An tSuáithílis (Swahili)

Is í an tSuáithílis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Bantúcha, ar grúpa teangthach iad agus iad á labhairt i nDeisceart na hAfraice - is dócha go bhfuil teanga ínteach den ghrúpa seo ó dhúchas ag formhór de mhuintir na hAfraice. Is minic nach féidir a dhéanamh amach céard is canúint ann nó céard is teanga ar leith ann i measc an iliomad teangthacha Bantúcha dá bhfuil ann, ach cibé scéal é, ní deacair stair na Suáithílise a ríomh ón tosach. B'ins an oileán udaí Zanzibar in aice le cósta thiar na hAfraice a múnlaíodh an tSuáithílis, agus na teangthacha áitiúla Bantúcha i dteagmháil le hAraibis ansin: is amhlaidh go rabh a gceanncheathrú ag na hArabaigh ins an oileán, agus iad ag déileáil le sclábhaithe gorma is ag breith ar Afracánaigh lena ndíol fá choinne daoirse. Bhí uirlis chumarsáide de dhíth ar na hArabaigh leis na hAfracánaigh, agus iad ag baint úsáid as cibé blúirín Bantúise ar éirigh leofa a fhoghlaim. De réir a chéile, mar is dual don duine a chuid teangthach a chruthú, d'fhás teanga ar leith as seo: an tSuáithílis féin. Go prionsabálta is cúmasc í an tSuáithílis a fáisceadh as na teangthacha Bantúcha agus iad ag baint a gcomhdhifríochtaí dá chéile; ins an am chéadna, ar ndóighe, tháinig focla is tionchar isteach i ngnáthchaint na ndaor is na gcuiditheoirí gorma ó theanga a gcuid máistrí.

Níl an tSuaithílis ó dhúchas ach ag cúpla milliún duine, ach tá sí ina dara teanga ag fiche milliún duine, agus a h-úsáid ag dul chun cinn go sciobtha. Sa Chéinia agus sa Tansáin is mó a labharthar í, ach tá sí á leathadh a fhad le Katanga (Shaba) ins an iar-Sháír (Congó thoir).