PÉIST AN MHEÁN OÍCHE

in Ikaalinen

le S. ALBERT KIVINEN

CUID A hAON

CUID A DÓ

CUID A TRÍ

CUID A CEATHAIR

Again, learners are advised to print out this glossary.

DHÁ THURAS GO RUUTINKARI

Chaith mé an chéad dá sheachtain eile i gceann oibre diamhaire. D'iarr Bladh orm oibleagáid aistíoch i ndiaidh a chéile a dhéanamh dó. Murar theastaigh uaidh mise sliocht ínteacht a chóipeáil as an tríú leabhar de Steganographia le Trithenius nó as saothar Arnaldus de Villanova, b'éigean domh bualadh isteach ag státseirbhísigh ardchéimíochta agus litir mholta ó Bhladh a thaispeáint dófa le ceadúnais éagsúla a iarraidh orthu; agus nuair a bhí an darna cineál oibre acu seo críochnaithe agam, chaithfinn rud dothuigthe ínteacht a sheiceáil aríst i saothair Wardwell nó Chaspar Unhold. Thug muid cuairt ar Ikaalinen, fiú, le tuilleadh aithne a fháil ar an áit. Chuir Bladh agallamh mionchruinn ar N. agus a bhean chéile. D'éirigh leis an-stangadh a bhaint asam: bhí sé ag croscheistniú N. fán chineál scairt a lig Rolfwén as leis an Phéist a bhlandar. "An iad seo na focail a bhí aige?" a d'fhiafraigh sé, agus é ag fuaimniú abairt nach féidir a bhreacadh síos i i ngnáthlitreacha. Seo é an aithris is fearr a thig liom a dhéanamh:

KRKPWP'FL N'GJA N'GJA UUAAGHH KRL KRL TSATHOGGUA FHTAGN! IÄ! TSATHOGGUA!

"Tá na focail sin sách cosúil leis an méid a d'úirt seisean, ach nuair a d'úirt, bhí sé á scairt de ghlór ní b'airde i bhfad."

Mhínigh Bladh gur mhaolaigh sé ar a ghuth ar eagla go gcuirfeadh sé isteach ar na comharsanaigh - gan aon trácht ar an chluais a bhí ag éisteacht i Ruutinkari.

I ndiaidh an réamhthaighde seo chonacthas in Ikaalinen aríst sinn i Mí na Féile Bríde den bhliain 1965, agus sinn ag ligint orainn leis an tsaol mhór nach rabh i gceist againn ach saoire gheimhridh a chaitheamh ag scíáil. Bhí Bladh, fiú, i ndiaidh gléas scíála a thabhairt leis, agus ní rabh aon chaill air ag scíáil, deacair is uile mar a bhí sé mo dhuine a shamhlú le haon áit eile seachas a leabharlann. Roimh aon rud eile chuaigh sé i bhfianaise cheann urraidh áitiúil na bpóilíní le doiciméid oifigiúla a thaispeáint dó a dhearbhaigh gur saineolaithe a bhí ionainn ag iarraidh turgnaimh thaighde a dhéanamh, i gcruth is go gcaithfimist cupla pléasc a mhadhmadh ins an oileáinín. Ós rud é nach rabh aon duine ina chónaí san oileán, ná aon urchóid ins na buamaí do dhaoiní ná do mhaoin shaolta, bhíothas ag súil le cuidiú agus comhbhá ó údaráis na háite le lucht na bpléascanna, is é sin, leis an bheirt againn.

Fán neartlá thoisigh muid ar ár dturas scíála ar an loch reoite go dtí Ruutinkari. Bhí sé le haithne go rabh na scíálaithe eile ag seachaint an oileáin, agus lorg a gcuid scíanna ag cur cor fairsing air. Bhí mo chara i ndiaidh léacht a thabhairt domh ag áitiú orm nach rabh ins na nathracha ach ciapóga agus seachmall súl gan aon fhíor-urchóid iontu d'aon duine nach ligfeadh an scód leis an sceimhle. Thairis sin, b'fhéidir go rabh fuinneamh na cloiche duibhe comh reaite sin i ndiaidh na mblianta is nach bhfeicfimist a dhath. Ina dhiaidh sin féin bhí míchompord orm.

