An Saighdiúir gan Arm

Isänmaan puolesta - herooisia mu(i)stelmia

ASEISTAKIELTÄYTYJÄLIITTO - CUMANN NA nAGÓIDEOIRÍ COINSIASA INS AN FHIONLAINN

SIVARIPERINNETTÄ!

(Sulkumerkeissä ja kursivoituina on alitajunnan marginaalinen mutina. - Mar seo - i gcló iodálach agus eadar na lúibíní - a thaispeántar monamar imeallach an fhochomhfheasa.)

Panu Petteri Höglund
(Laittomien uhkausten ja häirikköpostin lähettäjät asetetaan syytteeseen, mikäli aihetta ilmenee.)

Olin tietysti tehnyt melkoisen mokan anoessani lykkäystä niin pitkälle kuin sielu ja sivarilainsäädäntö sieti. (Siesi? Sieti? Hetkinen... äidinkieleni taitaa olla mädäntynyt liian monen Åbo-akateemisen vuoden jälkeen.) Näin jälkeenpäin kun ajattelen asiaa, olisi ehkä ollut fiksuinta mennä sinne heti ensimmäisen tilaisuuden tullen. Kolmeakymppiä tärppivänä rohjona on jo kaiken sosiaalistavan ja kypsentävän vaikutuksen ulottumattomissa, jota sivarilla (ja tarkoitan tätä aivan vakavissani) epäilemättä on nuoreen mieheen. Ettekö usko? No miettikää nyt hetkinen.

Ar ndóighe ba mhór an botún é agam an tseirbhís náisiúnta a chur in athlá chomh fada uaim agus a cheadaigh an dlí. Agus mise ag caitheamh súil ar ais anois, is cosúil go mb'fhearr domh an bhliain udaí sclábhaíochta gan páighe a chur isteach chomh tapaidh tar éis na hArdteistiméireachta agus ab fhéidir. Agus tusa i do sheanfhondúir ag teannadh go tiubh leis an tríocha bliain is dócha nach bhfágfaidh an tseirbhís a sliocht ort - agus is trua mura bhfágann, óir tá mé barúlach dáiríre píre go dtéid an tseirbhís náisiúnta neamharmtha chun leasa is chun mórshochair d'fhear óg. Mura gcreideann sibh léigí a mbeidh á rádh agam.

Sivarissa näet tulin huomanneeksi, että tässä maassa on oikeasti vielä sellaisia marginaalisia loukkoja, joita suuri maailma - lukuunottamatta pakollisia kuvioita kuten Keanu Reevesiä (kuka helvetti sekin on?) tai Kurt Cobainia (ilmiselvä Jim Morrisonin jäljitelmä itsemurhaansa myöten) - ei ole kyennyt ulottamaan vaikutustaan: törmäsin pariinkin tyyppiin jotka ilmeisestikään eivät ollet ikinä kuulleetkaan mitään Pohjois-Karjala-projektista eivätkä rasvan epäterveellisyydestä (paraskin puhumaan, senkin paksumaha) ja jotka olivat joutuneet sivariin pelkästään siksi että olivat liian lihavia. Paperilla he eivät tietenkään vaikuttaneet kyllin sairailta, jotta heidät olisi puhtaasti terveyssyistä voinut hylätä Suomen raskaasta, mutta käytännössä sotaherrat eivät tietenkään voi ottaa vastuuta siitä että joku tällainen tyyppi menehtyy täyspakkausmarssilla.

