AMHRÁN NÁISIÚNTA ÁR dTÍRE

B'as Sualainnis a céadchumadh amhrán náisiúnta na Fionlainne, agus b'é an file Johan Ludvig Runeberg a chum é.

Vårt land, vårt land, vårt fosterland,
ljud högt, o dyra ord!
Ej lyfts en höjd mot himlens rand,
ej sänks en dal, ej sköljs en strand,
mer älskad än vår bygd i nord,
än våra fäders jord!

...agus b'é an file Paavo Cajander a chuir Fionlainnis air:

Oi maamme Suomi, synnyinmaa,
soi sana kultainen!
Ei laaksoa, ei kukkulaa,
ei vettä, rantaa rakkaampaa,
kuin kotimaa tää pohjoinen,
maa kallis isien!

Seo a bhfuil le rádh ag an té a chum, a bheag nó a mhór:

A Thír s'againne, inar rugadh sinn,/ nach aoibhinn an focal d'ainm.
Chan fhuil teacht ar ghleann ná ar chnoc,/ ar dhobhar ná ar chladach
ab ansa linn ná an dúchas tuaisceartach seo,/ talamh daor ár n-athrach.

Tábhacht Runeberg i gcultúr na Fionlainne

B'é Runeberg a chuir bun leis an Rómánsúlachas i litríocht na Fionlainne leis na dánta a chum sé fá dtaobh de Chogadh na Fionlainne, is é sin, an Cogadh a fearadh eadar an tSualainn agus an Rúis sna bliantaibh 1808-9. B'iad na Rúisigh a bheir buaidh, agus rinneadh cúige na Rúise den Fhionlainn - nó, le bheith beacht, Ard-Dhiúcacht le rialtas dúchais. In ainneoin na tíorántachta a bhí ag goillstin ar chúigí eile na Rúise bhíodh dearcadh réasúnta liobrálach ag an tSár ar chúrsaí na Fionlainne, agus ligeadh a lán scóid leis an Diúcacht i gcúrsaí an chultúir dhúchasaigh. Dá réir sin, ceadaíodh do Runeberg diolaim dánta "Fänrik Ståls sägner"(Scéalta an Oifigigh Stål) a fhoilsiú ina dtearn sé gaisce na bhFionlannach ar son na Sualainne sa chogadh thuasluaite a cheiliúradh!

hAistríodh saothair uilig Runeberg go Fionlainnis, agus rinneadh léitheoireacht éigeantach daofa do lucht leanstana an náisiúnachais san Fhionlainn - agus b'é an náisiúnachas an idé-eolaíocht oifigiúil sna scoltacha uilig sna fichidí. De réir a chéile áfach tharraing na dánta seo aisfhreagra diúltaíoch orthu fosta. B'é tuairim an mhóreipiceora Väinö Linna (a fuair bás i dtús na nóchaidí) go dtearn Runeberg cos a bhualadh ar ghnáthmhuintir na tíre agus é á dtaispeáint ina chuid dánta faoi mar a bheadh seort madraí ann: amaideach bómánta dílis a bíos an gnáthFhionlannach ag Runeberg - searbhónta an tiarna Fheodaigh, seort Sam Weller gan a thoil féin aige. Ba mhór an damhgar a rinn an seort seo bréagídéalú ar fhéinmhuinín an ghnáthphobail san Fhionlainn, dar le Linna. Is fíor é nach duine den ghnáthphobal seo ab eadh é Runeberg, ach fear uasal, agus a chuid tuairimí fá dtaobh den ghnáthFhionlannach bunaithe ar idéalúcháin na bhfealsúntach Francach ar nós Rousseau fá dtaobh den "fhear fhiáin uasal".

Beatha an Fhilidh

Rugadh Johan Ludvig (Eoin Laois) Runeberg sa bhliain 1804 i Jakobstad (Pietarsaari as Fionlainnis) do Lorenz (Labhrás) Runeberg, caiftín loinge, agus d'Áine Máire Malm. Chan ina shuí go te a bhí an teaghlach, ach ar a laghad bhí gaolta éifeachtacha acu, an tArdEaspag Jacob Tengström ach go h-áithrid. Chaith Runeberg blianta a óige ag dul ar scoil in Oulu agus i Vaasa, go dtí gur bhain sé amach na dintiúirí a bhí de dhíth le h-aghaidh a thabhairt ar an ollscoil i dTurku. B'ansin a d'éirigh sé mór le Zachris Topelius a bhí le cliú a bhaint amach le h-úrscéalta stairiúla agus leis an bholg soláthair litríochta a chum sé fá choinne páistí, eadar fhilíocht agus phrós. As Sualainnis a scríobh Topelius a chuid saothair, ar nós Runeberg féin. B'i dTurku a chrom Runeberg ar scríbhneoireacht an chéad uair, ach ní rabh i gceist go fóill ach píosaí beaga iriseoireachta agus véarsaí ócáidiúla.

