AN FÍCHIÚ hAOIS - CAD É AN RUD A BHÍ ANN?

An Treas Cuid

Le Mark Rosenfelder

TREIBHEANNA RÉAGÚNDA LIND

Díol díograise é a bhfuil le rádh ag Lind. Is é an príomhrud a dtugann sé faoi ná an malartú aistíoch a tharla i bpolaitíocht na Stát Aontaithe glúin amháin ó shin: rinne an dá pháirtí iomlaoid le chéile ar lucht a vótála. B'é an seanghnáthamh go mb'iad na Poblachtánaigh páirtí an Tuaiscirt, na nGormach agus fiú na bhForásach. B'iad na Daonlathaigh páirtí an Deiscirt. I dtús na seascaidí áfach thoisigh an Deisceart a thréigbheáil na nDaonlathach ar mhaithe leis na Poblachtánaigh.

Tá an galar aigne céadna ar Lind, ar an drochuair, agus a bíos ar bharraíocht smaoiteoirí polaitíochta: tá sé ag iarraidh gach duine a aicmiú de réir a chórais féin de bhoscaí beaga seascaire: is "Tuaisceartach" é an duine seo agus is "Deisceartach" é an duine udaí thall, is "Nuabheartasach" é siúd agus is "Clé-Liobrálach" é sin...Ar a laghad tá níos mó ná dhá bhocsa ag mo dhuine, ach sílim nach dtugann sé a gceart dá chuid aicmí agus catagóirí, casta ilghnéitheach is uilig mar atá achan cheann acu. Thairis sin, chan fhuil aon áit ina scéal don reiligiún ná don fhorbairt stairiúil: an ionann iompraíocht pholaitiúil an ríomhinnealtóra in Atlanta an lae inniu agus iompraíocht pholaitiúil an phlandóra Sheoirsigh ins an bhliain 1840? Thig amhras a chur ina lán dá chuid rialacha comhghuaillíochta fosta. Mar shampla, deir sé nach féidir do na Gormaigh agus do na Deisceartaigh ghealchraicneacha a gcuid vótaí a chaitheamh i bhfách leis an pháirtí chéadna. Cha rabh a dhath á gcoinneáil óna leithéid a dhéanamh ó laetha an Bheartais Nua go dtí na seascaidí.

SINNE AN MHAITH, IADSAN AN tOLC

Tá an déscarúint mhorálta Chríostaí comh míshásúil le gach gléas anailíse eile atá bunaithe ar an déscarúnachas, ach ar a laghad cuireann an múnla áithrid seo cúrsaí an chreidimh i lár an stáitse, áit a mbíonn siad go minic i bpolaitíocht Mheiriceá. Más aindiachaí tú, agus tú dall ar chineál ar bith de dhaoiní reiligiúnda ach amháin an Eite Dheis Reiligiúnda, tá tú lán comh bómánta leis an chineál sin frithghníomhaigh nach n-aithníonn na difríochtaí eadar grúpaí éagsúla ar an éite chlí, agus iad ag tabhairt cumannachas ar achan rud nach dtuigeann siad. Bhí gluaiseacht na gceart sibhialta, mar shampla, go mór i dtuilleamaí na n-eaglaisí gorma: chan díol iontais a bhí ann gur eaglaiseach a bhí i Máirtín Liútar King féin. Maireann an eite chlí reiligiúnda beo breabhsánta inniu féin ach tú a bheith ábalta a dhul ar a lorg ins an áit cheart.

AN MARXACHAS

Tá an Marxachas comh leadránach lena scáil scátháin féin, an tAyn Randachas, - agus an bheirt acu cineál dainséarach fosta. Ach ina dhiaidh sin féin bíonn sé speisialta, scaití, a dhul i dtuilleamaí Mharx le léargas a fháil ar an phatrún cumhachta i gcomhghleic ar bith polaitíochta: cé a bhainfeas leas as? cé a ghlacanns seasamh de réir a shainleasa ábhartha féin? cé atá ag reachtáil forais shóisialta, agus cad é an dóigh a dtig leis praiseach a dhéanamh de? Ceisteanna bunúsacha is eadh iad seo a mb'fhiú do smaoiteoir intleachtúil ar bith a mharana a dhéanamh ina dtaoibh, cibé cén dearcadh polaitiúil atá aige féin.

