Péist an Mheadhon Oídhche

PÉIST AN MHEÁN-OÍCHE

in Ikaalinen

Gearrscéal uafáis i stíl Lovecraft le

S. Albert Kivinen

CUID A hAON

CUID A DÓ

CUID A TRÍ

CUID A CEATHAIR

Do H.P. Lovecraft ad maiorem Cthulhus gloriam

For learners, here is a small glossary.

UAFÁS OILEÁN RUUTINKARI

Ó chuaigh corradh is fíche bliain thart ón phléasc rúndiamhar udaí in Oileán Ruutinkari in Ikaalinen, tá sé thar am agam na fíricí a ríomh is a reic mar is cuimhin liom iad. Tuigim go bhfaighfidh sibh mo scéal sách dochreidte, agus is minic domh féin amhras a chur ann. Ón taoibh eile de, bhí páirt ins na himeachtaí udaí ag mo chara nach maireann, a bhí ina léachtóir le rúnchróineolaíocht in Ollscoil Sualainnise na Fionlainne, agus é ar duine de na daoiní is siosmaidí de lucht m'aitheantais, bíodh is go rabh a bhealtaí féin ann; H. Herbert Bladh ab ainm dó. Ní minic a tharraingímist scéal Ruutinkari orainn mar ábhar cainte, áfach, nó b'fhearr linn dearmad a dhéanamh de, a fhad is a d'éiríodh linn. Má tá craiceann fírinne ar bith ar a chuid teoiricí, caithfidh sé go bhfuil contúirtí dochuimsitheacha ag bagairt ar an chine dhaonna...

Is dócha gur cuimhin le cuid de na léitheoirí gur chuir an phléasc udaí in Oileán Ruutinkari i Mí Feabhra den bhliain 1965 ráflaí aistíocha ag imeacht. Cuireadh an cheist, fiú, an rabh Arm na Fionlainne ag féacháilt le buamaí adamhacha a fhorbairt is a thástáil i ndiúnas ar chonradh na síochána leis an Aontas Shóibhéadach. Níl mé cinnte an fíor é, ach deirtear gur chuir an tUachtarán Kekkonen féin deireadh giorraisc leis an chineál seo iriseoireachta le litreacha feargacha chuig príomheagarthóirí na nuachtán ba mhó sa tír.

Chaith mé féin cupla bliain i mo chónaí in Ikaalinen roimh dheireadh na ndéagaí is dhá scór agus fuair mé cineál aithne ar an áit. Más áit dheas le saoire a chaitheamh ansin í inniu féin, b'áille agus ba deise fá sheacht í san am sin. Tá an mhionchathair seo suite i ros talaimh, agus uiscí an locha udaí Kyrösjärvi á timpeallú ón trí thaobh. "Is í Ikaalinen an mhionchathair is sine, is lú agus is áille ar fud na Fionlainne", a deireadh muintir na háite go bródúil. Taobh amuigh den bhaile mhór atá an ceantar tuaithe, agus é á roinnt ina dhá leath: Kirkonkylä, nó Baile na hEaglaise, agus é in aice leis an mhionchathair féin; agus Pitäjä, nó an Paróiste, ar an taoibh eile den loch: ceantar saibhir sócúlach feirmeoireachta a bhí ann. Áit fhíor-ídileach a bhí in Ikaalinen sa tsamhradh. Seantithe adhmaid ab eadh iad formhór tithíochta na háite, gan ach aon stór iontu, agus a gharraí féin thart timpeall ar gach aon teach acu. Bhí cead campála agat sa chuid ba mhó den áit, nó ós rud é nach dteachaidh na tithe saoire chun leitheadúlachta go fóill, bhí cuid mhór den trá saor i gcónaí. I ndiaidh chupla bang iomróireachta thiocfadh leat a dhul i dtír aríst i gKaaresniemi nó i bPuntunlahti, agus dá mbeadh uaigneas agus eachtra de dhíth ort, bheadh cead agat do phuball a chur suas i gceann de na hoileáin.

