Pill ar ais

Ag an am seo, thart ar an bhliain 1850, thréig Turgéineav an véarsaíocht ar mhaithe leis an phrós; comhairle a bhí ann a chuaigh go mór chun leasa dó mar scríbhneoir. D'fhoilsigh sé sraith de scéalta beaga fá shaol na tuaithe ar Sovremennik, "Cuimhní Cinn an tSealgaire" nó Zapiski Oxotnika. Scéalta gan dochar a bhí iontu, agus nádúir na Rúise is saol na taithe á mhóradh iontu; ach ba dainséarach an cineál cur síos a tugadh ar an tseifeach iontu, dar leis na húdaráis - nó ba léir don léitheoir gur duine daonna, cosúil leis an chuid eile againn, a bhí sa tseirfeach mar a chonaic an t-údar é - agus ba radacach an smaoitiú é ins an Rúis ag an am. Go gairid ina dhiaidh sin thit Tuirgéineav go tromchúiseach amach le córas an tSáir agus é ag cur neirbhís ar a lán de na boic mhóra leis an aitheasc neamhbhalbh a thug sé uaidh ar ócáid tórramh Ghógoil. Chaith sé bliain go leith faoi chuirfiú ar a dhúiche, ach más amhlaidh féin, cha dtearn sin ach méadú ar a cháil sna ciorcail liteartha. Fearadh fáilte an laoich náisiúnta roimhe nuair a phill sé go Cathair Naomh Peadair i ndiaidh an bhraighdeanais bhaile.

B'ins na míle ocht gcéad caogaidí a scríobh sé na leabhartha ba mhó a thuill cáil dó lena linn féin: "Nead na hUasalaicme" (Dvoryanskoye gnezdo) sa bhliain 1859, mar shampla, ina dtug sé tuairisc thuisceanach ar shaol na seanuasal fán tuaith. Bhí gnaoi an dá eite polaitíochta ar a chuid saothar ag an am, nó má bhí sé ag léiriú spéis i gcúrsaí na sochaí - mar a d'éilíodh na radacaigh ar na húdair a dhéanamh - cha rabh aon chlaontacht shoiléir pholaitiúil ag roinnt lena shaothar.

Sa bhliain 1862 rinn sé iarracht comhrac an dá ghlúin a chur i bhfriotal ina úrscéal "Aithreacha is a gClann" (Ottsy i deti). Tharraing an leabhar seo racán mór millteanach, i measc na n-óg ach go h-áithrid. Bhí na radacaigh óga inbharúla nach bhfuair siad a gceart sa leabhar, nó níor mhaith leo an phríomhphearsa a sheas dófa féin - Bazarov, an Nihileach, nach rabh de fhealsúnacht aige ach ábharachas lom agus é ag tabhairt droim láimhe leis na luachanna uaisle uilig eadar aeistéitic agus chreideamh. Cha rabh i mBazarov, a deiridís, ach scigphioctúir nach rabh ag cur le fíorsmaoiteachas na glúine óige ach leis an íomhá bhréagach de a bhí coitianta i measc na bhfrithghníomhach.

Dealraíonn sé go rabh cuid den cheart ag na criticeoirí óga seo, ar a laghad, nó cha rabh mórán cur amach riamh ag Tuirgéineav ar chúrsaí na sochaí ná ar cad é ab éirim do na haighnis pholaitiúla agus cad ar a shon a rabh siad á bhfearadh ar scor ar bith. An dearcadh is na tuairimí i leith dul chun cinn sóisialta na scológ is na dtuathánach bocht i gCuimhní Cinn an tSealgaire cha rabh iontu go bunúsach ach manadh faisiúnta a óige féin á aithris is á athrá ag an údar. Nuair a chaill Tuirgéineav a óige, scaoileadh an nasc fosta a bhí aige le smaoiteachas na glúine óige intleachtóirí.

