Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Väinö Linna - ag Comhdhlúthú an Náisiúin Scoilte

LINNA, Väinö Valtteri
* Urjala 1920
+ Tampere 1992


Scológa agus spailpíní ab eadh iad a mhuintir ar fad. B'eisean an seachtú páiste dár saolaíodh don bhuistéir Vihtori Linna agus a bhean chéile Marja. B'é Väinö Valtteri an tríú Väinö ar an teaghlach, nó baisteadh an t-ainm céadna ar bheirt mhac eile roimhe, ach fuair siad bás le h-eitinn agus iad ina dtachráin bheaga. Deichniúr clainne a rugadh do mhuintir Linna ar fad. Fuair an t-athair bás le fiabhras cnámh agus Väinö seacht mblian d'aois, agus b'éigean don mháthair a dhul a shaothrú a codach is cuid a clainne.

Ba luath a d'éirigh Väinö tugtha don léitheoireacht. Chuir sé spéis i saothair Jules Verne nó in Treasure Island le Stevenson (bhí an leabhar le fáil as Fionlainnis, ar ndóigh). Ansin thoisigh sé a léamh na gclasaiceach mór Rúiseach ar nós Dostoyevsky nó Tolstoy.

Nuair a shlánaigh sé ocht mbliana déag d'aois, thug sé aghaidh ar Tampere, an mhórchathair tionsclaíochta in aice le hUrjala, agus fuair sé obair i dTeach Mhic Fhionnlaigh (Finlayson) - b'é an tAlbanach Seumas Mac Fhionnlaigh, nó James Finlayson, a bhunaigh an mhonarcha línéadaigh i dTampere, agus b'as-san a h-ainmníodh í. Char chuir Väinö suas go hiomlán do spraoi fhiáin na n-oibríonna óga, agus ba mhilis go leor a bhlaistí an bhiotáilte ar a bhéal féin, ach má b'amhlaidh féin, ní theachaidh sé ar an drabhlás: char chaill sé a chíocras léitheoireachta. Théadh sé i gcónaí chun na leabharlainne ar lorg ábhar úr léite, agus lucht a aitheantais ag déanamh gur "ag freastal ar a ollscoil féin" a bhí sé. Gidh nach fear mór cabaireachta a bhí ann, bhí sé tugtha do chaidreamh is comhluadar na ndaoiní eile ar a nós féin. Bhíodh cluais íogair éisteachta aige d'fhadhbanna a chuid carad, agus é laghach cineálta ar a dhóigh thostach féin, dar leofa. Plúr fear na Fionlainne, a thiocfadh leat a rádh.

Sa bhliain 1940 fuair sé litir chuiridh ón Arm agus chuaigh sna saighdiúirí mar choinscríofach. Ar dtús thug sé a aghaidh ar ionad druileála i Riihimäki, áit a dtearnadh meaisínghunnadóir de. Ionad sealadach traenála a bhí ann ó thús, nó ba le linn Chogadh an Gheimhridh a bunaíodh é, rud a d'fhág blas ínteacht de spiorad comhair is daonlathais an chogaidh sin ar an tseort "druileála" a bhí ar cois ansin. Ní bhítí ag cloí go róbheacht leis na rialacha uilig, agus cuid mhór de ghnáthShádachas agus bulaíocht ghránna na hinlíochta míleata ar iarraidh ansin.

Fuarthas Väinö Linna oiriúnach do scoil na n-oifigeach neamhchoimisiúnaithe agus cuireadh á thraenáil ansin é. Ba bheag scolaíocht a chuir sé de ins an áit chéadna, nó ba chuidiú le gardaí na teorann é bunús na seirbhíse ansin. I gKitee, giota beag ar shiúl ón teorainn nuashocraithe eadar an Fhionlainn is an Rúis a bhí na gardaí seo suite, agus gidh go rabh eagla mhór ar mhuintir ár dtíre ag an am roimh ionsaí nuadh ó Aontas na Sóibhéidí, bhíodh an ceantar síochánta suaimhneach le linn Linna a bheith ansin. Chan mórán eachtraí a dteachaidh Linna fríothu ansin, nó ní bhíodh ar siúl ach amháin gur thrasnaigh corr-sheanfhear an teora úr ar lorg fraochán ar a sheanfhóide ar an taoibh chontráilte.

