Hannu Salama - guth na n-oibrithe, an eadh?

Is é is dóigh le Salama ná go bhfuil an saol mór is a mháthair beo ar bhréaga compordacha, ar nós an tírghráidh is an Chumannachais - ach is é an grádh eadar fear is mnaoi an bhréag is mó acu.
- TIMO HARAKKA, beathaisnéisí Shalama.

Príomhfhoinse: Harakka, Timo: S - markiisi de Salaman vuodet (1986) - in éineacht leis an chuid téagartha de shaothar Shalama atá léite agam.

Rugadh Hannu Salama cúpla bliain roimh an darna cogadh domhanda - ins an bhliain tríocha sé le bheith beacht - i slumanna an phrólatáireachais i gcathair an lucht oibre, agus ba Chumannaigh iad a mhuintir. B'fhéidir nach mórán a deir an méid seo leis an Éireannach, ach is beag Fionlannach nach n-aithneochadh ar na leideanna seo gurb i bPispala - Baile an Easpaig - ins an chathair udaí Tampere a tháinig mo dhuine ar an tsaol.

Cathair is eadh í Tampere is gnách a chur i gcomparáid le Manchain - "Manchain na Fionlainne" a bheirtí uirthi tráth, agus b'as seo a fuair an pobal an leasainm "Manse" is minic dófa a thabhairt ar an áit i gcónaí. Thiocfadh linn, fiú, Béal Feirsde na Fionlainne a thabhairt uirthi, ós rud é gurb ar an línéadach a d'fhás sí ó shráidbhaile beag go cathair mhór thionsclaíochta.

Nuair a d'éirigh ina chogadh chathartha eadar na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána san Fhionlainn sa bhliain 1918, b'i dTampere a fearadh an cath ba mhó. Mar a chruthaíonns an tsárobair thaighde a d'fhoilsigh an staraí Heikki Ylikangas sa bhliain 1993, Tie Tampereelle ("An Bealach go Tampere"), b'ins an chathair sin a fuair na díormaí dearga tearmann tar éis dófa an cath a chailliúint ina gceantair dhúchais féin agus na Bána ag teannadh isteach aduaidh is ag cur ruaigeadh orthu. Mar sin, nuair a nocht na chéad díormaí bána os coinne gheaftaí Tampere, bhí an chathair ag cur thar maoil le saighdiúirí Sóisialacha agus iad meáite ar an fhód deireanach seo a chosaint go héadóchasach gan mórán súile le buaidh. B'fhada a mhair an léigear ar an chathair, agus an dá thaobh ag fuilstint chruatain dá réir. Sa deireadh thiar thall d'éirigh leis na Bána an chathair a ghabháil, agus mar ba nós leofa - mar is dual do chogadh na gcarad b'fhéidir - d'imir siad díoltas fuilteach ar a dtáinig siad orthu de Ghardaí Dearga. Iad siúd nár cuireadh chun báis ar áit na mbonn, b'éigean dófa seal fada a chur díofa i mbraighdeanas, agus go leor acu fuair siad bás le hocras nó leis na galair a tholg siad ó chéile ins na sluachampaí géibhinn, gan trácht a dhéanamh ar an dream mhór acu a teilgeadh chun báis i ndiaidh a ngafa. "Buistéirí" a bheireadh na Dearga ar shaighdiúirí na taoibhe eile, agus ní mór a aidmheáil go rabh bunús áithrid fírinne leis an eascaine seo.

Bhí athair mór Hannu Salama ar dhuine de na cimí dearga, agus fágadh faltanas binbeach aige i leith an stáit Fhionlannaigh - "stát na mBán" - ar fad, ar nós go leor daoiní de chúlra is de thógáil phrólatáireach. B'é an rud a deireadh sé lena gharmhac i bhfad i ndiaidh an chogaidh chathartha ná:

"Mhaithfinn achan rud do na buistéirí ach amháin an ceithre bliana braighdeanais a gearradh dom."

