Fad is a d'fhan aon sracadh ins an Chumannachas, bhí lucht a leanstana sásta a chur ina luí orainn go mb'iad na Cumannaigh an t-aon dream ins an Ghearmáin sna tríochaidí a bhí dáiríribh ag cur in aghaidh na bhFaisisteach. An rabh an ceart acu?
Is deacair gan ach freagra diúltach a thabhairt ar an cheist sin. Is fíor go rabh na Cumannaigh sách naimhdeach i leith na Naitsithe, ach bhí an dá oiread fuatha acu ar an daonlathas agus ar na páirtithe a ghlac leis. Le ciall éigin a bhaint as coincheap an Chumannachais sa choimhthéacs áithrid seo, caithfidh muid, thar aon rud eile, ár marana a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla Cumannachais a bhí le fáil ar fud na hEorpa i dtréimhsí difriúla san fhichiú haois.
Na hintleachtóirí a bhíodh ag suirí is ag súgradh leis an Chumannachas thiar sna seachtóidí, is é mo bharúil féin nach rabh siad go bunúsach ach ag déanamh a gcomhionannú rómánsúil le cúis leathchaillte, agus a chead sin acu, ó b'fhollasach go rabh acmhainní an Aontais Shóibhéadaigh spíonta. Sílim nach mbeidíst in aon ghaobhair do bheith comh díograiseach ag fógairt a ngráidh don Chumannachas dá mbeadh aon fhíorsheans fágtha ag an Rúis Shóibhéadach sna seachtóidí an ceann is fearr a fháil ar an daonlathas in Iarthar na hEorpa.
An tEoraChumannachas a bhí á chleachtadh ins an Iodáil agus ins an Fhrainc (agus tá mé barúlach gur féidir an lipéad céadna a ghreamú d'fhaicsean Aarne Saarinen i bPáirtí Chumannach na Fionlainne féin), cha rabh ann go bunúsach ach sciathán clí an Daonsóisialachais. Bhí páirt thábhachtach acu sa tsochaí dhaonlathach, go háithrid ins an Iodáil, ó bhí an páirtí daonsóisialach ansin sáite go hiomlán i gcamghnoithí an airgid lochtaigh. Ar ndóighe, bhí na páirtithe Cumannacha ag rialú na stát in Oirthear na hEorpa le lámh láidir an deachtóra; ach nuair a tháinig an cruth ar an tairne, ní rabh iontu ach gnáthfhealltóirí ag gníomhú thar cionn na máistrí cóilíneacha: chan idéalaigh Chumannacha a bhí iontu den chineál a rachadh sna páirtithe Cumannacha san Iarthar.
Cé acu cineál Cumannachais a d'inis an fhírinne fán idé-eolaíocht seo - an cineál ollsmachtúil san Oirthear, nó an cineál ceansaithe, daonlathaithe san Iarthar? Is deacair freagra a thabhairt, ach ag déanamh ár staidéir ar ról sochúil an Chumannachais ins an Ghearmáin dúinn, caithfidh muid a aidmheáil - an té a mbeadh luí nó dáimh leis an eite chlí aige, san áireamh - gur drochtheist é iompar na gCumannach sa Ghearmáin réamhchogaidh ar a n-idé-eolaíocht. B'é polasaí oifigiúil Stailín go mb'iad na Daonsóisialaigh na príomhnaimhde - "na Faisistigh Shóisialta" - nach mba chóir oiread is bann amháin comhoibrithe a dhéanamh leofa, ó bhí an réabhlóid Shóisialach (= sainleasanna eachtracha Stailín) ligthe síos acu ar mhaithe le páirt a ghlacadh sa daonlathas "bhuirgéiseach".
Bhí na Cumannaigh, go ginearálta, ag tabhairt ainm mór an Fhaisistigh ar an tsaol mhór is a mháthair, agus iad ag áitiú ar a chéile nach mba chóir an iomarca airde a thabhairt ar bhagairtí Hitler, ó nach rabh aon difríocht bhunúsach eadar eisean agus na "buirgéisigh" eile.
D'úirt teoiric an Mharxachais go rabh "cogadh na n-aicmí le dhul i ngéire" le teacht na réabhlóide Sóisialaí: mar sin, ba dea-chomhartha é teacht Hitler, nó chruthaigh sé go rabh uair na réabhlóide ag teannadh linn, agus faobhar ag teacht ar chogadh na n-aicmí.
Comh déanach leis an bhliain chéadna a tháinig Hitler i seilbh na cumhachta, bhí sé de dhaille in Ernst Thälmann, ceann urraidh na gCumannach, rabhadh a thabhairt do lucht a leanstana "gan áibhéil a dhéanamh de chontúirt Hitler ar chúiseanna tapadóireachta". Is é is brí leis an "tapadóireacht" ná barraíocht béime a chur ar riachtanaisí taicticiúla an lae i gcúrsaí polaitíochta, agus dearmad a dhéanamh den pholasaí fhadtéarmach. B'fhearr le Thälmann cloí go humhal le teoiric neamhsheachránach an Mharxachais.