Bhí oileán amháin ann, áfach, ab fhearr le bunadh na háite a sheachaint: Ruutinkari. Bhí sé suite fá chupla ciliméadar de chladach an bhaile mhóir, agus é ainmnithe, dar le lucht an tseanchais, as an tsáirsint J.J. Roth (1772-1839) a rugadh in Ikaalinen agus a fuair gradam an Leifteanant i ndiaidh gal agus gaisce a dhéanamh i gCogadh na Fionlainne (1808-1809). Cha rabh i Ruutinkari, go bunúsach, ach moll cloch agus seanbhallóg tí ina seasamh sa mhullach air. Uaireanta, thrácht mé ar chuairt a thabhairt ar an oileán, mar cheann scríbe do thuras rámhaíochta, le daoiní de thógáil na háite, ach má thrácht, ní bhfuair mé d'fhreagra ach tost míchompordach. Deireadh cuid acu nach mb'fhiú taobhú leis an oileán, ó bhí neadracha faoileán ansin, agus na héanacha ag cosaint a gcuid gearrcach go feargach fíochmhar. Cuid eile acu, bhídís ag monamar go rabh nathracha nimhe san oileán. Cibé ba chiontsiocair leis, ba nós le mo chéilí comhráidh ábhar eile cainte a tharraingt orthu go géar gasta.

Ar ndóighe, d'éirigh mé fiosrach fá dtaobh den oileán, agus na daoiní comh seachantach sin ina thaoibh. D'fhiafraigh mé cad chuige a dtógfadh aon duine teach in oileán bheag bhaoideach mar sin. An rabh aon duine ina chónaí ansin? Fuair mé freagra fá dheireadh ó dhuine de na seanfhondúirí: "B'é an maighistir é, an ghealt, an Roilbhéineach", agus nuair a bhí an méid sin thar a bhéal, cha rabh aon mhoill air ach oiread leis an chuid eile acu cromadh ar chúrsaí eile a chardáil. Thug mé cuairt ar oifig an chláraitheora le tuilleadh a fháil amach, agus fuair: Göran Fredrik Rolfwén, Máistir Ealaíon, a rugadh sa bhliain 1870, d'éag sa bhliain 1926, pósta ón bhliain 1894 i leith ar Anna Elisabeth Grönberg a rugadh sa bhliain 1874. Chuaigh mo dhuine a chónaí i Heilsincí sa bhliain 1897; fuair an lánúin colscaradh sa bhliain 1902.

Faoi rothaí na gréine cad é a rinne an "ghealt seo, an Roilbhéineach" a bhí comh huafásach is gur thuill sé cosc luaite a ainm dó sa trí phobal? Bhain mé an tátal as na tagairtí i seanchas na ndaoiní gurb i ngealtlann Hatanpää a shíothlaigh mo dhuine fá dheireadh. San am sin, ar ndóighe, b'ábhar scanraidh é gach galar intinne agus na daoiní iontach seachantach i dtaoibh a leithéide, ach níor leor é mar mhíniú. Má bhí náire ar na daoiní trácht ar dheacrachtaí síceolaíocha a muintire nó ar a gcuid siabhrán féin, ní bhíodh aon chúl orthu a dhul a scéalaíocht fá dtaobh de ghealta nach rabh gaol acu féin leofa. Cad é ba chúis leis an eisceacht a rinneadh de Rolfwén, nach rabh, de réir dealraimh, aon duine muinteartha leis ina chónaí in Ikaalinen?