Clann fhaltanais agus gangaide a bhí i muintir Shalama, mar sin. ("Splanc thintrí" nó "tintreach" is ciall leis an fhocal udaí salama.) Caithfidh sé gur dian domhain a bhí an faltanas seo préamhaithe i meon an teaghlaigh, nó cuid mhór de na Cumannaigh eile thacaigh siad le cogaíocht na Fionlainne nuair a d'ionsaigh arm Stailín an tír sa bhliain 1939. A mhalairt de phort a bhí á chanstan ag tuistí Hannu Salama, agus b'uathu sin a d'fhoghlaim an buachaill beag a chuid polaitíochta. Bhí siad den tuairim go mb'é an tAontas Sóibhéadach fíor-thír a ndúchais, agus níor mhothaigh siad iad féin faoi chomaoin ar bith ag an Fhionlainn. Nuair a chuir Stailín i dtoll le chéile rialtas puipéidí dá chuid féin fá choinne na Fionlainne agus é ag iarraidh an tír a ghabháil, bhí Salama, nach rabh ann ag an am ach tachrán trí bliana d'aois, bhí sé go dian daingean ag tacú leis an rialtas seo. Ba dhual muintire dó é, ar a rabh cluinte aige sa bhaile fá dtaobh den chogadh chathartha agus fá Rúis na Sóibhéidí mar shlánaitheoir. Déanta na fírinne bhí dóchas cineál reiligiúnda meitifisiciúil ag a mhuintir as na Sóibhéidigh.

Ag éirí aníos do mo dhuine, áfach, baineadh mealladh as agus b'éigean dó a shúil a bhaint den Chumannachas. Chuir bás Stailín agus an dístailíniú as a dhóchas é, nuair nach rabh de roghain aige ach a aidmheáil leis féin gur "bithiúnaigh amháin" a bhí i laochra a chéad óige. Níorbh ionann sin agus a shéanadh, áfach, go rabh aicmí difriúla sa tsochaí agus a gcuid sainleasanna ag teacht salach ar a chéile, nó go rabh bunús na fírinne is na staire leis an ghoimh a mhair ar an lucht oibre sóisialach i ndiaidh an chogaidh chathartha.

Chuaidh Salama chuig an mheánscoil, rud ab annamh dá leathbhreac de bhuachaill phrólatáireach ag an am, ó bhí éirim ínteacht aige chun foghlama. Chuaidh de an scoil a chríochnú, áfach, agus gach seans go mb'é atmaisféar polaitiúil na scoile ba chúis le seo. Nó bhí daoiní i measc a mhúinteoirí a bhí comh naimhdeach sin i leith chúis an lucht oibre - i leith na heite clí go hiomlán - agus nach rabh Salama in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh ar scoil faoi stiúradh a leithéidí. Cha rabh a dhomhnán féin agus domhnán na ndaoiní seo in-chomhréitithe le chéile. B'é a mhúinteoir staire an eiseamláir ba scanrúla acu: fear a bhí ar dhuine de na feisirí ba déanaí dá rabh ag Gluaiseacht Thírghráúil an Phobail, an feiniméan ba chóngaraí don Fhaisisteachas i bpríomhshruth polaitíochta na Fionlainne roimh an Darna Cogadh Domhanda agus lena linn. Nuair a thoisigh na feisirí eile a ghlacadh leis go rabh an cogadh teipthe ar Ghearmáin na Náitsithe, agus iad inbharúla go mba mhithid do mhuintir na Fionlainne scarúint de chomhghuaillíocht Hitler agus síocháin leithleasach a lorg leis na Sóibhéadaigh is na Sasanaigh, thug an fear áithrid seo a bhí le stair a theagasc do Shalama i ndiaidh an chogaidh, - thug sé óráid fhíochmhar uaidh ag fuagairt go mba chóir do Fhionlainn "fanúint dílis don Ghearmáin go bun an angair ar son na h-onóra".