B'éigean do Runeberg, agus an ganntanas ag teannadh ar an mhac léinn bhocht, seal a chaitheamh i Saarijärvi, i lár tíre a rabh an Fhionlainnis á labhairt ag an chosmhuintir, ag saothrú a chodach ina mhúinteoir dó. B'ansin a chuala sé na daoiní ag eachtraíocht fá chogadh na bliana 1809 agus a chonaic sé iad ag streachailt leis an talamh sheasc, agus b'é an taithí seo a thug air scoth a chuid dánta a bhreacadh ar pár: Bonden Paavo ("An Feirmeoir Paavo ó Shaarijärvi"), ina dtug sé cur síos idéalaithe ar chruatan na tuaithe, agus Fänrik Ståls sägner, an diolaim a luadh cheana.

Bhain Runeberg amach a chéim ollscoile sa bhliain 1827. Go gairid ina dhiaidh sin rinne dóiteán mór léirscrios ar chathair Turku, agus b'éigean do lucht na hollscoile aistriú go Heilsincí. B'ansin a rinneadh léachtóir reitrice de mo dhuine agus a foilsíodh an chéad diolaim filíochta óna pheann cupla bliain i ndiaidh an dóiteáin. B'ins an diolaim seo - nach rabh de theideal uirthi ach Dikter ("Dánta") - a tháinig an dán fá Phaavo i Saarijärvi i gcló. Fán am seo a phós sé Fredrika Tengström, nighean an ArdEaspaig a bhí le h-éacht úrscéalaíochta a chur i gcrích lena saothar féin Fru Catharine Boije och hennes döttrar ("An Bhean Uasal Caitríona Boije agus a clann nighneach"): déanta na fírinne, rinne gluaiseacht na mban san Fhionlainn siombail dá cuid féin de Fredrika, ós bean ardéirimiúil a bhí inti nár cheadaigh cúraimí an tí daoithi a theacht in éifeacht ach go measartha. Bhí muirear mhór acu, agus chuaigh mac acu, Walter, le h-ealaíontóireacht ag teacht i mbun a mhéide dó.

Sna blianta i ndiaidh a bpósta bhí Runeberg ag obair i meánscoil phríobháideach i Heilsincí, ag breacadh síos giobóga iriseoireachta agus ag cumadh dánta. Sa bhliain 1837 d'aistrigh an teaghlach go Borgå/Porvoo, cathair bheag in achomaireacht do Heilsincí, ina bhfuair an fileadh post sa mheánscoil áitiúil ag teagasc teangacha clasaiceacha. Ós saor síorbhuailteach a bhí ann mar Runeberg, ní thug sé suas an iriseoireacht ach an oiread: bhunaigh sé páipéar dá chuid féin fá choinne na cathrach.

Sna 1840idí fuair Runeberg aithne ar chailín óg a rabh suim aici ina chuid saothar, Emilie Björkstén, agus thoisigh siad a scríobh litreacha chuig a chéile. Bhí gach cineál míghreann ag imeacht ar fud na cathrach fán bhaint a bhí ag an bheirt seo le chéile, ach dealraíonn sé nach dtearn an caidreamh seo mórán dochair do shaol na lánúine pósta, nó cha rabh aon doicheall ar Fredrika roimh Emilie, agus ba mhinic a thigeadh sí ar cuairt, go foscailte ar fad.

Rinneadh príomhoide de Runeberg i ndeireadh na 1840idí, agus ba fán am sin a chrom sé ar Fänrik Stål a scríobh, saothar a thóg breis is deich mbliana air a chríochnú.

Sa bhliain 1863, agus é amuigh ag sealgaireacht, buaileadh Runeberg le taom pharailíse, agus chaith sé a rabh fágtha dá shaol gan lúth a ghéag gan chaint a theanga, rud a thoirmisc air tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh. Fuair sé bás sa bhliain 1877.

This is one of the Geocities Free Home Pages. Click here to have one of your own.