De réir a chéile, thoisigh mé a dhéanamh go rabh rún ínteacht uafásach faoi cheilt i saol shuaimhneach shócúlach Ikaalinen. I mo shuí domh i gceann de na seomraí móra fairsinge fionnuara ins na tithe maisiúla adhmaid sin mhothaínn baspairt do mo chroitheadh, agus thigeadh smaoitíocha aistíocha fríd m'intinn: ní chluinfeadh aon duine a dhath dá... Cad é nach gcluinfeadh aon duine? Bhí an saol in Ikaalinen sách síochánta le bheith cineál leadránach, i gcruth is go mbaintí deireadh seanchais as achan mhionscannal dá laghad é. Ar ndóighe, tá traigéidí teaghlaigh is tinteáin ar fáil i ngach aon bhall de dhroim an domhain, Ikaalinen san áireamh, agus na daoiní ag iarraidh iad a choinneáilt faoi cheilt taobh thiar den bhréagmhaisiú ar an bhealach chéadna. Bhí rud eile anseo fosta, áfach: uafás rúndiamhair a bhainfeadh an lúth as do ghéaga nach rabh na daoiní sásta a aidmheáilt le chéile féin. Bhíodh cuma iontach uaigneach ar sheanbhallóg Ruutinkari, agus an tráthnóna ag druidim chun dorchadais i Mí Mheán Fómhair. Má bhí gaoth aduaidh ann, bhroslaíodh na tuistí a gclann isteach: "Tá gaoth na péiste ann", a deiridíst. Cha rabh aon duine in ann a rádh cad é a bhí i gceist le "gaoth na péiste". An rabhthas ag creidbheáilt go rabh tolgadh éigin sa ghaoth? Agus cad chuige a samhlaítí an "phéist" leis an ghaoth aduaidh, seachas an ghaoth aniar? Nó siar ón bhaile mhór, ar an taoibh eile de Loch Kyrösjärvi, bhí teacht ar chnoc mhór mhaisiúil a dtugtaí Matomäki, nó Cnoc na Péiste, air. Cad fáth nach séidfeadh "gaoth na péiste" ó Chnoc na Péiste? Uair amháin, bhí mé ar tí freagra bunúsach a fháil ar an cheist seo ó dhuine de na seanleads: "Sin é an bealach a shéideadh sí roimh lá an Roilbhéinigh..." ach ansin chuaidh mo dhuine ina thost i dtoibinne. Cupla seanbhean a bhí i láthair, agus ag cluinstint an méid seo dófa d'iompaigh an lí iontu; agus chrom bean acu ar chur síos ró-mhionchruinn a thabhairt ar a cuairt go Tampere an tseachtain roimhe sin de ghlór ard a bháithfeadh gach tuaim eile; má ba bhuan mo chuimhne, bhí sí in éis na himeachtaí céadna a inse do na daoiní céadna le cupla lá anuas. Uair eile, sciorr an ráiteas seo ar fhear a bhí an-tugtha don iascaireacht: "Tá cnámh na minsí sa tsaighean agam, agus nach í a tharraingíonns na cránaithe móra éisc in eangaigh, agus na scórtha acu..." Chuir sé fiacail ann go tobann, ar nós an chuid eile acu. An buachloch iascaireachta a bhí i gcnámh na minsí? An rabh geasróga i gceist a chaithfí a choinneáilt faoi cheilt ar an mhuintir isteach? Cibé fá sin, ní thoileochadh aon duine a dhath a mhíniú domhsa.

I ndeireadh na gcaogaidí ba mhinic mise ag fámaireacht le gloiní cianradhairc i gKiviniemi, áit a bhfuil Ruutinkari le feiceáilt go soiléir. Bhain mé úsáid as na gloiní ag scrúdú an oileáin is na seanbhallóige. Bhí drochbhail ar an riclín dáiríribh, nó bhí cuid den cheann tite isteach, agus an doras ar crochadh ar leathinse, gan trácht a dhéanamh ar na fuinneoga a bhí ina smionagar ar fad. B'éadócha liom an teach sin an fód a sheasamh in éadan an chéad ghaoth mhór eile. Bhí ealt faoileán ar foluain thart timpeall an oileáin, agus chuir mé sonrú ann go rabh siad á n-iompar cineál aistíoch: ní thuirlingeochadh aon fhaoileán ar an oileán, ní éireochadh aon fhaoileán ón talamh san oileán, ní eitleochadh aon fhaoileán os cionn an oileáin. Shílfeá go rabh fonn orthu áit dheas a shealbhú le neadracha a thógáil ansin, ach amháin go rabh lámh dhofheicthe dá gcoinneáilt siar. Ó bhí mé ina thaithí cheana go rabh Ruutinkari faoi gheasa ar bhealach ínteacht, níor bhac mé le hiompar na n-éan a chaibidil le haon duine de thógáil na háite.