Nuair a d'ionsaigh na radacaigh óga an t-úrscéal, bhí Tuirgéineav ar cuairt i bPáras, agus caithfidh sé gur chuir an racán liteartha sa bhaile samhnas air, nó d'fhan sé ina chónaí ar an choigríoch go lá a bháis gan ach corrsciordadh a thabhairt ar a thír dhúchais ó am go chéile. Chaith sé na chéad bhlianta eile i mBaden-Baden sa Ghearmáin, go dtí gur aistrigh sé go Páras sa bhliain 1871. Scríobh sé cúpla leabhar i ndiaidh Ottsy i deti, ach má scríobh féin, char chuir siad lena chliú sa bhaile, agus é glan aineolach le linn a gcumtha ar a rabh ar bun i saol intleachtúil nó liteartha na Rúise. Ón taoibh eile de, fuair sé aithne ar chiorcail liteartha Phárais is Bheirlín, agus glacadh leis go fáiltiúil chucu - comh fáiltiúil sin agus gur áirigh duine de staraithe litríochta na linne i Sasain mar scríbhneoir Fhrancach é! hAistríodh a chuid saothair go Gearmáinis agus go Fraincis, agus é ag tarraingt súil na hEorpa ar litríocht na Rúise uilig: b'eisean an chéad chlasaiceach Rúisise a bhain cliú amach dó in Iarthar na hEorpa.

I bPáras a shíothlaigh Tuirgéineav tar éis galar a mharfa a tholgadh ar cuairt i Moscó dó. Fuair sé bás ar an dóú lá fichead de Mhí Lúnasa sa bhliain 1883.

Hertzen - réalt eolais na réabhlóide

Chuimhnigh mé cheana ar Bhéilinscí; is gá anois léirmheastóir tábhachtach eile a lua, mar atá, Aileacsandar Íobhánoivits Hertzen (1812-70). Chuaigh Ceannairc Mhí na Nollag go mór i bhfeidhm air ina óige dó, agus chuir sé bun le ciorcal rúnda polaitíochta a chardáladh ceisteanna Sóisialachais. Ba léir gur tharraing a leathbhreac seo d'uisce faoi thalamh súil na n-údarás ar Hertzen óg, agus chaith sé a sheal féin ar díbirt sna cúigí cúil. Sa bhliain 1847 fuair sé oidhríocht raidhsiúil i ndiaidh bhás a athara, agus abhae leis go brách go dtí Páras, áit ar phléasc réabhlóid amach go gairid ina dhiaidh sin. Léirigh sé dlúthpháirtíocht agus bá leis an cheannairc seo siúd is nár éirigh léithi sa deireadh. Tharraing an léirsiú polaitiúil seo meas an radacaigh dhainséaraigh ar mo dhuine, agus druideadh doirse a thíre dúchais go deo na díleann roimhe.

Char ceadaíodh dó fanúint san Fhrainc ach oiread. Chuaigh sé ó Pháras go dtí an Róimh, ón Róimh chun na hEilbhéise agus ón Eilbhéis go Sasain, áit ar chuir sé faoi go ceann i bhfad. Scríobh sé a lán aistí fán dóigh ar ghlac sé páirt i dtrioblóidí réabhlóideacha na bliana ainrianta udaí 1848, aistí a d'fhoilsigh sé mar leabhar Gearmáinise faoin teideal Vom andern Ufer - "Ón Trá Eile".

I ndiaidh seadó a dhéanamh i Sasain dó bhunaigh Hertzen iris Rúisise ansin - Kolokol ("An Clog"). B'iad na blianta 1857-1861 buaicphointe shaol mo dhuine, agus a iris á léamh ag uasal is ag íseal ar fud na Rúise, siúd is go rabh cosc agus toirmeasc uirthi go hoifigiúil. Bhí Hertzen in ann aitheantas a thabhairt do rialtas an tSáir ar son fíor-leasuithe polaitiúla nó sóisialta; san am chéadna bhí sé comh dáigh le carraig chloiche fána idé-eolaíocht féin.

Agus bhí smaoiteachas dá chuid féin aige, dáiríribh, nó siúd is go rabh sé ag tacú le sóisialachas, cha rabh mórán luí aige le headarnáisiúnachas na sóisialach Eorpach. A mhalairt ar fad. Chuir sé iomlán a dhóchais i dtraidisiúin na scológ Rúiseach, agus súil aige go mbunófaí sibhialtacht nua na Rúise i ndiaidh na réabhlóide ar chothromaíocht agus siosmaid mhuintir na tuaithe. Ó na Slavaifíligh a fuair sé an chuid seo dá fhealsúnacht, bíodh is nach rabh mórán measa aige ar a gCríostaíocht siúd, agus iad den tuairim go mba chóir urraim a thabhairt don scolóig ar son a chreidimh ársaidh nádúrtha dhúchasaigh; b'é ba bhunrúta le cosmhuintireachas seo Hertzen ná dúchas udaí an daonlathais a thigeadh chun tsolais, dar leis, ar na cruinníocha sráidbhaile (mir) fán tuaith.