Bhí an pholaitíocht le mothachtáil i saol na scoile ar go leor bealtaí. Ceann de na cuimhní ba choscarthaí dár choinnigh Salama óna bhlianta meánscoile i leith ná an chodarsnacht agus san am chéadna an chomhchosúlacht aistíoch eadar ardmháistir a scoile agus a sheanathair féin. Bhí an bheirt fhear seo páirteach ins an Chogadh Chathartha ar an dá thaobh - ag lámhach ar a chéile is dócha - agus iad ag slánú trí scór bliain ar an lá chéadna: b'é éirim a chuid cainte ag an Ardmháistir, agus é ag tabhairt aitheasc poiblí an bhreithlae uaidh sa scoil, ná go mba chóir gan cuimhne an chogaidh chathartha (is dócha gur "Cogadh na Saoirse" a d'úirt sé féin) a ligean i ndearmad, ó b'é sin an cogadh inar shábháil na Gardaí Bána an tír ó na Boilséivigh; ansin chuaidh Hannu chun an bhaile ón scoil le cluais a thabhairt d'óráid phríobháideach breithlae a athara chríonna, agus é ag áitiú ar lucht a cheiliúrtha ná nach mba chóir choíche an cogadh cathartha (nó "Cogadh na nAicmí" mar a d'úirt seisean, is dócha) a ligean i ndearmad, ar ar fhuiling lucht oibre na Fionlainne d'uafáis i lámha na "mbuistéirí". "Agus an bheirt acu", arsa Salama ina intinn féin, "comh cosúil le chéile, laghach cineálta is uile mar a bhí siad mar dhaoiní daonna!" Bhí seort rúndiamhrachta ag baint leis an chogadh chathartha agus an scoilt a d'fhág sé ina dhiaidh - an scoilt nach gceadóchadh do bheirt seanleaideanna deasa múinte puinn tuigse ná pardúin a bheith acu dá chéile, dá chomhchosúlacht iad. B'fhéidir go mb'ansin a chinn Salama ar a scrúdú féin a dhéanamh ar an scoilt seo chomh túisce is a thiocfadh dul chun cinn ínteacht faoi mar scríbhneoir.

Deir Salama féin, áfach, go mb'é Väinö Linna agus a úrscéal fá dtaobh den darna cogadh domhanda a chuir i mbun pinn é go deifnideach. Bhí sé ocht mbliana déag d'aois ag teacht amach don leabhar seo, agus chuaidh saothar Linna comh mór sin i bhfeidhm air agus gur roghnaigh sé an scríbhneoireacht mar shlí bheatha.

Níorbh ionann sin is a rádh go rabh Salama ar aon fhocal le Linna fá dtaobh d'achan phointe a bhí á chur chun cinn ag an údar sin. An cur síos a thug Linna ar Lahtinen - an Cumannach ó Thampere ag cur troda ar an Aontas Sóibhéadach comh maith le duine, agus é amhrasach scéiptiúil ag an am chéadna fá chiallmhaireacht an chogaidh is fána chuspóirí - níor thaitin sé le Salama, ó b'as timpeallacht na gCumannach i dTampere dó féin, agus Linna i muinín scéal scéil le haghaidh na tuairisce a thug sé ar dhuine de na daoiní seo.

An cúpla bliain a chaith sé ar an mheánscoil agus an chomhairle udaí a rinn sé i leith na scríbhneoireachta, bhí ábhar coimhthís is aduantais ann eadar eisean is a mhuintir. Ag tabhairt aghaidh ar an mheánscoil dó ba mhinic é á chluinsbheáilt uathu ná go dteánfaí "fear uasal" de ar an scoil ghalánta nach mbeadh in ann a thuilleadh cur ar son a mhuintire ná a aicme féin - nach mbeadh dlúthpháirtíocht aicme ann. Bhí Hannu óg féin cineál corraithe ag an tseort seo leideanna. Cad fáth go gcaithfeadh duine de chlann an lucht oibre cloí leis an aineolas le fanúint dílis dá mhuintir is dá chúlra? Nach dtiocfadh leis léann agus foghlaim a tharraingt air féin le bheith in ann cúis a aicme féin a chosaint os coinne an tsaoil mhóir?

B'é Se tavallinen tarina - "An Gnáthscéal" - an chéad úrscéal a tháinig amach ó Shalama, agus tús na seascaidí ann. Is é an gnáthscéal é dháiríre, an scéal céadna a d'inis Pádraic Ó Conaire fá dtaobh de Nóra Mharcais Bhig - an cailín neamhurchóideach ón tuaith ag dul ar strae ins an bhaile mhór. B'é ba rún do Shalama leis an úrscéal seo ná dul i gcomharbacht ar éipiceoirí móra na teanga, ar Frans Eemil Sillanpää mar shampla, duaiseoir Nobel, a bhfuil tionchar a stíle le haithne go soiléir ar shaothar Shalama óig. Ba mhinic a chuirtí dearcadh ró-ainmhianach, ró-bhitheolaíoch ar an tsaol i leith Shillanpää, agus is fíor é go dtig leis an scríbhneoir seo eilimintí anghráidh a aithne i mbruíonachas na bhfear ag céilí damhsa, gan aon trácht a dhéanamh ar an chur síos beagnach anghráúil a bheir Sillanpää ar ghalar an chailín a bhfuil eitinn uirthi ina úrscéal cháiliúil Nuorena nukkunut ("A Fuair Bás go hÓg"; "Silja" an teideal atá ar an úrscéal seo i mbunús mhór na n-aistriúchán, nó sin é an t-ainm atá ar an chailín féin). Dar le Salama, áfach, gurb ábhar ardmholta is aithrise a bhí sa bhitheolaíochas seo ag Sillanpää. Dealraíonn sé go rabh tionchar domhain ag an tsaoldearcadh seo ar a chuid úrscéaltaí níos déanaí freisin.