Ag cur isteach an óglachais gan arm domh d'fhoghlaim mise, mar shampla, gurb ann ins an tír seo go fóill d'aistreáin chúlriascmhara iargúlta nach dteachaidh an saol mór - diomaite de laochra an ollchultúir ar nós Keanu Reeves (cé hé féin sa diabhal?) nó Kurt Cobain (chan fhuil ann agus ina fhéinmharbhadh cibé ach drochaithris ar shaol agus ar chinniúint Shéamais Mhic Mhuiris na nDoras) - a fhad leofa ariamh. Mar shampla, chonaic mé ansin cupla buachaill nach gcualaidh, de réir dealraimh, cé chomh mífholláin atá an raimhreacht. (Dá bhfeiceadh sibh an té a scríobh!) Ba léir gur de dheasca a raimhreachta ansin a cuireadh chun na seirbhíse neamharmtha iad: ní rabh siad chomh tinn sin, de réir a ndálaí pearsanta sláinte, agus go dtiocfadh an dualgas náisiúnta a bhaint díobh; ón taoibh eile de, áfach, ba bheag oifigeach a rachfadh i bhfiontar lena macasamhlacha sin de raimhreacháin a gheobhfadh taom chroí dá gcuirtí d'fhiachaibh orthu páirt a ghlacadh i gcibé druileáil mharfach thuirsiúil de chuid an airm, mar shampla, máirseáil fhada a dhéanamh ag iompar mála lán cloch.

Nämä kaverit oikeastaan säälittivät minua kaikkein eniten. He olivat syrjäkyläläisinä nimittäin myös kaikkein isänmaallisimpia ja hanakimpia armeijaan, ja heille oli suuri häpeä ettei heitä sinne kelpuutettu. Yliopistointellektuellit jotka menevät sivariin ovat yleensä joko uhmakkaita ja kapinallisia, kuten eräskin kaveri joka yllättävää kyllä (iontas na n-iontas kuten sanomme iiriksi) oli teekkari ja joka kohteli sivarikeskuksen henkilökuntaa kuin toisinajatteleva vanginvartijoitaan, - tai sitten sellaisia kuin eräs kiltteyttä ja sovinnollisuutta henkivä filosofian opiskelija jossa häiritsevää oli vain hänen iänikuinen pösilönnaiivi hamppuhymynsä.

B'iad na feolacháin seo ba mhó a dhúisigh trua ionam. Ós rud é go mb'as an iargúltacht dófa, bhí dearcadh tírgráthúil traidisiúnta acu, agus dímheas acu ar cibé fear nach rabh sásta an t-óglachas armtha a chur isteach. Anois áfach bhí siad i measc an dreama chéadna a mb'fhuath leofa é lá a saoil. Maidir leis na hintleachtóirí ollscoile a roghnaíonns an t-óglachas gan arm, tháinig liom garbhdheighilt a dhéanamh orthu ina dhá ngrúpa. Is iad na ceannairceoirí do-chloíte diúnasacha an chéad dream - ar nós an bhuachalla a bhí ag foghlaim teicneolaíochta, rud ba deacair a shamhailt le meon ceannairce, agus é ag caitheamh le foireann an lárionaid mar a bheadh séiléirí iontu, agus eisean ina phríosúnach. An dara dream - bhail, b'iadsan na hidéalaithe agus lucht an tsíochánachais, fearacht an mhic léinn fealsúnachta ó Heilsincí a thaitin liom cuibheasach maith, amach ón aoibh amaideach haisise a bhíodh á síor-dhrannadh aige.

Sitten tietysti olivat nämä punkkarit ja muut rääsyläiset joiden motiivina oli aivan yksinkertaisesti hyvin elementaarinen ja vaistonvarainen yhteiskunnallinen protesti. Silloin kun punk ensimmäisen kerran tuli muotiin Suomessa tuossa 1970-luvun lopulla, sitä kannattivat lähinnä yliopistoälykköjen pikkuveljet ja -siskot - se oli hyvin keskiluokkainen ja oikeastaan intellektuelli liike siihen aikaan, koska Suomessa nyt ei yksinkertaisesti ollut onnellisella sosiaalivaltion seitsemänkymmentäluvulla sellaisia kannabiksenhajuisia nuorisotyöttömyysslummeja, joista se aito ja oikea punk versoi alkavan thatcherilaisuuden Englannissa. Vasta yhdeksänkymmenluvun lama loi Suomeen aidon punkkarikulttuurin, aidon yleisvittuuntuneisuuden, frustraation, koulunpenkiltä alkavan pitkäaikaistyöttömyyden ja pettyneisyyden kulttuurin. Siitä nousee todellinen punk.