Ós rud é go rabh tuigse áithrid ag Hertzen do chás na n-údarás, dá radacaí agus a bhí sé, agus é in ann iad a thomhas de réir a gcaighdeáin féin, bhí fíorthionchar aige orthu. Bhí sé sásta an sár a mholadh nuair a cuireadh i gcrích leasú sóisialta a thaitin leis; agus má mhol sé údaráis an stáit, maolaíodh ar ghangaide na radacach uilig a bhíodh ag léamh Kolokol. Nuair a d'éirigh na Polannaigh amach in aghaidh an tSáir sa bhliain 1861, - Powstanie Styczniowe mar a bheir na Polannaigh air, nó Éirí Amach Mhí Eanáir - ghlac Hertzen seasamh in éadan na Rúise. Bhain sin go mór dá thionchar ar atmaisféar a thíre, nó bhí cuid mhór de na radacaigh féin naimhdeach i leith tóir na bPolannach ar neamhspleáchas.

Sa bhreis ar na scríbhinní polaitíochta ar fhoilsigh sé an chuid ab fhearr acu ins an díolaim udaí Vom andern Ufer, is gádh trácht a dhéanamh ar an dírbheathaisnéis cháiliúil a d'fhág sé ina dhiaidh, mar atá, Byloe i dumy ("Cuimhní cinn agus smaoitíocha"). Díol suntais is eadh í an dírbheathaisnéis seo mar chur síos ar shaol an réabhlóidigh féin cheana, ar ndóighe; ach is dócha gurb é an mhiontuairisc ar sheansaol na Rúise is mó a tharraingíonns lucht a léite ionsar an lón mór léitheoireachta seo inniu.

Fuair Hertzen bás sa bhliain 1870. Char éirigh leis riamh a sheanseasamh a bhaint amach dó agus dá iris athuair i saol intleachtach polaitiúil na Rúise. Tábhachtach is mar a bhí Hetrzen mar iriseoir is mar idé-eolaí, cha rabh sé riamh i gceannas ar intleachtóirí na Rúise ná in aon neasacht a bheith. B'iad Tséarnaiséavscaí agus Dobroiliúbov a tháinig i gcomharbacht ar Bhéilinscí, thar aon duine eile.

Tséarnaiséavscaí - an t-údar ab ansa le Léinín

Ba saineolaí litríochta é Niocólaigh Gaibhríoloivits Tséarnaiséavscaí (Nikolay Gavrilovitch Chernyshevsky, 1828-1889) a chuaigh le Sóisialachas i dtús na seascaidí. Chuir sé bun le gluaiseacht sóisialachais dá chuid féin, ach fuair na húdaráis amach fán uisce faoi thalamh seo, agus gabhadh é comh maith lena lán de lucht a thacaíochta. I mbraighdeanas dó scríobh sé úrscéal faoin teideal Chto delat'? ("Cad é ba chóir a dhéanamh?") nach rabh mórán fiúntais ag baint leis mar shaothar litríochta, óir cha rabh ann go bunúsach ach caidirne bolscaireachta. Ina dhiaidh sin, bhí tionchar ábhalmhór ag an leabhar seo ar smaoiteachas lucht an réabhlóideachais ar fud na Rúise, agus mhair sé i bhfad i ndiaidh don scríbhneoir féin bás a fháil. Nuair a scríobh Léinín féin alt polaitíochta faoin teideal chéadna - "Cad é ba chóir a dhéanamh?" - ba bheag Boilséiviceach nach dtug fá dtear cá dó a rabh sé ag tagairt.

