AN FÍCHIÚ hAOIS - CAD É AN RUD A BHÍ ANN?

An Darna Cuid

Le Mark Rosenfelder

CÚIS NA mBAN: Níl an glacadh céadna le cothrom na ngnéas, ach is cuid den fhórsa oibre iad na mná inniu, rud nach féidir a chur ar ceal a thuilleadh; agus na mná óga atá ag fás aníos inniu, tá súil acu le cothrom na Féinne ar scoil, ag obair agus, fiú, i gcúrsaí cumainn agus cleamhnais. Cibé adhnua a bhí ag baint leis an mhnaoi in áit an údaráis fadó tá sé ag tréigbheáilt go géar gasta. Aríst, bhí na coimeádaigh in éadan achan chineál dul chun cinn, cuma cé acu vótaí do na mná, mná i mbun "obair na bhfear" nó cothrom páighe ar son cothrom oibre a bhí i gceist.

CÚRSAÍ COMHSHAOIL: Agus iad ag iarraidh míchliú a tharraingt ar ghluaiseacht chosanta an chomhshaoil, níl de sheans ag na coimeádaigh inniu ach a dhul ar lorg na bhfanaiceach is áiféisí dá dtig siad trasna orthu (is maith an sampla í an eagraíocht udaí PETA). Níl siad in ann a thuilleadh deatach nimhe, locha marbha ná dumpáil dramhaíola a chosaint go díreach. Is deacair duine a fháil nach n-aidmheochadh comh riachtanach agus atá sé bithsféar ár bpláinéid a choinneáil beo.

CEARTA NA bhFEILEACÁN: Cúis achrainn is argála is eadh iad na homaighnéasaigh i gcónaí, ach is ábhar eile é a bhfuil an mícheart ar fad ag na coimeádaigh ina leith; agus má bhí meas an radacaigh scanrúil inné ar an té a d'éiligh go nglacfaí leis an homaighnéasachas, níl ann inniu ach gnáthchuibheas, gnáth-dheabhéasaíocht agus gnáthdhaonnachtúlacht. Ní chaithfidh tú grádh a thabhairt do na feileacáin ná do na leispiaigh, ach ní hionann sin is a rádh go mba chóir téarma príosúntachta a ghearradh orthu, bata is bóthar a thabhairt dófa as an obair, greidimíní agus léabairt a thabhairt dófa ná a n-eitiú fána gcearta sibhialta. Níl an troid seo thart go fóill, ach tá sé ródhéanach an t-am a iompó ar ais. Nílimid le galar ná coir a ghairstint den homaighnéasachas athuair.

Rinne lucht na heite clí - nach ionann iad agus lucht leanstana an liobrálachais - múnla na gceart sibhialta a ghinearálú is a fhairsingiú ar dhreamanna eile faoi leatrom, dar leofa, mar atá, na daoiní aosta, na páistí, bundúchasaigh Mheiriceá, lucht na hinimirce neamhdhlíthiúla, na heasláin, na tomhaltóirí, na déghnéasaigh, na gnéasmhalartóirí, na meirdreacha, na daoiní ailléirgeacha, na daoiní mísciamhacha, na daoiní a bhfuil an galar seo nó an aicíd sin orthu, lucht leanstana an lomnochtánachais, na feitisigh, dreamanna éagsúla saindúchais, náisiúin éagsúla neamhIartharacha, mionlaigh theangan nó chreidimh, lucht na breachtraíochta, na Págánaigh, na haindiachaithe, na peataí agus na hainmnithe feirme. Is dócha go dtiocfadh leat a dhéanamh amach cá fhad ar an taoibh chlí do do dhuine dá gcuirfeá an cheist air cé hiad de na grúpaí áithride seo atá dáiríribh faoi leatrom, dar leis féin. Déarfainnse nach cuid de phríomhshruth an liobrálachais é tacaíocht a fhógairt leis na grúpaí seo uilig, áfach.

