Mar is eol do chách, sáraíonn an Rúisis na teangacha Slavacha eile ar fad i líon a cainteoirí. Is féidir a dhéanamh go bhfuil sí ó dhúchas ag céad milliún de dhaoiní, agus líofacht ínteacht inti ag oiread eile ins na poblachtaí iarShóibhéadacha. Teanga Shlavach Oirthearach atá inti maille leis an Úcráinis agus an Bhílearúisis.
Ba bheag focal Rúisise a bhreactaí ar pár ón aonú haois déag go dtí an seachtú haois déag, gidh go rabh cultúr liteartha áithrid ann ins an Rúis cheana féin. Nó b'í an tSeanSlaivis Eaglasta an teanga liteartha ansin ag an am, seachas an Rúisis féin. Tá gaol cuíosach dlúth ag an teanga seo leis an Rúisis, agus í ar ceann de na teangacha Slavacha fosta; ach má tá féin, chan mó ná sin atá ann dháiríre. Bunaíodh caighdeán na SeanSlaivise ar an chanúint a bhíodh á labhairt ar fud na teorann eadar an Ghréigis agus an tSlaivis sa Mhaiceadóin, nó b'é seo an cineál Slaivise a bhí foghlamtha ag an bheirt mhanach Gréagach udaí, Naomh Ciril agus Naomh Meatóidias, a ba thúisce a chrom ar an tSoiscéal a chraobhscaoileadh i measc na Slavach ins an naoú haois. SeanBhulgáiris nó seanMhaiceadóinis atá ann go bunúsach, mar sin, agus í níos cosúla leis an tSeirbeaChróitis ná leis an Rúisis ó thaobh an stór focal de.
Mar a deir a hainm, is teanga eaglasta í an tSeanSlaivis, agus a shliocht sin uirthi, nó tá sí an-éagsúil le cibé cineál teanga labhartha Shlavach dá bhfuil ann. Ag aistriú na scríbhinní Críostaí ón Ghréigis go dtí an teanga seo dófa chloíodh na manaigh an-chóngarach leis na bunleaganacha, agus dá réir sin tá an tSeanSlaivis Eaglasta dubh breac le focail agus le teilgeanacha teangan nach bhfuil ag teacht go rómhaith le dúchas na dteangacha Slavacha. Mar shampla, is iomaí comhfhocal a chum na manaigh faoi thionchar an bhunleagain Ghréigise; ní bhíonn teacht ar a leithéidí ach corruair i Slaivis dhúchasach an ghnáthphobail, amach ó na haidiachtaí bahuvrihi, mar a bheir lucht na teangeolaíochta orthu - ar nós dolgoruki = "lámhfhada" (dolgi = fada, ruka = lámh). Ar ndóighe, tháinig an comhfhocal isteach ina lán teangacha Slavacha mar thionchar ó na comharsanaigh - ó lucht labhartha na Gearmáinise, cuir i gcás - ach níor glacadh leis mar ghnáthghléas fréamhaithe focal. Mar sin, siúd is go bhfuil teacht ar fhocail ar nós swiatopoglad i bPolainnis an lae inniu (saoldearcadh is ciall leis an fhocal seo, agus é bunaithe ar Weltanschauung na Gearmáinise), is iomaí Polannach a bhfuil drogall air roimh a leathbhreac i gcónaí, agus é ag roghnú an mhalairt leagana "glanPholainnise" udaí poglad na swiat ("dearcadh ar an tsaol"). Ní chuireann an cineál seo focail an oiread céadna isteach ar instinn teangan an Rúisigh, nó tá sé lánsásta lena théarma chomhshuite féin ar an rud, nó ar an idé, chéadna, is é sin, mirovozzrenie, a bhfuil blas láidir na SeanSlaivise Eaglasta air. (Ciallaíonn mir eadar "shaol, domhan", "shíocháin" agus "chomhar sráidbhaile"; focal SeanSlaivise ar dearcadh is eadh é vozzrenie nach n-úsáidtear ach ins an chiall mheafarach.)
Slovo o polku Igoreve
An litríocht a scríobhadh ins an Rúis go dtí an seisiú nó an seachtú haois déag, chan fhuil inti go bunúsach ach scríbhinní cráifeacha nó annálacha - "letopisi" mar a deirtear as Rúisis. Is gá, áfach, trácht a dhéanamh ar éipic náisiúnta na Rúise, Slovo o polku Igoreve, "An Laoi" - nó an "Focal"! - "fá shlua Igor". Dán mór éipiciúil atá ann a bheir cur síos ar an chogadh a chuir an prionsa Rúiseach, Igor, ar na Cúmánaigh. Cineadh d'fhánaithe Tuirceacha ab eadh iad na Cúmánaigh a mbíodh na Rúisigh ag síorthroid ina n-aghaidh sa tseantsaol; polovtsy an t-ainm a bhí ag na Rúisigh orthu, nó "muintir an mhachaire". B'ins an tríú haois déag, b'fhéidir, a breacadh an laoi seo síos an chéad uair. Ré chorrach ab eadh é seo i stair na Rúise, nó tháinig na Mongólaigh anoir fán tráth sin agus rinneadar léirscrios ar fud na Rúise, go h-áithrid i gCíév a bhí ina lárionad cultúrtha tábhachtach don Rúis uilig go dtí sin. (Is cathair Úcráineach í Cíév, ar ndóighe; ach más amhlaidh féin caithfidh muid cuimhneamh air nárbh fhéidir críochdheighilt ná eadardhealú deifnideach a dhéanamh eadar an Rúis is an Úcráin an tráth sin.)
