Saol agus Saothar Coiriúil Adolf Hitler - Cuid a Seacht

Príomhleathanach

Na Fuilsteanaigh Réamhroghnaithe

Giúdaigh na Gearmáine

Ní mór cupla focal a rádh i dtaobh na nGiúdach ins an Ghearmáin le léiriú éigin a thabhairt ar an tsiabhrán uafásach a bhí ag luí ar intinn Hitler comh trom is gur chuir sé stát láidir nua-aoiseach ag déanamh ródach coiriúil ar dhaoiní neamhurchóideacha.

Cuimhní Cinn na Laetha i Vín

An chéad trácht a fuair mé féin ar na Giúdaigh ar leabhar Hitler, Mo Chath Féin, rinne sé tagairt don chéad uair a casadh Giúdach den tseandéanamh - eadar fhéasóg dhruidte agus chulaith náisiúnta - ar mo dhuine i Vín. Siúd is go mba léir go rabh frithGhiúdachas ar chúiseanna creidimh (na Giúdaigh mar "lucht dúnmharaithe Chríost") á chleachtadh ag a mhuintir thiar i gcríocha corracha cúil na hOstaire, dealraíonn sé nach rabh sé rómheabhrach ins na Giúdaigh mar chine ar leith, ná iad agus a g-"comhcheilg" ina leannán smaoitithe aige, ach nuair a d'aistrigh sé go Vín.

"Chan muidne an cineál Giúdaigh atá i gceist ag Hitler"

Is í íoróin an scéil nach rabh na "Giúdaigh Ghearmánaithe" - Giúdaigh sheanbhunaithe na gcathrach mór ins an Ghearmáin agus ins an Ostair - nach rabh siad féin ródhoirte do Ghiúdaigh na ngeiteonna is na gceantar tuaithe, fir na bhféasóg mór, a chleachtaíodh sean-nósanna agus seanphisreoga a muintire i gcónaí. Na Giúdaigh Ghearmánaithe áfach, rinne siad seó bóthair dá sofaisticiúlacht, ag iarraidh dintiúirí an fhíorGhearmánaigh a bhaint amach dófa ar a gcroídhícheall. Cha rabh ach dímheas acu ar an Ghiúdais, teanga na nGiúdach anoir: seanchanúint Gearmáinise a bhí ann a rabh blas na dteangacha Slavacha uirthi, agus na céadta focail Eabhraise measctha fríthi. Bhí bród ar na Giúdaigh Ghearmánaithe as a nGearmáinis ghlan féin, agus iad ag sílstint gur scigaithris uafásach ar an teanga seo a bhí ins an Ghiúdais. Déanta na fírinne, nuair a tháinig feachtas frithGhiúdach na Naitsithe faoi lántseol, b'iomaí Giúdach seanGhearmánaithe a shíl nach rabh i gceist ag Hitler ach "Giúdaigh ghránna an gheiteo" - na Giúdaigh a bhí so-aitheanta thar na Gearmánaigh ar a gcuma is a gcosúlacht - seachas iad féin.

Siúd is go rabh frithGhiúdachas ar fáil ar fud na sochaí sa Ghearmáin, caithfidh muid ár marana a dhéanamh ar speictream iomlán an ndearcaíocha frithGhiúdacha éagsúla. Bhí daoiní ann agus iad ar mire ar fad ag éileamh fuil na nGiúdach, ach má bhí, ba mhionlach amach is amach iad. Céatadán áithrid eile de na Gearmánaigh, áfach, chreididíst go rabh barraíocht cumhachta ag na "rachmasóirí Giúdacha", agus gá lena baint díofa, ach sin a rabh ann: bhíodh dearcadh den chineál sin ag go leor daoiní nach sílfeadh a dhath de chaidreamh cairdiúil le Giúdaigh aonair nach rabh cuma an "rachmasóra" orthu. Aríst, mura rabh Hitler ábalta nó fonnmhar na Giúdaigh "amha", lucht na hinimirce ó Oirthear na hEorpa, a aithne thar na Giúdaigh chomhshamhlaithe, bhí go leor Gearmánaigh lánsásta aitheantas a thabhairt don difríocht eadar an dá dhream seo. Bhí siad inbharúla, fríd an phíosa, go mb'é an bealach ab fhearr le "ceist na nGiúdach a réitiú" ná comhshamhlú agus comhionannú na nGiúdach leis an chuid eile den tsochaí - go mba chóir do na Giúdaigh, agus go mba leor dófa, iad féin a chló leis an Ghearmáin.

