Aleksis Kivi - an Chéad Úrscéalaí Fionlainnise

An chéad bhundúchasach Fionlainneach a thug faoina theangain féin a chleachtadh i scríbhneoireacht chruthaitheach, b'é Alexis Stenvall, a bhaist air féin Aleksis Kivi mar ainm cleite Fionlainnise. B'as Palojoki - nó Paloo i gcanúint na háite féin - dó, agus an sráidbhaile seo suite i bparóiste Nurmijärvi i ngaobhair do phríomhchathair na tíre, Heilsincí. Rugadh sa bhliain míle ocht gcéad a ceathair déag is fíche é agus b'iad a thuistí Erik Johan Stenvall agus Anna Christina Hamberg - dealraíonn sé go mb'í an tSualainnis an teanga a ba láidre ag líon an tí ó thús, gidh gur ceantar Fionlainnise é Nurmijärvi, agus teanga dhúchasach na tíre á canstan ag bunús mór a mhuintire: má bhí Sualainnis ag clainn Stenvall ó chéad thosach a n-óige, is follasach nach rabh aon locht ar a gcuid Fionlainnise ach oiread, agus iad ag súgradh leis na páistí eile ins an teangain seo.

Níor bhochtáin ná scológa sceidíneacha iad muintir Stenvall. Ba cheardaí oilte é athair Alexis: ina tháilliúir a bhí sé. Máistir táilliúireachta ab eadh é ceart go leor, agus é ag foghlaim a ealaíne dona lán printíseach; níor éirigh leis, áfach, a chuid scileann a mhúineadh dá chlainn féin.

Bhí ceathrar clainne mac ag Erik Johann, is é sin, Johan, Emanuel, Albert, agus Alexis. Rugadh nighean bheag dó ar baisteadh Agnes uirthi ins an bhliain seacht ndéag is fíche (1837), trí bliana thar éis d'Alexis a theacht ar an fhód, ach níor mhair an deirfiúir ach trí bliana déag. Rinn Erik iarracht an mac ba shine aige a chur chun scoile, ach má rinn féin, cha dteachaidh a chuid scolaíochta go rómhaith aige, go dtí gur éirigh sé aisti scun scan. Ba mhall deacair a tháinig Alexis, an mac ab óige, ar aghaidh ar bhealach a léinn féin, ach ins an deireadh thiar thall chuaidh sé a fhad le hOllscoil Heilsincí.

B'é Malachias Costiander, máistir scoile Nurmijärvi, an chéad mhúinteoir a bhí ag teagasc Alexis agus é ina dhalta bheag. Ní gnáthfhear a bhí ins an mhúinteoir seo, gidh nár shroich sé céim ní b'airde ná post an oide sráidbhaile, óir chuir sé Fionlainnis ar chúpla saothar suntasach litríochta, ar nós Scéal Aeinéis le Veirgilias agus Älgskyttarna nó "Lucht Seilgthe an Charria" le príomhfhile Sualainnise na Fionlainne, Johan Ludvig Runeberg. Chum Costiander leabharthaí scoile fosta, agus b'iomaí uair a shín sé lámh chúnta do chorr-fhear léinn ón phríomhchathair ar lorg an chainteora dúchais a chuirfeadh dul ceart na Fionlainnise ar a chuid scríbhinní. Ba bheag cainteoir dúchais ar na saoltaibh sin a rabh oiliúint agus ardscoláireacht Chostiander ag roinnt leis. Is dócha go rabh acmhainn an ollaimh ollscoile ann, ach amháin go rabh máchail ghránna ar a aghaidh a chuir cúl ar a dhul-chun-cinn i ndomhan na bhfear léinn.

Ag fás aníos d'Alexis óg bhíodh an saol i bPalojoki réasúnta suaimhneach, ach cúpla glún roimh theacht ar an fhód dó bhí drong scabhaitéirí ag rith damhsa ar fud an pharóiste agus eadar ghadaíocht is mhurdaróireacht ar obair acu. Spreag an stair seo agus a lorg ar sheanchas na háite samhlaíocht an bhuachalla óig, agus mar is ceart, thig le lucht na taighdeoireachta tionchar agus múnlaí na heachtraíochta pobail a aithint ar a chuid saothar liteartha.

Ar fhágáilt scoil Chostiander dó, d'aistrigh Alexis go Heilsincí, nó Helsingfors mar ba mhinicí a thugtaí ar an chathair ins na laethaibh udaí, óir bhí an lámh-in-uachtar ag an tSualainnis ansin go fóill. I dtosach báire bhí an buachaill ag cruthú go seoigh mar scoláire, ach de réir a chéile agus é ag éirí aníos ina spuraicleach déagóra, thoisigh ceanndánacht agus ceannairceacht a intinne a chur isteach ar an scolaíocht. Ins an bhliain dó dhéag is dhá scór ar ocht gcéad déag (1852) chinn sé ar éirí as na gnáthranganna laethúla le cromadh ar fhoghlaimeoireacht phríobháideach. Thug an teagasc indibhidiúil toradh fá dheireadh, agus thoisigh sé a dh'fhreastal ar Ollscoil Heilsincí nuair a bhí sé trí bliana fichead d'aois.