RÚN NA RANN

Bhí Rolfwén na rúndiamhrachta ag cur draíocht orm. Má bhí sé ag caitheamh a scáile os cionn an bhaile mhóir i gcónaí, cad é an cineál rún a bhí ag baint le mo dhuine dáiríribh? Chaith mé a mbíodh de shaoire agam ag iarraidh tuilleadh a fháil amach fá dtaobh de mo dhuine, ach ní rabh mórán ins na cáipéisí oifigiúla féin. Léigh mé ar rollaí na hollscoile gur bhain sé amach a Ardteist sa bhliain 1887 agus an dioplóma ollscoile cúig bliana ina dhiaidh sin. Ní rabh a chuid staidéir ag teacht le chéile go rómhaith: bhain sé amach céim sa cheimic agus i litríocht an Oirthir. Bhí sé ina bhall de chumann na mac léinn ó Iarthar na Fionlainne, ach dáiríribh is fánach más riamh a chonacthas ag céilí nó pléaráca de chuid an chumainn é. I ndiaidh an cholscartha rinne a bhean chéile athphósadh ar fhear gnoithe de lucht labhartha na Sualainnise. D'éag sí i ndeireadh na ndaicheadaí, agus an fear seo ag iompar na bhfód le cupla bliain anuas cheana féin. Rugadh triúr clainne daoithi leis an darna fear céile, agus beirt acu beo breabhsánta i gcónaí; ach ní rabh aon seanchas le baint astusan mar gheall ar an chéad fhear céile. Déanta na fírinne bhí iontas an domhain orthu iomrá a chluinstint ar an chéad phósadh. Cha rabh mórán garaíochta le fáil ó mhuintir Rolfwén ach an oiread. Bhí teacht ar an chorr-gharnia nó neacht, ach ní rabh siad in ann mórán a inse. D'úirt seanbhean amháin acu, agus í ag teannadh leis an cheithre scór bliain d'aois: Ja, farbror Göran, det var en mycket egendomlig karl! ("Seadh, fear iontach aistíoch a bhí ann, mar Uncail Göran!") B'é sin an freagra ba mhó eolais, cinnte.

B'é samhradh na bliana 1960 an samhradh deireanach a chaith mé in Ikaalinen. Bhíthear ag bailiú seanpháipéir, agus mise ag fágáilt mo bhunal féin de nuachtáin sa mhullach ar chuid na ndaoiní eile. Chaith mé súil cineál brónach ar a rabh i mbocsa an tseanpháipéir. Bhí cuid de na daoiní in éis seanleabhartha a chaitheamh i dtraipisí ar an bhealach seo, leabhartha ab fhearr liomsa a choinneáil i dtaisce. Sciob mé liom seanphortús ó dheireadh na naoú haoise déag. Cha rabh mórán fiúntais ag baint leis, fiú mar dheismireán do bhailitheoir na leabhar; ach ba truaidhe liom a leathbhreac a fhágáilt ansin. Sa bhaile domh rinne mé mionscrúdú ar an leabhar. Taobh istigh tháinig mé ar dhuilleog bhuí páipéir agus téacs clóbhuailte ar an dá thaobh: bhí an chuma air gur amhrán bolscaireachta den tseandéanamh a bhí ann. Ar thaobh amháin bhí sliocht as dán a thug cur síos ar an dóigh ar "bhain an Fhionlainn saibhreas as gníomhartha Chumann na hEacnamaíochta faoi cheannas an dea-Rí Gustaf." Leideadh a bhí anseo d'aois an téacs: i réimeas Ghustaf a Ceathair Adolph a bunaíodh Cumann Eacnamaíochta na Fionlainne sa bhliain 1797, rud a d'fhág gur scríobhadh an dán cupla bliain ina dhiaidh sin, thart timpeall ar 1800. Chuir an dán ar an taoibh eile leis an dátáil seo: bhí sé ag magadh fá dtaobh den Diúc Séarlas agus a "Ard-Visír" Reuterholm, agus an dóigh a rabh siad tugtha do gheasróga, pisreoga is asarlaíocht. Ó tháinig deireadh le rialtas na gcoimirceoirí sa bhliain 1796, bhí sé inchreidte ar fad go bhfoilseofaí dánta scigiúla fán iar-"Ard-Visír" sna chéad bhlianta eile. Ag druidim le deireadh an dáin dó bhí an file ag tabhairt le fios nach rabh a dhath ar eolas ag Reuterholm i bhfarradh is fíor-dhraíodóir. Agus ansin gheit mé mar a bhainfeadh nathair nimhe greim asam: bhí trácht anseo ar ghaoth na péiste! Seo an dán:

Reuterholmi, Ruotsin herra,
mitä tiiät, mies mokoma,
panet pöyät pomppimahan,
houkuttelet henkiäsi
Kaarle-herttuan keralla.
Pöyät pomppii, henget hourii,
vaan et löyä viisautta,
pnakotaitoja tavoita.