B'ins na gardaí teorann dó a casadh ar Linna an chéad uair fear den chineál a bhí sé le buanú ina úrscéal mhór cogaidh: an cnáimhseálaí nach bhfuil ach ag fáil locht ar rud ar bith is ag cur lucht an cheannais as a meabhair go dtí go gcruthaíonn sé ina shár-chogaí frí bhreith ar a stuaim ins an dubhfhaopach féin agus na buamanna ag pléascadh amach thart timpeall air.

Chuaidh Linna féin a dhruileáil na n-earcach in ionad traenála Ylämylly agus gradam an cheannaire pronnta air tar éis cúrsa na n-oifigeach neamhchoimisiúnaithe a dhéanamh dó. Nuair a d'ionsaigh an Ghearmáin an Rúis, agus an Fhionlainn ag tacú léithi, bhí Väinö - nó Väpi mar a bheireadh a chuid carad air - ina sháirsint cheana.

B'é an chéad eachtra cogaidh a bhain do Linna an cath i Havuvaara i lár Mhí Iúil na bliana 1941, cúpla ciliméadar soir ón teorainn nuaidh. B'ansin a tuigeadh do Linna an chéad uair nach mireog ná cluiche amháin a bhí i gcogadh ach contúirt a mharfa, agus é ag iarraidh líne de bhuincéirí Sóibhéadacha nuathógtha a ghabháil:

"Bhíomar comh hainchleachtaithe sin agus gur samhlaíodh dúinn nach rabh námha ar bith ann mura rabh sé le feiceáilt ná le cluinsbheáil."

Bhí duine de na hoifigigh neamhchoimisiúnaithe thíos leis an éadromchroíocht seo go tubaisteach, nó nuair a bhí a chuma ar an scéal go rabh sráidbhaile áithrid gaibhte go hiomlán agus ruaigeadh ar na Rúisigh uilig as, chuaigh mo dhuine i mullach ar chró préataí. Bhí snípéir Rúiseach fágtha ar an bhaile agus é ar a sheachnadh i bhfoirgneamh na bunscoile. Fuair sé amharc maith ar an Fhionlannach agus sháith urchar a mharfa ann.

Ba bheag an stangadh é seo áfach i bhfarradh is ar éirigh do Linna go gairid ina dhiaidh. Bhí sé ag seoladh carbhán capaill de chuid lucht an armlóin in éineacht leis an bhuíon d'fhearaibh a rabh sé i gceannas orthu, agus an airtléire Rúiseach i bhfolach i bhfoisceacht don bhealach mhór i nganfhios do na Fionlannaigh. Go tobann chrom na Rúisigh ar lámhach agus na sliogáin thréanphléascacha ag titim anuas ar na fir. Tháinig an comhchruinniú tineadh seo lán-fhormhothaithe ar dhíormaí na Fionlainne, agus cailleadh go leor leis an scaoileadh. B'iad buíon Linna an chéad dhream a bhí thíos, nó nuair a bhí siad go díreach ag dul thar chrann teileafóin, d'aimsigh sliogán Rúiseach an cruinneagán de chlocha a bhí carnaithe thart ar bhun an chrainn lena choinneáil ina sheasamh. Rinneadh smidiríní de na clocha agus iad á séideadh ins achan treo comh maith le bloghanna an tsliogáin, rud a mhéadaigh go tubaisteach ar an dochar a rinn an pléascán áithrid seo don charbhán. Maraíodh bunús mór de bhuíon Linna, agus b'eisean an t-aon duine amháin a tháinig as gan ghránú ar bith, nó fágadh máchail ar an bheirt eile a mhair, agus b'é an buama seo deireadh a gcuid cogaíochta.

Bhí Linna tar éis a chuid comradaithe a chailliúint, rud a ghoill go goimhiúil air. Agus ba sciobtha ina dhiaidh sin a tháinig air páirt a ghlacadh ins na cathanna athuair. Bhí scothdhíormaí na Rúise tar éis an t-oileán Mantsinsaari ins an loch abhalmhór udaí Ladoga/Laatokka a ghabháil as úire i ndiaidh do bharr na bhfórsaí Fionlannacha ruaigeadh a chur ar na Rúisigh ansin an chéad uair. Daoiní cruaite fanaiceacha ab eadh iad na scothfhórsaí Sóibhéadacha a mb'fhearr leofa an oiread d'Fhionlainnigh a thabhairt leofa agus ab fhéidir sula bhfaighidís bás iad féin, ná géilliúint don námhaid agus a dhul i ngéibheann. B'ansin a phléasc duine de na saighdiúirí naimhdeacha gránáid láimhe díreach os comhair Linna, agus roisfí ina stealltracha é go cinnte dearfa ach go bé go rabh an dearg-ádh air, nó chuaigh sé ar foscadh ar an tsoicind dheireannach. Mhair na cathanna thart fá Mhantsinsaari ceithre lá, agus iad críochnaithe ar an ochtú lá fichead de Mhí Iúil na bliana 1941.