CÉ A FUAIR SEILBH AR AN HALMADÓIR?

Chan ionann iad an páirtí agus a idé-eolaíocht, ná an páirtí agus lucht a vótála: is foras cumhachta é an páirtí ann féin, agus é i mbun na stiúrach nó as cumhacht de réir mar a vótáiltear, rud a bhfuil níos mó tionchair aige ar an dioscúrsa polaitíochta ná mar is gnách linn a shílstean. An páirtí atá ag rialú na tíre, cibé is dearcadh polaitíochta nó idé-eolaíocht dó, tá de chlaonadh ann a ghníomhartha a chosaint, fiú an cineál gníomhartha nach bhfuil inchosanta. An freasúra, áfach, is dual dó mar fhreasúra locht a fháil ar an stát, cibé cineál creidimh a bhfuil a idé-eolaíocht féin bunaithe air. I ndiaidh an iomláin ní chuirfidh sé ruaigeadh ar an pháirtí eile ón rialtas choíche má mholann sé a bhfuil ar cois ag an stát i láthair na huaire! Rinne mé trácht cheana féin ar an chineál seo tobiomlaoid dearcaidh, ach ní miste tuilleadh a rádh ina taoibh:

Polasaí na Stát Aontaithe i leith na Síne: bíonn an rialtas, cibé cé acu páirtí atá ina bhun, de shíor ag féacháilt le teanntás a dhéanamh do Bheijing, agus an freasúra ag cáineadh an dlúthchaidrimh seo leis na Cumannaigh ollsmachtacha.

Níl i scéal nuaíochta as achan bheirt de chuid CNN fá chúrsaí "polaitíochta" ach cur síos ar na Poblachtánaigh agus iad ag tabhairt íde béil do lucht an rialtais ar son scéal ínteach gan úimléid. A mhalairt go cruinn a bhí fíor, ar ndóighe, agus an Riagánach nó George Bush i seilbh na tíre go fóill.

Bíonn na Gobharnóirí Poblachtánacha fríd an phíosa i bhfad níos pragmatúla agus níos measartha ná Poblachtánaigh na Comhdhála. An chuid is mó acu bíonn siad ar a gcroídhicheall ag iarraidh feabhas a chur ar sheirbhísí an stáit...i leaba a bheith ag baint bonn uathu mar ba chóir do lánsaoirsigh cheartchreidmheacha fhrithrialtasúla.

Má fhanann aon pháirtí amháin i gceannas ar an tír i bhfad - mar a d'fhan na Daonlathaigh ar feadh glúin iomlán - is dual dó a dhul chun raimhe is chun falsachta, agus an freasúra ag éirí ráscánta cancránach - nó, fiú, ag déanamh trom-mheabhrú is athmheasúnú ar a chuid polasaithe féin, uaireanta. Caithfidh lucht an fhreasúra a gcroíthe a fhoscal in araicis smaoitíocha úra leis an chumhacht a bhaint amach athuair, ós rud é go mb'é an seansmaoiteachas a chuir ó chumhacht iad an chéad uair.

Tá cineál táimhe ag baint leis na cúrsaí seo comh maith. Tá na Poblachtánaigh ina dtromlach ins an Chomhdháil le sé bliana anuas, ach ina dhiaidh sin féin dealraíonn sé go bhfuil meas an mhionlaigh faoi leatrom acu orthu féin i gcónaí, agus iad ag féacháilt le scéimeanna aiféiseacha a chur i ngníomh, ar nós an tUachtarán a tháinseamh nó an rialtas a chur ar fionraí.

SEO CHUGAINN AN EITE DHEIS

Anois, tá sé in am agam achoimre a thabhairt air seo uilig agus an cheist a chur faoi anailís cé hiad na Poblachtánaigh nó aos a dtacaíochta inniu agus cad é a thug a fhad sin iad.