ACH SEO CHUGAINN FEAR A CHLOÍTE

Mar sin, b'é an liobrálachas a ghnóthaigh achan chath dár chuir sé, agus an mícheart ag na coimeádaigh fríd síos. Nach é an rud a mba chóir dúinn a bheith ag súil leis ná go mb'iad na liobrálaigh laochra an tsaoil mhóir, agus na coimeádaigh ina n-ulaidh mhagaidh gan chead isteach sa tsaol intleachtúil ach iad a leithscéal a ghabháil linn ar son a gcuid seafóide agus aithreachas a dhéanamh?

Bhail, chan eadh go díreach, nó ní hé sin an dóigh a n-oibríonn dúchas an duine dhaonna. Ní aidmhíonn na gluaiseachtaí go bhfuil botún déanta acu: is dual dófa a n-oiriúnú féin do na toscaí nua agus iad ag súil nach dtugtar fá dear é. Is dual dófa seasamh daingean a ghlacadh agus a mhaíomh go bhfuil siad i seilbh na fírinne, rud nach mbeadh aon aithreachas poiblí ag teacht go rómhaith leis. (Mar shampla, nuair a thréig Gorbaitseov an Stailíneachas, ní bhfuair sé gnaoi na tíre ar a shon sin.)

Nuair atá éirithe le gluaiseacht shóisialta a cuspóir a bhaint amach, ní fhanóchaidh sí thart chun an t-ardmheas a cheiliúradh atá ag an phobal uirthi: imeochaidh sí ón stáitse. Ní féidir leat vótálaithe a bhréagadh le cath buaite a chur as an nua, ná le luachanna a chur chun cinn ar glacadh leofa cheana féin.

Chonaic muid an tuar ag teacht faoin tairngreacht seo, lá, i stair an Pháirtí Liobrálaigh ins an Bhreatain Mhóir. Bhí sé ag cuidiú leis an chumhacht a aistriú ó uasaicme na sealbhóirí talún go dtí an mheánaicme úrbhorrtha - agus nuair a bhí an cath áithrid seo buaite ag an pháirtí, b'éigean dó a áit a ghéilleadh do Pháirtí an Lucht Oibre, a rabh smaoitíocha nua láidire aige leis na hoibríonna a bhailiú chuige.

Más dual do ghluaiseachtaí leasaithe na sochaí a dhul in éag mar sin, a mhalairt atá fíor fá dtaobh den choimeádachas. Cha dtáinig athrú ar an tsochaí riamh nár éirigh dream ínteacht amach ina éadan - an dream céadna, de ghnáth, a bhain a gcuid airgid agus a saoldearcadh as an tseanchóras. Tá cuma an drabhláis ar achan tsochaí, más é an cineál sin súile a thoilíonns tú a chaitheamh uirthi, agus a dtaithneamh féin ag roinnt leis na seansuáilcí míleata nó tuaithe agus leis na leigheasanna simplí.

CÁ hAS A dTÁINIG NA COIMEÁDAIGH SEO AR FAD?

Sílim nach mba mise an t-aon duine amháin a rabh iontas air thiar ins na hochtóidí. Nár chuir an caipitlíochas measartha rath is bláth ar an tsaol mhór ar fad? An rabh aon duine fágtha ar dhroim an domhain a bhí dáiríribh in éadan cearta sibhialta is ceardchumannachais nó i bhfách le truailliú an chomhshaoil nó le heacnamaíocht na ropairí is na robálaithe? Bhí a fhios agam dineasáir ar nós Goldwater agus McCarthy; ach bhí an bhéim ar an aimsir chaite maidir leis an bheirt sin. Ní fear mór Riagánachais a bhí i Richard Nixon féin, cibé fá dtaobh den chogadh in Vítneam; déanta na fírinne chuidigh sé leis an stát shoilíosach shóisialta a bhunú a bhí faoi ionsaí ag Raghnall Ó Riagáin ina dhiaidh sin. Bhíodh na hiarrthóirí uachtarántachta comh cosúil le chéile is Ford agus Carter.