Dobrailiúbov - Béilinscí nua

Níor thaise do Niocólaigh Aileacsandraivits Dobrailiúbov (Nikolay Aleksandrovitch Dobrolyubov, 1836-61), fear a fuair bás go h-óg agus ar mhair a ainm beo san Aontas Sóibhéadach féin. Siúd is go dtugadh sé "léirmheastóir liteartha" air féin, b'é saol na seanRúise mar a tháinig sé chun tsolais ins an litríocht ba phríomhthargaid dá chuid tromaíochta. B'fhuath leis seantsaol na Rúise, eadar stát is eaglais, agus é ag éileamh go fíochmhar go gcuirfeadh na hintleachtóirí is an ghnáthmhuintir le chéile chun iarsmaí an tseanreachta a dhíothú go hiomlán. Dealraíonn sé go bhfuil sé sách sábháilte a chreidbheáilt gur fhág sé a shliocht ar smaoiteachas na mBoilséiviceach féin, comh maith le Tséarnaiséavscaí.

An bhfuil saol ar fónamh ag aon Rúiseach?

Sula gcromaidh muid ar an dá chlasaiceach deireannacha, is gá Niocolaigh Néacrásov (Nikolay Nekrasov, 1821-1878) a lua. Ba thábhachtaí é mar chineál impreasóir liteartha ná mar scríbhneoir, agus é ag tabhairt seansanna do na húdair óga a gcuid saothar a chéadfhoilsiú. Ós rud é nach bhfuair sé aon chuidiú óna athair neamhchultúrtha i mbun staidéar ollscoile dó, b'éigean dó teach foilsitheoireachta a chur ar bun é féin. Chruthaigh sé go seoigh i mbun an ghnoithe seo, nó fear cumasach gnoithe a bhí ann ó dhúchas. Chuireadh sé i gcló páipéar anseo agus páiéar eile ansiúd, agus b'ar na hirisí seo a tháinig chéadscríbhinní na glúine óige scríbhneoirí amach, ar nós, cuir i gcás, Bednye lyudi le Dostaighéavscaí. Níor thaitin Neacrásov le cách ins na ciorcail liteartha, nó fear gnoithe a bhí ann thar aon rud eile. Bhí sé in ann dán adhmholta a chur i míotar is i gcló fán fhrithghníomhach is uafásaí dár shiúil talamh na Rúise riamh, agus cha rabh na hintleachtóirí ardidéalacha sásta glacadh leis go mbíodh a leithéid sin de riachtanas uaireanta chun iris nó páipéar a shábháilt ar chosc na cinsireachta. Bhí Néacrásov lántugtha d'aer an tsaoil fosta, agus é ag cleachtadh cearrbhachais agus ag bualadh craicinn le cailíní drúise.

Is é an dán is tábhachtaí dár chum Néacrásov ná an aoir mhór fá chruatán mhuintir na Rúise, Komu na Rusi khorosho zhit'? - "An méanar d'aon duine sa Rúis?" Bheir an dán seo cur síos ar dheichniúr scológ agus iad ag taisteal fríd an Rúis - eadar thír is sochaí - ar lorg an duine a bheadh in ann sult a bhaint as a shaol sa tír. Castar íseal is uasal orthu, agus iad uilig faoi mhíshonas. - Thig leis an údar a sheanpheaca féin - an rómhaoithniúlacht - a sheachaint sa tsaothar seo, agus é ag déanamh aoire nó ag tabhairt fíor-chur síos ar chruatán na scológ de réir mar is fóirsteanaí dó.

Fuair Néacrásov bás sa bhliain 1878, agus an Rúis fré chéile ag léiriú a ngráidh dó, conspóideach cointinneach is uile mar a bhí sé lá a shaoil.

Tolstóigh

Rugadh Léav Niocólaighéivits Tolstóigh (Lev Nikolayevitch Tolstoy, 1828-1910) ar eastát a athara, An Machaire Geal (Yasnaya Polyana) in aice leis an chathair udaí Tula. Teaghlach uasal den chéad scoith a bhí i gceist, agus seisear mac eile ag na tuistí. Cailleadh a mháthair is a athair ar Tholstóigh agus é go h-óg go fóill, agus b'í a aintín a bhíodh ag faire ina dhiaidh feasta. Chaith sé cúpla bliain seasca ar an ollscoil i gCazáin, arb í príomhchathair Thír na dTatárach inniu í, agus phill sé ar Yasnaya Polyana. Bhí sé ag teastáil ó Tholstóigh rud fónta a dhéanamh ar son na ndaoiní faoi leatrom, agus é tar éis blianta a chaitheamh ag imeacht le haer an tsaoil leis na mic léinn eile, rud a d'fhág, b'fhéidir, a coinsias á chrádh.

