ERNO PAASILINNA


Rugadh Erno Paasilinna sa bhliain míle naoi gcéad tríocha a seacht ins an cheantar udaí Petsamo cois na Mara Arctaí. Ní rabh sé ach cúpla bliain d'aois nuair a d'ionsaigh Stailín an Fhionlainn, agus bhí Petsamo ar an chéad cheantar dár gabhadh. B'éigean do bhunadh na háite éaló roimh dhíormaí na Rúise gan athlonnú a bheith réamheagraithe ag na húdaráis ach fá choinne an lucht rachmais. Thug muintir Phaasilinna aghaidh ar an Ioruaidh in éineacht lena gcuid comharsan, ach nuair a bhaineadar amach ceann a scríbe, thoisigh eitleáin na Gearmáine a ligean buamaí ins an mhullach orthu, agus díormaí Hitler ag gabháil na hIoruaidhe fán am chéadna seo. B'éigean do lucht an éalóidh teitheadh arís, agus iad ag siúl trasna na sléibhte i dtreo na Sualainne faoi ionsaí na n-eitleán.

Mhair an teaghlach ar deoraíocht sa tSualainn go deireadh an chogaidh, go dtí go bhfuair siad teach nuadh i gceantar aistreánach chúlriascmhar eile, mar atá, Varejoki (Tervola) ins an Laplainn, agus an Fhionlainn tar éis Petsamo a ghéilleadh do na Sóibhéidí. Ba bheag suarach an teach é, agus mar bharr ar an tubaiste fuair an t-athair bás le galar na scamhán go gairid in éis an chogaidh.

Bhí saol deacair ag a chlainn fosta, ach má bhí féin, d'éirigh le tríúr dearthárach acu teacht in éifeacht agus cáil a bhaint amach. Rinneadh scríbhneoir grinn d'Arto; ghlac Reino páirt ghníomhach i bpolaitíocht ina fheisire do Pháirtí Daonlathach Sóisialta na Fionlainne; agus chuaidh Erno le hiriseoireacht is le scríbhneoireacht dháiríre. Chaith sé seal fada ag déanamh eagarthóireachta ar Pohjoinen ("An Tuaisceart"), iris chultúrtha a bheireadh dúshlán na ndreamanna seanaimseartha coimeádacha i gcathair a foilsithe, Oulu. Tar éis an obair seo a fhágáilt dó fuair sé post mar threoraí liteartha ag teach beag foilsitheoireachta ag roghnú saothair nuadha is á gcur in eagar.

Síochánachas is frithchléireachas - frithreiligiúnachas is frithmheitifísiceachas fiú - is bunchlocha do shaothar liteartha Erno Paasilinna. Ins an am chéadna áfach níor shéan sé a dhúchas tuaisceartach ariamh. Mar shampla, tá dianléitheoireacht déanta aige ar shaothair cheannaire mór reiligiúin na Laplainne, Lars Levi Laestadius, agus tig a rádh gur eiseamláir scríbhneoireachta é an seanmhóirí seo do Phaasilinna, a throime is a cháineanns sé lucht leanstana Laestadius, an ghluaiseacht mhór reiligiúnda i dTuaisceart na Fionlainne, na hIoruaidhe is na Sualainne. San am chéadna tá sé ag déanamh mórtais as éagmhais an reiligiúin ina shaol, agus déarfainn go bhfuil sé ar an aindiachaí is déine dár casadh orm i litríocht na Fionlainne.

Is minic, áfach, a ritheanns liom gur laige é an frithreiligiúnachas seo ina chuid aistí. Mar shampla, ag déanamh cur síos ar bhuanna stíle Laestadius ghní sé gearán faoi nach dtearn an fear sainiúil seo ach briathar Dé a chraobhscaoileadh seachas réabhlóid shóisialta a chur chun cinn. Ba mhaith liom a fhreagairt ar Phaasilinna anseo gurb iomaí uair a chuir réabhlóid shóisialta fallaing an reiligiúin uirthi féin. Nuair a d'ionsaigh Laestadius ólachán mhuintir na Laplainne, staonaireacht pholaitiúil a bhí i gceist ar go leor bealtaí. Nó b'é ba chúis leis an phótaireacht ná go rabh lucht na siopaí is fir an ghaimbín ag iarraidh féinmhuinín is féiniúlacht chultúrtha na Laplannach a léirscrios fríd bhiotáilte a dhíol leofa - d'aonturas a bhíthí á mblandar chun alcólachais. Ceannairc in aghaidh an bheartais seo ab eadh é an cath a chuir lucht leanstana Laestadius in éadan na biotáilte. Ceist eile ar fad é gur gluaiseacht choimeádach éadulangach dianchreidimh atá inti inniu: is iomaí réabhlóid shóisialta a chuaigh chun donais mar sin.

Ar an drochuair tá Paasilinna róspleách ar fhrithreiligiúnachas "uathoibríoch" na seascaidí le bheith in ann an agóid shóisialta a aithne ins an ghluaiseacht reiligiúnda. Is rud tipiciúil é, is dócha, nach bhfuair mé aon tagairt chuimsitheach ina chuid scríbhinní do réabhlóid na "Dlúthpháirtíochta" nó Solidarnosc ins an Pholainn. Is dócha nach rabh a intinn frithreiligiúnda ábalta an cheannairc seo a thuigbheáil ná aon léamh a bhaint aisti. Ní rabh sí ag teacht lena chuid putóga, de réir cosúlachta.

