Bhí Samuli Paannevuoma, nó Somhairle, mar is fearr linn a thabhairt air as Gaeilge, i ndiaidh gnáthlá eile scoile a chur de, agus é ar a bhealach abhaile. Ón chéad lá ariamh ar scoil dó bhí sé ina ula mhagaidh ag an chuid eile de na daltaí, agus má bhí, ba bheag athrach a rinne an lá seo ar a chruachás ach oiread. Bhí seacht mbliana déag slán ag Somhairle cheana, ach ba dóigh leis féin nach rabh sé ach seacht mbliana ó thaobh na féinmhuiníne de. Nó nuair a d'fheiceadh sé duine de na maistíní móra míthrócaireacha chuige, b'é an chritheagla chéadna a thagadh air inniu agus deich mbliana ó shin. B'iomaí glúin scoláirí a chaith a seal ag céasadh Shomhairle, ag spochadh as agus ag tabhairt greidimíní dó, ach de réir is mar a bhaineadh siad amach aois thréigthe na scoile thagadh líne úr ina n-áit. Ag tosú ar scoil do Shomhairle bhí lucht a ghéarleanúna sé bliana ní ba sine ná eisean, ach bhí an dream sin ar shiúl le fada an lá. Na daoiní a chaitheadh a ndúthracht lena shaol a lot air inniu, bhí cupla bliain aigesean orthu, frid an phíosa. Diabhal feabhais ag teacht ar na cúrsaí, muis!
Lig sé osna as agus chaith sé súil ina thimpeall. Bhí sé ag teannadh le Plás Tollomäki anois. Iar-phanc aonaigh a bhí ann nach raibh ach fá leathchiliméadar den bhloc árasán ina rabh cónaí air, tigh a sheanmháthara. Chonaic sé ar a thaobh dheis an Leabharlann Bhardasach á bhréagadh ionsuirthi lena cuid solas geal i lár na dúlaíochta dorcha. Tháinig an cinneadh leis ó dhúchas sciordadh beag a thabhairt ar theach na leabhar, nó b'in mar a dhéanadh sé gach aon darna lá cibé.
Ba bheag áit amuigh sa chathair ina mbraitheadh sé é féin comh socair suaimhneach agus an leabharlann. Ní shamhlódh sé choíche dul go dtí aon dioscó, cuir i gcás, ná aon áit siamsaíochta eile den chineál sin. Ní raibh a fhios aige cibé cad é mar a ba chóir dó é féin a iompar ina mhacasamhail sin d'áit. Agus bheadh teacht ansin i gcónaí ar bhithiúnaigh a mb'é a bhfor is a bhfónamh ar an tsaol seo Somhairle a choinneáil ina cheartáit - ar a theitheadh ó mhuintir óga na cathrach. Dá ndéanfadh sé oiread is ceiliúr a chur ar dhuine de lucht a aitheantais i ndioscó, chruinneodh daoiní de lucht a chéasta ina leathfháinne thart timpeall air lena n-eireaball féin a chur le focal ar bith dá labhródh sé. Agus más cailín a bheadh ag labhairt leis, bheadh gach cineál cainteanna gáirsiúla acu, rud a chuirfeadh deireadh leis an chomhrá ar áit na mbonn.
Bhíodh daoiní muinteartha dá chuid, ar nós an Aintín Aino, á chur síos dó i gcónaí gur ag saighdeadh faoi na daoiní óga eile a bhí sé, agus é comh seachantach leofa. Tú féin a tharraing a bhfuath ort, a deiridís - cén fáth nach dtig leat ach a bheith i do chadhan aonair le do chuid leabharthaí? Síleann na daoine eile go bhfuil dímheas agat orthu.
Ach más amhlaidh féin, cén fheidhm faoi rothaí na gréine a bhí dó le tuilleadh fulaingt a tharraingt air fríd é féin a thaispeáint san áit nach mbeadh d'fháilte roimhe ach na seaneascainí? An mba chóir dó grá a thabhairt do na cunúis, agus é ina niúdar neádar neirbhíseach acu i ndiaidh blianta fada na fonóide? B'fhearr i bhfad leis cuideachta na leabhar. Ní raibh aon duine de na maistíní bradacha udaí róthugtha don leabharlann a thaobhú, ar a laghad. Uaireanta, tháinig corrstócach acu an bealach sin le seal éisteachta a bhaint as na ceirníní nó na dlúthdhioscaí chun an port deireanach popamhránaíochta a bhlaiseadh nó le scagadh a dhéanamh ar an ghréasán dhomhanda ag ríomhaire an phobail. Ach má tháinig, bhí air é féin a iompar go sibhialta gan cur isteach ar na gnáthóirí eile. Mura gcloífeadh sé leis na rialacha, ba luath a mhothódh sé lámh an fhir chothbhála thart ar chúl a mhuiníl, agus amach an doras mór leis de rúchladh eitilte - abhae leis go deo!
Ba mhór an t-aoibhneas, leis, ná go raibh caifitéire ag obair sa leabharlann úr seo - ní raibh sí comh h-úr sin a thuilleadh, déanta na fírinne, ach b'é sin an t-ainm a ghreamaigh di nuair a tógadh í cúpla bliain roimhe seo - nideog chluthar theolaí chompordach chóir a bheith ceaptha fá dhéin mo dhuine: Somhairle Paannevuoma, ógintleachtóir cráite céasta na mionchathrach Narkkaus in Oirthear na Fionlainne, i gCúige na Sabhóine.
