An tIoslam, cuid a dó

Fuair Ailí bás sa bhliain 661. Duine de iar-lucht a leanstana a thug a bhás, agus é ag taobhú anois le gluaiseacht na gCaraideach: cineál Piúratánaigh Ioslamacha a bhí iontu seo agus iad ag tabhairt droim láimhe le hAilí comh maith le Mú'áibhia.

Is deacair a rádh inniu an "gluaiseacht" a bhí riamh ins na Caraidigh seo dáiríribh. Deir Jaakko Hämeen-Anttila, an saineolaí Fionlannach, an méid seo fá dtaobh de na hIoslamaigh ina leabhar "Islamin monimuotoisuus" ("An tIoslam Iltaobhach"):

Is gádh dearcadh ar na dreamanna luatha easaontais ar a dtugtaí "Caraidigh" mar bhaiclí scoite gan chomhcheangal polaitíochta nó comhtheoiric diagachta, agus iad ag dul chun cearmansaíochta ar an stát Ioslamach. Cha dtig linn trácht ar "Charaidigh" ach ó dheireadh na hochtú haoise anuas, nuair a tháinig na gluaiseachtaí éagsúla chun cinn i measc lucht an Ioslaim atá inaitheanta inniu féin; agus ina dhiaidh sin féin ní féidir ach úsáid an téarma ghinearálta a bhaint as an fhocal udaí "Caraideachas", ós rud é nach gluaiseacht amháin atá i gceist leis ach an t-iliomad acu, agus iad an-éagsúil le chéile.

Ní mhaireann de na Caraidigh inniu ach craobh amháin, na hIobaidigh, nó tá a leagan féin den Ioslam, an tIobaideachas, ina chreideamh oifigiúil ins an Ómáin. Mhaolaigh na céadta bliain ar fhanaiceachas na nIobaideach i leith na Muslamach eile; is fearr leofa inniu, fiú, gan an iomarca cuimhneamh a dhéanamh ar bhunús Caraideach a gcreidimh. Ní féidir mórán difríochta a aithne a thuilleadh eadar a ndiagacht agus an Sunnachas ceartchreidmheach: is deacair a rádh, dáiríribh, cé acu seict chreidimh nó dream eitneach iad lucht an Iobaideachais anois.

Creidtear go minic go mb'iad na Caraidigh an síol as ar eascair an Sítheachas ní ba deireanaí, ach siúd is gur féidir comhchosúlacht áithrid a aithne eadar an Sítheachas agus an Caraideachas, chan ionann iad ar aon nós. Ón taoibh eile de, is léir go bhfuil baint ínteacht ag cath Siffin le breith an tSítheachais, ós rud é go n-ainmnítear an ghluaiseacht seo as páirtí Ailí (shi'át Ali as Araibis).

Cibé scéal é, nuair a dúnmharaíodh Ailí, tháinig Mú'áibhia i gcomharbacht dhoshéanta dhochoiscthe ar an Chailífeacht. Ó shin i leith théadh an Chailífeacht d'oidhríocht ó athair go mac, rud nár thaitin le cách, ós rud é gur post reiligiúnda a bhí ann ó thús, díreach cosúil leis an Phápacht ag na Críostaithe. Mar sin féin, chuir Mú'áibhia tús le tréimhse thábhachtach i stair na Cailífeachta ar a nglaotar an Chailífeacht Úmáigheadach uirthi inniu, ós rud é go mb'iad clann Úmaighea a mhuintir.

D'athraigh Mú'áibhia cosúlacht an stáit Mhuslamaigh ar go leor bealtaí. Thar aon rud eile chrom sé ar an ghléas rialtais a chur ar bun níos daingne. Baineadh a sean-neamhspleáchas de na treibheanna Arabacha, agus b'éigean dófa glacadh leis an Chailífeacht oidhreachtúil, cuma cén drogall a bhí orthu roimpi. Bhí cuid mhór acu inbharúla nach mbeadh aon naofacht ná Ioslamacht ag baint leis an Chailífeacht feasta lena dhealú ó ríochtaí oidhreachtúla lucht an éigreidimh is na págántachta.