Nuair nach rabh ach cupla méadar eadar sinn agus Ruutinkari, tháinig an mothúchán orm a rabh súil agam leis i ndiaidh an tseanchais uilig. Ar tús, buaileadh le drogall, leisce agus lionn dubh mé, agus ghlac mé col leis an mhisiún seo ar fad. Agus sinn ag leanstaint linn ar aghaidh ina ainneoin sin, tháinig scanradh i leaba na leisce, scanradh uafásach a fuair mé beagnach dochloíte. D'fhág muid ár scíanna fán chladach, agus sinn ag dreapadh suas na carraigeacha reoite sleamhna aistreánacha...agus ansin chuala mé siosarnach. Chonaic mé nathair dhubh, siúd is go rabh sí cineál doiléir nó éagumhachtach le hamharc. Agus sinn ag dul ar aghaidh, bhí an nathair ag teacht i m'aice, agus í ag iarraidh sclamhadh a thabhairt fúm.

"Is beag sracadh atá fágtha inti", arsa Bladh. "Bí ag áitiú ort féin nach bhfuil cloigeann aici." Ghlac mé comhairle, agus ceart go leor baineadh an cloigeann den nathair, a bheag nó a mhór. Mhair sí ag bagairt sclamhadh orm agus ag siosarnaigh, ach ba bheag aird a thug mé uirthi anois. Mar sin féin, bhí an sceimhle ag teannadh orm, agus sinn ag druidim leis an teach.

B'é seo teach na n-uafás anois, agus é tréigthe le corradh is dhá scór bliain. Ar an taobh amuigh ní aithneofá ó na botháin tréigthe eile é, agus nuair a chaith muid súil isteach ansin, ní fhacamar de chuimhne ar an iar-úinéir ach leathanach buí páipéir agus réalt aon bheara déag air, comh maith leis na litreacha udaí O.Q. Mhothaigh mé, áfach, nach ligfeadh mo chroí domh a dhul isteach, agus tonnta na sceimhle ag teannadh orm aríst agus aríst eile. Bhí sé ag dul rite liom oiread is aon choiscéim amháin a thógáilt ar aghaidh. Bhí fonn orm luí síos i mo spréiteachán nó an áit a fhágáilt i mo dhiaidh ar an toirt, nó fiú dhul sa mhuineál ar Bhladh. Cad fáth faoi rothaí na gréine a dtug an diabhal fear sin anseo mé? Eisean a chuir ar bhealach mo mhíleasa mé. Ghlac mé fuath comh fíochmhar ar Bhladh is gur dhóbair domh é a mharú. Baineadh stangadh asam nuair a chuala mé ag labhairt é. Bhí an áit ag imirt a tionchair airsean comh maith, de réir dealraimh, ó bhí sé ag caint de ghuth mhúchta chreathánach: "Anois, a bhuachaill, beidh sé thart i gceann tamaill...caithfidh muid a theacht ar an bhall is mó naimhdeas...seachain an clár lofa ansin."

Cha rabh ach cupla méadar le siúl againn, ach shílfeá go mb'é an tsíoraíocht é. Mhínigh Bladh domh gurb ins an áit ba mheasa naimhdeas a thiocfaimist ar an chriostal dhubh. Sa deireadh fuair muid i gclúdaigh thiar ó thuaidh an tseomra é. B'ansin a bhí iarsmaí an chairpéid, agus chuir Bladh i leataoibh iad. Na cláraí faoin chairpéad, ní rabh siad ceangailte dá chéile go rómhaith. Rug Bladh ar chasúr ón mhála droma le trí chlár a chasadh ar leataoibh. Ba chóir domh lámh chuidithe a thairgsint do mo chara, ach ní rabh an oiread sin lúth fágtha ionam. Bhí mé ag iarraidh breith ar a rabh fágtha de stuaim ionam. Chonaic mé réaltaí dubha na spás toirmeasctha...na seantaicí ag vácarnaigh thart timpeall...na dholis ag dreapadh amach as a gcuid pluaiseanna. Iä! Iä! Tsathoggua! An machaire sneachta taobh amuigh - nach i gKadath coiscthe a bhí muid anseo, i ndiaidh an iomláin? Cloch dhubh thír Mnar...an chloch dhubh...Zathucker kommt, wenn die Kristalle rot...