Char bhain Alexis céim ollscoile amach dó ariamh, ach is léir go dteachaidh beatha aoibhinn an scoláire chun leasa dó mar scríbhneoir nó ábhar scríbhneora. Mar shampla, b'ansin a léigh sé clasaicí na litríochta domhanda, cuir i gcás, Shakespeare; ach ba tábhachtach an tionchar fosta litríocht na dtíorthach Lochlannach, fearacht an Danair Ludwig Holberg: is féidir a rádh gur cóiméidí "Holbeirgeacha" iad bunús a chuid cóiméidí ag Kivi. I gceann an staidéir ollscoile dó fuair Alexis aithne ar intleachtóirí óga a linne, agus mura dteachaidh aige a chuid léinn a fhoghlaim go hiomlán, d'éirigh leis ar a laghad aos tacaíochta a earcú as measc a chuid comh-mhac léinn a shínfeadh lámh chúnta dó go minic ins na bliantaibh a bhí le theacht.

Bhíodh breoiteacht eadar chorp is intinn ag goillstin ar Alexis ó bhliantaibh a scolaíochta amach. Chaitheadh sé tréimhsí fada tigh a dhearthárach Juhani agus Emanuel ins an am féin a bhí sé in ainm a bheith ag foghlaim léinn is ag cleachtadh staidéir in Heilsincí. Cha rabh mórán fuatha aige ar an bhiotáilte ach an oiread, rud is dual do mhórchuid scríbhneoirí na Fionlainne, faraoir géar. Is cosúil fosta nach aon ríbín réidh a bhí ann mar fhear cuideachtan is comhluadair. Ní rabh a dhóthain muiníne aige as féin, agus b'éascaidh a thigeadh fearg air dá bhfaighfí locht ar bith ar a chuid saothar liteartha. B'eo a chaill é sa deireadh thiar thall, b'fhéidir.

B'i Sjundeå/Siuntio, ar ceantar dátheangach é i gCúige na Nualainne (Uusimaa/Nyland, an cúige thart timpeall na príomchathrach) taobh thiar de Heilsincí a chaith Kivi na tréimhsí ba bhisiúla aige mar scríbhneoir. Fuair a dheartháir feirm ar cíos i Sjundeå, ach má fuair féin, cha rabh comhábhair feirmeora ann: lig sé an fheirm i leathléig go dtí go dtáinig (nó gur cuireadh, an eadh?) deireadh lena sheal tionóntachta ansin. Ins an bhliain a trí is trí scór (1863) chuir Juhani ruaig ar a dheartháir, nó chóir a bheith, as an teach bheag i bPaloo inar chónaigh sé ó chaill sé an fheirm ar cíos i Sjundeå. D'éirigh le Kivi ansin aghaidh a thabhairt ar Sjundeå aríst, óir tugadh aíocht dó i dtigh Charlotta Lönnqvist - Fanjunkars nó Tigh an Fho-Leifteanant mar a thugtaí ar an teach.

B'aonarán mná í Charlotte nár phós ariamh; agus maidir le Kivi, is dócha nach mbíodh mórán banaíochta ar siúl aige. Má scríobh sé dánta gráidh, b'aislingí gan substaint shaolta iad na spéirmhná ar a dtearn sé cur síos iontu. Dá dheasca sin is iomaí taighdeoir atá ag déanamh gur cumann gráidh nó collaíochta a bhí taobh thiar den tacaíocht a fuair Kivi ó Charlotta - bean a bhí ar "an urraí ba bhoichte is ba tábhachtaí i stair litríocht na Fionlainne" - agus ná déanaimis dearmad nach rabh mórán Fionlainnise ag Charlotta - is dóichí ná a mhalairt nach rabh sí in inmhe leabhar Fionlainnise a léamh. Bhí lucht a gcomhaimsire barúlach go mb'iad na cúrsaí craicinn a choinnigh Kivi is Charlotte ina gcónaí faoin díon chéadna, agus cuma cé acu fíor é nó nach eadh, bhain an seort seo míghrinn is caidéise a lán de chliú mhaith na mná boichte.

Cuma cad é an seort suirí a bhíodh eadar Kivi agus bean an tí, d'fhéach lucht a n-aitheantais lena fháil i gcleamhnas le Hilda Lindfors, ógbhean a thigeadh ar cuairteanna chuig Charlotta le linn d'Alexis a bheith in aíocht aici. Ní rabh gar ins an iarracht seo, a chiotaí agus a bhíodh Kivi i gcúrsaí an bhanachais, ach cibé scéal é cuireadh Hilda i dtaiscidh fá dhéin an scríbhneora go dtí go bhfuair seisean bás, rud a ghoill go trom ar an ghirsigh, de réir mar a tuigeadh daoithi cé chomh corrach éagobhsaí a bhí Kivi o thaobh a phearsantachta is a intinne de. Ins an bhliain míle ocht gcéad a sé is trí scór (1866) a chríochnaigh Kivi an saothar ba tábhachtaí dá chuid, Seitsemän veljestä ("Seachtar deartháir") an chéad úrscéal a scríobhadh ins an teangain ariamh.