B'fhearr domh leithscéal ginearálta a ghabháil aríst: chan fhuil anseo ach machnamh de chuid duine ón taoibh amuigh (amach ó chúrsaí an chreidimh Chríostaí, rud a bhfuil mé eolach air dáiríribh). Bheadh duine ón taoibh istigh in ann míniú níos fearr a thabhairt ar a lán, botúin áithride a sheachaint, inse dúinn cad é mar a tchíthear an saol dófa siúd atá istigh ansin iad féin. Ón taoibh eile de, is iomaí duine ón taoibh istigh nach bhfuil aon mhaith ann le haghaidh anailíse ar a dhream féin. Is é an rud atá de dhíth ar a leithéid sin scéal mhadadh na n-ocht gcos a inse fá dtaobh dá gcuid prionsabal is polasaithe, seachas na teannais is na coimhlintí daonna a aidmheáil atá níos tábhachtaí, ní áirím níos suimiúla, ag na daoiní ón taoibh amuigh; chan fhuil siad in ann a gcuid réamhchoinníollacha a chur i leataoibh lena mhíniú cé hiad féin, fiú, agus cibé dearcadh atá acu ar lucht a bhfreasúra, tá sé míchumtha ar fad ag a gcuid réamhbhreithiúnas. Mar sin, is fiú súil a chaitheamh ar a bhfuil le rádh ag duine ó thaoibh eile an chlaí.

An tAirgead

I dtús báire tá an t-airgead mór ann, mar a bhí riamh. B'iad na Poblachtánaigh Páirtí an Airgid Mhóir ó tháinig críoch leis an Chogadh Chathartha, agus ní comhtharlúint é in aon chor. Nó b'iadsan Páirtí an Tuaiscirt i ndiaidh an chogaidh, an dream a ghnóthaigh é, agus iad meáite ar an gheilleagar nua-aoiseach thionsclaíoch a chur ar bun.

Ag amharc ar reitric na bPoblachtánach duit shílfeá gurb iad na bunchreidmhigh nó na lánsaoirsigh atá i mbun an pháirtí fríd síos. Ach, buíochas le Dia, ní gnách leis na Poblachtánaigh a gcuid geallúintí toghchánaíochta a chomhlíonadh agus iad i mbun an rialtais. Ag amharc ar a mbíonn ar cois acu dáiríribh, is é an rud céadna a bíos de dhíobháil ar na gnóluchtaí móra: saorthrádáil, amach ón chineál earraí is fearr a ghnítear ar an choigríoch; fóirdheontais á riar ar an tionsclaíocht; laghdú ar na cánacha a ghearrtar ar na gróintíní móra; cur in aghaidh rudaí ar nós na seirbhísí sláinte, ceardchumainn nó cibé cineál riaracháin a chuireanns cosc nó constaic le saoirse an gheilleagair.

Is iad na saibhre, thar aon dream eile, a stiúraíonns an tír seo, nó tá an cúig faoin chéad is saibhre den daonra i seilbh daichead faoin chéad den mhaoin náisiúnta. Is í an phríomhfhadhb atá á gcrádh nach leor an t-airgead le toghcháin a bhuachan: tá na mílte de dhaoiní, agus iad ar leabhar na vótálaithe, ag teastáil le sin a dhéanamh. Mar sin, níl an t-airgead mór féin in ann déanamh in uireasa comhghuaillithe.