Ansin a chuaigh na díormaí Fionlannacha a rabh Linna orthu faoi scáth na gcoillteach mór le theacht ar na Rúisigh ón chúl. Chuireadar díofa astar fada go dtí gur shroich siad na Rúisigh i gKuismajoki, áit a dtearn siad léigear ar an namhaid. Ó ba rud é go bhfaigheadh na Rúisigh lón óna gcuid eitleán, mhair siad fada buan faoin léigear seo féin, agus h-aistríodh aonad Linna go h-áit eile sular críochnaíodh an cath seo.

B'í príomhchathair na Cáiréile Rúisí, Petrozavodsk (nó Petroskoi na Fionlainnise, gidh gur baisteadh an t-ainm saorga Äänislinna uirthi nuair a shealbhaigh na Fionlannaigh í) an áit eile sin. Cha rabh lámh ag Linna sa chath a fearadh chun an chathair seo a ghabháil don Fhionlainn, ach stop a chuid saighdiúirí carbhán de leoraíocha Rúiseacha ag aslonnú solamar bídh agus biotáilte ón chathair dófa. Is léir go dtug na saighdiúirí leofa faoi choim cuid den tsaibhreas seo tar éis dófa na gluaisteáin a ghabháil - rud ar a dtearn Linna trácht fhlúirseach i gceann de na caibidlí is éadromchroíche ina úrscéal mhór.

Ar Lá na Coille 1942 rinn na Rúisigh iarracht línte na bhFionlannach a bhearnú i sráidbhaile ag an abhainn udaí Svir/Syväri, agus í ina líne críochantachta eadar na Fionlannaigh is na Sóibhéadaigh. Bhí Linna ar na fórsaí a cuireadh ó thaoibh na Fionlainne ag toirmeasc na hionsaí seo. Chan aon mhórionradh a bhí i gceist, ach tugadh a lán taismeach ar na Fionlannaigh, agus ba throm a luigh siad ar chroí Linna.

Ina dhiaidh sin chaith Linna trí mhí ar a shocairshuaimhneas, go dtí gur thoisigh na Sóibhéadaigh a dh'ionradh go forleathan ó Lodeinoye Pole go bruach na locha udaí Onega/Ääninen. Bhí fairsingeach portaigh ann nach mbítí á gardáil go róbheacht, agus cheadaigh sin do na Rúisigh a theacht go domhain trasna na línte Fionlannacha sular cuireadh sonrú iontu. Mhair an scliúchas seo deich lá go dtí gur ruaigeadh na Rúisigh agus an tseanlíne críochantachta faoi réim arís. Ba le linn na gcathann seo a mharaigh an sáirsint Fionlannach Viljam Pylkäs leathchéad de shaighdiúirí Rúiseacha gan chabhair ó aon duine eile.

Is iomaí duine a mhaíonns go mb'é Viljam Pylkäs ba bhunchuspa d'Antero Rokka, arb é an príomhlaoch é i gcuid mhór d'úrscéal cogaidh Linna. Is gá gan a ligean i ndearmad, áfach, gur cnáimhseálaí cruthanta is eadh é Rokka nach bhfuil in ann tarraingt ná treabhadh go rómhaith leis na h-oifigigh, nó cha dtugann sé aitheantas d'údarás ar bith nach bhfuil tástáilte go praiticiúil ar mhachaire an áir. Dealraíonn sé nach féidir Pylkäs a ionannú go h-iomlán le hAntero Rokka, nó ní rabh i gceist aigesean ach éacht aonair. Ní máistir ceirde cogaíochta gan sárú a bhí i bPylkäs, mar atá i Rokka an úrscéil, ach gnáthshaighdiúir réasúnta maith ar éirigh babhta mór amháin gaisce leis. Is gá a phointeáil amach go dtearn Pylkäs iarracht a theacht i dtír ar an challán a tharraing leabhar Linna sna caogaidí, nó d'fhoilsigh sé féin leabhar faoin teideal Rokka: rud soiléir é nár choisc a náire air é féin a chur ar comhleibhéal le laoch miotaseolaíochta an úrscéil.

