AN DARNA CAIBIDIL - I gCRÚBAÍ NA PORNAGRAFAÍOCHTA

Panu Höglund

Chuaigh Máire Gráinne faoin scáthlán báistí i gcearn dorcha de chlós na scoile lena marana a dhéanamh ar an tsaol ansin go dtí go dtiocfadh leis an tsos. Bhí rang na Fionlainnise thart, agus an chéad aiste a scríobh Máire Gráinne ar scoil Khuppakangas léite os ard ag múinteoir na Fionlainnise don chuid eile de na daltaí, i gcruth is go dtógfaidís patrún léi. Ach más moladh féin a bhí ann, níor chuidigh sin le Máire ar aon nós cairde úra a fháil i measc na scoláirí eile. A ghlanmhalairt ar fad. A leithéid d'aonarántacht níor chleacht sí riamh roimhe seo. Bhí cúpla cailín ann agus iad sásta corrfhocal comhrá a dhéanamh léi ó am go ham, ach an chuid ba mhó acu d'fhanaidís glan ar shiúl uaithi. Ní ag maistíneacht ná ag bulaíocht a bhídís, áfach, mar chailíní; ar an drochuair ní thiocfadh an méid céadna a rá fá dtaobh de na buachaillí.

An iarracht seo ach go háirithe. Nó ní raibh ach cupla nóiméad den tsos caite, agus ag ardú a cuid súl den talamh di cé hé an duine a fheiceanns sí chuici murab é Raimo Litmanen é. Lima-Litmanen a thugadh na girseacha ar an stócach seo, nó Reamann an Ramallae, agus iad gan a bheith i gcomhchlos dó, nó ba mhífholláin an mhaise d'aon duine an leasainm a thabhairt air ina éisteacht. Pánaí d'fhear óg a bhí ann agus é ag dul le corpfhorbróireacht mar a aonchaitheamh aimsire. Bhí sé amuigh air go slogadh sé piollaí smuigleáilte hormóin mar a bheadh loisinséirí milsínteachta iontu, agus an abhóg is an drochbhraon a bhíodh ann, a sheanracht feirge a bhuaileadh gan fios fátha nó siocair é, bhí sé ag cur leis an iomrá seo go hiomlán. Nach mb'é sin an cineál iompar ba dual do lucht na stéaróideach anabólach?

Níor mhaith le Máire an stiúir a bhí faoin Ramallae inniu. Tuar tubaiste a bhí ann, eadar na draothgháirí is na súile drúisiúla. Nuair a bhí an dá dhrochchomhartha seo pósta le chéile ní lách an lánúin a bhí iontu. Chinn sí ar an scáthlán a fhágáilt ina diaidh lena bealach a dhéanamh a fhad le fuinneoga na múinteoirí. Bhí an oiread sin mórtais agus saighdiúireachta inti agus nach raibh sí sásta ach siúl mall maorga stáidiúil a bheith fúithi agus í ag éalú ó bhaicle an Ramallae, gan ruchladh nó ruathar, nó más eagal féin iad léi ní ligfeadh sí a lorg uirthi.

Ach ba bhotún é gan an t-aiméar a fhreastal a fhad is a bhí sé aici, nó nuair a thug sí an chéad choiscéim i dtreo foirgneamh na scoile, beireadh uirthi gan mhoill. Triúr stócach de chuid an Ramallae agus iad i bhfolach ar an taobh eile den scáthlán, phreabadar aniar as a chúl ag teacht glan formhothaithe uirthi, agus í ina nglaic dhocht dhaingin acu sular bhuail a gcuid cos an talamh arís i ndiaidh na léime. Chuaigh Réamann a fhad léi agus é ag cur forráin uirthi.

"Bhail bhail, a Ghormóg", ar seisean, mar a bheadh cigire na bpéas ann agus coirpeach gafa aige, "ba mhaith le mo chara rud spéisiúil a thaispeáint duit."

Dhá mhéid an fhearg ar Mháire ba threise baspairt na heagla. Rinn sí iarracht breith ar a cuid misnigh agus í ag stánadh eadar an dá shúil ar Réamann le súil is go n-aithneodh sí oibriú intinne nó éigínnteacht air. Ní raibh gar ann. Ina bhuaiteoir a mhothaigh sé é féin.

Agus ar ndóigh, bhí "mo chara", nó stócach amháin de chuid Réamainn, ag coinneáil rud éigin i gcúl a dhroma, agus na leads eile ag seitgháirí go ciúin. Rinne Máire a seacht ndicheall an faitíos is an chritheagla a dhíbirt, ach bhí fuar aici. Bhraith sí í féin mar a bheadh sí ina seasamh os coinne craos ollphéiste ocraí. Mar mhullach ar an uirísliú - nach dtáinig deoir amháin lena leathleiceann!

Ní bhfuair Máire bealach a fuascailte féin, nó nuair a tháinig an crú ar an tairne níorbh ise banphrionsa udaí na gcogaithe a mhaireadh gan ghránú fríd eachtra ar bith uair in aghaidh na seachtaine ar an teilifís. Má bhí comhábhair Xena (nó Aoife, más fearr leat) i Máire ní tháinig siad fríthi go fóill.