Ní rabh sé i ndán dófa roimh ré a dhul i dtuilleamaí na heite deise cráifí, seachas dream ar bith eile ar lorg céile comhoibre. Is ann do thoicithe Daonlathacha, nuair a thig an cruth ar an tairne, agus an duine saibhir, má théid sé le creideamh dáiríribh, is dócha dó creideamh de chineál níos ceansaí a tharraingt air féin ná an ceartchreidmheachas soiscéalach: Anglacánachas nó an leagan athleasaithe den Ghiúdachas, cuir i gcás. Níl na Daonlathaigh ag cur in éadan shaol an ghnoithe ar aon nós ná slí, ach le haghaidh na cumhachta tá siad ag brath ar cheardchumainn, mionlaigh faoi leatrom agus acadúlaigh mar chineál leithscéil - daoiní a bhfuil ag teastáil uathu ladar an Rialtais a thumadh i gcorcán na gcúrsaí gnoithe. Mura bhfuil a athrach rogha acu, thig leis na toicithe treabhadh leis na dreamanna seo - na blianta beaga ó shin, mar shampla, nuair a b'iad na Daonlathaigh a rabh an lámh uachtair acu ar an Chomhdháil - ach is léir gur fearr leofa na coimeádaigh shóisialta. Is líonmhar fíochmhar an dream iad sin, agus ós iad na cúrsaí béasaíochta is moráltachta an chloch is mó ar a bpaidrín-san, ní chuirfidh siad as don lucht gnoithe.

An Eite Dheis Chráifeach

Tá siadsan ann, ar ndóighe, agus is féidir iad féin a athroinnt ina dtrí ghrúpa, mar atá, bunchreidmhigh, soiscéalaigh agus Caitlicigh, agus a dtuigse féin ag achan dream acu ar chaidreamh an chreidimh is an stáit.

Ón ghéilliúlacht go dtí an ghangaide

Ní ón tús a thaobhaigh na bunchreidmhigh leis na Poblachtánaigh. Ar chúiseanna diagachta bíonn siad claonta chun mímhuiníne as gach foras saolta, agus is féidir a áitiú go hinchreidte gur dual dófa droim láimhe a thabhairt leis an pholaitíocht ag coinneáil dlúthchaidreamh le Dia nuair atá an chuid eile den domhan ag dul bealach Ifrinn. Ó thaobh na staire de, tá cúpla rúchladh mór tugtha acu faoin pholaitíocht roimhe seo (b'í an uair dheireanach í an tacaíocht a thug siad do William Jennings Bryan i dtoghcháin na hUachtarántachta), ach b'é deireadh an scéil - is é deireadh gach scéil den chineál seo é - gur éirigh siad scun scan as an pholaitíocht agus iad gan a bheith in ann a rogha cuma a chur ar fhorbairt na gcúrsaí.

Ritheann liom athair cara liom mar bhunchreidmheach den tseandéanamh. Tá sé iontach coimeádach i gcúrsaí an ghnáthshaoil, ach ó thaoibh na polaitíochta de is Daonlathach é go smior. Is as Siceagó dó, agus ceardchumannach atá ann nach dtugann creidiúint do gheallúintí lucht an airgid mhóir - ná do na Sasanaigh, barrúil go leor. Is athair dian é de réir Lakoff, agus is Nordach é de réir Lind. B'é an ceardchumannachas, seachas a chuid dearcaíocha reiligiúnda, a stiúraigh a lámh i mbosca ballóide riamh.

Fuair na bunchreidmhigh ábhar cáinte ar an tsochaí riamh, ach is dócha go mb'í geit na Seascaidí a chuir i dtreo na polaitíochta iad dáiríribh. Bhí an snagcheol is na toitíní sách dona, ach, dar Dia, bhí na Grágánaigh ag grianaíocht ina gcraiceann dearg, ag tógáil drugaí agus ag diúltú d'achan chineál údaráis. Nuair a bhí brilsce is buamáil ag éirí coitianta, an choirpeoireacht ag dul in olcas agus an cosc dlí á chur leis na hurnaithe scoile, bhí an chuma ar an scéal go rabh an saol féin ag titim as a chéile. Bhí gluaiseacht fhuascailte na mban ag déanamh ionsaí ar an dóigh a mb'fhearr don tsaol a bheith, agus maidir leis an ghinmhilleadh, aríst, drochrud amach is amach a bhí ann.

A mBealach chun na Polaitíochta

B'fhéidir nach iomaí duine a chuimhníonns inniu go mb'é an Daonlathach Jimmy Carter a bhí ar an chéad duine a tharraing na Críostaithe coimeádacha mar dhream isteach ins an pholaitíocht. Duine dá gcuid féin a bhí ann tar éis an tsaoil, agus b'é a pháirtí an dúchas traidisiúnta do na coimeádaigh shóisialta, ach d'fhág scainnir na hIaráine a smál ar Charter, comh maith le camghnoithe polaitíochta, agus ní rabh sé ná a chuid malaise in ann an cath a ghnóthú in éadan dearcadh soilíosach réamhchinntitheach Uí Riagáin.