Saatkos Kutkan kalan suusta,
Satakuuan maan sisästä?
Etpäs manaa matotuulta,
kivirinkejä rakenna.
Lapsen tieto, naisen muisti,
ei oo NECRO nyrkeissäsi,
Apu allasi hajoa.

("A Reuterholm, a Thiarna ón tSualainn,
an eol duit a dhath?
Cuireann tú na táblaí ag léimnigh
agus tú ag blandar na dtaibhsí
in éineacht leis an Diúc Séarlas.
Na táblaí ag léimnigh, na taibhsí ag rámhailligh,
ach níl teacht agat ar an tsaíocht
ná ar na scileanna Pnacó.

An mbainfidh tú an Tochas de bhéal an éisc,
nó Satakuua as croí na talún?
Níl tú ag séideadh gaoth na péiste
ná ag tógáilt fáinní cloiche.
Eolas an pháiste, cuimhne na caillí.
Níl aon NECRO i gcúl do dhoirn agat
ná an cuidiú ag titim as a chéile faoi do bhonnacha.")

Rinne mé trom-mheabhrú ar an dán gan a dhath a thuigbheáilt. Cén cineál scileanna ab eadh iad na "scileanna Pnacó" nach rabh ag Reuterholm? Cad é an rud ab eadh é an "tochas (kutka) i mbéal an éisc"? An botún cló a bhí i gceist le "Satakuua"? B'fhéidir go mba chóir "Satakunta" a bheith ann, ó tá a leithéid de chúige in Iarthar na Fionlainne? An rabh baint ag na "fáinní cloiche" le geasróg ínteacht draíochta chun "gaoth na péiste" a mhúscailt? Agus cad mar gheall ar an "NECRO" nach rabh i "gcúl a dhoirn" ag Reuterholm? An rabh baint aige, mar fhocal, le necromantia, leis an mharbhdhraíocht? "Níl lámh agat ar an mharbhdhraíocht" - an é sin a bhí á chur in iúl? B'í an líne dheireanach an chuid ba dothuigthe: cén fáth an mb'ionann an obair a bheith ag éirí leat agus "an cuidiú a bheith ag titim as a chéile"?

Bhí na mílte ceisteanna ag dul fríd mo chloigeann, agus na freagraí ag éaló uaim. Chaith mé bunús na hoíche samhraidh ag siúl na sráideanna. Chuaigh mé thart leis an choláiste a fhad leis an teach níocháin agus rinne mé stad ansin le lán mo shúl a bhaint as teimheal dhoiléir Chnoc na Péiste, an áit ba dúchas do "ghaoth na péiste" roimh lá an "Roilbhéanaigh". Cén cineál rúndiamhracht a bhí faoi cheilt ansin? An rabh contúirt dhorcha dhuairc ag bagairt ar an té a bhéarfadh a aghaidh ar an áit? Na crainnte sa mhullach, chuir siad na dineasáir réamhstairiúla i gcuimhne domh, agus an chosúlacht a bhí orthu... I mbun mo mhachnaimh domh chas mé ar deis le dhul thart le páirc na gcluichí go dtí na seanfholcadáin le Rantopää a bhaint amach, áit a mbeadh radharc agam ar rún dhuairc eile: ar an oileán bheag leis an bhallóg tí. An ansin a d'fhéach Göran Rolfwén le "scileanna pnacó" a tharraingt air, cibé cineál scileanna iad? Bhí ceobhrán ag éirí den uisce, agus é ag cruthú cineál fáinne taibhsiúil timpeall an oileáin. Agus bhí mé suite siúráilte go rabh bogadach éigin ar cois san oileán...Chuir mé strus orm an t-atmaisféar neamhshaolta seo a chroitheadh as m'intinn. Chaithfinn breith ar mo stuaim, ar eagla go dtoiseochainn a bhrionglóidigh i mo dhúiseacht domh...