Avvacum
B'i Moscó a tháinig an litríocht faoi bhláth an chéad uair eile, nuair a d'éirigh le prionsa Mhoscó na Mongólaigh a chloí sa bhliain 1480. B'ansin a daingníodh gradam Mhoscó mar phríomhchathair na Rúise, agus prionsa Mhoscó ag feidhmiú ina Impire uile-Rúiseach feasta. B'iomaí mionuasal nach rabh róshásta leis na toscaí seo, agus an t-easaontas seo á leathadh go dtí an Eaglais féin. Bhí na heaspaig is na habaí inbharúla go mba chóir don Eaglais páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta an stáit, agus na manaigh bheaga ag cur in éadan an dearcaidh seo, nó ba dóigh leofasan go mb'fhearr fanacht glan ar na rudaí saolta salacha le bheith in ann cromadh go hiomlán ar an domhainsmaoiteachas reiligiúnda agus ar mhistéireacha an chreidimh. B'iomaí paimfléad polaitiúil a d'fhás as na diospóireachtaí seo, agus nuair nach rabh focail sách láidir le fáil ins an tSlaivis Eaglasta, théadh na scríbhneoirí i dtuilleamaí na gnáthRúisise ar thóir eascainí agus maslaí.
San tseachtú haois déag tháinig lucht leasaithe an chreidimh i réim in Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise. Is amhlaidh go mba dóigh leis an ArdEaspag Niocón go rabh deasghnáthaí na hEaglaise truaillithe, agus iad ag éirí ró-éagsúil le nósanna na Gréige, as a dtáinig an creideamh Críostaí go dtí an Rúis an chéad lá riamh. Shíl sé go mba chóir d'Eaglais na Rúise pilleadh ar ais ar na foinsí agus na "drochfhorbairtí" Rúiseacha a chur ar ceal. Bhí roinnt manaigh is tuataí ag cur in aghaidh an fheachtais seo, agus iad barúlach go mb'í a gCríostaíocht thraidisiúnta féin an t-aon chreideamh ceart amháin, cibé seafóid a bheadh ag na Gréigigh. B'é an t-ab Avvacum a chuaigh i gceannas na bhfrithghníomhach seo, agus é ag scalladóireacht ar Niocón is lucht a thacaíochta siúd ina lán caidearnach bolscaireachta. Ruaigeadh Avvacum go dtí an tSibéir agus mallacht na heaglaise air, ach ní rabh gar ann: nuair a díbríodh as an phríomhchathair é cha dtearn sé ach seadó compordach ins an iargúltacht agus é ag toiseacht ar a chuid bolscaireachta aríst: bhí gach saoráid aige i gcathair a ionnarbtha, agus é in ann a chuid scríbhinní a scabadh is a chuid tuairimí a chraobhscaoileadh ar fud na tíre nuair a bhí sé a fhad sin ar shiúl ó cheann urraidh na heaglaise agus a chuid mallachtaí siúd. Scríobh sé scéal a bheatha le linn é a bheith ina chónaí ansin, i bPustozersk in Oirthuaisceart na Rúise. Fuair sé bás an mhairtírigh, mar ab áil leis, nó dódh ina bheo é sa bhliain 1682. Ó shin i leith, cha rabh aon cheann urraidh ag lucht a thaobhaithe, agus scabadh ag teacht orthu dá dheasca sin; mhair a n-iarsmaí ina ndreamanna beaga anseo is ansiúd go dtí le déanaí. Starovertsy - Lucht an tSeanchreidimh - nó rasskolniki - Lucht Scoilte na hEaglaise - a bheirthear orthu as Rúisis.
B'é Avvacum an chéad duine a thug faoi chruachaint na Rúisise a úsáid i scríbhinní liteartha. Tá lucht an tsaineolais ag déanamh gur bhunaigh sé a stíl scríbhneoireachta ar a chuid seanmóireachta. Tá beocht intinne is croí ag baint lena chuid scríbhinní, agus é ag eascainíocht ar a chuid namhad nó ag moladh na gcarad, ag glacadh trua do lucht a chéasta nach bhfuil a fhios acu céard atá ar bun acu nó ag guí bás an mhairtírigh air féin, ag spochadh as a chuid namhad nó ag gáirí faoi féin. Chuaigh a chuid scríbhinní go láidir i bhfeidhm ar lucht a leanstana, ach ba bheag a léití iad taobh amuigh de na ciorcail druidte seo.