Cad é mar a d'éirigh le haisteoir leathmhagaidh a bhí fiú i ndiaidh dealú a fháil ón chéad bhean chéile a bhí aige le hathphósadh a dhéanamh - cad é mar a d'éirigh lena leathbhreac de dhrochAifreannach tacaíocht a bhréagadh ó na slóite síoraí de Chríostaithe? Agus an tacaíocht seo a choinneáil beo thar na blianta, siúd is go rabh fianaise fiche bliain ann a thaispeáin nach rabh an Riagánach ná a chuid daoiní sásta ach béalchráifeacht a chleachtadh i leith chuspóirí na gCríostaithe, agus iad ag roghnú sainleas na lánsaoirseach is an lucht gnoithe thar leas na Críostaíochta, má bhí an rogha ann?

B'í síorchaint Charter ar an mhalaise ab údar leis, cuid mhaith. Ní theastaíonn sé ó na bunchreidmhigh aon duine locht a fháil ar Mheiriceá. Nó tá "bealach maireachtála Mheiriceá" ar cuid comh tábhachtach dá ndiagacht le Bíobla an Rí Séamas. Agus ar ndóighe, b'iad na Poblachtánaigh an t-aon pháirtí amháin a gheall dófa srianta a chur leis an ghinmhilleadh.

Bhí míshástacht ghinearálta le haithne ar an tsaol. Ó thaoibh na heacnamaíochta de, bhí boilsciú is dífhostaíocht pósta le chéile in aon ghéarchéim mhór eacnamaíochta amháin, agus na daoiní á mothachtáil féin i ndubhfhaopach, ionas go rabh de chlaonadh acu iompó i leith an choimeádachais. Thairis sin, b'iomaí duine a shíl go rabh an tsochaí ina praiseach ag an tSeascaideachas.

Agus aríst bhí glacadh forleathan leis an liobrálachas, agus, dá réir sin, cha rabh sracadh ar bith fágtha ann. Is beag duine a chuirfeas cath ar son idéanna a nglactar leofa ar fud na sochaí. Na daoiní a chuaidh i dtuilleamaí na nDaonlathach ins na seachtóidí, ba "Forásaigh" iad - daoiní radacacha a chuir coimhthíos ar na dreamanna saindúchais is na Deisceartaigh a bhí go dtí sin ina gcuid lárnach de lucht tacaíochta an pháirtí.

An-Challán gan Toradh

Thiar ins na hochtóidí bhí an chosúlacht ar an tír go rabh na bunchreidmhigh reiligiúnda le dhul i gcumhacht is i gceannas ar fad, agus tháinig an chuma chéadna ar an scéal athuair, nuair a chuaidh na Poblachtánaigh i seilbh na Comhdhála i ndiaidh toghcháin na bliana 1994. Ar bhealach ínteacht, áfach, níor éirigh leofa cosc dlí a chur leis an ghinmhilleadh, urnaí scoile a thabhairt isteach, deontas stáit a phronnadh ar na scoltacha reiligiúnda ná fíorchinsireacht a chur i bhfeidhm ar Hollywood. Bheadh ábhar mórchatha ins achan cheist acu siúd, ach ina dhiaidh sin is dual d'aon pháirtí polaitíochta cath a chur go calma le cuspóirí tábhachtacha dá gcuid a bhaint amach - cuspóirí a gcreideann an páirtí iontu.

D'éirigh an scéal ní ba soiléire leis an iarracht le Clinton a tháinseamh: siúd is go bhfuil go leor daoiní ann a bhfuil fuath na ndaol acu ar an Uachtarán, chan fhuil iontu ach duine as achan cheathrar, agus tháinig sé chun solais gur drochpholaitíocht atá ann cead a chinn a fhágáil ag an cheathrú duine in éadan tola an triúr eile. Chan de thaisme a rinne Bush agus McCain, na príomhiarrthóirí Poblachtánacha i dtoghcháin na bliana 2000 - chan de thaisme a rinne siad a ndicheall a dhul i bhfeidhm ar an lucht vótála ar bhealach ní ba bhoige ná a gcuid réamhtheachtairí Poblachtánacha, nó bhí glacadh níos forleithne go géar de dhíth orthu.