Chuir mé an-stádar díom ag siúl sráid fhada a rabh ainm spéisiúil uirthi, mar atá, "Pirulankuja", nó Lána Tigh an Diabhail. Ansin thóg mé lána Rahkola go dtí an baile mór. An rabh mé ag dul as mo mheabhair, nó an fíor é gur fosclaíodh na cuirtíní i dteach i ndiaidh a chéile, agus sracfhéachaintí fuarchúiseacha ag déanamh a scrúdú féin orm? Bheidíst ar mo thóir ar ball beag...Seafóid, cé h-"iad" a "bheadh ar mo thóir"? Ar ndóighe, bhíodh lucht an mhíghrinn is na caidéise ag coinneáil diansúil ar achan duine dá rachfadh thart, ach más amhladh féin bhí siad uilig ina gcodladh cheana féin. Ach, ón taoibh eile de - nach mb'é an saol suaimhneach faidréiseach ba mhó a chuirfeadh an t-anam i dtreo na saobhmhianta is na n-aislingí mínádúrtha? Nó an rabh cumhacht anaithnid uafásach ar shéala a theacht chun tsolais anseo? Is dócha nár phill mé 'na bhaile roimh leathuair i ndiaidh a trí a'chlog ar maidin, agus na smaoitíocha fiaine ag rúscadh m'intinne.

Chaith mé an chéad deich lá eile in Heilsincí. Bhí mé ag iarraidh tuairisc an chuid eile den amhrán chlóbhuailte a chur. Bhí an chuma ar an scéal nach rabh oiread is cóip amháin fágtha. Chuir mé an leathanach faoi bhráid saineolaithe i leabharlann na hollscoile, agus iad uilig ar aon bharúil liom gur bhain sé le tús na naoú haoise déag, agus an cineál cló is páipéir a bhí ann. Rinne ceann de na saothair bibleagrafaíochta tagairt d'amhrán clóbhuailte amháin - Amhrán Magaidh fá dtaobh den Rí Gustaf - a bhí coigistithe ag údaráis na hEaglaise sa bhliain 1801 le gach aon chóip a dhíothú, ó bhí an t-amhrán "ag cur thar maoil le huafáis na Págántachta". Ansin thug mé cuairt ar Turku, príomhchathair na hEaglaise Liútaránaí san Fhionlainn, ach ní rabh ruainne eolais ar fáil i gcartlanna na hArd-Deoise ach an oiread.

A mhalairt de scéal a bhí fíor i dtaobh chartlann an bhéaloideasa, áfach. Níor aithin aon duine an t-amhrán chlóbhuailte s'agam ansin, ar ndóighe; ach le rud éigin a bheith de bharr m'fhuadair 'na bhaile agam, chrom mé ar staidéar fánach a dhéanamh ar a rabh ansin de bhéaloideas ó cheantar Ikaalinen. Níor aimsigh mé a dhath fá dtaobh de "ghaoth na péiste" ná fán "tochas i mbéal an Éisc" ach tamall beag roimh am druidte na háite, nuair a thug duine den fhoireann comhad domh nach rabh de lipéad air ach na focail Ikaalinen, Loimaa agus áiteanna eile, 1885-1892. Bhí leathuair ama fágtha agam, agus rinne mé brobhsáil ínteacht ar an chomhad, siúd is gur bhain mé deireadh súile cheana den turas seo. Ach ansin, agus leath den chomhad feicthe agam, tháinig mé trasna ar an chúnsóg féin: leathanach de pháipéar bhuí a rabh ainm G.F. Rolfwén agus an bhliain 1887 breactha air. Tháinig na giobóga béaloideasa seo ó kopperskan Eva Mattsdotter i Ikalis, Ridiala by, åttio år. Hört från sin mormor i barndomen. ("Éabha, iníon Mhaitiais" - nó Eeva Matintytär as Fionlainnis, "lia sí, ón tsráidbhaile udaí Riitiala in Ikaalinen, ceithre scór bliain d'aois. Óna máthair chríonna a chuala sí an méid seo, nuair nach rabh inti féin ach puirtleog girsí.") Bhí seanorthaí ansin, agus iad curtha ar pár ag Rolfwén féin. Bhí aithne agam ar chuid acu cheana ó fhoinsí eile, ach fuair mé baspairt agus critheagla ag amharc ar an bheirt seo:

Ortha Iascaireachta.