Bhail, bhí mé óg glas aerach an tráth sin. Bhí na coimeádaigh ann riamh, ach amháin go rabh siad fágtha i leataoibh agus iad scoilte ag scliúchais inmheánacha. Ní rabh siad i ndiaidh a ngabháltas a dhéanamh ar an Pháirtí Phoblachtánach go fóill. Déanta na fírinne, ní aon dream amháin a bhí iontu go fóill, nó ní rabh comhchruinneagán coimeádach an lae inniu i ndiaidh a theacht le chéile go fóill.

AN mB'IAD NA SEASCAIDÍ A CHUIR BUN LEIS NA NÓCHAIDÍ?

Is gnách leis na coimeádaigh tagairt do na seascaidí mar a bheadh an deich mbliana iontu a chuir Sibhialtacht an Iarthair i dtreo a haimhleasa go doleigheasta ar fad. Ina dhiaidh sin, is féidir a mhaíomh gur fhoghlaim an eite dheis an chuid is bunúsaí dá straitéis ó eite chlí na Seascaidí:

- Má thig linn bunsmaoitiú an tseascaideachais a chur i gcúpla focal, is iad na focail sin ná: cuir amhras ins achan seort údaráis, ná creid an chéad scéal. Bhí dímheas ag na radacaigh ar an chiallmhaireacht mheasúil bhuirgéiseach, agus b'é "anlathas faisisteach" a ngnáthainm ar na Státaí. Ghlac na coimeádaigh an manadh seo chucu ina iomláine, an tsíorchasaoid fá dtaobh den "fhaisisteachas" ins an áireamh (cuimhnigí ar an dóigh a dtráchtann Cumann Náisiúnta na Raidhfilí ar amhais an Rialtais ins na buataisí arda).

- Nuair a d'éirigh Nixon as a phost ina dheoin ar eagla go dtáinseofaí ina ainneoin é, ba mhór an ceacht é do na coimeádaigh, ar ndóighe; d'fhoghlaim siad an dóigh le téarma Uachtarántachta a chur ó rath le fiosrú Comhdhála.

- Siúd is gur chuir siad in éadan linseáil ardteicneolaíochta Chlarence Thomas, d'fhoghlaim siad úsáid a bhaint as uirlis polaitíochta a bíos iontach handáilte: líomhaintí doiléire fá chúrsaí craicinn is collaíochta nach bhfuil baint dá laghad acu leis na fíorcháilíochtaí atá de dhíth ar an Uachtarán mar Uachtarán.

- Nuair a ghlac na Liobrálaigh céimeanna i dtreo airdiú moráltachta i gcúrsaí an Rialtais, ar nós cúisitheoirí neamhspleácha agus dlíthe in éadan gnéaschiapadh, chuir na coimeádaigh cath a mbeatha is a mbáis ina n-éadan - ach ní rabh aon mhoill orthu a ngaisneas féin a bhaint astu le rialtas Chlinton a chur ag luainíocht.

- Is maith leis na Liobrálaigh taobhú leis an íochtarán faoi leatrom, agus is é an gnáthghléas polaitíochta é le fiche ínteacht bliain anuas ná béal bocht a chur ort. (B'fhéidir go bhfeictear duit gurb amhlaidh a bhí sé riamh, ach ní fíor duit. Cuir i gcomparáid é leis an stiúir a bhí faoi Bhooker Washington, nó chuir sé gnúis an duine dhaonna, gnúis na hardmhoráltachta, air féin, agus é ag sárú a chuid namhad i suáilcí.) D'fhoghlaim na coimeádaigh an béal bocht comh maith le duine, agus iad ag déanamh a gcasaoide fá dtaobh de chlaontuairimí na sochaí inniu in éadan coimeádaigh, Críostaithe nó lucht an chraicinn ghil.