Sméid Réamann a dheasóg dá chara, agus an rud spéisiúil udaí a bhí ar iompar aige tháinig sé chun tsolais anois: iris ildaite de shórt éigin a bhí ann, agus teideal Béarla ar a clúdach: Nigger Lovers. Pictiúr girsí goirme a bhí ann, agus í fornocht. Baineadh croitheadh faitís as Máire. Ba dóigh le Máire gurbh óige ná í féin cailín an phictiúir. D'aithin sí coinnle an scanraidh ina súile, agus grainc na pianach ag cur as a riocht an meangadh bréige ar a ceannaithe.

"Sin é an cleas is ceart a imirt ar chailíní gorma!" arsa Réamann ag stealladh seile le teann ragúis. Tháinig samhnas is déistin ar an ghirseach agus boladh bréan an tseantobaca as béal an bhligeard ag scuabadh a haghaidhe sise. Thoisigh sé a dh'iompú na leathanach, agus é ag iarraidh aire Mháire a tharraingt ar gach mhionrud ba shuim leis féin sna pictiúirí. Agus mura raibh sí ag amharc an bealach ceart, dar leis an Ramallae, tháinig tallann feirge air agus é ag breith go brúidiúil ar ghrágán a gruaige le radharc a súl a thiontú leis na pictiúirí aríst. Bhí seile ag teacht le liopaí an stócaigh agus é ag pointeáil a mhéire ar bhaill ghiniúna na mná óige sna pioctúirí, nó ar bhod an fhir á shá isteach. Bhí fantaisíocht an stocaigh ag rith damhsa agus é ag amharc ar an iris seo. Is dócha go raibh Máire dall ag a cuid deor cheana agus na pictiúirí deireanacha á dtaispeáint ag Réamonn, ach ba leor a bhfaca sí le scaoll a beatha a chur inti.

Nuair a bhí an iris críochnaithe aige thoisigh sé a chrúbáil cíocha an chailín. Ní raibh mórán lúith ina lámha, nó ag cuardach faoi chuid éadaí Mháire dó ní tháinig sé riamh ar dhalláin a cíoch. Ba chosúil go maith é le fear na cathrach ag iarraidh bó a bhleán, agus mura mbeadh triúr buachaillí á coinneáil socair ní bheadh aon mhoill ar Mháire speach a thabhairt don damantóir udaí, speach a sheasfadh clú bó ar bith.

Mura raibh lámha ródheasa aige ní raibh mórán céille ina chuid cainte, agus é ag glagaireacht go deargbhómánta neirbhíseach fán airc mhór craicinn a bhí ag luí air is ag áitiú nach rabh a sásamh sin ach i gcailín ghorm ragúsach na hAfraice, dar leis. Ar ndóighe, ní raibh sé in ann an Bhrasaíl a aithint thar an Afraic. Cibé scéal é, bhí sé i ndiaidh a léamh ar liarlóga pornagrafaíochta eile - ar na cinn sin a bhí á bhfoilsiú ina theanga dhúchais féin, is dócha - cé chomh teasaí a bhíodh na girseachaí ins na tíortha teo, agus iad i bhfad níos boige fána gcuid ná cailleacha fuara gránna na Fionlainne.

Cá fhad a mhairfeadh an t-uirísliú seo? Cúig bhomaite déag a bhí i ngach sos eadar dhá rang scoile - agus rith le Máire i dtoibinne go mba leor an oiread sin ama lena héigniú. An dtiocfadh múinteoir ar bith chun a tarrthála? - beag an baol! Ní bhíodh na máistrí is na máistreása ach ag síor-shlogadh a gcuid caife is ag arsaí téamaí le linn na sosanna - an chuid sin acu san aireamh a rabh de dhualgas orthu súil a choinneáil ar an aos óg le linn an tsosa agus lucht an bhruíonachais a anacal ar a chéile. Agus déanta na fírinne ní raibh an t-aos teagaisc féin ní ba shaoire ó pheacadh na sinsear ná an chuid eile den chine dhaonna. Bhí col ag cuid acu féin le Máire 'gheall ar ghné a craicinn, agus má bhí sí ag iompú amach ina scoláire maith éirimiúil ní dhearna sin ach méadú ar an drogall seo.

Nuair a chuala Máire clingireacht chlog na scoile ag ordú do na daltaí filleadh ar a gcuid foghlama, chuaigh sin i bhfeidhm uirthi mar bhagairt láimhe Dé ar na bithiúnaigh a bhí á crá. Thug na ropairí droim léi láithreach lena mbealach a dhéanamh i dtreo an fhoirgnimh scoile, nó chomh túisce is a tháinig tost ar an chlog fuair sí í féin ina haonar i gcearn an chlós scoile, agus na cosa ag leath-theip uirthi le teann na coscartha intinne a thug an drong dhiabhalta di.

Bhí na bastairt chruthanta udaí i ndiaidh a cíochbheart a sciobadh leofa mar a bheadh trófae nó creach chogaidh ann. Bhraith sí tadhall na lámh brúidiúil ar a cuid cíoch go fóill, agus mothú aisteach aduantais iontu mar nach mba léi iad a thuilleadh. Cheapfá nach é an ball éadaigh amháin a ghoideadar uaithi ach na cíocha féin.