"Ph'nglui mglw'nafh Cthulhu R'lyeh wgah'nagl fhtagn!"

Tháinig mé de gheit chugam féin. B'é Bladh a scairt na focail sin, agus an chuma air go rabh sé féin ar tí titim i bhfanntais. Bhí sé ag coinneáil ciste beag iarainn eadar a lámha, ciste a bhí rua le meirg, agus chaith mo dhuine amach ar an fhuinneog ar theann a dhichille é. Bhí aghaidh mo chara báite in allas.

Nuair a bhuail an ciste an talamh amuigh, mhaolaigh ar an scanrú ábhar beag. "Anois", arsa Bladh, "tá an darna cuid is measa thart."

"An darna cuid is measa?"

"Nár 'úirt mé leat go gcaithfidh muid smionagar a dhéanamh den chriostal. Roimhe sin tá an ciste le foscal. Mé féin a fhosclóchas é, ach ós ionatsa atá urradh na hóige, fágaim fútsa an criostal a smiotadh." Thóg Bladh siséal as an mhála agus amach ar an doras leis. Lean mé sna sálaí é, ag déanamh iontais, an dtiocfadh liom mo chion féin den obair a chur i gcrích...

Chaith Bladh na cianta cairbreacha - mar sin a b'fhacthas domhsa é - ag crágáil leis an chiste, go dtí gur éirigh leis é a fhoscal. Ansin a bhí sí, an chloch dhubh, agus í ar maos le holc gach cinéal págántachta. Ní chromfainn uirthi ar ór ná ar airgead...agus an t-oileán ar fad ag cur thar maoil le nathracha nimhe.

"An bhfaca tú nathair?" a d'fhiafraigh Bladh. Bhí sé ag iarraidh geáitsí magaidh a ligean air, ach má bhí, stiúg a chuid focal ina scornaigh, agus é ag ligean lagliú mar a bheadh mac tíre gortaithe ann. Bhain mé an oiread sin misneach as a chuid focal is gur éirigh liom greim a fháil ar an chloch. Bhí sí thart ar fiche ceintiméadar ar fad agus deich gceintiméadar ar leithead, agus í ar comhdhéanamh le criostal neamhrialta. D'aithin mé comharthaí dothuigthe greanta uirthi. Le fírinne cha rabh mórán meáchan ann, ach ina dhiaidh sin féin bhí ag sárú orm í a thógáil. Rinne mé mo dhicheall á hairdiú go dtí go rabh sí ar comhairde le mo phreiceall, ach ansin chaith mé uaim in éadan faobhar carraige í.

Bhain an chloch lasóg uaine tine as an charraig, agus tuilleadh nathracha á nochtadh thart timpeall orainn le solas na lasóige. Ní thiocfaimist as seo i seilbh ár siosmaide... Tibi, Magnum Innominandum, signa stellarum nigrarum et Bufaniformis Sadoguae sigillum... Kutunluu ve'essä nukkuu, Satakuua maan sisässä... seo chugainn É féin...

Chroith Bladh an t-iomrall díom. Caithfidh mé a rádh gur sháraigh sé sáirsint an airm féin agus na heascainí is na maslaí a bhí aige, ach b'é sin an t-aon leigheas a bhí fágtha.

"Tús maith leath na hoibre", arsa Bladh go sásta. An chloch a bhi sé a mhaíomh, agus ceart go leor bhí giota beag briste dá taobh. Thóg sé an casúr is an siséal, chuir sé barr an tsiséil ar an scoilt agus thug tailm den chasúr do chos an tsiséil.