Nuair a tháinig an darna h-úrscéal, Juhannustanssit ("Rince Fhéile Eoin") amach uaidh, bhí Salama ar tí socrú síos agus seadó a dhéanamh i saol suaimhneach an cheannurraidh theaghlaigh. Bhí sé seacht mbliana is fiche d'aois, agus é ina chónaí in Heilsincí in éineacht lena mhnaoi chéile úrphósta.

Tá ancheist lárnach a shaoil á cardáil go neamhleithscéalach ins an úrscéal seo. Fear óg is eadh é an chéadphearsa sa scéal agus é ag pilleadh chun na tuaithe - ar an tseanfhód - ón bhaile mhór ina bhfuil cónaí air ag an am, le páirt a ghlacadh i rince Fhéile Eoin in éineacht lena chuid seancharad agus lucht a aitheantais ón tsráidbhaile ina dtáinig sé i gcrann. Níl ag éirí le mo dhuine mórán fódú a dhéanamh i saol na cathrach, ach mura bhfuil, ní mhothaíonn sé é féin go róchompordach i measc a chuid iar-chomhscoláirí ach an oiread. Cuireann an dá shaol coimhthíos air.

Bhí an leabhar an-mhórmhionnach ó thaobh an stór focal de, ach cibé is cliú nó míchliú don úrscéal seo, tá i bhfad níos lú de bhualadh craicinn ann ná mar a chreidtear go coitianta. Den chuid is mó níl ann ach daoiní óga a bhfuil aduantas orthu roimh a chéile agus rompu féin, agus an luas atá faoin tsaol mhór ag forbairt is ag athrú; níl Salama go bunúsach ach ag iarraidh cur síos inchreidte a thabhairt ar chruachás intinne na ndaoiní seo.

Cha dtugtar cur síos ach ar dhá bhabhta collaíochta san úrscéal ar fad, agus ceann acu féin ag baint leis an chuid sin den úrscéal ina gcaitear súil siar ar shaol an cheantair ins na déagaí is fiche. B'fhéidir gurb é seo an t-ábhar ba mhó leis an chol a ghlac na seanfhondúirí leis an leabhar, nó mar is dual dá leithéidísean, bhí siad go h-ardghlórach ag fáil locht ar chollaíocht scaoilte na ndaoiní óga, agus iad ag tabhairt le tuigbheáilt nach rabh a leathbhreac sin incheaptha lena linn féin.

Cha rabh Salama ar aon fhocal leofa, áfach, agus é inbharúla gurb ionann cathú colainne an duine beag beann ar an tréimhse stairiúil agus an timpeallacht chultúrtha ina maireann sé. Ábhar machnaimh dúinn é go rachfadh duine lena dhearcadh féin leis an ghluaiseacht Chumannach, nó is léir ón méid seo nach rabh a intinn ag teacht go rómhaith le creideamh an "fhorásachais" - le creideamh na gcléradacach óg - i sibhialú, i bhforbairt agus in uaisliú an duine. Déanta na fírinne, siúd is gur Cumannach ó dhúchas teaghlaigh, ó fhréimhíocht is ó thabhairt suas a bhí i Salama, cha rabh an Cumannachas ina dhúchas phearsanta féin. Nuair a phléasc an cogadh cultúrtha amach thart timpeall ar leabhar mo dhuine, b'iad lucht na heite clí ba mhó a thacaigh le Salama, agus b'é sin an fáth gur théigh a chroí leofa. Is é paradacsa mór na gluaiseachta cléradacaí i bhFionlainn na seascaidí is na seachtóidí ná an oiread de dhaoiní a ghlac páirt inti nach rabh an dearcadh "clí" acu ar aon nós: indibhidiúlachas antoisceach agus fiú creideamh ins an fhordhuine Nietzscheúil ba dual don amharclannaí mhór Jouko Turkka; agus maidir le Salama, is cinniúnaí é nach bhfuil mórán muiníne ná dóchais aige as dul chun cinn an chinidh dhaonna.