Bhraith Máire Gráinne orla uirthi go tobann, agus ní raibh sí ach thar thairseach na scoile nuair a fuair an samhnas seo an ceann is fearr uirthi. Chrom sí ar aghaidh agus theilg ar an urlár a raibh ina putóga. Agus nár sheol an cat mara féin an tseanchailleach chantalach de mhúinteoir teagaisc Chríostaí anois díreach ina treo!

"A thiarcais!" a d'imigh de racht ar an tseanchailín. "Nach í an ghirseach ghorm atá ólta! Ar na cannaí dubha, agus sin le linn na scoile! Agus í " - tháinig blas tarcaisne ar a glór - "in ainm a bheith ina huchtnighin ag an mhinistéir úr!"

In ainm a bheith - a rith fríd chloiginn Mháire. In ainm a bheith! Ba chórtha duit do bhéal a éisteacht, a vóitín shuarach bréige!

Nuair a bhí a sáith aiseagtha aici d'airdigh Máire a ceann athuair - agus nach bhfaca an chailleach leathchíoch a bheith ris aici i gcónaí i ndiaidh ionsaí an scata stócach! Bhí sí an oiread sin faoi sceimhle ag traighean Réamainn agus nach raibh de mheabhraíocht aici caoi a chur ar a cuid éadaí aríst.

"Go dtí an oifig leat, a striapach!", a d'ordaigh an seanmhúinteoir mná. Lean sí an cailín go tiubh sna sálaí lena chinntiú go rachfadh sí go dtí oifig an PhríomhOide sa darna hurlár.

Níor samhlaíodh aon chuid den scéal ghruama ghránna seo do Shomhairle agus é ag tabhairt aghaidh ar an bhloc trí urlár ar mhullach Chnoc an Túir Uisce, i scáth an túir féin. B'é an túr lár an radhairc i bhfuinneoga a n-árasáin-san ag Somhairle is a mháthair mhór. Thairis sin, b'é an túr suaitheantas na cathrach féin ins na billeoga fógraíochta i mBéarla bhriste a dhíoltaí leis an chorrfhámaire Ghearmánach a raibh de mhí-adh air castáil in Narkkaus ar a laethanta saoire. B'é Eoin Rosas a raibh cónaí air ins an bhloc sin. Scúille scothramhar d'fhear óg a bhí in Eoin agus cúpla bliain aoise aige ar Shomhairle. Mar sin, bhí sé i ndiaidh an Ardteistiméireacht a sheasamh cheana, agus é le dhul sna saighdiúirí an chéad fhómhar eile, mar is cuí d'fhear óg san Fhionlainn.

Ní raibh Somhairle agus Eoin róchosúil le chéile, mar dhaoine. Bhí ardmheas ag Eoin ar Shomhairle ar son a chuid éachtaí foghlama, siúd is (nó cionn is, b'fhéidir) nár chruthaigh sé féin go rómhaith ar scoil riamh. Má chuir sé an Ardteistiméireacht féin de, ní raibh na torthaí thar mholadh beirte. Ba chuma fá sin áfach, nó mhothaigh sé é féin ar comhghradam le Somhairle agus eisean ar cuairt aige. Ní rachfadh Somhairle a mhagadh faoi, agus thugadh sé, fiú, cluas ghéar éisteachta dá charaid.

Bhíodh Eoin ar dhuine de lucht géarleanúna Shomhairle tráth dá shaol, ach nuair a tháinig aithreachas air chuaigh sé a dhéanamh leithscéal, agus de réir a chéile d'fhás cineáltas eatarthu. Fán am chéadna bhí an ghaoth ag claochlú i saol Eoin ó chóir chun olcais, nó tháinig seanluaidreán ina leith chun tsolais athuair le linn é a bheith ag athrú go géar gasta ó thachrán buachalla go spuraicleach déagóra. Mar is dual don mhuintir óg, mhúscail spéis a chomhaoiseanna i gcúrsaí leathair fán taca chéadna, agus nuair ba chuimhin leo a raibh cluinte acu fá dtaobh de rún náireach Eoin (nach raibh aon rún ann riamh, ar ndóigh, nó ba bheag rún sa chathair seo nach rabh scaoilte thart deich n-uaire cheana féin) bhí a chosa nite.