D'fhan sé cupla nóiméad ina sheasamh in aice an dorais mhóir ag croitheadh an tsneachta dá chóta mhór geimhridh, ar eagla go leáfadh an t-iomlán de sa teas istigh, agus a chuid éadaí a fhágáil ar maos. Ní raibh rún dá laghad aige dul abhaile ina líbíneach leathbháite agus slaghdán nó cibé cineál niúmóine a thógáil as fliuchlach a chuid ceirteach.
Chinn sé ar léitheoireacht níos éadoimhne a roghnú inniu, ar nós úrscéal ficsin eolaíochta - nó "scéal bréageolaíochta" mar a chuala sé daoiní ag trácht ar a leithéid. Nuair a bhí an tseilf cheart faighte aige - nó bhí áit ar leith ag na scéalta seo sa leabharlann, cosúil leis na scéalta grá nó bleachtaireachta - d'fhan sé ina sheasamh go ceann tamaill cuibheasach fada ag dearcadh ar dhroimeanna na leabhar i mbun a smaointithe dó, agus é ag stangaireacht mar a bheadh dealbh ann, go dtí gur shín sé uaidh a dheasóg le breith ar cheann acu. "Na Póstaí idir Crios a Trí, a Ceathair is a Cúig" a bhí ann, le Doris Lessing. Bhí aithne mhaith aige ar an chéad úrscéal den tsraith chéadna cheana féin, mar atá, Siceasta; cé nár thuig sé an leabhar udaí go hiomlán, b'aisteach an draíocht a tháinig air i gceann a léitheoireachta dó, agus fonn air anois a fháil amach an mbeadh an draíocht chéadna ag baint le codanna eile na sraithe. Thug sé an leabhar leis agus chuaigh trasna an urláir a fhad leis an chaifitéire.
Sea, an caifitéire. Nuair a tógadh an leabharlann seo ba mhór an díol suntais é gur rith leis an ailtire áit a fhágáil fá dhéin a leithéide sin faoi dhíon an fhoirgnimh. Ba chliste an mhaise dó é, nó a fhad is a bhí ar an leabharlann oibriú i seanbhloc cois Sráid na Trádála, agus fairsingeacht de dhíobháil i gcónaí, ba bheag a shamhlaítí d'aon duine go mb'fhéidir caifitéire a bheith ag obair in aontíos le leabharlainn: ní raibh spás ansin do na leabhair féin ach ar éigean, agus na daoine ag iarraidh a gcuid léitheoireachta a dhéanamh idir na seilfeanna.
Ar ndóighe bhíodh scata seanfhear ina suí ag ceann de na táblaí gach aon lá, agus iad ag cardáil laethanta cruálacha an chogaidh leathchéad bliain ó shin, an t-aon uair amháin a tharla mórshuaitheadh ar bith i saol mharbh chiúin leadránach na Fionlainne, agus ábhar airneáin ann thar aon ábhar eile go fóill. Cibé drochamharc a chaitheadh na fir seo i dtreo Shomhairle, níorbh eagal dó iad. A mhalairt sin a bhí fíor fá lucht na gcloigne maol a gheibheadh inspioráid idé-eolaíochta ó na seantsaighdiúirí, ach ní thiocfaidís go dtí an leabharlann, ach oiread le ropairí eile.
Fuair Somhairle a chupa caife is a thaoschnó ó bhean an tí. Cailleach fhuarchúiseach neamhchairdiúil a bhí inti, agus canúint gharbh chruachainteach mhórmhionnach an chompail seo aici. Ní raibh mórán measa aici ar Shomhairle, ach ní raibh aon chol pearsanta i gceist, lena ceart a thabhairt di: bhíodh an doicheall céadna uirthi roimh na scoláirí meánscoile go léir, mar éigsíní uaibhreacha. Ar bhealach thuig Somhairle a cás, agus é ag cuimhneamh ar chomhscoláirí áirithe dá chuid. Dream ar leith ab ea iad, dar leo féin, clann na ndochtúirí - teaghlaigh an lia, an tréidlia is an fhiaclóra - nó dhearc siad orthu féin mar a bheadh cineál scothaicme iontu féin. Bhí snomh is fuath acu ar Shomhairle, ó bhí sé ag déanamh ní b'fhearr ar scoil ná iadsan, rud nach maithfidís d'aon duine amach óna mbaicle bheag féin. Agus ní raibh Somhairle in aon chóngar don drong dhruidte sin, nó múinteoirí uilig go léir a bhí ina mhuintir seisean, má bhí oideachas an tríú leibhéil orthu ar scor ar bith.
Bhris Somhairle píosa den taoschnó agus thom i gcaife é, agus ag mungailt an ghoblaigh mhilis dó shnáith sé tuilleadh den deoch leis. Ní dhearna sé aon neamart ina ábhar léitheoireachta ach an oiread. Mhothaigh sé é féin ina sháimhín só, agus an chathair uilig lena cuid uafás i bhfad i gcéin uaidh. Níor chuir sé sonrú ar bith ar dtús sa chailín a tháinig isteach sa chaifitéire ag baint an chóta mhóir di féin, agus í ag stad os a chomhair seisean le súil ghrinn a chaitheamh air. Ba mhó an chuid súl a bhí inti féin ná i Somhairle, dháiríre, ach b'é an leabhar á léamh aige, go bunúsach, a tharraing a haird air agus a chuir ag starógacht í.