B'é an t-ábhar foirmiúil a bhí ag na coimeádaigh le Rince Féile Eoin a chur faoi chois ná go rabh sé indéanta an léamh a bhaint as sliocht áithrid ag Salama gur diamhaslú a bhí i gceist. Cha rabh ann ach cuid d'fheistiú stáitse na n-imeachtaí ins an leabhar, agus an chuma ar an scéal nach rabh ann ach an chéad siocair a rith leis na daoiní ar theastaigh uathu slí ínteacht chun an leabhar a stopadh.

Cibé scéal é, cuireadh an dlí ar Shalama agus é á chúiseamh i ndiamhaslú. Chuir an eite chlé agus na buirgéisigh liobrálacha chultúrtha le chéile lena chosaint, agus Salama ag éirí ina shiombail do réabhlóid chultúrtha na seascaidí. Cha rabh sé róshásta leis an ról seo a ghlacadh chuige, áfach. Seo mar a chuir a chara, an drámadóir Jussi Kylätasku, síos ar chaidreamh chasta Shalama leis na cléradacaigh nua chultúrtha: Tháinig athrú agus fiú léirscrios ar an tseanChumannachas san Fhionlainn sna caogaidí - nuair a scil Chruistseov ar ainghníomhartha Stailín - agus Hannu ar dhuine acu siúd a thacaigh leis an tseandéanamh den idé-eolaíocht. - Ba dhual do Hannu gan ach dhá bhliain a chur de ar an mheanscoil, ard is uile mar a bhí tairseach a críochnaithe - ag an bhuachaill bhocht ó chúlra an lucht oibre ach go h-áithrid. Bhí dearcadh an duine shábháilte ag mo leithéid, agus nuair a bhí na seanfhondúirí ag cur síos ar imeachtaí a n-óige féin, cha rabh ann dar linn ach eachtra is éirí croí, cuma cé acu Cumannaigh ar a seachnadh ó údaráis na Fionlainne nó saighdiúirí Fionlannacha ag cur catha ar na diormaí Rúiseacha a bhí ina laochra sna scéalta seo. Maidir le Salama, áfach, ba mhac do Chumannaigh neamhdhlíthiúla é féin a mhair frí bhlianta an chogaidh ina bhrín óg dó, agus é in ann a thuigbheáilt, beag baoideach is mar a bhí sé, gur theastaigh ó na húdaráis a athair a mharbhadh dá leagfaidís láimh air. Réaltacht chruálach a d'aithin sé ins na h-"eachtraí" seo seachas éirí croí, agus a dhearcadh amhrasach i leith an rómánsúlachais réabhlóidigh ag teacht leis an tsaoltaithí seo. Bhí a fhios aige nach féile, féasta ná ragairne a bhí i gceist le "réabhlóid", mar a shíl na h-ógánaigh den eite chlí de réir dealraimh, ach an chosaint dheireanach ag an duine atá comh domhain sin faoi chrann smola agus in umar an éadóchais agus nach dtig leis aon dul amach eile a aimsiú. Bhí taithí ag Salama ar an chineál sin éadóchais ó laetha a óige. Mar sin, chuireadh caint éadromhchroíoch na n-intleachtóirí fá dtaobh den réabhlóid cineál mífhoighde ar mo dhuine. Deir Timo Harakka: Stailíneachas den chineál ghiorraisc, bhí sé fóirsteanach go leor ag an amharclannaí radacach Jouko Turkka, agus an Cumannachas dian daingean dásachtach ag cur go nádúrtha le meon Khylätasku. Maidir le Salama, áfach, bhí a fhios aige gur fíor-ancheisteanna moráltachta a bhí i gceist leis an Chumannachas seachas cath cultúrtha amháin nó bréagán do na hintleachtóirí leis an bhuirgéiseach a imeaglú.