Nuair a bhí Eoin ina bhrín óg aerach gan lá feasa aige i dtaobh an domhain bhraonaigh bhrúidiúil taobh amuigh d'fhraitheacha an bhaile, casadh lá samhraidh amháin é ag súgradh ar nós na spagadán beag uilig amuigh fá bhothán saoire a mhuintire, agus a athair mór ina shuí faoin ghréin cupla coiscéim uaidh. Bhí an tachrán beag ag tabhairt léimeanna thar a chorp agus é fornocht mar a rugadh é. Ansin áfach, ag dearcadh ar gheáitsí a gharmhic dó, fuair an seanfhear amharc ar a bhaill ghiniúna. Ní fios cad é ba chúis leis, b'fhéidir nach rabh pilibín buachalla bhig feicthe riamh ag an tseanamadán ó bhí sé fásta suas é féin, ach cibé scéal é, tháinig an siabhrán air go rabh cithréim éigin ar fheargacht an pháiste. Nuair a thrácht sé air seo le tuismitheoirí an ghasúir, tholgadar an siabhrán uaidh. Chuaigh siad i múinín gach aon tsaineolaí nó clinic péidiatraice ar a gcuala siad iomrá, i gcruth is go mb'éigean d'Eoin bhocht an chuid ab fhearr dá óige réamhscoile a chaitheamh ina luí spréite ar a dhroim, agus duine de na dochtúirí ag méaradradh thart ar a chadairne mar a bheadh sé ag brath spliúchán tobaca a dhéanamh de. Ní raibh aon rud ar ainghléas le magairlí an bhuachalla, ach bhí a thuiscint sin iontach mall ag teacht ag a thuismitheoirí. De réir a chéile bhí deireadh le foighne na ndochtúirí, agus iad ag dúnadh a ndorais a thúisce agus go gcluinidís gurbh iad muintir Rosas a bhí chucu. Mar sin, b'éigean do mhuintir Eoin leor a ghabháil leis an fhírinne nach rabh locht ach ar shiosmaid an tseanfhir a chuir bun leis an stádar seo ó lia go lia an chéad uair riamh. Scéal ar bith é, áfach, bhí an mordadh déanta, nó ní i nganfhios don tsaol mhór a rinneadh an grand tour seo: bhí a iomrá le hEoin a chailleadh i gceann deich mblian.

Nó bhí máthair an ghasúir comh ráscánta béalscaoilte sin agus gur sceith sí an scéal ar fad lena cuid bancharad, a mba mháithreacha iad do chomhaoiseanna Eoin. Níor taibhsíodh don óinseach bhocht an dochar a bhí sa chaint seo dá mac. I dtús báire ní tháinig aon iarmhairt as, agus na páistí comh beag soineanta is nach rabh a fhios beo acu cad é b'ábhar leis an dubhspéis seo ag a gcuid máithreacha i magairlí a gcara. Ag éirí ina ndéagóirí dóibh, áfach, thosaigh siad á thuiscint. Nó ba fán am sin a tháinig an chéad oibriú intinne orthu uilig fána n-acmhainn chraicinn féin, agus iad ag iarraidh an eagla is an éiginnteacht seo a dhíbirt fríd mheirg a bhaint den tseanscéal seo. Ag caitheamh anuas ar Eoin dóibh mhaolaídís ar a bhfaitíos féin.

Mar sin a gaireadh ula mhagaidh oifigiúil d'Eoin, agus é anois, a bheag nó a mhór, ar comhstádas - ar comhísleacht - le Somhairle ag aos óg na cathrach.

Chuaigh Somhairle suas an staighre go dtí an ceathrú h-urlár, agus nuair a hosclaíodh an doras ina araicis bhí scata d'fhearaibh óga cruinn ansin cheana. Rud follasach é gur daoine de lucht a chéasta a bhí ansin fosta, ach bhí cineál sos cogaidh i bhfeidhm fad is a d'fhanfaidís anseo i gcuideachta a chéile. Is cuid é sin de shaol na cathrach bige: ní thiocfadh leat éalú ó do chuid namhad gan slán a fhágáil ag comhluadar daonna ar bith, nó chasfaí duine acu ort ar an airneán ba phríobháidí is ba shuaraí, ar nós airneán na bhfíseán craicinn tigh Rosas.

Bhí tuismitheoirí fhear an tí ar shiúl, agus iad ag fanacht thar oíche ar cuairt tigh a ngaolta in Verivirta, ceann de na ceantair thuaithe timpeall Narkkaus. Agus nuair atá an cat ar shiúl bíonn na lucha ag rince. A thúisce is a tháinig an chéad trácht i gcomhrá a mhuintire ar an turas go Verivirta, rug Eoin ar láimh an ghutháin le hullmhúcháin an chéad airneán pornagrafaíochta eile a chur ar obair. Na gasúraí seo a dtitfeadh an drioll ar an dreall acu dá gcuirfeadh fíorchailín focal forráin orthu, d'éirigh siad cosúil anois le trúpa treallchogaithe ag troid ar son cúis uasal i sléibhte Mheiriceá Theas. Cuma cén dímheas a bhíodh ag duine acu ar dhuine eile taobh amuigh de sheomra suí Eoin, rinneadar dearmad ar a gcomhchaismirtí is a n-iompairc agus chuireadar le chéile go dílis.