Thar éis eachtra an phortaigh chuir Linna samhradh agus fómhar na bliana 1942 isteach ag gardáil na habhainne Svir. Ní rabh i gceist ansin go bunúsach ach cogaíocht na dtrinsí, ach mura rabh, bhí ionad ceannais Linna suite go míchmpordach in áit a bhí inaimsithe ag snípéirí na Sóibhéidí. Gidh nach dtángthas slán gan taismigh ansin ach oiread, d'éirigh le Linna an baol a sheachaint.

Sa bhliain 1943 cuireadh Linna ag druileáil earcaigh i bhfad ar gcúl ón chathéadan. Chaith sé cupla mí ag cur cúrsa de i scoil mhíleata Hämeenlinna agus thug aghaidh ansin ar ionad traenála Mhustiala. Go gairid ina dhiaidh sin h-aistríodh an t-ionad ó Mhustiala go Miehikkälä in aice le teorainn na bliana 1940.

Níor cuireadh ar ais sna trinsí é ina dhiaidh sin, nó chruthaigh Linna ina dhruileálaí mhaith nach mba mhian leis na hoifigigh a chailliúint i gcath. Ba shocair sonasta an saol a bhíodh aige, dar leis féin, i Miehikkälä.Bhí an sáirsint óg ina fhear mhór spallaíochta anois, agus d'éirigh leis cailín an cheaintín i Miehikkälä - Kerttu Sauri ab ainm daoithi - a bhréagadh ionsair. Pósadh iad faoi dheireadh an chogaidh.

San am seo a chuaidh aisling scríbhneoireachta Linna á múnlú. Bhí sé tar éis an chéad iarracht ins an cheird seo a chur de cheana, nó de réir mar a bhí a chomplacht ag ascnamh, bhreacadh sé síos imeachtaí gach lae. Chuir sé an chín lae seo chuig an teach foilsitheoireachta udaí Werner Söderström, ach níor glacadh léithi le foilsiú, gidh gur aithin sainléitheoir an tí foilsitheoireachta an acmhainn a bhí ins an ábhar scríbhneora óg.

Tar éis an chogaidh phill Väpi ar ais go Tampere le cromadh ar a sheanobair tigh Mhic Fhionnlaigh athuair. Fán am chéadna chuaigh sé i mbun pinn. Bhí sé ag caidreamh lucht na litríochta i dTampere sna blianta 1946-1956, agus na chéad leabhartha á scríobh aige.

Tháinig an t-úrscéal beag Päämäärä (An Cuspóir) amach sa bhliain 1947. Cha rabh ann go bunúsach ach cur síos dírbheathaisnéise ar shaol an oibrí óig ag iarraidh cáil scríbhneora a bhaint amach dó agus ar na daoiní is na fórsaí á mhúnlú is ag fágáilt a sleachta air. Foilsíodh an dara h-úrscéal sa chéad bhliain eile: scéal fá thriantán an ghráidh a bhí ann, agus é suite i measc an lucht oibre i dTampere. Musta rakkaus (An Grádh Dorcha) ba teideal don leabhar seo.

Ina dhiaidh sin, agus é míshásta go leor lena rabh scríofa aige cheana, thoisigh Väpi ar scéim uaillmhianach, nó b'é an cuspóir a chuir sé roimhe anois ná ceisteanna móra an tsaoldearcaidh is na meitifisice a chardáil in úrscéal mór faoin teideal "Meisias". Theip an iarracht seo air, agus mhair sé frí ghéarchéim ina chuid scríbhneoireachta go dtí go bhfuair sé a bhealach cheart - úrscéal mór éipiciúil fá imeachtaí na staire comhaimseartha. Mar sin a cruthaíodh Tuntematon sotilas (An Saighdiúir Anaithnid).

Foilsíodh an leabhar go gairid roimh Nollaig na bliana 1954, ionas go rabh ar chumas an lucht siopadóireachta an leabhar a cheannacht mar fhéirín fá choinne chrannlaoch an teaghlaigh. Cuma mholtach a bhí ar na chéad léirmheasanna: bhí cuid de na léirmheastóirí ag fáil mionlochtannaar an leabhar, ach má bhí féin, d'aontaigh siad le chéile fá dtabh d'ardtábhacht an leabhair do litríocht na Fionlainne.