Na Lánsaoirseoirí

Tá na Lánsaoirseoirí nó libertarians ann comh maith, agus a lán cineálacha éagsúla acu féin ann. Thiocfadh leat a rádh go bhfuil an lánsaoirseachas ag baint le lucht an airgid mhóir, ós rud é gur maith leofasan an polasaí "cead gan srian" nó laissez faire, agus má tá siad ag iarraidh béal bán a dhéanamh leis na bunchreidmhigh, chan ionann sin is a rádh go bhfuil siad dáiríribh ag cur chun cinn cuspóirí an dreama áithrid sin. Ach mar sin féin, tá lucht an airgid mhóir i bhfad níos pragmatúla nó níos traidisiúnta i leith chúrsaí na sochaí ná na lánsaoirsigh cheartchreidmheacha. Chan fhuil na fir ghnoithe ag cur catha leis na drugaí a cheadú, ná le pósadh homaighnéasach a thabhairt isteach. Agus déanta na fírinne, níl siad ina chall go dtiocfadh lucht an lánsaoirseachais i gceannas ar an chóras stáit, ó tá an córas ag cuidiú leofa cheana féin.

Níl tuilleadh meala de dhíobháil ar na billiúnaithe. Tá a ndóthain cumhachta acu ins an tsochaí mar atá sí, agus iad ag íoc déirce leis na carthanachtaí le sult a bhaint as an chumhacht seo. Má tá fíorchumhacht agat, is dóchúla ná a mhalairt go bhfuil tú in ann cluas éisteachta a fháil ó fheisirí na Comhdhála d'achan fhocal dá dtig ó do bhéal. Cén bhail a chuirfeá ar an rud nach bhfuil as gléas ar aon nós?

Lánsaoirseoir níos tipiciúla a bhí i bhfear áithrid a chuir litir ríomhphoist chugam le déanaí, agus é ag míniú go sollúnta nach ar an "gharbhobair" ach ar "chlisteacht an chloiginn" a fhásanns an rachmas. Mothaím glór Ayn Rand ag labhairt taobh thiar de na focail seo; ach tháinig siad ó bhéal fir nach bhfuil ag saothrú ach ceithre mhíle déag de dhollair in aghaidh na bliana. Cén chiall atá le seo? Ní chuirfeadh sé lá iontais ort a leathbhreac seo a chluinstint ó bhilliúnaí, nó chan fhuil ins an Ayn Randachas ach an gnáthfhreagra ar an tsóisialachas. Nuair atá tú ar duine acu seo a bhfuil an chosmhuintir ag bagairt báis orthu mar dhúshaothróirí, is mór an sólás duit a bheith in ann a áitiú ort féin go bhfuil tú i dteideal do chodach ar chúiseanna laochais is ardmhoráltachta.

Sílim go bhfuil reitric Ayn Rand ag taithneamh le daoiní ar nós an fhir thuasluaite thar aon chineál duine eile - is é sin go bunúsach, daoiní éirimiúla le craiceann geal, nach bhfuair a gceart ón tsaol, dar leofa féin. Níl siad ina suí comh te agus go mba mhian leofa, ach níl siad comh mór sin i ndoghrainn ach an oiread agus go nglacfadh na liobrálaigh truaighe leofa. Achoimriú ar a mímhuinín féin as an tsóisialachas agus as córas an leasa shóisialta is eadh é smaoiteachas Ayn Rand don dream seo, agus dearbhú is eadh é freisin go bhfuil todhchaí mhiorúilteach daite dófa mar ardtiarnaí Nietzsche-úla toisc iad a bheith comh huaillmhianach dicheallach sin i mbun oibre dófa. Tá cineál pléisiúr, fosta, inbhainte as geáitsí an chontrálaí atá ag cur in aghaidh na hidé liobrálaí - nó fiú ag glacadh tarcaisne léithi! - go mba chóir cath a chur ar an bhochtanas is an éagóir. Tá an saol féin bocht braonach, a mhac! Sinne na buaiteoirí, agus spréadh ar na caillteacháin! Is é oighear an scéil, áfach, nach bhfuil siad ag breith buaidhe go fóill. Cé is údar le sin? - an Rialtas, ar ndóighe!