Bhí Kalle i ndiaidh iomrá a chluinstin go raibh físeán úr ag Jalle, agus é smuigleáilte ón Danmhairg ag a chol ceathrair nó cúigir nó mórsheisir nuair a bhí seisean ag cosaint clú an bhaile i gcomórtas éigin caide nó haca oighir ar an choigríoch. Ní raibh Kalle in ann an scannán a choinneáil i dtaisce sa bhaile aige féin, áfach, fiosrach is uile mar a bhí a mháthair. Bhí folachán maith ag Nalle, ach má bhí féin, ní raibh sé ag réiteach go rómhaith le Kalle ná Jalle. Ach cén dochar - b'éasca a fuarthas fear eadraiscíne i measc aos amharctha na bhfíseán leis na seanfhaltanais a thabhairt chun tsíochána go ceann tamaill, agus b'é deireadh an éachta taidhleoireachta seo gur ghlac Nalle an físeán go sollúnta as láimh Khalle, siúd is nach rabh ach seachtain amháin caite ó thug Kalle is a bhaicle buachaillí a leithéid de ghreadadh do Nalle agus go mb'éigean dó filleadh abhaile ar na ceithre boinn.

Mar sin, bhi eadar Chonall is Eoghan ann roimh Shomhairle, gan aon trácht a dhéanamh ar Khalle, Jalle, Nalle agus Ralle ar bith dá dtiocfadh leat a shamhlú lena mhacasamhail seo de chaitheamh aimsire; agus gach mac máthar acu ar cipíní ag fanacht leis an fhíseán a thángadar a fheiceáil. Bhraithfeadh an duine dall is an bodach bodhar go raibh an t-atmaisféar lán leictreachais. Drúthlann dhéanta, a rith le Somhairle, - ach amháin nach raibh aon bhean bheo ansin - agus dá mbeadh, thiocfadh scaipeadh is táinrith ar an chomhthionól seo láithreach bonn. Ní raibh cead isteach ach ag girseacha páipéir, - nó bhí cuid irisí gáirsiúla Eoin bainte as an tarraiceán ag lucht na cuairteoireachta, agus iad ag scrúdú gach phictiúr is ag cur na ráitseachaí páipéir i gcomparáid le chéile. Tháinig abairt fríd chloiginn Shomhairle a léigh sé ar ghreannán éigin, rud a dúirt bundúchasach de chinea phrimitíbheach (mar dhea) le fear Eorpach a raibh grá éagmhaise aige do ghrianghraf a leannáin: "Má tá tú i ngrá le mnaoi pháipéir, níl ionat ach fear páipéir". Fear páipéir a bhí i Somhairle féin, nó súgán fístéipe gan chasadh, agus níor thaise don chuid eile é.

Jarmo Koskinen mar shampla, nó an "Coiscín" mar a thugadh na stócaigh air - nó bhíodh sé ag iompar coiscíní áit ar bith, agus é á chur chun tosaigh ar gach neach bhaineann dá gcastaí air le focail ar nós "ba mhaith leat, ar ndóighe, síneadh liom, nó chan fhuil mo shárú ann in imirt na leapa" - ar an dianchuantar, ar ndóighe, go raibh sé sách ólta le misneach a bheith aige oiread is focal amháin a labhairt i bhfianaise cailín ar bith. Bhíodh an Coiscín ag maíomh ó am go chéile gur éirigh leis cailín a chlárú uair amháin - spéirbhean seacht mbliana déag nár ghéill a cuid riamh d'fhear ar bith go dtí gur casadh gaiscíoch mór an chraicinn, an Coiscín féin, uirthi ina steillebheatha. Nó b'é sin an leagan oifigiúil a d'insíodh Jarmo do na stócaigh i gcoitinne. B'é an scéal a chuala Somhairle agus Eoin faoi rún uaidh oíche amháin, agus braon na fírinne is an ionraicis istigh ag an Choiscín, gur i mbun a dhá scór bliain a bhí an bhean dháiríribh, agus í geall le bheith ina striapach. Bhí eagla ar an bhuachaill bhocht, fiú, go raibh galar gnéis tógtha aige, nó nuair a tháinig an scéal go cnámh na huillinne, bhí sé chomh neirbhíseach is nár aimsigh sé a chuid coiscíní, siúd is gur iompaigh sé a chuid pócaí thart á gcuartú dó.

Bhí seanaithne ag Somhairle ar an Choiscín, ach chonaic sé cupla spuraicleach óga ag scotbhach seitgháirí i gcúinne an tseomra nár casadh air riamh, má ba bhuan a chuimhne. Ach murar casadh, ba léir go rabh réamhbhreithiúnas daingean acu i leith Shomhairle, nó chaitheadar súil nimhe ina threo sular chromadar ar ais ar a gcuid seanchais. Cuairteoirí aon oíche a bhí iontu dar le Somhairle - is é sin, daoiní den mhórán nach dtiocfadh an darna huair ar na hairneáin seo. Ní raibh uathu ach triail a bhaint as le fáil amach cén cineál scoraíochta a bhí ann, ach nuair a thuigfidís nach rabhadar i gcall a leithéide seo, agus iad eolach go leor ar fhíor-chuideachta leapa a mhealladh chucu, thabharfaidís droim láimhe le comhluadar na bhfear páipéir feasta.

Go tobann mhothaigh Somhairle sliocht abairte a chuir ar a fhaichill é:

"...an cailín gorm a tháinig leis an mhinistéir úr..."

Ghéaraigh sé ar a chluais. Cén bhaint a bhí ag an bhaicle shuarach úd le Máire Gráinne?

"...thaispeáin muid daoithi an iris sin le mná gorma a thug Réamann leis ó Stócólm..."