D'fhan sí ag grinndearcadh an bhuachalla a fhad agus gur ardaigh sé a shúile den leabhar - agus nárbh é a chroí-san a thug léim de gheit nuair a chonaic sé an bhruinneall seo ina seasamh os a choinne!
Cailín a bhí ann nach bhfaca Somhairle a leathbhreac ariamh in Narkkaus agus nach mba ghnách a fheiceáil. Óir ní gnáthghiodróg de chuid na cathrach a bhí inti, a ghlanmhalairt ar fad. Gruaig fhada fhlúirseach aici agus í chomh dubh le hoíche dhorcha na dúlaíochta; agus sa mhullach air sin bhí an craiceann comh gorm sin aici agus a shamhlófá le Cúba nó Háítí seachas an Fhionlainn.
Strainséartha is uilig mar a bhí sí le hamharc, ghlac Somhairle cineál taitnimh léithi ar an toirt. Bhí sí cuíosach dathúil, ach má bhí féin, b'é sin an dathúlacht a eascraíonns go díreach ó ghnaoi na hintinne is an anama, an ghnaoi a d'fhágfadh blúire na háilleachta ar na ceannaightheacha ba ghráice. Cé gur buachaill cotúil beaguchtúil ab ea é Somhairle, agus é ins na harraingeacha gach uair dár theastaigh uaidh labhairt le cailíní, leath aoibh fháiltiúil ar a aghaidh ina ainneoin féin.
Rinne sé iarracht ceiliúr a chur uirthi as Béarla, nó b'fhollasach leis nach mbeadh focal Fionlainnise ina pluc; thairis sin, ní raibh de theangacha coimhthíocha aige ach Sualainnis agus Gearmáinis. Trua nach raibh Fraincis ná Spáinnis aige. Dá mbeadh d'fhéachfadh sé léi iad. Bhí cosúlacht a labhartha uirthi gan aon agó.
"Bhot duighiú bhont", ar seisean. Ní raibh mórán cúirtéiseachta ann mar fhoclaíocht, ach dhéanfadh sé cúis, maille leis an mheangadh chairdiúil.
Lig an ghirseach osna aisti. "In ainm Dé", ar sise as Fionlainnis chomh glan soiléir agus a chluinfeá in áit ar bith feádh an chósta thiar theas, "caith uait an ráiméis sin. Níl aon ghanntar léi."
"An bhfuil Fionlainnis agat", a cheistigh Somhairle, agus iontas air.
"Ná cloiseann tú go bhfuil", a d'fhreagair sí go mífhoighneach. "Níl an dara teanga dhúchais agam a thuilleadh, pé scéal é."
Ba léir nach ins an chearn seo den tír a d'fhás an bhruinneal ghorm seo aníos, ach maidir lena cuid Fionlainnise, ní aithneodh aon duine idir í agus cainteoir dúchais ó thimpeallacht Thurku. Chuaigh sí a mhíniú do Shomhairle, áfach, cad é mar a fágadh mar sin í: "Cé mhéad uair eile a chaithfead a rá gur uchtaigh mo mhuintir i mo bhunóc mé, agus iad i mbun misinéireachta sa Bhrasaíl..."
An rois tobann seo cainte a d'imigh ar an ghirseach, bhain sí sórt stangaidh as Somhairle, agus é ag tosú is ag maolú ar chorraí intinne a chéile chomhraic.
"Glac ina mhórmhisneach é, a dheirfiúir-ó", ar seisean faoi dheifir. "Chan é scéal do bheatha a d'iarr mé ort."
"Ó", a d'fhreagair sí go searbhasach, "is mór an nuacht an méid sin. Nó nuaíocht, mar a deir sibh thart anseo."
"Cha rabh tú ach ag cur as domh leis an starógacht a bhí agat."
Bhain an méid sin den ghnúis tharcaisniúil a bhí uirthi le Somhairle, agus í ag déanamh a leithscéil go múinte ionraic.
"B'é an leabhar a tharraing mo shúil ort", ar sise. ("Thairg" a d'úirt sí, a bheag nó a mhór, ach ba dócha gur mar sin a ba ghnách léithi "tharraing" a fhuaimniú, dar le Somhairle.) "Nó is é an leabhar so an ceann is ansa liom dá bhfuil léite agam."
"An é rud?" a d'fhiafraigh Somhairle go fiosrúil, agus spéis le mothú ar a ghlór. "An bhfuil Siceasta léite agat, leis an údar chéadna?"
"Tá", ar sise, "ach níor thaitin sé liom. Bhí sé saghas ródhuairc dhom."
"Bhail", arsa Somhairle, agus é ag baint an tsreang den mhála anois, "is dócha gur dúcha domhsa an duairceacht, nó is fearr liom an ceann udaí eile, siúd is nach bhfuil aon chaill air seo ach an oiread..."
Mar sin cuireadh bun le comhrá fada ar bhain an bheirt acu sult is taitneamh thar an choitiantacht as; agus chuir Somhairle iontas air féin chomh nádúrtha agus chomh líofa is a chuaigh aige labhairt léi seo, agus é ag déanamh gáirí fána cuid magadóireachta is ag baint gáirí aisti leis na scéilíní is na natháin ghonta a rith leis féin.