Sa bhliain 1851 chuaidh Tolstóigh sna saighdiúirí i Sléibhte na Cugaise (Caucasus). Na scéalta a bhreac sé ar pár fá dtaobh dá thaithí chogaidh, tharraing siad súil an lucht litríochta ina leith, agus bhain sé cáil is cliú amach de réir a chéile. Nuair a tháinig críoch le Cogadh na Crimé, d'éirigh Tolstóigh as an tsaighdiúireacht le cromadh ar shaol na gciorcal liteartha i gCathair Naomh Peadair agus i Moscó.

Char thaitin cuideachta na scríbhneoirí eile le Tolstóigh, áfach. Fear uasal a bhí ann, agus comhluadar lucht a chomhchéime de dhíth air; chuireadh saol na mBoihéimeach liteartha fearg air, agus iad ag iarraidh geáitsí na prólatáireachta a ligint orthu féin. Cha rabh Tolstóigh róshásta ach oiread leis an Iartharachas neamhchriticiúil a bhí fáisiúnta sna ciorcail fhorásacha,agus má d'fhan cairde liteartha ar bith aige ba Slavaifíligh nó frithghníomhaigh iad: na babhtaí a chaith sé ar an choigríoch cha dtearn siad ach mealladh a bhaint as, agus é cinnte dearfa suite siúráilte nach rabh i sibhialtacht an Iarthair ach saoltacht is ábharachas.

Phós Tolstóigh sa bhliain 1862. Cailín óg ocht mbliana déag a bhí i Sóifia Aindréigheavna Behrs, agus í le fanúint lena thaoibh go lá a bháis: bhí Tolstóigh tar éis ceithre bliana dérag is fiche a shlánú. Mar sin féin, bhí an chéad chúig bliana déag dá saol pósta comh sona sásta sócúlach sin agus gur éirigh leis an scríbhneoir an dá mhórshaothar a chríochnú ar a maireann a chliú iarbháis: An Cogadh is an tSíocháin (Voyna i mir) agus Anna Cairéiníona.

Bhí go leor scríofa ag Tolstóigh agus é ag cromadh ar an Chogadh is an tSíocháin a chumadh: na scéalta fá léigear na bunáite míleata i Seabhastopól le linn Chogadh na Crimé, ar ndóighe; agus an trí leabhar fána óige a fhoilsítear go minic faoi aon chlúdach amháin: Aois an Linbh - Aois an Bhuachalla - Aois an Ógánaigh (Detstvo - otrochestvo - yunost').

Ag cur síos ar imeachtaí an chogaidh dó, bhí Tolstóigh ag brath ar an laochas a bhaint díofa agus mí-ord, míréasún agus uafáis an chogaidh a nochtadh. Is é a thuairim den chogadh nach dtig le haon duine troid a stiúrú ná a dhíriú go ciallmhar, nach bhfuil i stráitéisí ná taicticí na nginearál ach glagaireacht is buaileam sciath. Na fir uaisle a bheir a n-aghaidheanna ar mhachaire an chogaidh ar lorg eachtraí agus laochais, is astusan a bhaintear an mealladh; is iadsan na híochtaráin, agus dearcadh praiticiúil acu i leith an chogaidh comh maith leis an tsaoil féin, laochra Tholstóigh. Nó mar a deir an Prionsa Dimitry Sviatopolk-Mirsky ins an leabhar a chum sé fá stair litríocht na Rúise: "Siúd is go bhfuil sé ag nochtadh [baois an chogaidh] is na suáilcí míleata, níl a chuid scéalta cogaidh neamhlaochúil ná frithmhíleata go ginearálta. Is fearr a rádh go bhfuil sé ag onórú an laochais neamhmheabhraigh thaismigh gan uaillmhian thar an laochas mheabhrach uaillmianta, nó laochas an ghnáthshaighdiúra [...] thar an oifigeach óg ó Chathair Naomh Peadair ar thóir filíocht an chogaidh le Cros Naomh Seoirse a bhaint amach."