"...sciobamar linn a cíochbheart..."

"...agus nuair a theilg sí ar an urlár shíl seanóinseach na diagachta gur ar meisce a bhí sí..."

Tháinig fearg agus náire ar Shomhairle. Fearg nár ghlac riamh roimhe é. Fearg an treallchogaí éadóchasaigh a bhfuil a chlann is a mhuintir uilig maraithe ag lucht forghabhála na tíre, agus é á mhothú féin in inmhe gach saighdiúir de chuid na namhad a chéasadh chun báis gan scrupaill coinsiasa ar bith. D'fhan sé tamall fada ag stánadh go fíochmhar ar an diolúnach dhamanta a bhí ag maíomh as an ionsaí a rinneadh ar Mháire Gráinne, go dtí gur thug an bodach fá dear é.

"Cén seort spéise atá agat ionam, a chunús, a phiteachán", ar seisean le Somhairle go dúshlánach. "An mba mhaith leat an dorn seo i do phus!" D'éirigh Somhairle as an starógacht, agus bhuail racht eile scolgháirí na buachaillí anaithnide. "Chan fhuil lá saighdiúireachta ann", a d'áitigh siad ar a chéile, "chan fhuil de dhíth ach bagairt amháin agus cacfaidh an cladhaire lán a bhríste ar an toirt."

Má bhí Somhairle araiciseach féin chun girseachaí óga a fheiceáilt á náiriú ar an scáileán ag teacht isteach anseo dó, thréig an fonn sin é láithreach bonn, agus é i ndiaidh a chluinstin chomh taismeach agus a d'éirigh do Mháire. Bhí aiféaltas air. Eisean ag amharc ar fhíseán craicinn anseo in éineacht le lucht céasta an chailín ba deise dár casadh air riamh!

Ní raibh lá foinn air bheith ina fhear páipéir a thuilleadh. Bhuail an tallann é a dhul i bhfianaise Mháire comh géar gasta is a thiocfadh leis le fáil amach cad é mar a bhí sí.

Chuaigh sé ar lorg Eoin le leithscéal éigin a dhéanamh faoi nach bhfanfadh sé leis an scannán a fheiceáil.

"Tá go maith", arsa Eoin. "Ach cogar i leith áfach beagáinín. Chonaic mé i ruball mo shúl go rabh an triúr udaí ag cur cáir orthu féin leat. Mura bhfuil siad in ann iad féin a iompar go sibhialta caithfidh mé ar an tsráid láithreach iad. Má tá siad ag cur isteach ort..."

"Bhail, ní hí an ghnúis is mó cairdeas a bhí orthu liom, ach ní hiad is ciontaí le seo. Is amhlaidh go bhfuil mé i ndiaidh barraíocht caife a shlogadh síos, agus mo chuid putóg fríd chéile ar fad."

Ba gheall leis an fhírinne é seo, nó an sórt caife a bhíodh Eoin a ghiollacht dá chuid cuairteoirí bhíodh sé comh dubh agus go gcuirfeadh sé sciodar buainní ar eilifint. Ní raibh sé ag teacht le goile Shomhairle go rómhaith inniu, ar aon nós.

"An bhfuil sé ag luí go holc ort?" a d'fhiafraigh Eoin.

"Tá", arsa Somhairle, agus ní raibh sé ródheacair aige gnúis chráite a ligean air féin. "Is eagal liom go dteánfaidh mé cac orm cibé soicind. Caithfidh mé pilleadh chun an bhaile."

"Bhail, tá leithreas againn anseo fosta, ar eagla go gcaillfeá an físeán..."

"Sílim nach mbeidh feiceáil an fhíseáin ionam agus leath mo chuid cruógaí cactha amach agam", a d'fhreagair Somhairle go searbh.

"Ó, tá an ceart agat is dócha. Bhail, slán leat."

"Slán agat."

Ag dul abhaile dó bhí Somhairle ag smaoitiú cad é ba chóir a dhéanamh nuair a chasfaí Máire air. An inseodh sé an fhírinne di fá dtaobh den áit a gcuala sé trácht ar an ionsaí a rinneadh uirthi? Dá n-insíodh, chaithfeadh sé dearmad a dhéanamh de chleamhnas nó suirí le Máire. Ní bheadh sí sásta choíche grá a thabhairt do bhuachaill agus é chomh tugtha sin do gháirsiúlacht. Ach b'fhéidir go mbeadh an oiread sin measa aici ar a ionraiceas agus go mbeadh sí toilteanach glacadh leis mar ghnáthchara?

***

"Bhuel a Mháire", arsa an tUrramach Amhlaoibh go mífhoighneach lena iníon altrama, "fuaireas litir ó Phríomhoide do scoile, agus é ag cur i do leith gur thánais ar scoil ar na stárthaí dubha, ionas gur sceithis carn urlacain ar an urlár. Deir sé, leis, gur dhiúltais do chuid sceitheanna a ghlanadh i do dhiaidh, agus mar bharr ar an ndonas so is dóigh le mo dhuine gur mhaslaís duine des na múinteoirí a bhí i láthair."

Rinne an Ministéir tost beag le h-éirim a chuid focal a chur i gcion sular lean sé leis.