Is cuid lárnach í de scríbhneoireacht Phaasilinna ná tuathghríosadóireacht nó "cosmhuintireachas" - sin an focal Gaeilge a cheap mé le populism a aistriú - seadh, cosmhuintireachas dá dhéantas féin. Bíonn sé ag tacú leis an "chosmhuintir" i gcónaí, agus é ag dul thar fóir le sin uaireanta. Go pearsanta, ba mhaith liom an aiste sin dá chuid a chardáil a scríobh sé fá dtaobh de leitreacha na ngnáthléitheoirí ar na nuachtáin laethúla. Nó b'é an dearcadh a bhí aige gurb é guth macánta na cosmhuintire - na cosmhuintire céadna a adhraíonns sé mar a bheadh Dia féin ann - a labhranns ins na leitreacha seo agus gurb é guth an choimeádachais shláintiúil é. B'olc a thaithin an t-idéalú seo liom, nó ba chóir don Uasal Paasilinna a fhios a bheith aige, mar sheanleon iriseoireachta, gur minic a roghnaíonns lucht eagarthóireachta an nuachtáin na leitreacha is fóirsteanaí le polasaí an pháipéir a athneartú is a thathantú ar na léitheoirí. Rinn sé droichead de fosta gur minic a fhoilsítear ionsaithe pearsanta nó eascainí ciníochais ins na colúin chéadna. Ní fear mór "coimeádachais" é ar aon nós, agus is mór an díol iontais domh é gur ar an taoibh seo a gheibheanns sé ábhar a mholta ar an choimeádachas.

Gidh gur chuir Paasilinna cath ar son luachanna na seascaidí, charbh ionann eisean agus intleachtóirí eile na linne, agus cónaí air in Oulu i dtuaisceart na tíre. Na caismirtí cultúrtha ar mhair lucht na seascaidí ina ndream comhdhlúite in Heilsincí fríothu, b'éigean d'Erno Paasilinna iad a sheasamh ina aonar dó, agus lucht an rachmais, an ardoideachais is an fhrithghníomhachais ag caitheamh anuas air is ag cur cumannachas is cúl-le-ciníochas ina leith. Daoiní as measc an lucht oibre amháin a thacaigh leis, is dócha, agus dealraíonn sé gur chuir an tacaíocht seo leis an chlaonadh chun cosmhuintireachais. Is féidir a rádh nach bhfuil de Dhia ag Paasilinna ach an chosmhuintir chéadna.

Bhí an t-ádh ar Phaasilinna é a bheith scartha ó fhaisiúin pholaitíochta Heilsincí, nó cha dtearn sé lá aithrise ar intleachtóirí na príomhchathrach agus iad ag iompó i leith an Nua-Stailíneachais sna seachtóidí. Chloígh Paasilinna ina aonar le liobrálachas clé na seascaidí.

CLÁR A SHAOTHAR:


Kylmät hypyt (Na Léimeanna Fuara) - téacsanna aoire (1967)
Alamaisen kyyneleet (Deora an Ghéillsinigh) - téacsanna aoire (1970)
Mainio vallankumous (An Réabhlóid Ghlórmhar) - altanna (1972)
Synnyinmaan muistot (Cuimhní Cinn na Tíre Dúchais) - téacsanna aoire
Timo K. Mukka - beathaisnéis fá dhuine de scríbhneoirí móra Thuaisceart na Fionlainne a fuair bás go hóg(1974)
Lukemista kaikille (Léitheoireacht fá choinne achan duine) - altanna (1975)
Valitut satiirit - rogha na dtéacsanna aoire (1976)
Kadonnut armeija (An tArm ar lár) - úrscéal (1977)
Musta aukko (An Dúpholl) - nathanna (1977)
Siperialainen estetiikka (Aeistéitic na Sibéire) - aistí (1978)
Kaukana maailmasta (I gCéin ón Domhan) - stair Phetsamo, imleabhar a h-aon (1980)
Maailman kourissa (I nGlaic an Domhain) - stair Phetsamo, imleabhar a dó (1983)
Yksinäisyys ja uhma (Uaigneas is Dúshlán) - aistí (1984)
Alamaisten elämää (Saol na nGéillsineach) - diolaim aoire (1985)
Kansan palvelijoita (Searbhóntaí an Phobail) - cnuasach altanna (1986)
Maailman sanoja ja tekoja (Briathra is Bearta an Domhain) - nathadóireacht (1986)
Majuri Holterin uroteko (Éacht an Mhaoir Holter) - altanna is aistí (1987)
Kotiseudulla ja vierailla mailla (I gComhgar is i gCéin) - sé scéal turasóireachta (1988)
Lausui alustaja, joka korosti (Mar a d'úirt an tionsclóir comhráidh, agus é ag béimniú) - diolaim nathadóireachta (1989)
Kauppamiehet isänmaan asialla (Na hOcastóirí ina dTírghráthóirí) - altanna diospóireachta (1991)
Petsamo - athfhoilsiú stair Phetsamo in aon leabhar amháin (1992)
Nuoruusaikoja (Laetha m'Óige) - gearrscéalta (1992)
Tosikertomuksia (Fíorscéalta) - aoirscéalta (1993)
Tähänastisen elämäni kirjaimet (Litreacha mo Shaoil go dtí seo) - dírbheathaisnéis (1996)
Riita maailman kanssa (I nDeabhaidh an tSaoil) - seanaltanna nár foilsíodh (1997)

THIS IS A GEOCITIES PAGE. GET A FREE HOME PAGE NOW!