Más mar sin a chaitheadh sé leis an chogadh sna chéad scéalta a chum sé faoi, bhí An Cogadh is an tSíocháin ag cur leis an dearcadh chéadna. Thairis sin thig leis san úrscéal seo a shean-fhéinspéis a shárú is cur síos a thabhairt ar phearsana eile seachas é féin, nó ar phearsana nach bhfuil sé á shamhailt féin leofa: dealraíonn sé nach bhfuil aon duine de na príomhphearsana ina athghin chruthanta ar an údar féin, siúd is go bhfuil tréithe dá chuid le h-aithne ar an duine seo agus ar an fhear udaí eile. Tá a ghuth féin ag achan duine acu ar scor ar bith, agus craiceann na hinchreidteachta leis na mná féin, rud nár éirigh le Tolstóigh a chur i gcrích roimhe seo.

In ndiaidh an Chogaidh is na Síochána a tháinig amach ina iomláine sa bhliain 1869 chrom Tolstóigh ar úrscéal stairiúil eile go ceann cúpla bliain, ach thug sé suas é lena mhalairt de thionscadal a tharraing air, mar atá, Anna Cairéiníona. Foilsíodh deireadh an mhórshaothair seo sa bhliain 1877. Scéal fá dtaobh de mídhílseacht na mná céile atá ann, nó fá thriantán síoraí an ghrá, agus críoch fhoréigneach fhuilteach leis nach bhfuil ag cur go ródhlúth leis an atmaisféar shona mhalltriallach ins an chuid eile den scéal.

B'é an t-úrscéal seo an spreagadh deireanach a bhí de dhíth le Tolstóigh a chur i mbun a bhuanmharana ar chursaí moráltachta, ionas gur buaileadh le géarchéim shaoldearcaidh é a d'athraigh a mheon ó bhun go barr. Chaith sé uaidh an ficsean agus thoisigh sé a chleachtadh seanmhóiríocht is fealsúnacht dá dhéantas féin ina chuid scríbhinní. D'oibir sé amach a leagan féin den charthanas Chríostúil agus é á chraobhscaoileadh ina rabh fágtha dá réimeas scríbhneoireachta. Bolscaireacht mhorálta atá ins na saothair dheireanacha mar sin; ach níl siad comh dona sin ó thaoibh an fhiúntais liteartha de ach oiread, nó thig le Tolstóigh athmhúnlú a dhéanamh iontu ar an Rúisis scríofa, de réir mar a bíos sé ag tarraingt ar thobar na gnáthchainte le friotal dá chuid féin a chur ar na smaoitíocha teibí. Foilsíodh an chéad leabhar acu seo, An Fhaoistin, i nGinéibh na hEilbhéise, ó nach gceadóchadh cinsireacht na Rúise a leithéid a chur i gcló ar bhealach oifigiúil sa tír. Ina dhiaidh sin, bhí an leabhar á léamh ag cuid mhaith Rúiseach, agus tháinig a lán cumann nó ciorcal "Tolstóigheachais" ar an fhód faoi thionchar na smaoitíoch a bhí inti. D'fhliuch an chith seo cúpla scríbhneoir Fionlannacha freisin, ar nós Arvid Järnefelt: bhí seisean ag staidéar le bheith ina dhlíodóir nuair a tháinig sé trasna ar leabhar Tholstóigh. Ansin d'éirigh sé as a staidéar in áit na mbonn, nó "cha rabh sé d'acmhainn ionam duine ar bith a dhaoradh chun pionóis".

Scríobh Tolstóigh go leor gearrscéalta ins na blianta deireanacha seo, agus é ag déanamh aithrise ar fhabhalscéalta agus finscéalta na cosmhuintire iontu; sa bhreis air sin chuaigh aige gearrscéalta níos ealaíonta críochnaithe a chumadh nach bhfuil comh h-olc sin fiú i gcomparáid leis na saothair "shaolta" ón tréimhse "réamhiompaitheach". Is nós a chur i leith Tholstóigh go dtáinig caochlódh mór chun donais ar a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh a ghéarchéime fealsúnta nó reiligiúnda, ach tá an breithiúnas seo ródhian air.

Le scéal na litríochta clasaicí Rúisí i ndeireadh na naoú haoise déag a dhrud anois, caithfidh muid dhá ainm eile, ar a laghad, a lua: Vlaidimir Soloiveov (Vladimir Solovyov) agus Antón Pavloivits Séachov (Anton Pavlovich Chekhov).