Cha dtig liom féin Rand a ghlacadh dáiríre, nó rinn mé féin mo bhang oibre do na "smaoiteoirí cliste" udaí, agus ba bheag a gcosúlacht le laochra Rand - bunaitheoir an chéad chomhluchta ar oibrigh mé dó mar shampla. Bhí smaoitiú cliste amháin aige ar dtús, agus b'airsean a bhunaigh sé an gnólucht. B'é an fhadhb mhór nach rabh a thuilleadh den chineál sin ag mo dhuine. Chlis scéim i ndiaidh scéime air, agus garbhrúpálaithe de mo shaghas féin ag coinneáilt an ghnóluchta ag imeacht le híoc as a chuid cluichí. Sa deireadh thiar thall cuireadh ruaigeadh air, nuair a cheannaigh smaoiteoir cliste eile an gnoithe. B'é a fhuascailt-sean ar fhadhbanna an chomhlachta ná an bata is an bóthar a thabhairt do dhuine as achan bheirt dá rabh ar fostó aige, agus b'é deireadh an scéil gur cliseadh ar an ghnólucht go hiomlán, siúd is go rabh an geilleagar ag borradh ar fud na tíre.

Tá na lánsaoirseoirí, ar nós na n-intleachtóirí Francacha, róthugtha do réasúnú comh teibí is nach bhfuil baint dá laghad aige leis an réaltacht. Is gnách dófa, mar shampla, maoin a chosaint mar chonradh eadar daoiní primitíbheacha i dtréimhse ínteacht i bhfad siar nuair a bhí sé follasach nach dtéanfadh sé dochar ar bith do dhaoiní eile dá gcuirfeá claí thart ar chaorán bheag talaimh agus do chuid féin a ghairstin de. Díol drochamhrais atá ann ar leibhéal na teoirice féin - mura dtearn sé dochar ar leas na neamh-úinéirí ceithre go leith míle bliain roimh bhreith Chríost, an féidir le haon duine a rádh nach dteán sé dochar inniu? Ach is seafóid choiriúil é mar staraíocht: ar dtús, mar shampla, is creach ghoidte í Meiriceá inti féin, ó tharla gur gabhadh le láimh láidir ó na hIndiaigh í, agus is eol do chách an cruatán a d'fhuiling siadsan ar a shon, fiú má mhair siad beo i ndiaidh an ródaigh, na díbirte is na n-aicídí. Gach duine a bhfuil i seilbh cuid den chreach sin - ar mo nós féin - caithfidh sé aithreachas nó leithscéal ínteacht a dhéanamh leis féin lena choinsias a thabhairt chun suaimhnis; ach ná bímis comh hamaideach is a ligint orainn gur beart ardmhorálta amach is amach a bhí i gceist le bunú na Stát Aontaithe.

NA FRITHLIOBRÁLAIGH

Catagóir dheacair is eadh iad na daoiní nach maith leofa an liobrálachas go simplí, iad siúd a chuireanns ríomhphost chugam ag cur i gcoinne mo chuid "eagarfhocal". Ní fhaca mé anailís mhaith riamh le míniú a thabhairt ar mheon na ndaoiní seo. Ní bunchreidmhigh reiligiúnda a bíos iontu, ná fir ghnoithe, ná Deisceartaigh, ná fiú (cuir i gcás) lucht gealchraicneach saindúchais agus iad ag iompairc leis na Gormaigh fá dtaobh de na jabanna. Is féidir go bhfuil dearcadh lánsaoirseach acu, ach ní bhíonn siad ag vótáil i bhfách leis na lánsaoirseoirí ná ag iarraidh an Rialtas a chur ar ceal. Níl mé cinnte an bhfuil siad ag cur le meafar an athara dhéin de réir Lakoff, ach is léir nach bhfuil siad ina "dtuistí tuigseanacha" ach an oiread. Ní bhíonn siad róshaibhir, fríd an phíosa; cuid de na coimeádaigh is fíochmhaire dá bhfuil aithne agam orthu tá siad ag saothrú i bhfad níos lú ná an gnáth-thuarastal.