Bhí Somhairle ina stócach chúthalta bheaguchtúil ar na saoltaibh seo, mar ba ghnách do dhuine ar bith i ndiaidh deich mblian fonóide agus bulaíochta. Ach má bhí féin, ní ina dhúchas a bhí sin. Nó ba mhór an fear cuideachta is comhluadair a athair críonna a fuair bás ag tosú a dh'fhreastal ar an mheánscoil do Shomhairle. Bhíodh an seanleaid i dtólamh ag déanamh stad le greas seanchais a bheith aige le duine de lucht a aitheantais ag spaisteoireacht sráideanna Narkkaus dó, agus Somhairle ina thachrán bheag bhídeach á chomóradh gach áit dá dtagadh sé. Agus b'iomaí duine ab aithin dó, mar Dhaideó, ó ba rud é gur chaith sé an chuid ab fhearr dá shaol ina mhúinteoir, agus é in éis an aibítir a theagasc do gach aon dara duine de bhunadh na cathrach seo. Ach go bé gur fhág an scoil a sliocht tubaisteach ar Shomhairle, d'iompódh sé amach ina chaidreamhach mhaith, agus an oidhreacht seo aige ón tseanfhear.
Anois áfach ba chosúil go rabh dúchas a sheanathara ag briseadh fríd shúile an chait an chéad uair riamh, a bhuí le múineadh maith an chailín seo, agus í clóite cleachta ar airneán a bhaint as daoine éagsúla - daoiní cotúla san áireamh - i dtigh a huchtmhuintire. Mhothaigh Somhairle é féin lánchompordach ina cuideachta. Thagadh na focla leis ní b'éascaí ná riamh, agus smúid na síoreagla ar shiúl mar nach mbeadh ann riamh ach tromluí a scaiptear le gealadh an lae.
Nuair a bhí an cailín ag cur síos ar na deacrachtaí a raibh sí ag maireachtáil fríothu fá láthair sa chathair seo ní raibh aon mhoill ar Shomhairle a dhlúthpháirtíocht a chur in iúl:
"Nuair a thánag anso seachtain ó shin", ar sise, "cheapas gur luath go leor a dh'éireoidís féin tuirseach den saghas spochadóireachta a bhí ar siúl acu, ach ar mhí-ámharaí an tsaoil ní raibh ann ach baothdhóchas. Níl an fhastaoim úd ach ag dul i méadaíocht in aghaidh an lae."
"An é rud go bhfuil tusa faoi chois acu, comh maith liom féin?" a d'fhiafraigh Somhairle. Tháinig dáimh áithrid aige leis an ghirsigh seo ar fháil amach dó nach mb'as na bólaí seo di, agus ise "glan go fóill ar nimh na cathrach mallaithe seo", mar a chuirfeadh sé féin i bhfoclaibh é; ach nuair a chuala sé gurbh aon chith amháin a bhí ag fliuchadh an bheirt acu, ba gheall le móid an triúr muscaedóirí é. Bhraith Somhairle an tallann ag teacht air croitheadh a bhaint as láimh a chéile comhrá agus bráithreachas troda a mhionnú go sollúnta.
"Ní fheadar fútsa, ach tá súil as Dia agam ná fuilim féin fé chois acu fós", a d'fhreagair sise, agus coinnle an diúnais dochloíte ag splancarnaigh ina súile. "Is mó iarracht a dheineadar le cos a bhualadh orm, áfach. Nó ní thaithníonn dath mo chraicinn leo, agus iad ana-mhall ag tuiscint nach féidir liom mé féin a bhléitseáil."
"Spréadh orthu uilig", arsa Somhairle. "Is beag is fiú an méid seo mar shólás, ach cibé scéal é chan maith le bunadh na háite seo duine ar bith nach dtig leis na gnáthmhúnlaí. Mura bhfuil canúint na Sábhóine sách maith agat, is fuíoll fonóide thú. Má tá sí go róláidir agat is siocair scigmhagaidh sin comh maith. Bunadh Voroinen, cuir i gcás..."
"Cén saghas áit í Voroinen?"
"An ceantar tuaithe is gaire dúinn taobh thoir den chathair. An radharcra uafásach udaí síos an bealach mór áit a bhfuiltear ag baint gairbhéal fá dhéin na coincréite, má chonaic tú é - sin é staisiún an ghairbhéil i Voroinen. Tá a lán daoiní de bhunadh na háite ag freastal ar an mheánscoil s'againne..."
"Meánscoil Phaiholansaari, an ea?"
"Seadh."
"Is trua nach ar an scoil chéanna a ráinig don mbeirt againn."
"Ráinig?"
"Tharla."
"Bhail, bíonn focla dá gcuid féin ag muintir Voroinen, agus fonóid á déanamh fúthu ag bunadh na cathrach seo. Deir siad mar shampla 'de dheachair' in áit 'de dhíth' nó 'de dhíobháil'..."
"Nílim róchinnte an dtuigim aon cheann acu mar is ceart", arsan cailín, agus meangadh gáirí uirthi.
"Is é sin, an rud atá de dhíth ort, tá sé ag teastáil ort."
"'Uait'!" a scairt an ghirseach go haerach.
"Ag teastáil uait", a cheartaigh Somhairle. "Agus deir siad uaireanta 'cha d'fhuair' in áit 'chan fhuair'."
"An Fionlainnis ar bith é sin?" arsan ghirseach agus í ag sciotaíl gáirí go magúil. "Cheapfá gur Eastóinis athá acu."
