Ag tagairt do bhorradh an gheilleagair sa Ghearmáin sna fichidí dó, bhain duine de na staraithe Gearmánacha úsáid as an fhocal udaí Scheinblüte, is é sin, an "bláth bréige". B'iad na hinfheisteadóirí Meiriceánacha a chuir geilleagar na tíre ar ais ar na bonnacha, agus nuair a fuair siad riachtanach a gcuid airgid a tharraingt ar ais, tháinig an ainnise i leaba na socúlachta thar oíche, agus a shliocht sin ar an atmaisféar polaitíochta. Bhí geilleagar na Gearmáine go mór mór i dtuilleamaí an airgid Mheiriceánaigh. Nó níor ghlac na Stáit Aontaithe riamh le conradh síochána Versailles: shocraigh siad síocháin ar leith leis na Gearmánaigh, agus iad sásta creidiúintí agus infheistíochtaí a sholáthar don Ghearmáin le tionsclaíocht na tíre a thabhairt chun nua-aimsearthachta agus le gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh ar achan bhealach, go háithrid fríd an dá phlean comhoibrithe is cabhrach udaí Plean Dawes agus Plean Young.
Thug an ráta dífhostaíochta léim mhór i dtreo na spéire. Ag dul on bhliain 1929 go dtí an bhliain 1932, fuair gach duine dífhostaithe cúigear nó seisear eile mar chomhluadar, agus in aghaidh achan bheirt a rabh jabanna acu, fágadh duine amháin iomarcach. Bhí na sluaite seo ag cur córas na n-árachas sóisialta thar a acmhainn, agus an bochtanas á leitheadú dá réir. Bhí géarchéim polaitíochta ag teacht go tiubh sna sálaí ag an ghéarchéim eacnamaíochta, agus fuair an sean-Mharascal Hindenburg, a bhí ina Uachtarán ar an Ghearmáin, - fuair Hindenburg riachtanach, in éis dó dhá rialtas a scor go tapaidh i ndiaidh a chéile, an phairlimint féin a scor agus olltoghchán úr a fhógairt do Mhí Iúil den bhliain 1930.
D'éirigh go gleoite leis an dá dhream antoisceacha, na Naitsithe is na Cumannaigh. Bhí siad in ann rialtas i ndiaidh rialtais a choinneáil ag guagaíl, agus an Seansailéir ag scor na rialtas go géar gasta ar na saoltaibh seo, ní nach ionadh.
Díol spéise é an fear a bhí ina Sheansailéir sna blianta 1930-1932. Heinrich Brüning ab ainm dó: chaith sé seal i gceannas ar shóibhéid saighdiúirí (!) le linn na dtrioblóidí réabhlóideacha fán am a bhí Ebert ag breith ar an stiúir; ach nuair a bhain mo dhuine amach ríchathaoir an tSeansailéara, bhí sé ina pholaiteoir choimeádach. Ball de pháirtí na gCaitliceach, Zentrum, a bhí ann, mar Bhrüning, agus é ina thírghráthóir idéalach a rabh bonn na Croise Iarainn aige ón chéad chogadh domhanda. Fear mór toilsmachta agus diantréanais a bhí ann fosta, duine a bhí sásta é féin a dhiúltú fá aoibhneas an tsaoil seo, agus más tréithre iad seo a thuill urraim agus ardmheas don duine, ní tréithre iad a thuillfeadh cairde pearsanta dó. Ar aon nós, cha dtearn na tréithre seo polaiteoir maith de mo dhuine, ós rud é gurb ionann mar rud iad polaitíocht - nó polaiteoireacht - agus comhréitiú is eadraiscín.
Maidir leis an chineál caidrimh a bhí ag Brüning leis na Naitsithe, caithfidh muid cuimhne a choinneáil air go rabh meas an laoich chogaidh aige air féin, toisc an Chros Iarainn a bhí aige. Bhí sé thar a bheith míshásta leis an dóigh a rabh na Naitsithe ag iarraidh ainm an tírghráthóra a shealbhú, a choigistiú agus a mhonaplú dá n-úsáid féin.
Cha rabh mórán cuidiú ag teacht ón Uachtarán Paul von Hindenburg leis an Phoblacht a chosaint ar na hantoiscigh. Seansaighdiúir a bhí ann nár mhothaigh é féin róchompordach ina Uachtarán ar phoblacht bhunreachtúil dó; b'fhearr leis fanúint ina theach tuaithe ag déanamh comhráidh le seanoifigigh airm agus seantiarnaí talaimh eile, ag cuimhneamh ar an scoith ama a bhíodh acu in Arm an Impire Uilliam fadó. B'fhéidir nach rabh mórán measa aigesean ar Hitler, ach oiread agus a bhí ag Brüning, ach ina dhiaidh sin féin bhí an chuma ag teacht ar an scéal go rabh an rogha eile ní ba mheasa fós; ar a laghad, bhí níos mó eagla ar leithéidí Hindenburg agus Bhrüning roimh na Cumannaigh ná roimh na Naitsithe.