Tar éis an tsiosma seo thoisigh an tIarthar a dh'imirt a thionchair ar an Rúis, agus na chéad iarrachtaí á ndéanamh le léann saolta na hEorpa a thabhairt isteach. Is léir go dtáinig na chéad scríbhneoirí ar an fhód freisin a d'fhéach le foirmeacha litríochta an Iarthair a oiriúnú do theanga na Rúise: Caintéimior (Kantemir), Tréidiacovscaí (Trediakovsky), Lomonósov agus Sumarócov. B'é Míocháileo Vasaíleivits Lomonósov (Mikhailo Vasilyevitch Lomonosov, 1711-1765) an duine ba thábhachtaí acu sin.
Lomonósov
Buachaill ón chósta thuaidh ab eadh é Lomonósov; d'fhoghlaim sé an aibítir sa bhaile, ach ó ba rud é nach rabh a thuilleadh spéise ag a athair sa léann, thréig sé a mhuintir agus é naoi mbliana déag d'aois, agus chuaigh sé as a stuaim féin go Moscó le dhul sna mic léinn ansin. D'éirigh leis: chruthaigh sé go seoigh ar scoil agus rinn sé seal staidéir sa Ghearmáin. Rinneadh céimiceoir, fisiceoir is innealtóir de.
Fear as an ghnáth ab eadh é Lomonósov. Fear eolaíochta a bhí ann thar aon rud eile, ach rinn sé cion fir i gcúrsaí litríochta fosta. Na filí a tháinig roimhe, cha rabh aon rithim nádúrtha dhúchasach ag baint lena gcuid saothar, nó bhí a gcuid dánta bunaithe ar comhaireamh na siollaí amháin, beag beann ar an bhéim chirt. Ba mhór an neamart é sin, nó is láidre i bhfad an siolla faoi bhéim ná an siolla gan í sa Rúisis. Ag reic dánta leis na filí roimh Lomonósov dúinn caithfidh muid béim na bhfocal a fhágáil ar shiollaí contráilte nó na siollaí uilig a fhuaimniú ar comhbhéim le chéile, agus cuireann ceachtar den dá chleas dúchas na Rúisise go gránna as a riocht. B'é Lomonósov an chéad duine a thug faoi deara nach mór don fhile Rúisise béim nádúrtha an fhocail a chur san áireamh agus é ag cumadh dán.
Má tá blas ársaíochta ar a chuid dánta féin inniu, ní mór dúinn a aidmheáil, áfach, go bhfuil feidhm áithrid lena theoiricí stíle is filíochta i gcónaí. Ar an drochuair, ní bhfuair Lomonósov a cheart lena linn féin. B'éigean dó a chuid oibre a dhéanamh ina aonar, gan duine a chomhleibhéil lena bhféadfadh sé cúrsaí na heolaíochta a chardáil, agus na maorlathaigh neamhthuisceanacha ag cur isteach air, mar is dual don Rúis. Sa deireadh thráigh a thobar air agus chuaigh sé leis an ólachan. Cha rabh sé ach ceithre bliana déag is dhá scór d'aois ag fáil bháis dó.
Deirzeáivin
Nuair a shíothlaigh Lomonósov, bhí Gaibhríoló Románoivits Deirzeáivin (Gavrilo Romanovitch Derzhavin, 1743-1816) dhá bhliain is fiche d'aois. Ina ógfhear dó bhí sé sna saighdiúirí ag treascairt éirí amach na dtuatach a rabh de rún acu Eimeileán Pugaitseov (Emilian Pugachov - Emiliano Zapata na Rúise, b'fhéidir?), a n-Impire féincheaptha a chur in áit an tSáir. Scríobh Deirzeáivin lear mór filíochta agus blas an Eipiciúrachais uirthi. Cuid thábhachtach dá chuid saothar is ea iad dánta adhmholta an dúlra comh maith. Ina dhiaidh sin, áfach, caithfear a aidmheáil nach bhfuil snastacht ná snoíteacht ag roinnt le cuid mhór dár chum sé lá a shaoil. Cha rabh an oiread sin saothraithe déanta ar an teangain go fóill agus a chuirfeadh ar a chumas samhlaoidí amscaí a sheachaint, agus is minic fiántas nó madrúlacht ina chuid filíochta nach bhfaigheann léitheoir an lae inniu cuibhiúil ná dea-bhreithiunach. Cibé scéal é, is eisean an file is mó de chuid an Chlasaiceachais sa Rúis. Maidir leis an pholaitíocht, ba fhrithghníomhach amach is amach é, mar is dual do chrannlaoch de chuid an tSáir. Fuair sé bás an fhile, nó theip a anam air agus é cromtha ar óid a scríobh fá dtaobh de dhuthaine an tsaoil seo.