Solaiveov

Ba fealsamh é Soloiveov (1853-1900) a tháinig as measc na Slavaifíleach an chéad uair, ach má tháinig, is beag súil a chaith sé ar ais i ndiaidh a dtréigbheála dó. Nó b'é an bunspreagadh a chuir i mbun fealsúnachta is scríbhneoireachta dá chuid féin é ná go rabh sé ag fáil locht ar an mheascra neamhloighiciúil idéalachais ia ábharachais ina gcuid smaoiteachais. B'é buntéis Dhostaighéavscaí lena lá go rabh Dia riachtanach le moráltacht ar bith a bheith ann: "murab ann do Dhia, tá gach rud ceadaithe." Rinn Soloiveov an cáineadh céadna ar idé-eolaíocht na radacach, rud a thug air, i dtús báire, tacú le go leor bunsmaoitíocha de chuid na Slavaifíleach, ar nós an chosmhuintireachais agus idéalú na tuaithe Rúisí. Ghlac sé col leis an tSlavaifíleachas de réir mar a tuigeadh dó gur minic ba tábhachtaí leofasan leas an náisiúin Rúisigh a chur chun cinn ar bhealach impiriúil, agus an reiligiún ina uirlis amháin acu le siocair a sholáthrú don impiriúlachas seo.

Mar sin, siúd is go rabh Soloiveov ag cleachtadh Críostaíocht rúndiamhair i stíl na rámhaillí, ba liobrálach é i gcúrsaí polaitíochta, agus luí aige leis an Iarthar; nó shantaíodh sé athaontú an dá mhóreaglais Chríostaí - na Róimhe is na hEaglaise Ortadocsaí - agus é iontach cairdiúil i leith na hEaglaise Cailicí dá réir seo. Fear ardléannta ab eadh é Soloiveov, ach san am chéadna ba ghnách leis taispeántaí nó aislingí osnádúrtha a fháil a bheireadh air na rudaí ba lú a mbeadh súil leofa a dhéanamh. Ansin, nuair a bhí sé ag cíoradh leabharlann an Bhritish Museum i Londain, chonaic sé taispeánadh a thug cuireadh dó a dhul go dtí Caireo.

Chaith Soloiveov seal ama ins an Éigiot ar lorg tuilleadh aislingí misticiúla. Le linn dó a bheith ag siúl an fhásaigh bhí eachtraí aige in éineacht leis na hArabaigh a thigeadh a dhéanamh iontais den Iartharach aistíoch seo. Nuair a phill sé 'na bhaile, fuair sé post mar léachtóir fealsúnachta in ollscoltacha Mhoscó agus Chathair Naomh Peadar. B'éigean dó éirí as, áfach, i gceann cúpla bliain, nuair a tharraing sé drochmheas na n-údarás air féin de bharr a thuairimí polaitíochta. Nó bhí sé in aghaidh pionós báis a ghearradh ar aon duine - lucht dúnmharaithe an tSáir ins an áireamh - agus é comh dána leis an bharúil seo a chur in iúl go poiblí. I ndiaidh a ruaigthe as post an léachtóra dó, thiomnaigh sé a dhúthracht dá chuid smaoiteachais agus fealsúnachta, agus é ag dréim le dialathas olldomhanda a chur ar bun is na heaglaisí Críostaí a chomhtháthú.

Rúndiamhróir reiligiúnda a bhí i Soloiveov, rúndiamhróir den chineál a gheobhadh lucht ár gcomhaimsire cineál scáfar, nó mar is léir óna chuid scríbhinní, chan aithníodh sé siombailí is meafair an reiligiúin thar rudaí nithiúla: chreid sé gur pearsa ann féin, seachas meafar an Oilc, a bhí in Ainchríost, cuir i gcás. D'fhéad sé titim i ngrádh le loch agus sraith dá dhánta a chumadh daoithi mar a bheadh bean ann, rud a rinne sé agus é ag caitheamh deireadh a shaoil cois na locha Saimaa in Oirthear na Fionlainne. I litríocht an Bhéarla is é Liam de Bláca (William Blake) is túisce a ritheanns liom a chur i gcomparáid le Soloiveov.

Lean ort