Bhí an t-oileán ar barr lasrach le tine uaine, agus nathracha is arrachtaigh dho-ainmnithe á nochtadh ar fud na háite. Caithfidh sé go gcualathas an liú neamhdhaonna ó ceann go ceann an locha. Bhí an talamh féin ag creathnú fúm, agus péisteanna mo chuid tromluithe ag múscailt. Iä! Tsathoggua!

Tháinig mé chugam féin i gceann cúpla bomaite. D'inis Bladh domh go rabh néal ann féin ar feadh tamaill bhig, ach má bhí, fuair mé ina dhúiseacht romham é. Thóg sé buidéal leathair as an mhála droma agus chaith siar slogóg mhaith. Bhí an chloch dhubh ina dhá leath in aice leis.

"Tá sé thart anois, agus deoch tuillte ag an bheirt againn", arsa Bladh, agus é ag seachadadh an bhuidéil chugamsa. Brandaí a bhí ann, agus ní rabh an darna cuireadh de dhíth orm le mo chuid féin a bhaint as. Bhí mé tuirseach traochta.

"Meas tú, an i bhfad ar shiúl a chonacthas an lasair uaine?" a d'fhiafraigh mé de Bhladh.

"Ní fhacthas ná baol air", arsa seisean. "Cha rabh ann ach seachmall súl a tháinig as d'intinn. Ní sháraíonn raon an chriostail sin fiche méadar, agus mar sin, diabhal an drae sonrú a chuir aon duine ann. Anois, caithfidh muid an dlaíog mhullaigh a chur ar an obair seo."

Rinne muid conamar beag den chriostal. Bhí na lasracha uaine is na nathracha le feiceáilt ar tús, ach de réir a chéile d'imigh na hiarmhairtí seo, go dtí nach rabh a dhath fágtha díofa. Sa deireadh thug muid athchuairt ar an tseanbhallóg. Bhí aithne an naimhdis le mothachtáil uirthi i gcónaí, ach ní rabh a dhath ann i bhfarradh is an scanrú a bhí orainn nuair a bhain muid amach an áit an chéad uair.

An áit a bhfuair muid an ciste, bhí clocha ar cóimhéid le dornán duine agus iad suite in aice le chéile ar déanamh réalta aon bheara déag. Scab muid na clocha seo amuigh ar an loch reoite. Nuair a thiocfadh an chéad choscairt san earrach, shlogfadh an loch iad agus bhainfí an urchóid díofa. Ina dhiaidh sin féin, bhí Bladh ag crothnú rud ínteacht i gcónaí. Bhí sé ag cnagadh thart fán bhallóg tí, ag tochailt sa talamh leis an tsiséal, go dtí gur chas sé ceann de na cláraí urláir dá áit, agus mise ag cuidiú leis an iarracht seo. Agus nach ansin a bhí an rud crothnaithe: seanchnámh minsí - kutunluu - agus dhá shiombail greanta uithi. D'aithin mé ceann acu: an réalt aon bheara déag a bhí ann aríst. An comhartha eile, áfach, cha dtearn mé bun ná barr de. Mhínigh Bladh domh go mb'iad an deich réalt is gile i réaltbhuíon an tSaighdeora a bhí ann.

"Bhail, thiocfadh linn triail a bhaint as seo ag iarraidh iasc a bhladar in eangaigh", arsa Bladh, agus é comh haerach aigeanta mar ba dual dó. "Nach truaidhe go gcaithfidh muid an deismireán seo a chur ó mhaith mar seo, agus an dúspéis a chuirfeadh lucht na heitneolaíochta ann." Chaith sé an chnámh ar an urlár agus rinne smidiríní de le sáil leathbhróige.

Ag fágáilt na háite dúinn d'amharc mé ar an uaireadóir, agus chonaic mé nach rabh ach leathuair an chloig caite againn san oileán, siúd is go mba chosúla le leath na síoraíochta é, an dóigh a dteachaidh sé i bhfeidhm orm. Rinne mé iarracht aithris a dhéanamh ar ghothaí magúla mo chara agus d'fhiafraigh mé de, an rabh mo chuid gruaige éirithe bán. "Níl, ná fiú liath mar ba chóir", a d'fhreagair sé.