Raidistseav
Bhí saol réasúnta suaimhneach ag Deirzeáivin, ach níorbh é an dála céadna ag Aileacsandar Niocoláigheivits Raidistseav (Aleksandr Nikolayevitch Radishchev, 1749-1802) é, faraor géar. Tá a shaol an-chosúil le cinniúint scríbhneoiírí áithride i Rúis Shóibhéadach ár n-aoise féin. Nuair a bhí sé óg, chaith sé a sheal i Leipzig na Gearmáine ag foghlaim léinn, áit inar léigh sér scríbhinní le fealsúna soilsitheacha radacacha Francacha - an dream céadna a chuir réabhlóid na Fraince ar coipeadh. Fear meánaosta a bhí ann cheana féin nuair a tháinig an anáil seo fríd: agus é tar éis tréimhse fhada a chur de ina státseirbhíseach dó cheana, d'fhoilsigh sé a leabhar cáiliúil An tAstar ó Chathair Naomh Peadar go Moscó. Ba mhillteanach an callán a tharraing an leabhar seo.
Ionsaí ar éagóir an tseirfeachais a bhí ins an leabhar, rud a bhí sách dona ann féin. Thairis sin, áfach, bhí frithmhonarcachas áithrid le haithint air, agus b'é seo a chuir cuthach feirge ar an Bhanimpire Caitríona. Coigistíodh an leabhar agus díbríodh Raidistseav go dtí an tSibéir. Tar éis deich mbliana a chur de ansin h-éigiontaíodh é athuair, ach tháinig an pardún seo go rómhall, agus é comh cloíte cheana is gur chuir sé lámh ina bhás féin go gairid i ndiaidh a scaoilte saor.
Caraimzín
Fán am seo bhí Niocoláigh Míocháileoivits Caraimzín (Nikolai Mikhailovitch Karamzin, 1766-1826) ag cromadh ar a chuid oibre. Pronnadh oideachas air i scoil phríobháideach a bhí á reachtáil ag ollamh de chuid ollscoil na Rúise; ina dhiaidh sin chuaigh sé i dteagmháil le lucht an Mháisiúnachais, agus chuir suim i gcultúr an Iarthair. D'imigh sé ón Rúis le bliain go leith a chaitheamh ar an choigríoch; nuair a phill sé chun an bhaile chuaigh sé le hiriseoireacht is le scríbhneoireacht. Rinn sé iarracht smaoiteachas iltíreach an tSoilsithe a thabhairt isteach lena chuid scríbhinní, agus lorg na Fraincise le haithne ar a chuid Rúisise féin. An chéad ghearrscéal a d'fhoilsigh Caraimzín d'éirigh leis go seoigh: scéal fá chailín óg a bhí igceist agus í ag cur lámh ina bás féin tar éis d'fhear den uasalaicme í a fhágáilt ag iompar clainne. Is féidir go rabh bunús ínteacht fírinne leis an scéal, agus go mb'é Caraimzín féin an fear a chuir an cailín ar bhealach a míleasa, agus é ag iarraidh aithrí a dhéanamh ann fríd an scéal a chumadh is a fhoilsiú.
Níorbh iad a chuid dánta ná a chuid gearrscéalta an saothar ab fhadsaolaí dár scríobh sé, ach an tsintéis abhalmhór a chuir sé i dtoll le chéile fá stair na Rúise. "Stair an Stáit Rúisigh" ba theideal daoithi: bhí an t-iarliobrálach ag éirí coimeádach de réir mar a bhí sé ag dul anonn in aois, agus é ag moladh idé an stáit uathlathaigh is ag cur in éadan leasuithe bunreachtúla. Ón taoibh eile de, gidh go dteán sé droichead ionlán de chosmhuintir na tíre ina chuid staraíochta, agus iomlán a iúil ar ghníomhartha na nImpirí, na bprionsaí agus lucht an rialtais, chan a n-ardmholadh gan locht a fháil orthu a ghní sé, ach dianbhreithiúnas moráltachta a thabhairt orthu, mar lucht ceannais na tíre. Is í an stíl chéadna atá aige ins an tsaothar seo agus i ngearrscéalta a óige - stíl iontach soléite a bhfuil sliocht na dteangthach Eorpach uirthi, stíl iltíreach nach dtugann a ceart, b'fhéidir, do dhúchas sainiúil na Rúisise mar theanga. Bhí sé de rún le Caramzín stair na seanRúisise a nascadh leis an chine dhaonna uilig, agus é ag cur béim ar thréithre uilíocha, uiledhaonna a thíre is a chuid comhdhúchasach.