- I ndiaidh na blianta fada a chaitheamh ag gearán fá na "meáin liobrálacha" dófa fuair na coimeádaigh ciall cheannaithe fá dheoidh: le do rogha cineál poiblíochta a fháil caithfidh tú meáin chumarsáide de do chuid féin a chur ar bun. Tá tionsclaíocht iomlán á maoiniú is á hurrú ag an eite dheis inniu leis na smaoitíocha coimeádacha a aibhsiú: eadar irisí, pháipéir, chláracha raidió agus leathanaigh eadarlín. Ins na laethe a bhí b'éigean duit an saol mór ar fad a chroitheadh as do chloigeann le bheith in ann éithigh uafásacha den chineál choimeádach a chreidbheáilt, ar nós an ceann a deir go rabh na Státaí i ndiaidh na trilliúin de dhollair a chaitheamh leis na bochtáin a bheathú gan aon duine acu a chur i mbealach a leasa. Anois tá tú in ann do rogha bréag a léamh ar an pháipéar is ansa leat.

(Le tuilleadh a fháil amach fá dtaobh de chomhchosúlachtaí an dá eite polaitíochta, amharc ar mo leathanach Left and Right - Birds of a Feather?. Tá aistriúchán Gaeilge ar na bacáin - P. P. H.)

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, rinne na seascaidí cíolar ciot de chomhréiteach sóisialta na Stát a bhí i réim ó bhlianta an Bheartais Nua i leith: b'é ab éirim dó ná gur glacadh go leitheadach leis gur rudaí maithe, iontu féin, ab eadh iad forais agus fothruithe ár sochaí: an rialtas dea-tholach, an tionsclaíocht dhothuirsithe, an mheánaicme faoi bhláth, na heaglaisí láidire neamhpholaitiúla, an dá pháirtí polaitíochta ag titim chun cosúlachta le chéile in aghaidh an lae.

Bhí dímheas ag radacaigh na seascaidí ar na rudaí seo ar fad: bhí siad ag caint fán réabhlóid is fá athrú spioradálta an tsaoldearcaidh agus ag trácht gos ard ar an taobh ghruama ghránna de na rudaí a rabh meas ag lucht na gnáthshiosmaide orthu. Thóg coimeádaigh na n-ochtóidí patrún leofa ag diúltú don chomhleas, ag séanadh a bhfreagrachta féin as lucht na gannchodach gan a gcloigne a bhuaireamh le haon athroinnt ar bhrabús na tionsclaíochta, agus ag déanamh bolscaireachta fá "lobhadas morálta an náisiúin" mar a tchítear dófa féin é.

Chan ionann sin agus a rádh, ar ndóighe, go mb'iad lucht na heite clí a chéadcheap an mhímhuinín seo as an stát, nó is traidisiún seanbhunaithe é an frithstátachas i bpolaitíocht Mheiriceá (amharc ar A Necessary Evil: A History of American Distrust in Government le Garry Wills), ach d'fhág Cogadh na gCarad eadar an Tuaisceart is an Deisceart i leataoibh é. Chuaidh sé i bhfaisiún aríst ins na seascaidí, agus glacadh leis mar chuid de phríomhshruth na sochaí ins na hochtóidí.)

TREOIR DO PHOLAITÍOCHT MHEIRICEÁ THUAIDH

Is iomaí cineál súil is féidir a chaitheamh ar an scoilt bhunúsach polaitíochta ins an tír seo:

AN EITE CHLÍ AGUS AN EITE DHEIS. Más cléach thú féin, is ionann seo agus "na forásaigh is na frithghníomhaigh"; más ar an eite dheis atá tú suite, is é an chiall a bhainfeas tú as ná "na sóisialaigh agus na daoiní réasúnta".

AN ANAILÍS CHEITHRE CHATAGÓIR ó líonláithreán Pháirtí an Lánsaoirseachais nó an Libertarian Party. Tá dhá dhiminsiún ina n-ollchruinne siúd: an ceann sóisialta agus an ceann eacnamaíoch. Thig leat a bheith "laissez-faireáilte" nó "státúil" ó thaobh na heacnamaíochta de, agus "ceadaitheach" nó "teorantach" ó thaoibh na "sóisialtachta" de. Fágann sin ceithre chineál comhcheangal:
státúil + ceadaitheach = cléliobrálach
státúil + teorantach = údarásúil, ollsmachtúil
laissez faire + ceadaitheach = lánsaoirseach ("libertarian")
laissez faire + teorantach = coimeádach ón eite dheis

ANAILÍS GEORGE LAKOFF (ina leabhar Moral Politics): míníonn sé an liobrálachas agus an coimeádachas mar fhairsingiú ar dhá mheafar atá bunaithe ar shaol an teaghlaigh: moráltacht an athara dhéin agus moráltacht an tuiste thuigseanaigh.