Chaith muid súil ar an leath thuaidh den oileán fós. Cró faoi thalamh a bhí ann, agus an doras briste isteach; bhí bearna mhór dhubh ar foscal sa bhalla cúil. Phill an sceimhle orm. Bhí tasc eile le cur i gcrích againn i gcónaí...Bhí mé comh tuirseach is gur fhiafraigh mé de Bhladh, nach dtiocfadh linn an obair eile seo a chur in athló.

"Tá sé as an áireamh ar fad. Tá an phéist meabhrach ina bhfuil ar obair againn, siúd is gur leasc léithi a theacht amach fad is a mhaireanns an ghrian ag taithneamh. Tá sé thar a bheith contúirteach í a fhágáilt saor oiread is oíche amháin a thuilleadh."

Agus sinn ag fágáilt an oileáin inár ndiaidh, rinne muid poll ins an leac oighir le smionagar na cloiche a chroitheadh isteach san uisce, maille leis an chiste. A chead ag an iomlán dhearg sin fanúint i dtóin phoill go Lá an Luain!

Ghabh mé mo leithscéal le Bladh go rabh mé ar shéala tabhairt isteach don fhonn tréigbheála, ach ba chuma leis faoi sin. "Agus na cúrsaí mar atá siad tháinig an bheirt againn go sásúil as", ar seisean. "Agus leoga, ag glacadh leis go rabh a fhios againn roimh ré cad é a bhí i ndán dúinn, samhlaigh duit comh taismeach a d'éireochadh don té nach mbeadh a fhios aige é. Is beag cuidiú duit urradh do chuid matán agus misneach do chroí in éadan an chineál sin sciath chosanta. Is é an rud is tábhachtaí ná gan ligint don sceimhle an lámh in uachtar a fháil ort. Agus ar ndóighe, bhí cumhacht na cloiche sin ag dul i laige is ag tréigbheáilt cheana féin. Dhá scór bliain ó shin ní bheimisne muid féin in ann a dhath a dhéanamh, cuma cé comh heolach a bheimist ar bhealtaí an chriostail."

"Más eadh, cad é mar a d'éirigh le lucht díolta na feola a gcuid earraí a thabhairt isteach don oileán, mar a rinne siad?"

"Bhail, is féidir maolú ar an ghléas sin, mar a bheadh gnáthradar ann. Chasadh Rolfwén an criostal as, agus súil aige le cuairteoirí."

Phill muid ar an óstán le tionnúr maith codlata a dhéanamh roimh an chuid dheireanach dár misiún. Fuair muid litir ó N. romhainn in oifig na bhfáilteoirí. Ag déanamh a bhrobhsála fríd sheaneagrán an nuachtáin áitiúil ón bhliain 1895 dó, bhí sé i ndiaidh theacht trasna ar sheanghrianghraf de Rolfwén a chuir sé chugainn. Reanglamán óg fir a bhí ann, mar Rolfwén, agus cuma na dáiríreachta air: aghaidh chúng, éadan ard, agus smigead a bhí ag gobadh ar aghaidh. B'é sin an namhaid féin anois, agus bhí muid aidmheálach, leath in éadan ár dtola féin, go rabh meas mór againn air, cumasach is uile mar a chruthaigh sé ag plé le fórsaí an dorchadais, tráth a shaoil.

