabh "meaisín toghchánaíochta i stíl Mheiriceánach" acu, mar a chuireanns an staraí féin in iúl é, le scannáin, greamaitheoirí agus ciútraimintí eile, ach níor leor na bréagáin seo le mórán tacaíochta ná vótaí a bhaint amach.
Tá Burleigh barúlach gurb é is údar le h-éacht Hitler, thar aon rud eile, ná go rabh sé in ann a insíothlú a dhéanamh ar fud na sochaí go léir, ar achan leibhéal, ins achan aicme. Má bhí sé ag maíomh as an dóigh a rabh sé, mar dhea, ag cur ar ceal na faltanais is na scoilteacha eadar na haicmí éagsúla, ní sheachnaíodh sé ná a pháirtí aon strus ag iarraidh craiceann na fírinne a chur ar an ráiteas seo. Ins na bailte beaga i dtuaisceart na Gearmáine, áit a gcluintear canúintí atá níos cosúla leis an Dúitsis ná leis an Ghearmáinis, agus mímhuinín ag na daoiní as lucht labhartha na teanga liteartha, cuireadh bolscairí ag obair a rabh caint na ndaoiní acu ó thaobh na dtaobhann. Le lucht oibre a bhlandar i leith an pháirtí, tháinig bolscaire a bhí iompaithe ina Naitsí i ndiaidh seal a chaitheamh ina Chumannach. Áit a rabh fuil nimhe ag na scológa do na tiarnaí talaimh, chuir an páirtí fear de phór uasal agus duine d'aicme na scológ féin ag tabhairt camchuairt an cheantair in éineacht, le béim a chur ar an athmhuintearas aicme a bhí an Naitsíochas a thairiscint in áit chogadh na n-aicmí.
Mar sin, b'é an cuspóir a bhí Hitler ag iarraidh a bhaint amach roimh aon chuspóir eile ná go mbeadh gach Gearmánach in ann soiscéala an Naitsíochais a chluinstint an chéad uair ó dhuine dá mhuintir féin - ó dhuine mhuinteartha, ó chomharsanach, ó sheanchara, ó dhuine de lucht a chomhaicme nó a chomhoibre. Tá gach dealramh ar an scéal freisin gur éirigh leofa an gúm áithrid seo a chur i gcrích sách maith. Siúd is nach dtáinig Hitler i réim ina dheachtóir ach sna tríochaidí, nuair a bhí an t-am féin as alt ag an ghéarchéim eacnamaíochta, chruthaigh a pháirtí go réasúnta sna toghcháin roimhe sin féin. Ar a laghad, bhí Hitler ag déanamh i bhfad níos fearr, sna fichidí féin, ná mar a shamhlófá le páirtí simplí tuathghríosóireachta, clampróireachta is cantalóireachta nach rabh d'idé-eolaíocht acu go bunúsach ach fuath ar na Giúdaigh, ar an phoblacht agus ar an chultúr chomhaimseartha.
Ar ndóighe, siúd is go rabh na Naitsithe ag cur i gcéill go rabh siad ag iarraidh seansaol glan Gearmánach a chur in áit na nua-aoise truaillithe, ba nua-aoiseoirí iad féin ó bhearradh go diúra. Gheall siad go gcuirfidíst an t-aicmeachas ar ceal agus sochaí chothrom a chur ina áit. Ní rabh siad róshásta leis an chliarlathas ná le cumhacht na n-eaglaisí ar chúrsaí saolta na polaitíochta is an chultúir. San am chéadna, thug siad le fios go rabh siad in éadan achan chineál mígheanmnaíochta, sóisialachais nó "frithGhearmánachais" sna healaíona agus sa litríocht. Nua-aimsearthacht de chineál eile a bhí siad a thairiscint - nua-aimsearthacht nach gcuirfeadh as don bhuirgéiseach. Mar sin féin, ba réabhlóidithe iad, agus iad ag gealladh, fosta, athluacháil na n-uile luachanna, mar a déarfadh Friedrich Nietzsche. Bhí Nietzsche ar na hainmneacha móra Gearmánacha a bhí á moladh ag na Naitsithe, ach má bhí, níor ghlac siad ón fhealsamh seo ach an chuid ab fhóirsteanaí leofa féin: idéal an osduine nach dtabharfadh isteach do na dlíthe a bhí ag stiúradh saol an ghnáthbhuirgéisigh, comh maith leis an droim láimhe a thug Nietzsche le moráltacht na bhfannlag, is é sin, leis an Chríostaíocht. Cha rabh Nietzsche róshásta leis an fhrithGhiúdachas, ámh, ó ba dual don daoscarshlua shalach é cosúil leis na drochnósanna místiúrtha mímhúinte eile, dar leis an fhear fhoruasal seo. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, rinne na Naitsithe neamhshuim de thaobh seo na seithe i dteagasc Nietzsche, nó bhí siad leis an fhrithGhiúdachas a airdiú ar leibhéal úr ar fad.