"Bhail, cha shamhlófainn in aon choir go dtiocfadh le haon duine aniar mórán céille a bhaint as an chineál Fionlainnise a chananns muid an bealach seo. Deireadh mo mháthair chríonna, agus í i seilbh a céille go fóill, nach rabh sí in inmhe aon duine a thuigbheáil nuair a tháinig sí a mhúinteoireacht anseo an chéad uair."
"Nach duine de mhuintir na háite í, mar sin?"
"Chan eadh, ná geall leis. Rugadh ins an OirDheisceart í, i bhfoigseacht don chathair udaí Kouvola. Chuaigh sí go Jyväskylä a dh'fhoghlaim múinteoireachta, agus b'ansin a casadh Daideo uirthi. Ach tá caint an chompail seo aici anois i gcruth is nach dtig a h-aithne thar bhunadh na háite."
Chaith sí corrshúil - nó "foshúil" mar a déarfadh sí féin, dar le Somhairle - i dtreo a huaireadóra láimhe agus an meangadh ag titim dá ceannaithe le teann an mheallaidh a baineadh aisti. "Ó, faraoil!" ar sise. "Dhruid an lá chomh mór san chun deireanais agus go gcaithfead imeacht ar an dtoirt!"
"Fan tamaillín, más é do thoil é", a d'iarr Somhairle. "Chan eol domh go fóill d'ainm ná do sheoladh. Ba mhaith liom d'fheiceáilt athuair."
"Ó", a d'úirt sí le mionmhioscais gan urchóid, "go raibh míle maith agat. Caithfidh sé gur bhainis ana-shult as mo chuileachta."
"Do chleachtadh?"
"Mo CHUIDEACHTA", ar sise go mall soiléir.
"Tuigim anois", a d'fhreagair Somhairle. "Bhaineas, gan bhréig ar bith." Chuimil sé lámh dheis na girsí go hamscaí agus é ag rá ó chroí amach: "Dheamhan locht agam ort, a chailleach-ó!"
"Thá go maith", ar sise go haerach, agus í ag tumadh a ciotóige isteach i dtaobhphóca a cóta le leabhrán beag nótaí a tharraingt amach. "Maria Graça da Silva an ainm is an sloinne a baisteadh orm sa Bhrasaíl, ach is é sloinne m'uchtmhuintire atá orm anois, mar atá, Metsänkankare."
"Is mise Samuli Paannevuoma."
"Bhail, a Shomhairle, cá bhfuil cónaí ortsa?"
"Teach a fiche, árasán a naoi, Bóthar Loskajoki. Sloinneadh eile atá ar an doras, nó is le Móraí an t-árasán."
"Loskajoki, a deir tú? Bóthar Abhainn na Láibe?" a d'aithris sise agus iontas uirthi.
"Abhainn í Loskajoki agus í ag sní thart leis an chathair fá chúpla ciliméadar de na bruachbhailte is cóngaraí daoithi. Tá an Teach Giúise suite cois Loskajoki - teach scíste atá ann do lucht na scíála, agus caifé ag obair ansin fána gcoinne. B'iomaí astar scíála bealach an Tí Ghiúise a chuir mé díom ag freastal ar bhunscoil Khuppakangas domh. Ó tá tú féin ar meánscoil ansin, sílim go gcaithfidh tú an turas céadna a dhéanamh nuair a thoiseochas an séasúr dáiríribh."
Bhí sé ina dhúgheimhreadh go fóill, agus ba bheag múinteoir corpoiliúna a raibh de dhánacht ann fán taca seo den bhliain scíáil a chur faoi deara dá chuid daltaí, nó "an pheannaid sin a ghearradh ar lucht a fhuilsteana" mar ba rogha le Somhairle a rá. Ní ghealfadh lá na scíonna ach i ndeireadh an Fheabhra, de réir cosúlachta.
Scrábáil an ghirseach a seoladh féin ar lipéad a scoith sí dá leabhrán nótaí: MÁIRE GRÁINNE METSÄNKANKARE, TEACH A hAON DÉAG, AN DARA hURLÁR, ÁRASÁN A SÉ, SRÁID RISTO RYTI.
Ag seachadadh an bhlúirín páipéir seo uaithi d'éirigh an ghirseach ina seasamh le slán a fhágáil aige, agus nuair a chuir Somhairle an lipéad beag i dtaisce, chrom an cailín ar...ar...ar a phógadh! Ní raibh ann ach póg deirféara dáiríribh, agus a béal sise ag tadhall go héadrom lena éadan, ach ba leor sin le geit a bhaint as Somhairle. Níor chuimhin leis a leithéid eile de ríméad ar a chroí riamh, agus nuair a tháinig sé chuige féin athuair, bhí an cailín ar shiúl cheana. B'éigean dó a lámh a thumadh isteach ins an phóca agus an lipéad le seoladh Mháire a tharraingt amach le bheith cinnte nach ag brionglóidigh a bhí sé.
Ag filleadh abhaile dó thoisigh Somhairle a phortaíocht os íseal, agus an oiread sin áthais is lúcháire air. Ar an drochuair áfach casadh gasúr éigin de lucht a chéasta ag rothaíocht thart, agus thit sé glan as a chrann cumhachta nuair a mhothaigh sé an ceol gealgháireach ag Somhairle. Ríméad ar an cheanrachán shuarach udaí? Brathladh is foirteagal de dhíth air, leoga!