B'fhéidir go dtearn an Chailífeacht Úmáigheadach spior spear de go leor de na traidisiúin, go h-áithrid de shaoirse na fánaíochta; ach ón taoibh eile de bhí éirim chun státaireachta i gcailífí na tréimhse seo. Bhí siad ábalta an domhan Muslamach a fhairsingiú agus a choinneáil le chéile in aon stát amháin, agus sibhialtacht an Ioslaim á múnlú is á forbairt i ndlúth-theagmháil le muintir na dtíortha nua-ghaibhte. Ós rud é nach rabh cuid mhór den phobal Arabach ródhoirte dófa, phléasc cogadh cathartha amach sa bhliain 683. D'éirigh le hIbn az-Zubaighir, mac an chéad Zubaighir a dtearnadh trácht air cheana, - d'éirigh leis a dhul i gceannas ar an Iaráic. Rinne lucht leanstana mhuintir Ailí iarracht a dhul chun ceannairce ar mhuintir Zubaighir ins an Iaráic, ach cloíodh iad. Sa bhliain 691 thoisigh an tÚmáigheadach Abdalmailic ar chogadh a chur ar mhuintir Zubaighir leis an Iaráic a ghabháil ar ais uathu, agus bhí an t-ádh leis sa deireadh; ach má bhí féin, char bhain sé amach gnaoi na ndaoiní dá Chailífeacht. Nó b'éigean dó damhgar agus damáiste a dhéanamh ar theampall Mheice féin le hIbn az-Zubaighir a ghabháil is a mharú, rud nár chuidigh ar aon nós le cliú na nÚmáigheadach a ghlanadh ón tseanliomhain nach rabh iomntu ach santacháin shaolta gan urraim don Chreideamh.

Ba tréimhse spéisiúil í i bhforbairt an ardchultúir, áfach, tréimhse na nÚmáigheadach, go h-áithrid an tréimhse dheireanach. Bhí lé is luí ag an Chailíf Iaizid a hAon (a chaith na blianta 680-683 i gceann na Cailífeachta) leis na healaíonta, agus é féin ag cumadh filíochta uaireanta: b'eisean a d'fhostaigh an chéad cheolfhoireann do chúirt na Cailífeachta. Cha rabh aon chaill ar an fhilíocht ach an oiread, nó ba le linn Iaizid a scríobh al-Achtal rogha a chuid dánta. Críostaí a bhí in al-Achtal nach ndiúltóchadh don fhíon, agus é ag déanamh scigmhagaidh fá na Muslamaigh ar bhealach sách gránna go minic, gan aon trácht a dhéanamh ar an úsáid beagnach blaisféimeach a bhaineadh sé as miotais a chreidimh Chríostaí féin! B'iomaí duine a rabh fíor-eagla air roimh pheann ghéar an aorthóra neamhshotalaigh seo, agus é comh gasta sin chun a chuid námhad a chur ina dtost le cupla focal meáite gonta. B'fhéidir go dtarrónfadh a stíl ráscánta bhéalscaoilte trioblóidi air, ach go bé go rabh sé mór leis an Chailíf, i gcruth is nach mb'eagal dó a dhath.

Níor lú gaisce cogaidh na Muslamach le linn na nÚmáigheadach ach oiread. Fórsaí Úmáigheadacha a thug an t-ionradh cáiliúil fán Eoraip nár stopadh ach in aice le Poitiers sa bhliain 732, agus an Spáinn faoi smacht na Muslamach cheana féin. Ba chuid é seo de chomhdhlúthú na sochaí Muslamaí i ndiaidh na gcogaíocha cathartha a fearadh i dtús na ré Úmáigheadaí.

Nuair a bhí an darna cogadh cathartha in éadan Ibn az-Zúbaighir thart, chrom muintir na dtíorthach nuaghaibhte ar an chreideamh úr a ghlacadh chucu go fairsing forleathan. Deirtear fiú go dtigidís ina slóite síoraí ón tuaith go dtí na cathracha a bhí á rialú ag na húdaráis Muslamacha agus iad ag tairgsint a n-iompó a dhéanamh i leith an Ioslaim. B'fhéidir gur scailéathan de chuid lucht na bolscaireachta atá ann, ach ina dhiaidh sin ní féidir a shéanadh gi rabh dóchas mór ag na dreamanna faoi chois i sochaí na dtíorthach seo as an reiligiún úr a bhí ar maos le smaoitíocha fá chóir is fá chothrom na Féinne - mínínteacht nach minic do mhuintir na tuaithe a fháil a bhlaiseadh.

Ní rabh na húdaráis Arabacha comh díograiseach sin ag glacadh leis na nua-earcaigh seo agus mar a shílfeá. Nó is amhlaidh go mb'éigean do lucht na gcreideamh eile seachas an tIoslam cáin ar leith a íoc leis an chiste phoiblí, agus ba mhór an t-airgead a bhí ann - bhí an cháin tábhachtach thar na bearta leis an stát a choinneáil ag imeacht. De réir a chéile, áfach, d'éirigh an dá phobal, eadar Arabaigh agus bhundúchasaigh, táite le chéile, agus na hArabaigh féin ag athrú ó ghabhálaithe bródúla go feirmeoirí socraithe seadaithe suaimhneacha, rud a chuidigh leis an reiligiún nuadh a theacht chun toisigh i measc na mbundúchasach.