Ábhar Mínithe:

- Liobrálaigh mheasartha atá i mbun an Pháirtí Dhaonlathaigh i gcónaí, ach is iad lucht na heite radacaí is mó a tharraingíos callán ins na meáin chumarsáide. Agus tá clár oibre ag na Forásaigh seo, - eadar shaoirse na bhfeileacán, drochamhras i dtaoibh na gcomhluchtaí móra, saintacaíocht leis na dreamanna faoi leatrom, ilchultúrachas agus gearradh ar an chaiteachas chosanta, - clár oibre a théid i gcion ar dhaoiní áithride mar a théid an miotal sóidiam i gcion ar an uisce - ar nós na pléisce. Chan fhuil siad in ann neamhshuim a dhéanamh den chineál seo antoisceachais: cuireann sé eadar shamhnas is eagla orthu, agus col acu leis an Pháirtí Dhaonlathach ar fad dá dheasca sin.

- Is iomaí duine a bhfáisctear a shaoldearcadh as an tréimhse a chaitheanns sé i gceann staidéir, agus na Forásaigh agus radacaigh eile ag rith damhsa i gcuid mhór de na coláistí ollscoile: tá cuid acu fiú i gceannas ar an ghnoithe. Is féidir gurb é seo an t-aon teagmháil a ghní an t-ógánach ó na bruachbhailte leis an smaointeachas fhorásach, agus is iomaí uair nach bhfágtar ar a leathbhreac de shomachán ach drogall doleigheasta roimhe. Ní thuigeann sé, áfach, gur fochultúr beag ar leith é an domhnán acadúil, is gur eisceacht ar fad é na forásaigh a bheith comh láidir ansin - eisceacht atá bun os cionn ar fad leis an chuid eile den tsochaí.

- Tá an tír seo comh saibhir sócúlach is nach bhfuil mórán sásta a marana a dhéanamh ar chúiseanna forásacha. Nuair a bhaineanns na daoiní amach stádas na meánaicme, is dual dófa mar mheánaicme an liobrálachas a ghlacadh chucu - agus nuair a bhaineanns siad amach an uasaicme thoiciúil, is dual dófa an liobrálachas a thréigbheáilt ar mhaithe le coimeádachas na saibhir.

- Thairis sin, na daoiní atá faoi chaibidil agam anseo, is minic nach bhfuil lá eolais acu ar shaol na ngeiteonna, ná ar shaol na bhfeileacán a bíos á síor-ionsaí ag lucht na brilsce, ná ar a saol siúd nach bhfuil árachas sláinte acu. Tá siad i dtuilleamaí a saoltaithí teoranta féin le breithiúnas a thabhairt ar na seintimintí liobrálacha, agus ar ndóighe chan fhuil lá tuigse acu dófa: "Mura bhfuil cuidiú ón stát de dhíth orm féin, cad fáth a roinntear an oiread sin deolchaire ar na bleaicíní damanta sin?" Agus, déanta na fírinne, ní dual do na daoiní seo truaighe a ghlacadh d'aon duine eile. Is é Lakoff is fearr a mhíníos seo: tá páirt lárnach ag an truaighe i múnla an tuiste thuigseanaigh; chan fhuil sí ar iarraidh go hiomlán i múnla an athara dhéin, ach tá na suáilcí fearúla go mór chun tosaigh uirthi: caithfidh an fear breith ar a stuaim agus é féin a choinneáilt faoi inneall máirseála.

- B'fhéidir nach miste domh teoiric Phroinsiais Uí Shúilleabháin fá dtaobh de "thús an áil..."