"Cén seort feadarnaí é sin, a Shíle, a chábúnach, a chunús na leabhar", a scairt sé go brúidiúil. "Nach tusa an phiteog lofa bhradach, scread na maidine ort, a chac!"
Ba bheag duine acu nach rithfeadh leis hómaighnéasachas a chur síos do Shomhairle. Ní raibh mórán cur amach ag aon duine de na damantóirí seo cad é ba bhrí leis an fhocal mhór léannta udaí, "hómaighnéasachas", ná leis na mionnaí móra a bhí ar comhchéill leis, agus ba chuma le Somhairle fán bhunbhrí: dó féin ab fhearr ab eol gurb i gcailíní amháin a bhí spéis chraicinn aige. An tseachbhrí ba mhó a ghoilleadh air, an fhíorbhrí a bhí ag na háibhirseoirí leis an fhocal. Nó b'é an rud a bhídís a mhaíomh nach rabh aon mhaith ann fá choinne girsí ar bith, nach rabh comhábhair an fhir ann. Anois áfach ní fhaca sé ins an líomhain shean-smolchaite sin ach ábhar gáirí. Thoisigh an sciotaíl a choipeadh go ciúin deas i nduibheagáin a phutógaí. Rinne sé a dhicheall lena coinneáil siar, ach theip air go hiomlán, agus na gáirí ag dreapadh aníos a sceadamán gur shroich siad a bhéal, agus ansin, fá dheoidh, phléasc an scotbhach air mar a bhéadh taom ghalair ann, agus é ins na trithí ar an toirt.
Ní raibh súil ag stócach an ghearráin iarainn leis an aisfhreagra seo. Níor fágadh de ghléas cogaidh aige ach a mhéar fhada a bhagar go ciotach ar Shomhairle. Ag imeacht go géar gasta ar a rothar do mo dhuine mhair Somhairle ag miongháirí go ciúin leis féin i gcónaí. Piteog a thug tú orm, a amadán bocht! Chan fhuil lá feasa agat...
Nuair a tharraing Máire Gráinne an doras amach ina diaidh, agus í ag caitheamh an chóta mhóir di, b'é an chéad rud a mhothaigh sí ná na potaí ag bualadh fána chéile ins an chisteanach. Tharraing sí anáil fhada suas a gaosán agus bhraith sí dea-bholadh an bhia ar an tinteog. A hathair a bhí ag cócaireacht, agus é ag bogchanstain iomainn eaglasta leis féin. Tháinig aoibh bheag ar a béal sise agus í ag éisteacht. Lá deas a bhí ann i ndiaidh an iomláin, a b'fhacthas daoithi: chuaidh sí in aitheantas ar chara nuadh - an chéad chara aici ins an chathair seo - agus b'annamh a bhí a leithéid de dhea-ghiúmar ar a hathair ach an oiread ó thángadar a chónaí anseo.
"Heileo, a Dheaidí. Mise atá anso."
D'ardaigh an tOirmhinneach Olavi (Amhlaoibh) Metsänkankare a chuid súl den obair a rabh sé crom uirthi agus meangadh séimh air lena iníon altrama. "Heileo, a dhalta. Aon scéal?"
An mba chóir di trácht ar an bhuachaill a casadh uirthi? An ndéanfadh a hathair fonóid fúithi? Bhí sí ar bís cupla focal a labhairt le duine ar bith fá dtaobh de Shomhairle agus an lúcháir seo ar a croí. Bhail, ligfeadh sí féin amach ar ghreann é ó thús báire.
"Bhuel, bhuaileas le stócach ana-dheas sa leabharlann. Is dócha gurb ina theanntasan a éalód as an gcathair seo."
"An amhlaidh?" a d'fhreagair a hathair go haerach. "An mbeidh seisean sásta a bhaile mór dúchais a thréigint mar sin?"
Chrom sé ar ais ar na gairleoga agus é á ngearradh ina mionchonamar.
"Níl mórán measa aige féin uirthi mar chathair, sid é an rud is mó a thaithníonn liom faoi. Cár imigh Maime?"
"Sciurd sí anonn chun an tsiopa ar lorg caife agus bainne. Fillfidh sí pé neomat anois."
"An bhfuil cabhair uait?" ar sise ag tagairt dá obair cisteanaí.
"Bhuel, is dócha ná fuil a thuilleadh. Níl ann ach an solamar so a chur isteach san oigheann." Chaoch sé a leathshúil léithi go magúil. "Nach maith an tráth ar thánais abhaile, agus mise beagnach ullamh cheana. Céard fé d'obair thinteáin ón scoil?"
"Gach a raibh ann dheineas sa leabharlann é."
"Ar dheinis? Ná dúrais gur ag suirí leis an mbuachaill a bhís?"
"Dhera a Dheaidí, ná bí ar an dtéad san. Níor buaileadh chugham é ach mo chuid obair scoile a bheith críochnaithe agam."
"Bhuel, a iníon-ó", ar seisean fríd a chuid gáirí, "ní fé dhrochphláinéad a saolaíodh thusa, agus gach comhtharlachtaint ag fabhrú duit mar san."
"Cé thá ag caint fé phláinéid anso anois? Nach é an Ministéir féin é? Ba chóir dhom a leithéid d'eiriceacht a sceitheadh ort! Asarlaíocht mhínáireach! Cá bhfuil uimhir teileafóin an ArdEaspaig?"