Ar ndóighe bhí na punks ann chomh maith, na ruipleacháin: agóid an-instinneach an-dúchasach a spreag iad chun an t-óglachas a sheachaint. Is cuimhin liom an chéad uair a chuaidh an puncachas (más féidir a leithéid d'fhocal a chumadh i nGaeilge) i bhfeidhm ar an Fhionlainn. Deireadh na seachtóidí nó tús na n-ochtóidí a bhí ann, agus mo chomhaoiseanna féin agus spuraicligh a rabh cupla bliain acu ormsa ba mhó a ghlac páirt i ngluaiseacht an phuncachais. Gidh gur i measc na prólatáireachta mórchathartha a d'fhás an fíorphuncachas ins an Bhreatain Mhóir an chéad lá ariamh, ba ghluaiseacht meánaicme í a h-aithris ins an Fhionlainn: deartháracha is deirféaracha óga d'aos staidéir na n-ollscoltach ab ea iad na chéad phunks inár dtír-ne. Ar ndóigh, bhí an stát soilíosach le córas forbartha leasa shóisialta fá réim anseo, agus sinn go hiomlán gan a leithéid de shlumanna le dífhostaíocht is le drugáil as a dtáinig an fíor-phuncachas ins an Bhreatain i dtús an Thatcherachais. Bhí orainn fanúint le cúlú eacnamaíochta na nóchaidí lena leithéid de chultúr frustrachais a fheiceáilt ins an Fhionlainn. As an ollbhréantas seo, as meon an ógdhuine nach bhfuil i ndán dó thar éis a chuid scolaíochta ach dífhostaíocht fhadtéarmach - as seo a eascraíonns an t-aon fhíorphuncachas amháin.

Älkäämme myöskään unohtako piraatteja. Piraateiksi minä kutsuin mielessäni (en tietenkään päin naamaa, mitä te oikein kuvittelette?) niitä bodatun näköisiä kavereita, jotka alinomaa saivat postia eriasteisilta raastuvan- ja kihlakunnanoikeuksilta. Näille tyypeille oli jo aukeamassa ammattirikollisen ura, mutta se ei ollut vielä turmellut heidän ulkoista habitustaan. He vaikuttivat huomattavasti kovakuntoisemmilta, komeammilta ja lihaksikkaammilta kuin minun kaltaiseni pöhöttyneet kahvilaintellektuellit, ja he näyttivät pään ympärille kiedottua liinaa myöten pikemminkin salskeilta nuorilta merirosvoilta kuin miltään nuorisorikollisilta - siitä nimi "piraatti". Selvää oli, että joku upseeri oli epävirallisesti suositellut heille kutsunnoissa siviilipalvelusta. Armeijallehan ei ole eduksi saada riveihinsä kaikenlaisia Mika Murasia. (Vapauttakaa Mika Muranen - poliittinen vanki! Antakaa Mikan kostaa! - sanoo toinen koulukiusaamisen uhri. Hehhehheh.) Parempi ne on lykätä sivariin meikäläisten mainetta huonontamaan.

Ná deánaimis dearmad ar na píoráidí ach an oiread. Píoráidí - sin é an t-ainm a bhaist mé (in m'intinn féin amháin, ar ndóighe) ar na cnapáin chorpfhorbartha fir agus iad i gcónaí ag fáil leitreacha cuiridh ó chúirteanna éagsúlta. Bhí na diolúnaigh seo ag luí le ceard na coire cheana, ach má bhí féin, char fhág sin a shliocht ar a gcosúlacht go fóill. A mhalairt ar fad: ba sláintiúla is ba scolbánta iad de réir caighdeán ar bith ná mo mhacasamhail de scúille intleachtóra ramhair fhalsa, agus leis an éadach udaí mar chafarr thart timpeall ar an chloigeann ba chosúla iad le foghlaithe óga mórurraidh mara ná le h-"ógchiontóirí" mar a shamhólfaí duit a leithéidí - sin fáth an bhaistidh. B'fhollasach go leor gur mhol oifigeach ínteacht dófa go neamhoifigiúil ag comhghairm na n-ábhar saighdiúra - cruinniú a eagraítear ins achan chearn den tír ins an fhómhar leis na fir óga a phreasáil isteach gan aon duine acu a fhágáilt ar lár de thaisme - gur mhol oifigeach ínteacht dófa ansin an tseirbhís neamharmtha a roghnú, rud intuigthe ar fad: is leasc leis na hoifigigh ógchiontóirí a fhágáilt i gceann stórais na n-arm tineadh. Is fearr iad a chur inár measc le baint denár gcliú mhaith nach bhfuil rómhaith cibé.