IN ÉADAN AN STÁIT NÓ I bhFÁCH LEIS - an déscarúint chéadna a mhínigh Garry Wills ina leabhar.

ANAILÍS RÉAGÚNDA Mhichael Lind.

AN CEARTCHREIDMHEACHAS CRÍOSTAÍ a bhreathnaíonns ar na dearcthaí éagsúla polaitíochta de réir a gcomhoiriúnachta leis an mhoráltacht Chríostaí.

AN DEARCADH MARXACH atá bunaithe ar an chineál tuigbheáil a bhí ag táilliúir amháin ón Ghearmáin ins an naoú haois déag ar mhianta agus ar riachtanaisí na n-oibríonna tionsclaíochta. Lena chur i bhfoclaibh níos cairdiúla, is eadardhealú é eadar lucht na gannchodach agus lucht na hanchodach. Má chuirtear i bhfeidhm ar Mheiriceá é, is é an chiall a bhainfear as ná gurb ar an anchuid atá an chuid is mó againn - agus dímheas níos leitheadaí ar dhaoiní ar an anchuid a bhfuil claonadh chun na heite clí iontu ná ar na dubhfhrithghníomhaigh féin.

AN RIALTAS I nDIAIDH AN FHREASÚRA: Tá ceisteanna polaitíochta ann arb é an bealach is fearr lena bhfreagairt ná cé acu den dá pháirtí atá i mbun an rialtais fá láthair.

Tá na gléasa éagsúla anailíse seo ag cur le chéile in áiteanna agus ag teacht crosach ar a chéile ar bhealtaí eile. Is simpliúcháin mheafaracha iad uilig, iarrachtaí chun garbhordú a chur ar réaltacht chasta chrosta, agus ábhar lochtaithe is molta ins achan cheann acu.

MEAFAR Ó AIMSIR NA RÉABHLÓIDE FRANCAÍ A CHUAIGH TRÉIMHSE MHAITH THAR DHÁTA DHEIREANACH A DHÍOLTA

Is réaduchtú aiféiseach é, is róshimpliúchán ar fad é an déscarúint seo eadar deis is clí. Bíonn lucht na heite deise ag iarraidh inniu an ghnúis a chur orthu féin nach bhfuil siad in ann Lloyd Bentsen, Noam Chomsky agus Stailín a aithne thar a chéile - ar nós na bhforásach ins na seascaidí nach rabh sásta mórán difríochta a fheiceáilt eadar Mussolini agus Richard Nixon. Is é an dainséar atá ann ná go dtoiseochaidh tú an tseafóid seo a chreidbheáilt tú féin, seachas a fágáilt taobh istigh de ríocht na reitrice is na bolscaireachta. Comhartha gealtachais is eadh é gan a bheith in inmhe an liath a aithne ón dubh.

Ní bheidh tú in ann feiniméin ar nós chomhoibriú na bhfeiminithe is na gcoimeádach, agus iad ag cur crosáid ar an phornagrafaíocht, nó fuath na bhforásach ar Bhill Clinton, nó an cath fán tsaorthrádáil, a thuigbheáilt choíche, má chloíonn tú leis an tsean-eadardhealú eadar deis is clí. Agus cibé ciall a bhainfeas tú as an scéal beidh blas na míchonstruála uirthi. Fuair mé, mar shampla, ríomhphost ó dhuine ínteacht ag pointeáil amach domh go rabh na Daonlathaigh i bhfách leis an chomhchoitiantacht agus na Poblachtánaigh ag cosaint an duine aonair. Tá an ceart ar fad ag mo dhuine, agus an mícheart comh maith ins an am chéadna: mar shampla, bheir na Daonlathaigh tacaíocht don ACLU atá ag cur chun cinn cearta an duine aonair. Agus is iad na coimeádaigh, seachas na liobrálaigh, atá ag iarraidh na haindiachaithe a chur ag urnaíocht agus ag maoiniú scoltacha cráifeacha ina n-ainneoin féin, in áiteanna ina bhfuil an pobal áitiúil ag éileamh a leithéide.