"Ó, ná sceith orm leis an ArdEaspag", arsan tOirmhinneach go magúil. "Má thugann an tArdEaspag bata is bóthar dhom caillfead mo thuarastal, agus beidh ort féin dul ag tuilleamh do choda féin...nó 'a ghabháil a shaothramh do chodach féin' mar a deirtear sna bólaí seo."
"Ná habair liom anois go bhfuileann tú féin tosnaithe ar an dteangain bharrúil a labhairt! Is tapaigh a phriocais uathu í", a sciorr ar Mháire a rádh.
"Bhuel, a iníon, dá mbeadh níos mó fairtheoireachta déanta agat ar scoil le linn an Teagaisc Chríostaí, bheadh a fhios agat gur cuid é d'obair an mhinistéara dar le Máirtín Liútar féin teanga a lucht éisteachta a fhoghlaim go líofa le bheith in ann soiscéal Dé a chraobhscaoileadh go cumasach." Chuir sé geáitsí áibhéalacha seanmhóraíochta air féin agus an méid seo á rádh aige, i gcruth is nach rabh aon neart ag Máire ar na gáirí.
"Ní mise an té a raghfadh in argóint le ministéir fé chúrsaí an chreidimh", arsa Máire, "ach nílim cinnte gurb iad muintir na Sabhóine agus a gcanúint-san a bhí ar a intinn aige nuair a thug sé uaidh an chomhairle sin."
Phóg an ghirseach éadan a hathara sula ndeachaigh sí go dtína seomra féin. Chuir sí ceol ciúin suaimhneach ar an tseinnteoir dlúthdhioscaí agus shuigh síos ar a leaba. Bhí fuacht uirthi ins an tseomra, agus a máthair i ndiaidh aerú a dhéanamh ansin go gairid sular thug sí an siopa uirthi féin. Shoiprigh sí an blaincéad go dlúth thart timpeall uirthi ag baint suilt as teocht chroíúil an radaitheora. Nach méanar don té lena dtig a scíste a ligean i dteach theolaí sheascair i ndiaidh aistear fada coisíochta i sioc an dúgheimhridh!
Níorbh ionann sin agus an tráthnóna céadna mar a chaith Somhairle é. Bhí cónaí air in aontíos lena mháthair chríonna, agus b'annamh a fuair sé aon chéile comhrá eile ach an chailleach. Ní thigeadh ach a mháthair abhaile gach deireadh seachtaine, agus í ina múinteoir Bearla is Sualainnise i mbunscoil bheag shuarach fán tuaith.
Ag dul ins an darna leanbaíocht a bhí an tseanbhean bhocht, rud nach raibh sí ábalta a admháil léi féin ná le haon duine eile. Ba bheag an t-ionadh sin i ndiaidh an iomláin. Pearsa láidir a bhí inti ó thús, agus í ina crann taca ag a muintir uilig go dtí go bhfuair a fear céile bás. Niúmóine a mharaigh an seanfhear, nó thóg sé an galar ag glacadh páirte dó i gceiliúradh bhreithlá na pairliminte aon tí in Heilsincí: b'amhlaidh go rabh téarma caite aige ina chúlbhinseoir ansin cupla scór bliain ó shin. Ba throm an buille é a bhás tobann dá mhuintir uilig, ach más amhlaidh féin, ghoill sé a oiread eile orthu a fheiceáil nach rabh a bhean céile le biseach a fháil choíche ó mhéala an bháis seo. Thoisigh sí a chailleadh a meabhraíochta go tiubh téirimeach, agus ní raibh a hiúl ar an tsaol ina timpeall ní ba mhó. Roimhe sin ní raibh a sárú i measc chuid seanbhan na cathrach le trácht eolach a dhéanamh ar imeachtaí reatha an domhain, a oilte agus a léannta a bhí sí, cé nach rabh uirthi go hoifigiúil ach oiliúint an bhunmhúinteora. Anois áfach, bhí sí cinnte dearfa siúráilte go rabh an Cumannachas ag crá Oirthear na hEorpa go fóill, agus nuair a tharla iomrá ar an iar-Iúgslaiv, thoisigh sí a stealladh na roisteacha móra cainte aisti fá comh tábhachtach agus a bheadh sé gan taise ná truaighe a thaispeáint do na Muslamaigh, "agus na hArabaigh mhallaithe ag géarleanúint na nGiúdach in Iosrael comh gránna cruadhálach sin..."
"Cé hé a tháinig isteach?" a scairt sí ag mothú an doras á dhúnadh ag Somhairle.
"Mise, Somhairle", ar seisean go tuirseach.
"Cá háit a rabh tú? Chrothnaigh mé uaim thú", ar sise de mhairgnigh.
"Cha dtearn mé, leoga, ach sciordadh chun na leabharlainne i ndiaidh na scoile. Nach rabh mé i dteideal a dhéanta?"
"Bhí, bhí, a rún-ó! Ach tháinig imní orm gan tú sa bhaile." D'éirigh a glór milis bladartha, ach bhí Somhairle bréan cortha den bhéal bhán sin aici le fada an lá. Níor mhian leis aon fhreagra a thabhairt uaidh, agus an dea-ghiúmar a d'fhág an teagmháil le Máire air, bhí sé ar shiúl aríst. An seanphort céadna á chanadh ag an chailleach cuma cé acu ann nó as do Mháire. Agus an mb'ann di dáiríribh? Thabharfadh sí aird air fad is nach bhfaighfeadh sí cairde eile ar an bhaile seo. Nuair a gheobhfadh, d'éireodh sí seachantach leis go gcuirfeadh sí deireadh le comhluadar cothrom ar bith eatarthu, agus a cuid carad úr i ndiaidh a mhíniú di cén chéim síos a bhí ann a bheith le feiceáil i gcuideachta an bhomáin sin de bhuachaill, agus é ina staicín aiféise ag aos óg na cathrach uilig.