Ba ghné lárnach é seo de fhorbhairt ollghabhálach na sochaí Ioslamaí, agus ré na nÚmáigheadach ag teannadh lena deireadh. Tháinig scabadh ins na garastúin a bhí bunaithe an chéad uair leis an tsochaí nuaghaibhte a smachtú, agus arm úreagraithe gairmiúil á n-earcú as measc na ngéillsineach uilig beag beann ar cé acu Arabaigh nó bundúchasaigh a bhí iontu. Bhí na hathruithe seo uilig an oiread sin bunoscionn le sochaí na dtreibheanna fáin inar cruthaíodh an reiligiún seo ar tús, agus go mb'éigean athléamh agus athadhmad a bhaint as dlíthe an Chórain lena n-oiriúnú do na himthoscaí úra. Mar sin a tháinig léann agus lucht léinn an Ioslaim ar an tsaol - na diagairí ('ulamá) agus an diagacht chórasach (kalam).

Chan fhuil an diagacht ná an dlí Ioslamach bunaithe ar an Chóran amháin, nó dá mbíodh, bheadh sé dodhéanta ar fad rialacha soiléire den chineál a shamhlaímid leis an Ioslam a leagan amach do ghnáthshaol na ndaoiní. Níl le fáil ins an Chóran féin ach corrlíne a bhfuil cuma an dlí uirthi, agus an chuid is mó den leabhar ag iarraidh lucht an díchreidimh is an mhíchreidimh a chur ar bhealach a leasa frí ollchumhacht Dé a mhóramh agus gach cineál págántachta nó ildiagachais a ionsaí. Is fusa i bhfad rialacha agus dlíthe a lorg i SeanTiomna an Bhíobla, ina bhfuil, mar is eol dúinn, Dlí Mhaoise leagtha amach go cruinn. Dealraíonn sé, fiú, gur faoi thionchar an Ghiúdachais a múnlaíodh cuid mhór de dhlíthe an Ioslaim. Thar aon rud eile, áfach, bunaíodh an dlí ar an fháithsheanchas, is é sin, ar na scéalta a bhíodh á n-inse ag na daoiní fá dtaobh de shaol Mhuhamad agus a chuid tuairimí ar chúrsaí an ghnáthshaoil. Na scéalta a rabh údar maith leofa, tiomsaíodh ina ndiolaimí iad le h-úsáid a bhaint astu chun bunbharúil an Fháidhe féin a bheith in aice láimhe do lucht caighdeánaithe an dlí, agus iad ag iarraidh breithiúnas eolach a thabhairt ar cheisteanna moráltachta de réir an cheartchreidimh. Haidít nó traidisiún, seanchas, a bheirthear ar na scéalta seo, agus sunna an téarma a chiallaíonns riailbhéas an Fháidhe mar a chuirtear in iúl ins na scéalta haidíte é. Sunnachas, mar is eol do chách, a bheir na Muslamaigh cheartchreidmheacha orthu féin, agus meas an tseicteachais acu ar an tSítheachas.

Tháinig an chéad scoilt eadar lucht an tSítheachais agus lucht an tSunnachais nuair nach rabh siad in ann a theacht ar chomhréiteach fá dtaobh de chomharbacht an Fháidhe. B'é Ailí - mac d'uncail an Fháidhe, Abú Tailíb - agus a stádas ins an chomharbacht a chuir an dá pháirtí in adharca a chéile an chéad uair. Is é is brí le "Sítheachas", nó shi'yat Ali, ná "páirtí Ailí", nó b'é ba rúta leis an tSítheachas ná lucht leanstana Ailí, iad siúd a thaobhaigh le hAilí i gcúrsaí na comharbachta nó na Cailífeachta: bhí siad barúlach go mba chóir d'Ailí, seachas d'Abú Bacr, a bheith ar an chéad Chailif. Chaith clann Ailí na chéad scórthaí de bhliantaibh i ndiaidh bhás an Fháidhe go ciúin, gan a bheith ag lorg cumhachta. Nuair a bhí Ailí féin ag iompar na bhfód, áfach, chuaigh an mac ab óige dá chuid, Husain, le polaitíocht, agus é ag tiomsú lucht tacaíochta ina thimpeall. Is dócha gur chuir sin neirbhís ínteacht ar na húdaráis is na huachtaráin, rud a tharraing callán agus bagairt bháis ar Husain. Sa bhliain 680 fuair sé bás i scliúchas i gCéarbala, ins an Iaráic. B'é an cath beag seo a chuir fíorthús leis an tSítheachas: b'iad an chuid sin de lucht tacaíochta Husain a mhair beo i ndiaidh an scliúchais a chuir bun leis an tseict dáiríribh.