B'é barúil an chéad leirmheastóra riamh a thug faoin tSaighdiúir Anaithnid - Jaakko Toiviainen, agus é ag scríobh ar Pohjolan Sanomat - gur sárleabhar a bhí ann tar éis an tsaoil, siúd is nach rabh sé róshásta leis an drochbhail a thug Linna ar na hoifigigh, nó ba dóigh leis nach rabh fiú meas an duine dhaonna ag Linna ach ar na hoifigigh neamhchoimisiúnaithe is na gnáthshaighdiúirí.

Chuaigh Voitto Viro ar Kotimaa, nuachtán na hEaglaise Liútaránaí, i bhfad ní b'fhaide, nó d'úirt seisean gur "Iliad na Fionlainne" a bhí ins an úrscéal seo; agus d'aontaigh Vilho Suomi ó Uusi Suomi leis, agus é ag barúil gur leabhar fírinneach ionraic fá dtaobh de chogadh an ghnáthshaighdiúra a bhí i gceist thar aon rud eile. B'é an leifteanantchoirnéal Martti Santavuori (Aamulehti) an chéad léirmheastóir le cúlra míleata a chardáil úrscéal Linna, agus ní rabh seisean ródhiúltach faoi ach oiread, agus é ag moladh "lorg láimhe an tsaighdiúra oilte" ar an chur síos a thug an t-údar ar imeachtaí cogaidh.

Fear óg darbh ainm Jörn Donner, agus é le h-éirí ina scríbhneoir is ina scannánaí mhór ins na bliantaibh a bhí le theacht, b'eisean an chéad duine a chuir roimhe léargas ar an leabhar a thabhairt do lucht labhartha na Sualainnise. Ba dóigh leisean gur bhuail Linna buille in éadan na bolscaireachta bréige "thírghráidh" lena leabhar mhór fán tsaighdiúir bheag, agus é ag maíomh gur tragóid a bhí i gceist a rachfadh i gcion ar an náisiún uilig.

An chéad léirmheas diúltach a tharraing "An Saighdiúir Anaithnid" air b'as peann Toini Havu, agus í ag scríobh ar Helsingin Sanomat, a tháinig sé. D'aidmhigh sí gur fear mór dea-stíle a bhí i Linna; ní rabh sa chuid eile den léirmheas, áfach, ach lochtú. Chuir sí i leith Linna nach rabh seisean in ann ach "peirspictíocht an fhroga", nó léargas mantach an ghnáthshaighdiúra, a thabhairt ar an chogadh, gan spéis ar bith a chur i bpioctúir ionlán na n-imeachtaí, ins na treoirlínte móra á dtarraing ag lucht na ceanncheathrún. Duine neamhthuigseach ar fad a bhí i Linna, dar léithi, nach rabh ach ag aithris cnáimhseáil is mairgneach na miontsaighdiúirí: b'é an rud ba chóra a dhéanamh, dar le Havu, ná an riachtanas cogaíochta a léiriú is a mhíniú a chuireanns d'fhiacha ar lucht a gceannais an chnáimhseáil seo a bhaint as na saighdiúirí. Is Cairéileach é Rokka, an phearsa is mó cnáimhseála ins an úrscéal, agus b'é an tátal a tharraing Havu as sin go rabh Linna ag iarraidh saighdiúirí Cairéileacha a mhaslú. B'iomaí rud aiféiseach a d'úirt Havu ina léirmheas, ar nós an ráitis seo: "Daoiní indibhidiúla iad saighdiúirí an chogaidh seo, a deir Linna, agus é ag ligean i ndearmad gurb é an duine is mó indibhidiúlachais an té a íobraíonns a indibhidiúlacht do chúis níos airde" (ná a indibhidiúlacht, b'fhéidir...) Aidmhíonn Havu nach drochshaighdiúir gach cnáimhseálaí; b'fhuath daoithi áfach Koskela, "dea-eiseamláir an oifigigh dar le Linna", nó ní rabh i gKoskela dar léithi ach súgán gan chasadh gan údarás agus é ag cairdeasaíocht lena chuid fo-dhaoiní. "Ní doiciméad údarásúil é", arsa Havu agus í ag tagairt don leabhar; ach cé a d'úirt gur "doiciméad údarásúil" a ba chóir a bheith i saothar litríochta nó filíochta? AR LEAN

GEOCITIES - YOUR FREE HOME PAGES!