Joo, ja täytyyhän tässä mainita se pakollinen kuvio myös eli tyttöystävän menetys. Minun tapauksessani tosin kyse oli vain ylioppilaaksikirjoittavasta pimuntapaisesta johon olin kummallisen nostalgian ja solidaarisuuden puuskassa mennyt retkahtamaan (ettet häpeä, mies! melkein kolmekymppinen ja juoksee nuorten tyttöjen perässä!); hän oli mitä todennäköisimmin kliinisten kriteerien mukaan mielisairas, joten en puutu asiaan sen enempää, toteanpahan vain että hän loukkasi ja satutti minua syvästi teeskentelemällä ensin parasta ystävää ja heittäytymällä sitten yhtäkkiä pahimmaksi vihollisekseni solvaten ja loukaten minua karkeasti. Moinen persoonallisuuden muutos tuskin kielii muusta kuin mielitaudista, mikä ei tietenkään estänyt häntä epäilemästä minua skitsofreenikoksi. Toivottavasti hän on sittemmin päässyt hoitoon.

Tietysti ajat ovat muuttuneet melkoisesti 80-luvun puolivälin jälkeen, jolloin tein päätökseni sivariin menosta. Silloin ennen vanhaan oli helppo vain kieltäytyä kaikesta. Nyt taas tunnen itseni ennen kaikkea skeptikoksi, epäilen niin armeijan kuin aseistakieltäytymisen mielekkyyttä. Nuorena oli helppo suunnata vihansa pahoihin isänmaallisiin militaristeihin jotka punoivat julmia juoniaan demokratian päänmenoksi jossain maan alla. Nykyään sitä vastoin ymmärtää, että ns. isänmaallistenkin kansalaisten keskuudessa on kunnon ihmisiä, jotka saattavat luonteeltaan ja ajatusmaailmaltaan olla meikäläiselle hyvinkin läheisiä, puhumattakaan sitten siitä, että mukaviin sotaveteraaneihin on mahdotonta olla törmäämättä. (Ja mitä sitten tulee vasemmistolaisiin nuoriin naisiin - niihin paskiaisiin päin en enää kusekaan!)

Ar ndóighe is mór an t-athrú a tháinig ar na cúrsaí seo tar éis lár na n-ochtóidí, an t-am a chinn mise ar an tseort seo seirbhíse a dhéanamh. Ins na laethe a bhí b'éascaidh an rud é dubheitiú gan mórán smaointeoireachta, inniu áfach is ar nós an sceiptigh a mhothaím mé féin thar aon rud eile, agus mé in amhras fá cheachtar rogha eadar arm agus agóid choinseasa. Ba réidh a thigeadh leis an fhear óg iomlán a fhuatha a dhíriú ar na míleatóirí gránna "tírghráthúla", mar dhea, agus iad i gceann a n-uisce faoi thalaimh in éadan an daonlathais. Inniu áfach is féidir a thabhairt fá dear go bhfuil daoiní ann i measc lucht an "tírghráidh" agus iad an-chómhgarach domh ina bpearsantacht agus ina gcuid smaointíoch fiú - gan aon trácht a dhéanamh ar an iliomad crannlaochra laghacha cineálta dár casadh orm.