Craolov
Iomportálaí cultúir ab eadh é Caraimzín i litríocht na Rúise, agus is féidir an méid céadna a mhaíomh fá dtaobh d'Íobhán Andréigheivits Craolov (Ivan Andreyevitch Krylov, 1769-1844). Rinn sé leaganacha véarsaíochta Rúisise d'fhabhalscéalta le La Fontaine agus Aesóp fá ainmnithe, agus bíonn a chuid véarsaí á bhfoghlaim de ghlanmheabhair ag daltaí scoile na Rúise go dtí an lá atá inniu ann.
Mac oifigigh ab eadh é Craolov, agus é ag obair ina státseirbhíseach i gCathair Naomh Peadair. Ní rabh ach fear óg ann nuair a chuaigh sé i mbun iriseoireachta agus é ag déanamh eagarthóireacht ar mhionirisí aoire. De réir éirim a chuid fabhalscéalta ba fear stuama siosmaideach é agus dearcadh coimeádach aige ar chúrsaí polaitíochta: ba mhinic a dhíríodh sé bior a aoire ar liobrálaigh agus iad ag iarraidh smaointí faiseanta an Iarthair a chraobhscaoileadh sa Rúis. Is féidir fiú falsóireacht intinne a chur i leith Chraolov, nó cha rabh aon fhoighde aige le daoiní fiosrúla intleachtúla a rabh meon an taighdeora acu.
Ní shéanann an méid seo, áfach, an bhuaidh teangan a bhí ag Craolov. Is é a stíl bheo láidir a tharraing gnaoi an phobail air, nó is í caint na ndaoiní í an Rúisis a scríobhanns sé, agus é ag iarraidh blas an tseanfhocail a chur ar chonclúid gach fabhalscéil. Ba mhinic a d'éirigh sin go maith leis, nó bíonn Rúisigh an lae inniu ag baint úsáid an tseanfhocail as a lán nathanna dá chuid.
AILEACSANDAR SEIRGÉIDHEIVITS PÚISCÍN - FILE NÁISIÚNTA NA RÚISE
Tar éis linn Chraolov a d'éirigh réalt mhór litríocht na Rúise in airde, réalt eolais a mhuintire i mblianta an dorchadais, mórfhile rómansúil a thíre dúchais: Aileacsandar Seirgéidheivits Púiscín (Aleksandr Sergeyevitch Pushkin, 1799-1837). Ar ndóighe, níobh eisean a chuir bun le rómansúlachas na Rúisise, nó tháinig scríbhneoirí eile roimhe - b'iad Vasailí Ziucovscaí agus cúpla ógfhile eile a bhunaigh an cumann filíochta udaí ARZAMAS thart ar an bhliain 1815, - b'iad na filí seo a chuir tús leis an dámh nuadh scríbhneoireachta. Nuair a thoisigh Púiscín a dh'obair leis dáiríribh, b'éigean dófa aitheantas a máistir a thabhairt dó. Cha rabh sé ach fiche bliain d'aois ag críochnú an chéad éipic mhór véarsaíochta, "Ruslan i Lyudmila" ("Rúslán agus Liudmíola"). Má thabhaigh an saothar seo mórchliú dó i measc lucht na litríochta, cha rabh an rath céadna ar bhurdúin áithride ina dtearn sé manaois le smaoiteachas réabhlóideach. Nuair a fuair an tImpire amach fúthu, chuir sé ruaigeadh ar an fhile amach as Cathair Naomh Peadair. B'éigean dó sé bliana a chaitheamh i gcúlriasca na hImpireachta, go h-áithrid ins an Chrimé, an Chugais agus an Mholdáiv.
Níor scoir sé ná níor stad sé de litríocht úr a chumadh, nó scríobh sé na molltracha de dhánta beaga, maille leis na laoithe fada An Scardán Uisce i mBachtsisaraigh agus Cime na Cugaise. Ag an am chéadna bhíodh sé ag caidreamh oifigigh óga radacacha airm agus iad ag brath ar éirí amach in éadan an tSáir. I Mí na Nollag sa bhliain 1825 chuireadar an scéim seo i gcrích, ach d'éirigh leis an Impire an cheannairc seo a chloí.
Maidir le Púiscín, char ghearr an Sár aon phionós air ar son a charadais le luch na ceannairce - Lucht Mhí na Nollag, nó na "Deacaibristithe" (dekabr' an focal Rúisise ar "Mhí na Nollag") - a ghlanmhalairt ar fad, nó thairg sé ollmhaithiúnas don fhile. Tuigeadh do Phúiscín, áfach, go mbeadh praghas ar an phardún seo.