Ní bhfuair an leabhar seo an t-aitheantas ba dual daoithi, áfach, ó lucht a léirmheastóireachta. B'é August Ahlqvist-Oksanen, a mb'ollamh le Fionlainnis agus file Fionlainnise ann féin é, ba ghránna a lochtaigh úrscéal Khivi, agus b'iad na mionnaí móra - nach bhfaigheann léitheoir stálaithe an lae inniu go rógháirsiúlach iad ar aon nós - ba mhó a chuir as dó. Is fiú a chumhneamh anseo air nach rabh mórán eolais nó léargais ag an chéad ghlúin de lucht athbheochana na Fionlainnise - an ghlún a rabh baint ag Ahlqvist-Oksanen léithi - ar aos canta na teangan, ar an chosmhuintir a rabh sí ó dhúchas acu, óir tógadh ar aislingí rómánsúla bréagidéalaithe Runeberg iad.

Cha rabh fuilstin na ndroch-léirmheasann i gKivi. Chuaidh sé a phótaireacht agus thoisigh sláinte a intinne is a anama a theipeadh air. Bhí a chothú ag spíonadh acmhainní airgid Charlotta fosta. Ins an bhliain míle ocht gcéad a deich is trí scór (1870) thug sé cuairt ar an phríomhchathair, cuairt a d'iompaigh amach ina babhta tubaisteach drochragairneachta. Chaill sé a chuid airgid ar ólachán, agus é ag pótaireacht is ag bruíonachas i gcomhluadar na cóipe sráide, i gcruth is go dtáinig scanrú ar lucht a aitheantais is a urraíochta agus iad ag feiceáil na drochbhaile a bhí air.

Thoisigh siabhráin intinne a chur as do Khivi fosta, agus fuarthas as a mheabhair é. Cuireadh i dteach na ngealt é - ar dtús rinneadh iarracht lena leigheas le móirfín ins an Chlinic Nuaidh i Sráid an Aontais (Unioninkatu) in Heilsincí, ach ansin h-aistríodh chun na gealtlainne udaí Lapinlahti (Lappviken as Sualainnis) é i Meitheamh na bliana míle ocht gcéad a haon déag is trí scór (1871).

Fuarthas ó leigheas é, agus cha rabh luach a choinneála ins an ghealtlainn ag a mhuintir. Cinneadh ar é a fhágáilt faoi chúram a dhearthára Albert a rabh cónaí air i dTuusula (Tusby as Sualainnis) fá dheich gciliméadar de Phaloo. Chinn cruinniú mhuintir Nurmijärvi arbhar a phronnadh ar Albert mar dhíolaíocht ar son na tindeála a bhí sé le tabhairt dá dheartháir.

D'éag Alexis Stenvall-Kivi i dTuusula ar an lá dheireanach den bhliain míle ocht gcéad a haon déag is trí scór (1871). Níor mhair sé a fhad le barr a chliú a fheiceáilt - rud a spreag fear ínteacht dea-fhoclach chun a rádh nár mhair Kivi ach ón Fhómhar go dtí an Nollaig.

B'iomaí dráma a scríobh Kivi, agus cuid acu ag mairstint go beo breabhsánta mar chuid de ghnáthchlár amharclannaíochta na Fionlainne. Is gá thar aon rud eile trácht a dhéanamh ar an dá chóiméide Nummisuutarit (Gréasaithe an Mhachaire) agus Kihlaus (An Cleamhnas). Cleamhnas atá i gceist sa dá dhráma, déanta na fírinne, nó is é an scéal atá i nGréasaithe an Mhachaire ná iarracht an ghréasaí óig Jussi bean a fháil in eangaigh. Tá athair Jussi tar éis cleamhnas a shocrú dá mhac le fear aitheantais i dteach ósta - nó sin mar a shamhailtear an scéal do mhuintir Jussi. Ní rabh an fear eile udaí ach ag magadh, ach ós rud é nach bhfuil Jussi ná a athair thar moladh beirte ó thaoibh a n-eagna cinn de, tá siad tar éis glacadh leis an chleamhnas bréige mar mhargadh dáiríre. Ag baint amach teach mhuintir na brídeoige do Jussi agus do fhear a chomórtha, an cleasaí mór magaidh Mikko Vilkastus, is é an rud a gheibh siad rompu ná bainis na brídeoige agus í á pósadh ag fear eile ar fad! Théid Jussi ar mire mar a bheadh gealt ann, ní nach ionadh, agus ghní léirscrios ar theach na bainise, agus caithfidh seisean is Mikko a dhul ar a seachnadh ansin roimh dhíoltas lucht na bainise.