Näin vanhoilla päivillään tulee myös huomanneeksi, että kaikki kritiikki on aiheellista. Totta kai sivarit ovat laiskureita ja pelkureita, ainakin minä itse olen laiskuri ja pelkuri. Toisaalta - totta kai solttupojat ovat epäitsenäisiä ja selkärangattomia laumasieluja, puhumattakan siitä että on yleisen turvallisuuden kannalta vastuutonta uskoa ampuma-aseita heidänlaistensa kuumapäisten nuorten hulttioiden käsiin, mistä on todisteita kylliksi. Totta kai ryssä uhkaa Suomen itsenäisyyttä, tyttöjemme neitsyyttä (ihan kuin sinä muka olisit koskaan päässyt itse sitä hyvää riistämään, senkin runkkari) ja jokapäiväistä müsliämme; mutta toisaalta paljon konkreettisempi uhka ovat kaikenlaiset suomalaiset höyrypäät, jotka suorastaan kuolaavat ja rypevät siinä riemussa, että Ryssänmaalla on joku Zhirinovski, jota voidaan käyttää tekosyynä suojeluskuntien uudelleenperustamiseen, sivarien solvaamiseen ja demokratian hivuttamiseen kohti jollei nyt sotilasdiktatuuria niin ainakin sellaista elämäntyyliä, jossa kaikenlaiset omatekoiset isänmaanpuolustajaporukat voivat viranomaisten puolittaisellä hyväksynnällä terrorisoida sivareita,pitkätukkia ja muita rauhallisia kunnon veronmaksajia.

Ag teannadh amach ins na blianta domh is minic a ritheanns liom nach bhfuil criticeoireacht ann nach bhfuil bunús ínteacht fírinne léithi. Is fíor é do lucht a mhaíte gur falsóirí is gur cladhairí sinn mar lucht na hagóide coinsiasa - bhail, is fíor go leor é i dtaobh fear a scríofa seo de a aidmhíonns go réidh nach bhfuil ann ach leisceoir a bhfuil eagla air roimh na hairm tineadh. Ón taoibh eile de, áfach, is soiléir freisin gur daoiní gan phearsantacht iad lucht na seirbhíse armtha, gan neamhspleáchas intinne gan chnámh droma ar bith, agus iad sásta rud ar bith a dhéanamh dá n-ordaítear dófa - gan aon trácht a dhéanamh ar an ghuaiseacht don choitiantacht atá i gcoinscríofach óg a bhfuil siabhrán nó galar intinne air agus é fágtha i seilbh arm tineadh. Is soiléir chomh maith gur fíor-bhagar é impiriúlachas na Rúiseach ar neamhspleáchas na Fionlainne, ar gheanmnaíocht ár gcuid cailíní is ar ár Müsli laethúil; ach ón taoibh eile de is mó i bhfad is eagal liom féin na slóite móra Fionlannaigh atá ag dul as a meabhair le teann áthais anois nuair atá teacht ar polaiteoirí fanaiceacha impiriúlacha ar nós Zhirinovski insa an Rúis - óir is féidir agus fáilte úsáid a bhaint astu le gnáthmhuintir na Fionlainne a bhréagadh i leith an antoisceachais fhaisistigh.

Kun ajattelee Joensuuta, jossa skinit ovat saaneet vainota ulkomaalaisia ja muita erinäköisiä poliisikoiran perään haukkumatta, tulee usein ajatelleeksi, että reaktiona Kekkosen ajan neuvostoystävyysliturgiaan ja taistolaisten retoriseen uhitteluun tässä maassa on syntynyt hyvin laaja hiljainen hyväksyntä epädemokraattisesti menetteleviä isänmaallisia oikeistolaisia kohtaan. Taistolaisaikana opittiin uskomaan ihan vakavissaan, että maata viedään kohti kommunistista diktatuuria. Alettiin mieltää äärioikeistolaisuus tarpeelliseksi henkivakuutukseksi tällaisen mahdollisuuden varalta. Nyt niistä ajoista on kulunut jo parikymmentä vuotta, mutta monilla tällainen salattu oikeistomyönteisyys ja kostonhimo on jäänyt päälle. Ja ikävä kyllä se kosto suuntautuu - ei taistolaisiin, sillä he ovat jo aikoja sitten sosiaalistuneet kunnon kansalaisiksi - vaan meihin, tämän ajan sivareihin, vasemmistolaisiin ja vihreisiin.