Dáiríribh, is dócha gur chreid na Cumannaigh nach mba mhiste Hitler a réabhlóid féin a chur i gcrích, nó shíl siad go dtiocfadh leofa féin a dhul i gceannas ar an stát réabhlóideach a thiocfadh as sin, ós iad an dream ab fhearr oiliúint lena aghaidh sin, agus an teoiric Mharxach ag áitiú orthu go mba dual dófa réabhlóid - gach réabhlóid - a stiúradh. Bhí siad ródhoirte don fhocal mhór udaí réabhlóid, agus an foirceadal acu go mb'iadsan a ghnóthóchadh ar achan chineál réabhlóid - gur dea-rud ann féin a bheadh i réabhlóid ar bith.
D'íoc Thälmann deachú na hearráide seo, áfach. Nuair a tháinig na Naitsithe i réim, cha rabh aon mhoill orthu a pháirtí a chosc agus é féin a chimiú is a mharú.
Is fíor gurb iomaí cath a chuir na Cumannaigh ag troid na Naitsithe sna sráideanna. Nó bhí gardaí armtha acu, cosúil le SA na Naitsithe, agus an dá dhream in adharca a chéile go mion minic. Is deacair, áfach, mórán laochais a aithne ar an chineál seo brilsce agus bruíonachais. Cha rabh i n-"gardaí" na gCumannach féin, ach oiread leis an SA, ach traigheamán de bhligeaird shráide nach rabh barraíocht chéille acu don pholaitíocht ná róspéis san fhoirceadal ná ins na hoidim idé-eolaíochta. Aicsean agus sceitimíní, foréigean agus eachtraí a bhí de dhíth orthu, agus ba mhinic daoiní acu ag dul ó thaobh amháin go taobh eile agus ar ais aríst.
Agus an scéal iomlán faoi dhianstaidéar againn, ba deacair a shéanadh gur tearc an cuidiú a bhí ins na Cumannaigh in éadan choinscleo na Naitsithe. Bhí eagla ar go leor daoiní roimh réabhlóid na gCumannach agus deachtóireacht in aithris ar an chóras Shóibhéadach, agus i bhfianaise an dúrud daoiní a bhí ag tacú leis na Cumannaigh agus an chineál taictice a bhí á chleachtadh acu, caithfidh muid a aidmheáilt fosta go rabh cúis inchreidte chraicneach leis an fhaitíos seo. Thar aon rud eile, cha rabh na Cumannaigh ródhoirte don daonlathas iad féin, agus mar sin, ní rabh mórán maithe iontu le bunreacht na Poblachta a chosaint ar na Naitsithe.
Maidir le scéal Horst Wessel, an fear óg a fuair bás an laoich (mar a mhaígh Goebbels, saineolaí Hitler i gcúrsaí bolscaireachta) ag troid na gCumannach, cha rabh ann ó thús deiridh ach éacht dathadóireachta den tseort a thabhaigh a chliú, nó a mhíchliú, do Ghoebbels an ghoib mhóir. Mac ministéara a bhí i Horst Wessel a chaith tréimhse ag foghlaim léinn in ollscoil, ach mar a d'éirigh dá lán i dtoscaí éiginnte na Gearmáine eadar an dá chogadh, thréig sé a aicme shóisialta féin: thoisigh sé a dh'obair ar bhildeáil agus chuaigh sé ins na Naitsithe. Bhí sé ina chinnire áitiúil ar an SA agus ina thimire do pháirtí na Naitsithe. San am chéadna, bhí sé, ar ndóighe, ag troid na gCumannach sna sráideanna agus ag glacadh páirt ins na ruathair a ba nós do na Naitsithe a thabhairt fá thithe itheacháin agus ólacháin a mba "phluaiseanna de chuid na gCumannach" iad, dar leofa.
Bhí Horst Wessel ag suirí le striapach a rabh seal caite aici ag obair d'fhualán a rabh baint aige le dreamanna bruíonachais na gCumannach. Is dócha nach rabh sé rófhurasta Cumannaigh ná Naitsithe a dhealú ó fhochultúr na gciontóirí is na gcoirpeoirí ar an leibhéal íseal seo den tsochaí. Cibé scéal é, bhí an fualán in éad le Wessel fán chailín; thairis sin, bhí Horst Wessel agus an ghirseach ag cur fúthu in áit a fuair siad ar cíos ó bhaintrigh a rabh a fear céile ina Chumannach lena bheo. Nuair a d'éirigh eadar Wessel agus bean an tí fá riaráistí cíosa, rud nach rabh le seachaint b'fhéidir, chuaigh an bhaintreach ar lorg cuidiú ó sheanchomrádaithe a fir chéile leis an tionónta a chaitheamh amach. (Ní rabh próiste eisiachtana ar fáil, ar ndóighe.) Tharraing na Cumannaigh ar an áit mar a bhí socraithe, agus iarfhualán na girsí i gceannas orthu. Scaoil an fualán urchar le Wessel a ghoin go héag é: shíothlaigh an fear óg san ospidéal i ndiaidh roinnt laethanta, agus rinne Goebbels seó bóthair den scéal ina chuid bolscaireachta. An t-amhrán bacach a bhí scríofa ag Horst Wessel do lucht an SA le haghaidh mairseála, gaireadh iomann na Naitsithe de, agus é á ainmniú as fear a chumtha, mar atá, Horst-Wessel-Lied nó Amhrán Horst Wessel.