Ach ós rud é go bhfuil córas dhá pháirtí againn ins an tír seo tá claonadh inmheánach chun polarú eadar dhá dhearcadh chontrártha ag roinnt le achan chath polaitíochta dár gcuid. Mar sin, is ann do cheangaltáin d'idéanna a ngreamaítear lipéid an daonlathais is an phoblachtánachais díofa, ar ndóighe; ach san am chéadna, is minic don dá pháirtí seasamh a ghlacadh de réir dlíthe nádúrtha na cointinne seachas prionsabail na polaitíochta:

Bhí na Poblachtánaigh ag caitheamh anuas ar na cúisitheoirí neamhspleácha nuair a bhí Raghnall Ó Riagáin faoi scrúdú, ach thug siad grádh mór dófa nuair a díríodh béal an ghunna ar Chlinton.

Na daonlathaigh a bhí ag crádh Clarence Thomas le liomhaintí suaracha gnéis, d'éirigh siad creathnach drochamhrasach i dtaoibh an chlis chéadna nuair a himríodh ar Chlinton é.

B'iomaí locht a fuair na forásaigh ar an chogadh in aghaidh na hIaráice, ach b'iad an drong ceannann céadna thar aon dream eile a d'éiligh ar fhórsaí armtha Mheiriceá eadraiscín a dhéanamh ins an Bhoisnia. Ní rabh a leathbhreac de chath d'fheidhm ar na Poblachtánaigh, araiciseach is uile mar a bhi siad chun troda i nGreanáda nó ins an tSómáil, nuair a tháinig orthu.

Thug na Poblachtánaigh léadhbairt teanga do Hillary Clinton a rabh d'éadan aici a thabhairt le tuigbheáilt go bhféadfadh sé go mbeadh cearta dlí thar chearta a dtuistí ag na páistí - go dtí go gcualathas an chéad trácht ar chearta an bhuachalla bhig ó Chúba a shloinn é féin mar Elián González...

Bheir an cineál seo tobathrú agus ath-athrú taoibhe le fios goidé is croí do chath polaitíochta: na daoiní a bhfuil sé go smior iontu ciall idé-eolaíochta a bhaint as achan rud faoin spéir is é is dual dófa ná bheith ag síorluainíocht eadar dhá sheasamh atá bunoscionn le chéile, agus iad ag iarraidh comhchéim a choinneáilt lena gcuid ceannairí nach bhfuil leath comh tugtha céadna don idé-eolaíocht.

CEARNÓG NA LÁNSAOIRSEACH

("Lánsaoirseach" an leagan Gaeilge a cheap mé le libertarianism na Meiriceánaise a aistriú. Déarfainn gurb é an nua-liobrálachas an coincheap Eorpach is cóngaraí dó. P.P.H.)

Thiocfadh liom anailís chearnógach na lánsaoirseach a úsáid agus a thuairimiú go bhfuil dhá chraobh ins achan cheann den dá pháirtí:

- go bhfuil na Poblachtánaigh eadardhealaithe eadar na lánsaoirsigh (ar nós Newt Gingrich) agus na coimeádaigh shóisialta (ar nós na hEite Deise Reiligiúnda)

- agus na Daonlathaigh roinnte ina liobrálaigh (ar nós Hillary Clinton) agus ina n-údarásúlaigh...an eadh? Cé hiad féin? Jesse Jackson? Joe Lieberman?

Méadú é seo ar ár dtuigse ar na Poblachtánaigh, ach ní chuidíonn sé linn adhmad a dhéanamh de na scoilteacha eadar na cineálacha éagsúla de Dhaonlathaigh. Ní haon mhaith é, mar shampla, leis na daonlathaigh mheasartha - na caipitlithe liobrálacha mar a thug mé orthu thuas -, ó thaoibh amháin de, a dhealú ó na forásaigh (na daoiní ag éileamh athrú réabhlóideach leis an chóras dúshaothróireachta a chur ar ceal).