An Ghearmáin - an tír a ghráigh na Giúdaigh

Agus, ar ndóighe, ó bhí na Giúdaigh ina gcónaí i measc na nGearmánach agus ag labhairt a dteanga-san, cha rabh aon chúl orthu ach an oiread gal is gaisce a dhéanamh ar mhachaire an áir ar son na tíre a dtug siad an oiread sin grádh daoithi. Bhí siad an-díograiseach chun a ndílseacht a chruthú. Mar sin, bhí Giúdaigh ag cur catha in Arm Impiriúil na Gearmáine sa Chéad Chogadh Domhanda. Bhí cineál tuigse intleachtúil ag cuid acu, fiú, do na frithGhiúdaigh, agus iad meáite ar an chomhshamhlú, nó chreid siad go mb'é sin an freagra ab fhearr ar dhoicheall na sochaí. Bhí go leor Giúdaigh sheanbhunaithe ag tréigbheáilt na sionagóige, ó bhí sí ag cur thar maoil le lucht na hinimirce ó Oirthear na hEorpa lena gcuid Giúdaise agus nósanna seanfhaisiúnta. Bhí go leor Giúdaigh Ghearmánaithe sásta comhoibriú le frithGhiúdaigh in éadan "iomportáil" na nGiúdach neamhchomhshamhlaithe ón Oirthear. Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin: ba Ghearmánaigh go smior iad, an chuid ba mhó acu, agus an Giúdachas ag dul leofa mar chineál gné bhreise den phearsantacht, díreach cosúil leis an dóigh a rabh an Caitliceachas nó an Protastúnachas ag dul le Gearmánaigh eile.

Chreidtí go fairsing, agus b'é sin an scéal a chreid na Giúdaigh féin, go mb'é Oirthear na hEorpa, ar nós na Polainne agus na hUngáire mar shampla, an áit mhór frithGhiúdachais. B'iad na babhtaí gearrleanúna agus an síor-leatrom thall ansin a chuir d'fhiachaibh ar na Giúdaigh tonnadh isteach sa Ghearmáin ina sluaite síoraí. Nó shíl siad - cosúil le cuid mhaith de na Gearmánaigh, gan aon trácht a dhéanamh ar sheanGhiúdaigh na Gearmáine - gur tír sheansibhialta a bhí ins an Ghearmáin agus nach bhfaighfeadh an frithGhiúdachas an ceann is fearr uirthi choíche.

Gearmánach agus Giúdach in éineacht le chéile

Agus caithfidh muid glacadh leis, ar cibé cuantar atá de dhíth, go rabh daoiní múinte leathanaigeanta sa Ghearmáin agus iad ar a seacht ndicheall ag iarraidh troid a chur ar an fhrithGhiúdachas. Má bhí fuath ag trudairí triúcha ar na Giúdaigh ar chúiseanna reiligiúnda, bhí ministéirí Protastúnacha agus polaiteoirí Caitliceacha ag teacht le chéile, comh maith le cuid mhaith dea-dhaoiní eile, ag cruinníocha d'eagraíochtaí in éadan an fhrithGhiúdachais. Má bhí Naitsithe ag iarraidh na daoiní a chur ag baghcatáil siopaí Giúdacha, bhí go leor daoiní á dtaispeáint féin go maorga malltriallach ag dul a dhéanamh siopadóireachta "tigh an Ghiúdaigh" le teann diúnais ar na Naitsithe. Nó nuair a tháinig an cruth ar an tairne, ní rabh meas an mhadaidh ag cuid mhór den tsochaí ar "lucht na léinte caca", go háithrid a fhad is a bhí siad ag samhlu na Naitsithe leis na pótairí beoirbholgacha, agus na ciontóirí bithiúnta sa SA ag déanamh bruíonachais amuigh sna sráideanna.

Sin é an scéal a bhí fíor nuair a d'fhan borradh éigin eacnamaíochta faoi Phoblacht Weimar. Goidé a tharla, áfach, nuair a tháinig deireadh leis na laethe órga?

An Bláth Bréige ag Meath