Ag éirí deich mbliana is fiche d'aois dó d'fhéach Púiscín le seadú a dhéanamh sa tsaol agus é ag iarraidh éirí as an fhánaíocht is na scéalta beaga gráidh a bhíodh aige i gcónaí leis na mná uaisle ina thimpeall. Phós sé áilleagán óg mná nach rabh ciall do litríocht aici - b'fhearr léithi cóisirí cúirte. Cha rabh mórán ratha ar Phúiscín mar scríbhneoir ins an am ach an oiread, agus na filí óga ag caitheamh anuas air, mar Oisín seanfhaiseanta i ndiaidh na Féinne. Nuair a bhunaigh Púiscín iris nuadh litríochta, thoirmisc an chinsireacht í ar an toirt.
Mídhílseacht a mhná céile a thug a bhás. Bhíodh súgachas is spallaíocht ar obair eadar bean Phúiscín agus frithréabhlóideach Francach a bhí ag obair don tSár, Georges d'Anthès, agus nuair a fuair Púiscín amach fá dtaobh de seo, chuaigh sé ar an daoraí agus thug dúshlán an Fhrancaigh a dhul chun comhraic leis. Ghlac d'Anthès go fonnmhar leis an dúshlán, agus b'é toradh an scéil ná gur goineadh an file go h-éag sa chomhrac aonair. Shíothlaigh sé dhá lá i ndiaidh na teagmhála, an naoú lá is fiche d'Eanáir na bliana 1837.
Is í an fhilíocht - eadar na miondánta agus na laoithe móra éipiciúla - an chuid is tábhachtaí de shaothar beatha Phúiscín, go h-áithrid an t-"úrscéal líriciúil" Eoghan Óinéigín (Yevgeniy Onegin). Triantán gráidh is téama don laoi mhór seo, agus is féidir a lán dírbheathaisnéise a aithint uirthi. Rinn an file cúpla iarracht tabhairt faoi dhrámaíocht a chumadh ina theanga dhúchais - b'é an dráma próis Boris Godunov an chéad dráma dár scríobh sé, agus é ag déanamh aithris ar Shakespeare i roghnú an ábhair, nó is scéal é Boris Godunov ina gcuirtear síos ar iompairc na cumhachta i gcúirt an Impire. Boris Godunov féin, ba chomhairleoir é de chuid an Impire sa tseisiú haois déag a chruthaigh go seoigh chomh fada is gur mhair sé sásta gnoithe an chomhairleora a dhéanamh, ach b'é a chíocras cumhachta a chaill é, nó nuair a d'éirigh leis ríchathaoir an Impire a ghabháil le cleasanna is le huisce faoi thalamh, ba sciobtha a d'iompaigh an saol glan ina éadan. Ba mhaith an t-ábhar é an scéal seo le dráma i stíl Shakespeare a bhunú air, ach más amhlaidh féin, ní áirítear Boris Godunov ar éachtaí móra an scríbhneora. An chuid eile, ba iarrachtaí gairide drámaíochta iad, agus cuid acu bunaithe ar bhunchuspaí Béarla - nó in ainm a bheith amhlaidh, ar nós An Ridire Cíocrasach, a chuir Púiscín i leith an drámadóra Shasanaigh William Shenstone le bob a bhualadh ar an chinsire.
Níor fhág Púiscín gort an phróis gan saothrú ach oiread. Ba Afracánach é duine dá chuid sinsear, rud a spreag samhlaíocht rómánsúil an fhile chun úrscéal a scríobh fá arap Petra Velikogo nó nigéir Pheadair Mhóir. Chuaigh de, áfach, an scéal seo a chríochnú. B'iad na húrscéalta gairide Nighean an Chaiftín agus An Bhanríon Spéireata na cinn ab fhearr - nó na cinn a chríochnaigh sé; bheadh ábhar a sáraithe i scéal an Nigéara ach é a bheith iomlán. Úrscéal stairiúil is eadh é Nighean an Chaiftín agus é cosúil le Waverley le Sior Walter Scott ar go leor bealtaí, go háithrid i roghnú a théama; nó is é éirí amach Phugaitseov - mórcheannairc na cosmhuintire i Rúis an tseachtú haois déag - a sholáthraíonns fráma d'imeachtaí drámatúla gaisciúla an scéil. Thug Púiscín cuairt ar na bólaí inar troideadh cathanna na ceannairce, agus é ag labhairt leis na seandaoiní le seanchas na n-imeachtaí stairiúla seo a bhailiú. Níor spíon sé an t-eolas seo i Nighean an Chaiftín, nó d'fhoilsigh sé cuntas staire dá chuid féin ar an cheannairc chomh maith, mar a b'fhacthas dó í de réir a chuid foinsí.