Dealraíonn sé fosta gur freagra seachránach é ar an phríomhcheist an trácht ar dhream "údarásúlachais" ins an pháirtí: má tá a leithéid d'fhaicsean ann ar scor ar bith, is iad na Gormaigh iad. Bíonn na Gormaigh sách coimeádach i gcúrsaí an ghnáthshaoil, ach is gnách iad ag taobhú leis na Daonlathaigh, cionn is gurb é sin an t-aon bhealach amháin acu le feabhas a gcáis a lorg.

Ní mhíníonn sé ach an oiread an fáth go bhfuil lucht an lánsaoirseachais agus an eite dheis chráifeach in ann a dhul i gcomhar le chéile in aon pháirtí amháin - nach bhfuil sé ag cur as do na lánsaoirsigh go bhfuil comhghuaillithe acu a bheadh sásta brú an rialtais ar an tsaol phríobháideach a mhéadú thar na bearta ar fad. Agus nach mba chóir dófa níos mó dáimhe a ghlacadh leis na liobrálaigh chlí (atá ar aon bharúil leofa i dtaoibh na saoirse príobháidí) ná leis na coimeádaigh dheise (atá bunoscionn leofa maidir leis an cheist áithrid seo)?

Áitíonn Lakoff nach bhfuil ins na lánsaoirsigh ach dream ar leith coimeádach agus iad ag cur níos mó béime ar an phragmatachas agus ar chosc na headarghabhála ná na dreamanna eile. Má thacaíonn na lánsaoirsigh leis na cearta sibhialta, tá fáthanna dá gcuid féin acu le sin a dhéanamh: mar choimeádaigh tá siad barúlach go mba chóir don duine fhásta bheith beag beann ar an rialtas/tuiste in áit a bheith ina mhuinín le haghaidh cuidiú - ní hé cothrom na Féinne atá de dhíth orthu, mar a bíos ar na liobrálaigh chlí.

MEAFAIR LAKOFF

Níl mé in ann a gceart a thabhairt do Lind, Lakoff ná Wills in aon mhír amháin - agus b'ábhar aiste é iad a chur in oiriúint dá chéile. Is leor a rádh gur fiú an triúr acu a léamh.

Sílim gur an-jab go deo a rinne Lakoff ag míniú do na liobrálaigh goidé a thug le chéile eilimintí smaoiteachais comh coimhthíoch dá chéile agus atá an frithghinmhillteachas, an tacaíocht le saorúinéireacht na ngunnaí, "luachanna an teaghlaigh thraidisiúnta" agus an dubheitiú do cibé cineál reachtaíochta a chuideochadh leis an líon tí a choinneáil sásta le chéile.

Thar aon rud eile tá sé go sármhaith ag soiléiriú cad fáth ar cuma leis na coimeádaigh fán fhuilstin, murab iad féin na fuilsteanaigh. Tá siad cosúil le hathair Chalvin ar an ghreannán udaí Calvin agus Hobbes: is dóigh leofa go gcuireann an fhuilstint sracadh ins an duine. Domhan brónach braonach is eadh é an saol mór amuigh ansin, a mhac, agus dá n-éireochadh leis na liobrálaigh chroílosctha é a dhéanamh comh néata sábháilte leis an chiondarghairdín, goidé a d'éireochadh do na suáilcí saighdiúrtha?

(Is é is iarmhairt don méid seo ná nach mór duit gach trácht ar na mothachtálacha a sheachaint má tá tú ag iarraidh tacaíocht a mhealladh ón dá thaoibh. Is maith le lucht na heite clí míniú a thabhairt ar achan rud i dtéarmaí na siceolaíochta, agus iad iontach buartha fá choscairt aigne an chiníochais, nó fán dóigh a gcuirtear an phatrarcacht i bhfriotal ceilte i dtéacsanna. Cuireann sin tallann feirge ar na coimeádaigh, nó ní hamháin nach bhfuil siad in aon teagmháil lena gcroíthe féin, déanta na fírinne is cúis bhróid dófa "éirí os cionn na mothachtálacha", is é sin, neamhshuim a dhéanamh díofa.)