Ag smaointiú ar an chathair bhig udaí Joensuu in oirthear na Fionlainne, ina bhfuil, mar is cosúil, cead a gcinn is a gcuid dorn ag lucht na gcloigneach maol stráinséirí agus Fionlannaigh nach bhfuil cosúlacht an ghnáthbhuirgéisigh orthu a ionsaí mar is mian leofa, is minic a ritheanns liom go bhfuil glacadh tostach fairsing forleathan ins an tír seo anois le hantoiscigh "thírghráthúla" frithdhaonlathacha - agus gur seort aisfhreagra é seo do Stailíneachas na n-intleachtóirí óga ins na seachtóidí. Ní rabh i bhfocail bhagracha na Stailíneach óg ag cosaint sainleas na Sóibhéidí ach reitriceoireacht an duine óig dhúshlánaigh dhiúnasaigh ag dul in aintreise ar a thabhairt suas féin, ach b'iomaí duine, taobh amuigh den phríomhchathair ach go háithrid, a thuig as seo go rabh na háibhirseoirí óga ag rith damhsa in Heilsincí gan duine ar bith ann a stopfadh iad den fheachtas atá ar cois acu leis an tír a phronnadh ar Mhoscó. Thoisigh na daoiní anseo agus ansiúd a chreidbheáil gur seort cosaint riachtanach iad radacaigh na heite deise in éadan na gCumannach. Chuaidh corradh is fiche bliain thart, ach is iomaí duine a choinnigh an manadh seo, agus dúil díoltais ag a lán acu. Ar an drochuair, ní hiad Stailínigh na ré udaí a bheas thíos leis sin, ós rud é nach féidir iad a aithne a thuilleadh thar ghnáthbhuirgéiseach, - orainn a agórfar é mar dhíoltas, sin le rá: ar shíochánaithe, cléradacaigh agus Glasaigh na ré seo.

Puhumattakaan tietysti ulkomaalaisista. Toisinaan tuntuu siltä, että kaikki ne suvaitsevaisuuskampanjat, joita meidänlaisemme vapaamieliset yliopistointellektuellit järjestävät, ovat tuomittuja epäonnistumaan puhtaasti siitä syystä, että ne vain ärsyttävät ja provosoivat sitä maanalaista äärioikeistolaista katkeruutta. Taistolaiset opettivat kansan ajattelemaan, että akateemisen vasemmistoälymystön ajamat asiat, kuten taistolaisuus tai kuten suvaitsevaisuus ulkomaalaisia kohtaan, ovat a priori isänmaalle vaarallisia, kartettavia hullutuksia. Siis jos me suojelemme ulkomaalaisia, se vain vakuuttaa maakunnan miehet entistä varmemmin siitä, että sinivalkoista kontua on puolustettava mutiaisia ja plutkuhuulia vastaan.

Gan trácht ar bith a dhéanamh ar na strainséirí, ar ndóighe. Is minic a tchíthear domh nach mbeidh rath choíche ar na beartais frithchiníochais éagsúlta atá ar cois againn mar intleachtóirí ollscoile - ar an tsiocair nach dteán siad ach an ghangaide cheilte fhaisisteach a spreagadh ar a dtearn mé trácht thuas. B'é an rud a d'fhoghlaim lucht an Stailíneachais don náisiún ná nach bhfuil in ábhair spéise na n-intleachtóirí acadúla - ar nós an Stailíneachais an fhrithchiníochais - ach siabhráin a ba chóir a sheachnadh, a dhainséaraí agus atá siad don tír. Sin le rádh: má chosnaímidne na strainséirí ar chiníochas, chan fhuil ann, dar le cosmhuintir na tíre, ach tuilleadh fianaise lena chruthú gur mithid an dúchas a chaomhnú fríd na bleaiceanna a chaitheamh amach. GEOCITIES - Free Home Pages!

Lisää sivarin mietteitä tässä - Tuilleadh smaointeoireachta anseo!