Gríoboighéadov
Murar éirigh go rómhaith le Púiscín traidisiún dúchasach drámaíochta a bhunú ins an Rúis, b'fhearr a chuaigh sin ag Aileacsandar Seirgéibhits Gríoboighéadov (Aleksandr Sergeyevich Griboyedov, 1795-1829). Fear léinn agus dlíodóir ab eadh é Gríoboighéadov a chaith seal sna saighdiúirí nuair a rinn Napoleon ionsaí ar an Rúis. Tar éis éirí as sin chuir sé suim i ndrámaíocht agus scríobh sé roinnt mhaith greanndrámaí. San am chéadna bhí sé ag obair do Roinn Gnoithí Eachtracha na hImpireachta, agus é ag plé le comhchainteanna síochána eadar an Pheirs is an Rúis. Fear radacach ab eadh é, áfach, agus é ag déanamh cairdeasaíochta le Lucht Mhí na Nollag. Díol iontais é go dtáinig sé slán as seo, nó fuarthas amach cén caidreamh a bhí aige leis na Deacaibristigh agus cuireadh faoi ghlas é; le linn é bheith gaibhte níor thaispeáin sé géilliúlacht dá laghad do lucht a chroscheistithe. Dealraíonn sé go rabh cara sa chúirt aige.
Cailleadh i dTéahrán na Peirse é le linn na gcomhchainteanna, gan ach ceithre bliana déag is scór d'aois slán aige. Cóip sráide na cathrach a mhairbh é; bhí an Rúis ag éileamh síochána ar comha éagóir éagothrom ar an Pheirs, agus b'é Gríoboighéadov a tharraing air fuath na slóite, ó b'eisean ceann urraidh na toscaireachta Rúisí.
Rinneadh dearmad de bhunús mhór a chuid drámaí, ach tá gnaoi na ngnáthóirí amharclainne i gcónaí ar Gore ot uma ("Brón na Siosmaide"). Greanndráma i stíl Mholière atá i gceist, agus é cosúil le húrscéalta réalaíocha na mbliantach a bhí le theacht sa mhéid is go bhfuil stíl na teangan is an cur síos ar na pearsana i bhfad níos tábhachtaí ná an plota. Teanga nádúrtha labhartha atá ann, agus í faoi rím is rithim. D'fhág an dráma seo a shliocht ar stór seanfhocal na Rúisise, cosúil le fabhalscéalta Chraolov.
Bulharyn, an Tréigtheoir
Fán am chéadna bhí iriseoireacht na Rúisise ag teacht in éifeacht, siúd is nach rabh sí ag dul in apaíocht. Is é an Polannach Tadeusz Bulharyn, nó Faidéigh Bulgairín (Faddey Bulgarin, 1798-1859), mar ba rogha leis a ainm a litriú as Rúisis, a thionscain an cheird seo ins an Rúis. Más onóir é sin, is onóir lena heasonóir féin í i gcás Bhulgairín, nó is beag rud a n-aontaíonn na Rúisigh is na Polannaigh comh hiomlán sin faoi agus carachtar Bhulgairín: tá an dá chuid inbharúla nach rabh ann ach lútálaí agus é ag feidhmiú ina ghiolla umhal uiríseal seirbhíse is searbhóntachta do phóilíní rúnda an Impire. Brathadóir bradach a bhí ann, nó b'eisean a sceith ar Lucht Mhí na Nollag thar aon duine eile. Iriseoir slítheánta sleocanta ab eadh é a rabh de nós aige caitheamh anuas ar fhilí is scríbhneoirí éirimiúla ar nós Phúiscín, Gógoil agus Léarmontov, agus ní ghabhadh sé leor lena gcliú a mhilleadh go poiblí ina iris, Severnaya pshcholka (Beach an Tuaiscirt); bhíodh sé ag baint úsáide as a chaidreamh dhlúth leis an rúnseirbhís le huisce faoi thalamh a thógáil ina gcoinne agus le bobanna mioscaise a bhualadh orthu.
Faddey frantsuzov bil, kak korennoy rusak
A na ispantsev shol on v armii frantsuzskoy,
Rugal on russkix, kak polyak
a polyakov rugal - kak russkoy.
("Bhuail F. na Francaigh, mar a bheadh Rúiseach ann ó dhúchas
agus chuaigh sé chun cogaidh in aghaidh na Spáinne in arm na Fraince.
Chaitheadh sé anuas ar na Rúisigh, mar is dual do Pholannach
agus ar na Polannaigh, mar a bheadh Rúiseach ann.")
Is gá a phointeáil amach. b'fhéidir, go bhfuil cineál cáil iarbháis bainte amach ag Bulgairín le déanaí san Fhionlainn, agus a chuid iriseoireachta is cuimhní cinn ó Chogadh na Fionlainne sna blianta 1808-9 foilsithe sna nóchaidí in aistriúchán Fionlainnise faoin teideal Sotilaan sydän ("Croí an tSaighdiúra").