Rud eile ar fad, áfach, gur maith an scian a bhí inti, mar Mháire Gráinne, le croí na seanmháthar a roiseadh:
"Cailín a chuir cúl orm ins an leabharlann."
B'é sean-nath na caillí nach rabh "cailín ar bith ag mo rún ach a Mhóraí." Anois, agus Somhairle ag cur amhras san fhírinne bunaidh seo, nach as an tseanmhnaoi a baineadh an stangadh! Thoisigh sí a stánadh air díreach mar a bheadh sé á scoilteadh féin ina dhá leath agus arrachtach spáis ag léim as. Mhéadaigh sé ar an tubaiste go fóill:
"Casadh girseach ródheas orm ansin."
Bhraith sé na cathuithe air féin an aidiacht amscaí úd de chuid na n-irisí caidéise, "gnéasmheallacach", a úsáid, ach ba róbhománta an mhaise dó a chur i gcéill don tseanmhnaoi féin go dtiocfadh leis meallacacht mná ar bith chun tsúgachais chraicinn a aithint agus eadar chóta mór is geansaí trom olla uirthi.
"Gormach mná a bhí inti", a mhínigh sé fós.
"Gormach mná!" a d'aithris an tseanbhean. "Salach cáidheach!"
Bhí Somhairle ag draothadh gáirí, ach má bhí féin, tháinig sórt feirge air. Ba chuimhin leis aoibh shéimh chairdiúil na girsí agus na focla tuisceanacha taitneamhacha óna béal. Ghoill sé air Máire a bheith á maslú mar sin ag an tseanóinseach nach raibh d'eolas aici uirthi ach dath a craicinn.
"Agus phóg sí mé!"
"Phóg sí thú?!" Lig sí fonn caointe uirthi. "M'anam nach gcreidfinn riamh go bhféachfadh Afracánach mná le rún mo chroí a bhréagadh uaim!"
"Cé a d'úirt leat gur mise rún do chroí féin?" arsa Somhairle, agus fíor-chorraí le mothú ar a ghlór anois. "Is féidir gur léithise mé cheana!"
Bhuail smaoineamh eile an tseanbhean.
"Agus mise go díreach i ndiaidh a léamh ar an iris go bhfuil na Gormaigh ag spréadh aicíd nuadh mharfach inár measc...Nach millteanach uafásach an tubaiste í go dtáinig bean choiteann dá gcuidsean anseo d'aon-tsiúl le mo chumann beag baoideach bocht a thruailliú leis an ghalar sin..."
Ní raibh lá nirt ag Somhairle ar an taom mhór gáirí a tháinig air. A cumann beag baoideach bocht? Bhí sé beagnach dhá mhéadar, nó corradh is sé troithe go leith, ar airde: scafaire mór fir a bhí ann. Chuaigh an tseanbhean glan thar fóir, agus ba léir nach rabh ar cois aici ach babhta aisteoireachta eile den tsórt ba dhual daoithi fadó. Cuma cé chomh meata agus a bhí a heagna chinn ag an aois mhóir, bhí a acmhainn sin inti i gcónaí. Ba mhinic a chuireadh Somhairle an cheist air féin cé acu a bhí sí dháiríre ag éirí leanbaí athuair nó an ea nach raibh in aois seo a hóige ach geáitsí is cur i gcéill ó thús deiridh. Sula dtáinig tús leis an darna leanbaíocht aici bhí sí iontach tugtha do bheith ag aicteáil agus ag bobaireacht ar dhaoiní ar bhealtaí éagsúla, agus shamhlódh Somhairle léithi lá ar bith a leithéid de dhallamullóg a chur ar a muintir uilig.
Cibé scéal é ba dócha nach raibh an seachrán aoise leath chomh trom uirthi inniu agus ba ghnách. Bhí sí in inmhe fiú cuimhneamh cad é an rud ba SEIF ann, de réir dealraimh.
Ansin a mhothaigh Somhairle an guthán ag clingireacht, agus thóg sé léim an halla chun an glacadán a thapú roimh an tseanchailín.
"Heileó, seo 'dó-'dó-'hocht-'ceathair-'cúig."
"Hóra, a Shomhairle. Seo Juho (Eoin) ag labhairt."
"Ó, an tusa atá ann", a d'fhreagair Somhairle de mhonabhar mhíshásta. B'ar éigean a chuaigh aige an mealladh a choinneáil siar. Bhí cuid na súile aige le Máire Gráinne seachas Eoin Rosas.
"Cé eile? Aon scéal? An sean-drochscéal, nach eadh? Diabhal tiomanta athrach abhus ach an oiread. Cogar i leith, a dheartháir. Tá agam...'bhfuil a fhios cén seort?"
"Tá", arsa Somhairle, agus bhraith sé sceitimíní beaga ag trácht air.
"Socraimis go dtaraidh tú anall amárach thart fána seacht a' chlog tráthnóna. An bhfóirfidh sin duit?"
"Fóirfidh."
(Críoch le Caibidil a hAon)
Fuílleach