Ceanglaítear cnap de chnámh na minsí den eangach in am an chéad nua-ré i ndiaidh don leac oighir glanadh den loch, agus an ortha seo le canstan fá thrí:

Ies kuollut, äes kuollut,
Aasa tuhti mullin mallin.
Kutunluu ve'essä nukkuu,
Satakuua maan sisässä.

("Cuingir mharbh, bráca marbh, Aasa téagartha fríd chéile ar fad. Tá cnámh na minsí [kutunluu] ina codladh san uisce agus Satakuua i gcroí an talaimh.")

Sin go díreach: Satakuua i gcroí an talaimh!

D'úsáidtí an ortha eile mar leigheas ar an tochas nó mar chosaint ar an tine:

Hus pois Kutka kalan suuhun,
liekki syttyvä salassa.
Mene poies Härjän päähän,
nimettömän kokon kanssa
siellä viettänet elosi.

("Gread leat, a Thochais [kutka], go béal an éisc, a bhladhaire a lasfar faoi cheilt. Imigh leat go cloigeann an Tairbh in éineacht leis an iolar gan ainm, agus ansin a chaithfeas tú do shaol, is dócha.")

Bhí deasghnátha comh casta ag dul leis an ortha áithrid seo is go rabh Éabha, an lia sí, i ndiaidh an chuid ba mhó díofa a ligean i ndearmad nuair a tháinig Rolfwén a chur agallaimh uirthi. Bhí, ar a laghad, cloigeann an ghailléisc, scláta aibhleoige agus adharca an tairbh de dhíth, ach ní rabh a fhios ag bean na faisnéise cad é a bhí le déanamh leofa. Ach ar a laghad bhí cruthúnas agam anois go rabh gnéithe den bhéaloideas ar fáil in Ikaalinen nach rabh aithne ná eolas orthu ach ag Rolfwén.

I ndiaidh a theacht ar an bhlúirín faisnéise seo domh thug mé cur síos air ag seiminéar iarchéimithe an bhéaloideasa, ach má thug, níor tharraing mé ach racán is brilsce. Cibé ciall a bhí bainte agam as na criomáin seo, cha dtearn an chuid eile ach mo chuid míniúchán a bhréagnú is a shéanadh, agus i ndiaidh an iomláin a bhí le titim amach, caithfidh mé a aidmheáil inniu go rabh an ceart ag lucht mo lochtaithe ó thús go deireadh. Ní rabh aon duine acu ábalta, áfach, malairt míniú a thabhairt a shásóchadh an chuid eile acu. An t-aon leide spéisiúil amháin a chualathas ag an tseimineár, tháinig sé ó shaineolaí ar bhéal-litríocht Ghearmáinise na Trasalváine sa Rómáin. Thagair sé don ortha dhothuigthe seo:

Astaroth, Sadok, Joch so tot,
Zathucker kommt, wenn die Kristalle rot

("Astaroth, Sadok, cuingir chomh marbh sin, tiocfaidh Zathucker, agus an criostal dearg")

Mar a d'úirt an saineolaí, bhí trácht anseo ar an "chuingir mharbh", agus aasa tuhti iontach cosúil le hAstaroth. Bhí an chuma chéadna ar Sadok agus Satakuua fosta. Ach, faoi rothaí na gréine, cad é ba chiall leis na hainmneacha seo? Chuir scotbhach gáirí críoch leis an tseimineár, agus an t-ollamh féin ag magadh: "Is dócha gurb é Dracula an t-iolar gan ainm, mar sin."

D'fhoilsigh mé alt beag fán bhéaloideas seo ar an iris udaí Bibliofilos sa bhliain 1964, ach roimhe sin chuala mé scéal a bhain an-stangadh go deo asam, nó thug sé le fios go rabh uafás ínteacht faoi cheilt i Ruutinkari dáiríribh.

SCÉAL AN GHARDA DHEIRG