"Is ar éigean a chreidfinn uathu na síscéalta amaideacha so dá mbeifeása tú féin sásta malairt cur síos a thabhairt ar pé rud a thit amach ansan, ach níl gíog ná míog asat, a chailín. Ní dual dhuit a leithéid seo ar aon nós, má thá aithne agam ort, agus is é mo thuairim mhacánta féin go bhfuil. Mura bhfuil aon chosaint agat, ní bheidh an tarna rogha agam ach glacadh leis na líomhaintí seo mar fhírinne, cuma cé chomh deacair athá sé. Inis dhom do scéal féin anois, le do thoil."

D'amharc Máire Gráinne go dáigh eadar an dá shúil ar a hathair gan leathfhocal a scaoileadh thar a béal.

"Labhair amach anois, a dhalta", a d'agair an Ministéir í. "An bhfuil ní ar bith le ceartú agat ins na scéalta so, nó an fíor iad? Bheadh áthas an domhain orm dá gcruthófá ná fuil iontu ach aithiseoireacht!"

Mura gceileadh dath donn dorcha a craicinn é, d'aithneodh an Ministéir ar áit na mbonn lasair na feirge i leicne na girsí. Bhí sí glan as a crann cumhachta, agus an t-aer féin ag drithliú ina timpeall. Fá dheireadh tháinig an chaint ar ais aici.

"Níl sa seafóid sin uile ach éitheach millteanach uafásach agus caldar bréige ná beidh a leithéid eile ann go deo na ndeor! Mo sheacht gcéad mallacht is fiche ar an bhfocadóir damanta déanta cruthanta suarach a chum agus a cheap an cacamas úd..."

Ní raibh aon choinne ag a hathair leis an rois seo d'eascainí, agus iontas agus uafás air ag cluinstin foclóir na gramaisce sráide á reic chomh líofa sin ag a iníon dhea-mhúinte. D'ardaigh sé a lámha mar a bheadh sé ag iarraidh rabharta na bhfocal gránna a thoirmeasc le neart a dhorn.

"Beir ar do stuaim, in ainm Dé, a chailín!" a d'imigh ar an Urramach. "Nílimid i gcall drochchainte anso. Ní mise a cheap an cacamas, mar a thugais air. Abair anois i dtús báire an rabhais ólta dháiríre?"

"Dherá, ní rabhas! Ba chóir duit aithne níos fearr a bheith agat orm. An dócha leat go raghainn ar scoil le druncaeracht a dhéanamh os comhair súile na múinteoirí?"

"Caithfead a admháil ná fuil róchuma na fírinne air, ach más amhlaidh féin, is deacair a shamhlú go gcuirfeadh formhór mhúinteoirí na scoile le chéile i d'aghaidhse. Bíonn teoiricí comhcheilge saghas dochreidte agam."

"N'fheadar cé acu ann nó as do chomhcheilg anso", ar sise, "ach pé scéal é níl ann ach éitheach. Is fíor dóibh an oiread san agus gur chuireas amach carn réasúnta sceithe, ach má tháinig déistin orm ar scoil ní ólachán ar bith ba thrúig leis ach Réamann an Ramallae."

"Réamann an Ramallae? Cé hé sin agus conas a baisteadh mar sin é?"

"Níl ann ach rógaire de chorpfhorbróir, agus gasra de bhithiúnaigh eile ina thimpeall. An drong san uile a d'ionsaigh mé, agus iad do mo mhéaradradh is do mo chrúbáil, gan trácht thar an liarlóg a bhí siad a choinneáil fé mo shróin."

"Liarlóg?"

"Iris éigin ná fuil a leithéidí le ceannach ach sa Danmhairg nó san Ollainn, a déarfainn, agus pictiúirí ann de chailíní gorma á n-éigniú ag seanphocleandair ar comhaois leis an bPríomhAire, nó rudaí níos measa fós. Is dealraitheach gur chreideadar go dtiocfadh drúis an domhain orm agus mé ag féachaint ar an scadarnach urghráiniúil sin. An iontas dá laghad é gur bhuail déistin mé?" Bhí deora móra troma ag titim ina ndobhair anuas lena leicneacha, agus a glór á thachtadh ag an tocht.

"Mo leanbh go deo deo", a scairt a hathair. "Tháid siad dulta glan thar fóir anois! Coir thromchúiseach athá ann, drochiarracht más buan mo chuimhne a thugtar uirthi i leabhar an dlí! Cuirfead an dlí ar an drong san chomh cinnte agus athá an Cháisc ar an nDomhnach! Agus thar aon rud eile glaofad ar an dteileafón ar an bpleidhce sin de phríomhoide nach fiú a ainm é! Ceartód an scéal ó thús deireadh!"