B'éigean dó anois áfach a dhul i muinín a dtacaíochta siúd - lucht an chatha chultúrtha agus iad ag súil le Salama a éirí ina Mheisias nó ina cheann urraidh acu, ach ós rud é nach rabh fonn air glacadh leis an ról seo, dealraíonn sé gur thréig cuid de na hintleachtóirí é fiú sula dtáinig críoch leis an phróiste fhada dlí. Bhí lucht tacaíochta Shalama claonta chun scoilteachais is chun geamhthroda le chéile mar is dual d'intleachtóirí na heite clí, ach ina dhiaidh sin féin, b'fhéidir go mb'iad lucht na taoibhe eile ba mhó a rinn ábhar gáirí díofa féin. Nuair a bhí siad ag cur is ag cúiteamh fán tseanmhóir dhiamhaslaitheach a thug an brícléir óg uaidh san úrscéal, ba mhór an t-ábhar conspóide acu é an rabh de cheart ag Salama a bheith ag iarraidh fearg is frustrachas an fhir óig a chur i bhfoclaibh ar an bhealach áithrid seo. Nó is é is coimhthéacs do na focail seo ná go bhfuil fear eile tar éis cluain a chur ar an chailín a rabh toil tugtha ag an oibrí óg seo daoithi, agus é ag ligean a rachta frí dhiamhaslú agus eascainí a chaitheamh uaidh ina sruth gan smacht. B'é an breithiúnas a tugadh air go mbeadh cead a leithéid seo a scríobh ag Salama dá mbeadh an fear óg ina leabhar i ngrádh leis an chailín dáiríribh, ach ós rud é go mba soiléir don léitheoir nach rabh sé ach ar lorg craicinn uaithi, ba diamhaslú é!

Rud ní ba dáiríre áfach ná go dtearn lucht cáinte an scríbhneora droichead ar fad den phionós a ghearrfar ar chuid mhaith de phearsana an úrscéil ina dheireadh: an bus ar cairtfhostó atá leis na daoiní óga a thabhairt chun an bhaile ó halla na rince, éiríonn taisme daoithi a mharaíonns lear mór de na pasantóirí, agus na carachtaeirí is mó diamhaslú is eascainí is gáirsiúlachta sa scéal go dtí seo, is iad na daoiní a gheibheanns bás sa timpiste seo. Thig a rádh go dteán an pionós diaga seo spior spear den ráiteas nach mbeadh aon mhoráltacht ag baint leis an úrscéal. Nó is léir don duine dhall gur léacht moráltachta a thug Salama leis an deireadh seo, agus sin go meabhrach.

Teilgeadh Salama chun príosúntachta sa deireadh thiar thall, agus má thug an tUachtarán Kekkonen pardún dó ina dhiaidh sin, char leor é le pósadh nó le teaghlach an scríbhneora a shábháil ar an scoilt is an scarúint a bhí i ndán dófa nuair nár tugadh seans don fhear freastal ar a mhuintir ná ról an athara a ghlacadh chuige i leith a chlainne fad is a mhair an phróiste dlí ar obair. An té fiú atá toilteanach a aidmheáilt go rabh úimléid áithrid leis na líomhaintí fán mhímhoráltacht, is deacair dó a mhaitheamh don Eaglais, díbhirceach agus a bhíodh sí ag cosaint sláinte spioradálta na dteaghlach núicléach, go rabh sí comh míthrócaireach sin ag cur ó mhaith saol an scríbhneora óig a bhí go díreach ar tí socrú síos.

I ndiaidh an challáin seo d'imigh Salama le fán ina chúrsaí pearsanta, agus ainnirí na huaire ag teacht i leaba (sic!) a mhná céile, gan trácht ar bith a dhéanamh ar na mórbhabhtaí pótaireachta a thabhaigh a mhíchliú don fhear bhocht. Ar ndóighe, is beag rud a thig ó dhúchas le h-ealaíontóir Fhionlannach comh h-éascaidh leis an druncaeireacht, ach mar sin féin is deacair a shamhlú go dtiocfadh an chuma chéadna ar shaol mo dhuine mura gcuirtí strus an scannail fán "diamhasla" air. D'fhág iomrall a shaoil a shliocht ar a chuid scríbhinní féin, nó an chuid is mó dár chum sé sna seachtóidí, cha rabh ann go bunúsach ach mion-chur síos doiciméadach ar na daoiní ina thimpeall, ar an aos léinn óg a bhí ag úthairt leis an Chumannachas, ar an chineál brilsce agus geamhthroid a bhí acu le chéile agus, gan dabht, ar na heachtraí craicinn. Bhaist Salama "Sraith Finlandia" ar an tsraith úrscéalta a chuir sé le chéile as an chuid is tábhachtaí, is téagartha, de na leabharthaí seo.

Nuair nach rabh Sraith Finlandia ach úrthoisithe ag mo dhuine, d'éirigh leis, áfach, úrscéal amháin fiúntach a chríochnú: Siinä näkijä missä tekijä ("Ní túisce a tchítear ná a ghnítear").