Nuair a thoisigh muid a dh'úmú an darna turas, bhí sé ag teannadh anonn sa lá cheana féin. D'fhoscail Bladh mála beag taistil a bhí leis, agus é á láimhdeachas iontach cúramach. Baineadh scanradh asam nuair a tuigeadh domh gur dinimít a bhí ann. D'iompair muid an mála amach go faichilleach, agus cheangail muid den tsleamhnán é a bhí faighte ar cíos ag Bladh. Bhí sé deacair an gléas siúil seo a tharraingt ar an leac oighir: an té nach mbeadh sásta cor fada a chur de, chaithfeadh sé a dhul le fánaidh ghéar, cleas a rabh a phriacail féin ag dul leis, agus an sleamhnán lán dinimít. Ba dual do Bhladh an bealach is géire a roghnú: an tsráid udaí Tenkooli ó dhoras an óstáin go dtí an trá. Thiomáin muid an sleamhnán síos an bóthar seo, mise á stiúradh a fheabhas is a thiocfadh liom, agus Bladh ina shuí air ag coinneáilt greim an fhir bháite ar an mhála is na scíanna. Nuair a bhí an trá bainte amach againn, rinne muid scíste, chuaigh muid ar na scíanna agus thoisigh a tharraingt an tsleamhnáin inár ndiaidh. Bhí an ghrian ina luí cheana féin, agus an dorchadas ag teannadh orainn go géar gasta, nó nuair a bhain muid amach Ruutinkari i gceann leathuair an chloig, b'iad na réaltaí an t-aon solas amháin a bhí ann. Ó bhí an criostal dubh briste, ní rabh ruball nathrach le feiceáilt a thuilleadh; ach mura rabh, bhí scanradh de sheort eile ag teacht orainn. Nó ansin, thíos i gcró na bpréataí, a bhí an tArrachtach i bhfolach, Péist an Mheán-Oíche, an t-ainmhí céadna a bhí ag caitheamh a scátha ar Ikaalinen leis an oiread sin blianta anuas. B'fhacthas domh go gcuala mé rud ínteacht ag dreapadh anuas go trom malltriallach le linn an bheirt againn a bheith ag dul i dtír i Ruutinkari.

Thuas ar an charraig dó tharraing Bladh lán a scamhán d'aer leis an scairt mhídhaonna udaí a liú a bhí in ann stangadh a bhaint asam nuair nach rabh ann ach monamar íseal. Mhothaigh mé tormán as cró na bpréataí, agus tháinig an phéist amach. Bhí cineál loinnir thaibhsiúil ina craiceann. Ansin a bhí sí fá dheireadh, an phéist ón ollchruinne eile, Péist na hOíche, searbhónta do Tsathoggua dubh gan chlí gan chruth, an Phéist chéadna a d'éilíodh íobairtí fola agus a bhíodh á hadhradh faoi cheilt!

Chaith muid ár gcuid dinimíte i dtreo an chró agus chuaigh ar foscadh comh túisce is a d'éirigh linn. Bhodhraigh an phléasc sinn go ceann tamaill fhada, bhí smionagar cloiche ag titim inár dtimpeall mar a bheadh báisteach ann, agus chuaigh macalla na maidhme ó cheann ceann an locha. Níor fágadh den chró ach moll mór cloch, agus deatach is drochbholadh ag éirí uaidh. Thit an simléir is an balla ó thuaidh le teann na pléisce, agus an t-earrach a bhí chugainn tháinig fir ó Ikaalinen isteach le conablach an tí a réabadh as a chéile agus a thabhairt leofa mar chonnadh le haghaidh tine chnámh Fhéile Eoin.

Is beag is cuimhin liom an dóigh ar phill muid ar an óstán le tacsaí a thógáilt go Tampere. Nó tháinig cuimhne eile ina leaba, cuimhne a bíos do mo chrádh le tromluithe ó am go ham: bhí ceannaightheacha an duine dhaonna ag an Phéist udaí, ceannaightheacha Ghöran Rolfwén agus iad curtha as a riocht ag an fhuath is an fhearg, agus nuair a bhí muid ar tí an dinimít a chaitheamh isteach, scairt sé de shiosarnaigh neamhdhaonna: "Tiocfaidh mé ar ais!" Nó chan dual do Phéist na hOíche bás a fháil, gheobhaidh sí comhartha ó na réaltaí toirmeasctha nochtadh ar dhroim an domhain aríst, agus ar a lorgse a thiocfas an Té a bhí ina uafás leis na cianta cairbreacha anallód, Tsathoggua Dubh gan Chlí gan Chruth!

A Chríoch Sin