Lig Máire Gráinne osna léanmhar aisti. "Ní thuigeann tú lí na léithe, a Dheaidí. Is mac do bhoc mór éigin é an Ramallae, do bhall de Chomhairle na Cathrach, agus thairis sin thá an buachaill féin ina laoch lúthchleasaíochta. Bíonn sé ag caitheamh an oird is an ghráin is acra ar bith eile le clú an bhaile a chosaint, agus craobhacha is duaiseanna gnóthaithe aige. Mura bhfágann san os cionn an dlí é i dtír tairngire seo an spóirt, ní lá fós é. Thá cead a gcinn ag an ndrong san, pé diabhlaíocht a rithfidh leo, agus má chuireann tú an dlí orthu, beidh a seacht n-uain acu mé a éigniú is a mharú sara mbeidh an phróis críochnaithe." Choisc a gol a guth anois, agus ní thiocfadh focal léi a thuilleadh. Chuir a hathair a lámha thart ar dheasóig an chailín, nuair a chualathas cling an chloig ón doras mhór.

"Cén t-amadán a roghnaigh a leithéid d'antráth le níos mó corraí a chur orainn..." a d'úirt Pirkko (Bríd), máthair Mháire, de mhonamar ciúin léi féin. Thóg an Ministéir léim an halla gur fhoscail sé an doras.

Agus cé hé a bhí ansin murarbh é Somhairle é!

"Dia duit, a Urramaigh" a bheannaigh sé go cotúil.

"Dia is Muire dhuit, a stócaigh", a d'fhreagair an Ministéir. "An miste dhuit a rá cé hé thusa agus céard athá ag teastáil uait?"

Ba fuar an fháilte a bhí ag an Mhinistéir roimh an chuairteoir, agus tháinig cineál faitíos ar an ghasúr. Ní tháinig lagmhisneach air, áfach, tharla go mb'eol dó cad é ba chúis leis an doicheall.

"Is cara le Máire Gráinne mise", arsan stócach de leathchogar, agus tachtadh na heagla ag maolú ar a ghuth. "Somhairle Paannevuoma is ainm domh. Mhothaigh mé iomrá ar an ionsaí a rinneadh ar Mháire, agus buaireamh orm fúithi. Chan fhuil de dhíth orm ach a fhoghlaim goidé mar atá sí. Mura ligidh tú thar an tairsigh mé, tuigfidh mé do chás go maith agus mé sásta imeacht liom láithreach, ach ba mhaith liom tú inse domh goidé mar atá sí..."

Mhair sé ag áitiú is ag agairt is ag impí mar sin go dtí go dtáinig cuma na tuisceana ar an fháidh sheantiomnúil sin de Mhinistéir.

"Iomrá a chualaís? Cén saghas iomrá?"

Chreathnaigh Somhairle le teann péine agus náire agus é ag cuimhneamh cá háit a gcuala sé trácht ar an scéal sin an chéad uair.

"Bhail, leoga muise", a thoisigh Somhairle go héiginnte, agus é ag cuardach na bhfocal ab fhóirsteanaí don ócáid, "is é rud...is amhlaidh...nach dtig aon scéal a choinneáil ceilte ar mhadraí an bhaile seo...Chuala mé bodach ínteacht ag déanamh gaisce as...as cibé rud a rinne siad uirthi...agus baineadh scanradh asam..."

D'aithin an Ministéir an chritheagla i nglór an ghasúir, agus é ag éirí beagnach fáiltiúil ag tuiscint dó go raibh an t-ógánach seo dháiríre chomh buartha sin fá Mháire.

"Tar isteach, a mhic-ó!" ar seisean go cairdiúil, "agus fan go gcuirfead ceist uirthi an bhfuil sí sásta cuairteoirí a ghlacadh."

Lean Somhairle an Ministéir isteach agus bheannaigh go múinte dá mhnaoi chéile. Bhí Máire ar shiúl isteach ina seomra féin. D'iarr Bríd air suí faoi i gceann de na cathaoireacha timpeall ar thábla an pharlúis agus fanacht go dtigeadh Máire Gráinne á iarraidh isteach chuici.

"A Mháire, a dhalta", a scairt an tUrramach Amhlaoibh, "ba mhaith le Somhairle Paannevuoma fáil amach an bhfuileann tú beo i gcónaí."

D'oscail Máire doras a seomra agus tháinig amach. Bhraith Somhairle a chroí ag greadadh taobh istigh dá chluasa agus é ag ardú a shúile le radharc a bhaint as an ghirseach. An raibh sí ceart go leor?

Bhí cosúlacht sách sláintiúil uirthi, ach amháin go rabh lorg na ndeor ar a leicneacha, agus a dhá súil ina gcaora dearga comh maith.

"A Mháire, a chuid", ar seisean, "nach mór an t-áthas d'fheiceáilt slán sábháilte! Chan fhuil léamh ná scríobh ná inse béil ar an stangadh a baineadh asam nuair a chuala mé fána dtearnadh ort! Goidé mar atá tú ar scor ar bith?"

"Beo ar éigean", ar sise go searbhasach. "An bhfuil siad ag déanamh mórtais as cheana?"

"Tá", a d'fhreagair Somhairle, agus an meangadh ag titim dá liopaí. "Sin é an seort cathrach atá againn anseo."

Cheangail siad a gcuid méar ina chéile, agus iad ag fanacht tamall fada mar sin, ag amharc ar a chéile agus ag comhrá go ciúin.

(Críoch le Caibidil a Dó)

Caibidil a Trí