Díol suime é go dtaispeánann an taighde is fearr gur drochthuistiméireacht is toradh do mhodh an "athara dhéin". Is é an rud atá cearr leis ná go gcruthaíonn sé daoiní a bhfuil a gcoinsias suite taobh amuigh díofa féin: daoiní nach bhfuil á n-iompar féin mar is cuí ach diantsúil a bheith á coinneáil orthu. Thiocfadh linn an méid a chur le seo a fuair Robert Levering amach: gurb iad na comhluchtaí is fearr cothrom féinne na cinn is airde éadáil, ar an bhealach chéadna a mbíonn na stáit dhaonlathacha níos fearr as ó thaoibh na heacnamaíochta de ná na deachtóireachtaí is na holagarcachtaí i stil Phinochet. Cha dtig le saoldearcadh iararcach "chinnire na mac tíre" an báire a gnhnóthú de réir a rialacha cruachloigneacha féin. (Ní féidir malairt chomhairle a chur ar lucht a leanstana, áfach, nó tá siad go hiomlán i dtuilleamaí an chineál seo smaoiteachais fá choinne féinmhuiníne.)

WILLS AG TRÁCHT AR AN tSIABHRÁN FRITHRIALTAIS

Níl Wills ag iarraidh gach ní aistíoch i bpolaitíocht a mhíniú, ach amháin an nóisean sain-Mheiriceánach fá dtaoibh den rialtas mar dhrochrud ann féin. Théid sé a fhad siar le tréimhse na Réabhlóide ar a lorg - agus é ag tabhairt cruthúnais air nach bhfuil ach seafóid rómánsúil i gcuid mhaith dá bhfuil ar siúl ag Coimeádaigh ár linne fá dtaobh den Bhunreacht agus na h-"Óglaigh aon bhomaite" (minutemen as Béarla). Níorbh iad na h-Óglaigh aon bhomaite a ghnóthaigh an cogadh dúinn, agus níor h-achtaíodh an Bunreacht le rialtas beag scoilte neamhéifeachtach a chur ar bun - a mhalairt ar fad.

Ní ceist fíricí é an smaoiteachas frithrialtasúil, áfach, ach ceist mhiotaseolaíochta. Baineann sé le cruinneagán de luachanna a d'fhág a shliocht go domhain ar mheon an Phoncáin: is fearr an tuathánach ná an t-iltíreach, an t-amaitéar ná an saineolaí, an tsaoirse ná an dleacht, an nádúir ná an mheicníocht, an ceart ná an dualgas, an creideamh ná an saoltachas, an spontáineacht ná an éifeachtúlacht.

Is é an chuid is aistí den scéal ná go bhfuil an chuid is mó de na codarsnachtaí seo cineál "dronuilleach" i leith na déscarúna eadar clí is deis, nó eadar liobrálachas agus coimeádachas, agus déanta na fírinne is iomaí babhtáil a rinne an dá pháirtí le chéile ar a gcuid dearcthaí i leith na gceisteanna seo, san fhichiú haois féin. Thiar ins na seascaidí b'iad lucht na heite clí a ghníodh ceiliúradh ar an ainriail, ar an spontáineacht, ar na fiorghluaiseachtaí pobail, ar an fhás nádúrtha, ar an áitiúlacht agus ar an spioradáltacht, ní áirím an t-éirí amach armtha mar rogha inmholta - agus an eite dheis ag éileamh lámh láidir an dlí in aghaidh na réabhlóidithe seo. Inniu, áfach, is iad lucht na heite clí atá ag saighdeadh fórsaí NATO faoin tSeirb nó ag lorg cuidiú ón Ard-Aighne, agus is radacaigh dheasa na sceimhlitheoirí ag buamáil státseirbhísigh.

TREIBHEANNA RÉAGÚNDA LIND