Frithghníomhach coimeádach is uile mar a bhí sé, dealraíonn sé nach rabh mianach an chiníochais ag baint leis. Thar aon rud eile b'é a thuairim go rachfadh gabháltas Rúiseach chun leasa do thír ar bith, ó ba rud é gur impireacht ilnáisiúnta a bhí i gceist leis an Rúis a bhéarfadh a ceart d'achan náisiúntacht dá léireochadh a hurraim don Impire - agus oiread áithrid den cheart aige ag an am, nó cha dtáinig an fíor-náisiúnachas seoibhineach Rúiseach chun cinn ach ag teannadh le deireadh na naoú haoise déag; roimhe sin, mar shampla, cha rabh mórán coil ná binbe ag muintir na Fionlainne, cuir i gcás, leis an tSár, agus an chuid ba mhó acu sásta fonnmhar é a onórú mar cheann urraidh a dtíre dúchais. Cha dtáinig athrú air seo ach nuair a thoisigh an Rúis ar an Fhionlainnis a chloí i gcóras riaracháin na tíre sa bhliain 1899 - roimhe sin bhí lucht athbheochana na Fionlainnise fiú ag brath ar thacaíocht an Impire ins an chath a chuiridíst ar an tSualainnis.
Tiuitseav
Tar éis Phúiscín chuaigh an fhilíocht ón stáitse i saol liteartha na Rúise leis an ardán a ghéilleadh do mháistrí móra an phróis de réir a chéile. Roimhe sin, áfach, thug fear darbh ainm Feódor Íobhánoivits Tiuitseav (Fyodor Ivanovitch Tyuttchev, 1803-1973) a sheal mar fhile. Fear uasal den tseandéanamh ab eadh é a chaith na blianta fada ina thaidhleoir ins an Ghearmáin ag obair do Roinn Gnoithí Eachtracha an tSáir. Phósadh sé mná Gearmánacha, agus ní labhraíodh sé mórán Rúisise ina shaol phríobháideach. Sna daicheadaí phill sé ar an Rúis agus thiontaigh sé amach ina fhrithghníomhaí uafásach, nó scríobhadh sé téacsanna bolscaireachta le Panslavachas - aontú na náisiún slavach uilig faoi stiúradh na Rúise - a chur chun cinn is a chraobhscaoileadh. San am chéadna, bhí scéal éadóchasach mídhlisteanach gráidh aige le máistreás a chlainne. Spreag an cumann seo é chun dánta áille gráidh a chumadh, ach mhill sé cliú an chailín, chomh maith le hintinn an fhile féin a chur frí chéile le coinsias ciontach agus deargnáire. Fuair an ghirseach bás naoi mbliana roimh an fhile, rud a ghéaraigh oiread eile ar a phian seisean.
Má bhí Tiuitseav ag tacú leis an fhrithghníomhachas polaitíochta, ní rabh sé ag iarraidh le haon rud nua a chruthú san fhilíocht, nó b'iad Lomonósov agus Deirzeáivin na heiseamláireacha ba mhó ab áil leis a leanstan is a aithris. Fágann sin stíl reitriciúil agus teanga sheanfhaiseanta mar shliocht air. Is í an mheitifísic, an troid eadar an riailchruinne (cosmos) agus an t-anord (chaos) an téama is tábhachtaí aige. Maille leis na dánta fealsúntachta scríobhadh sé dánta éadóchasacha gráidh, mar a h-úradh cheana. Na dánta a chum Tiuitseav fán eachtra éaróiticiúil seo, taispeánann siad gur thuig sé go hiomlán impleachtaí moráltachta an chumainn seo, agus cha dtearn foighde agus tuigse a mhná féin ach cur lena náire.
Nuair a chuaigh Tiuitseav le polaitíocht, chrom sé fosta ar véarsaíocht ócáidiúil a bhreacadh ar pár ó am go ham fá ábhair idé-eolaíochta; ach is beag is fiú mar litríocht iad, nó chan fhuil ina mbunús ach náisiúnachas seoibhineach frithghníomhach den chineál is madrúla gairgí á chraobhscaoileadh.
Léarmontov
B'é Míocháil Iúiréivits Léarmontov (Mikhail Yurievitch Lermontov, 1814-1841) file deireanach an Rómánsúlachais sa Rúis, agus is féidir a mhaíomh fosta go mb'éisean an chéad mórscríbhneoir próis de chuid an Réalaíochais ina thír. Rugadh sa bhliain 1814 i Moscó é do chaiftín airm a bhí pósta ar mhnaoi i bhfad ní ba shaibhre ná eisean. Nuair a fuair máthair Léarmontov bás, agus an páiste gan ach trí bliana d'aois, ghlac a mháthair chríonna chuici é, agus fuair sé tabhairt suas pheata na caillí uaithi. Tháinig sé go dtí an Chugais an chéad uair agus é naoi mbliana d'aois; nuair a tháinig sé i mbun a mhéide chaith sé cúpla bliain neamhthorthúla in Ollscoil Mhoscó, d'éirigh as agus chuaigh go Cathair Naomh Peadair le traenáil an oifigigh airm a fháil.