AN TREAS CAIBIDIL

AN FIÚ AN FHÍRINNE A DHÉANAMH?

Panu Höglund

Suaite corraithe measctha a mhothaigh Somhairle a chroí, agus é ag fágáil slán ag Máire Gráinne is a muintirse le filleadh abhaile. Bhí mórtas air, ar ndóigh, ar son chomh maith is a d'éirigh leis cian a thógáil dá bhanchara. Má bhí sé d'iomrá air amuigh i measc an aos óig nach raibh ann ach stróinse cotúil ciotach gan chomhábhair an chéile chomhrá is chomhluadair, sháraigh sé críocha a charachtair anois agus chuir náire ar lucht an mhíghrinn. Thug sé an t-éitheach don dream dhamanta sin!

Ba dóigh leo, b'fhéidir, go dtiocfadh leo cos ar bolg a choinneáil air go deo na ndeor, ach bhí ciapóga orthu: ní raibh Somhairle le stopadh! B'é an rud a tháinig chun solais anois, ar a laghad, ná go raibh sé ábalta an drochamhras a scaipeadh a bhí ag athair Mháire ina leith, gan aon trácht a dhéanamh ar cé chomh héasca agus a chuaigh aige an ghirseach féin a shuaimhniú agus sólás a thabhairt di. Cá bhfios - b'fhéidir, i dtaca le holc, gur fear maith ionraic dea-chroíúil a bhí ann ó fhréimhíocht, ach amháin nár cheadaigh an chathair chaca seo dó an taobh sin dá dhúchas a nochtadh d'aon duine go dtí seo?

Rith amhrán leis, seanamhrán punc de chuid Phelle Miljoona, an diúlach udaí a bhíodh ag craobhscaoileadh soiscéal an tsíochánachais sa tír i dtús na n-ochtóidí:

"Ní fíor é gur amadán mise...
Ní fíor é gur fear gránna mise...
Ní fíor é gur coirpeach mise...
Is álainn mé, is cróga mé, is dalba mé, rugadh mé le bua a bhreith!"

Chuaigh a chroí a ghreadadh ní ba ghaiste, agus na focail seo ag teacht fríd a intinn.

San am chéadna, áfach, bhí a choinsias á chur is á athchur i gcuimhne dó gur theip air an rud tábhachtach féin a chur i gcrích a bhí de rún aige a dhéanamh agus é ag teannadh le teach mhuintir Mháire: níor admhaigh sé leis an chailín an peaca uafásach ariamh gur ó lucht a céasta-se a chuala sé an chéad iomrá ar an ionsaí a tugadh fúithi - agus gur ag freastal ar airneán pornagrafaíochta a bhí sé!

D'fhéach sé le glór a choinsiasa a chur ina thost: an raibh de dhíth ar Mháire Gráinne a leithéid sin a fhoghlaim an turas seo, i ndiaidh an scanradh mór millteach sin a fháil i gcrúbaí Réamainn agus a dhroingesean? Ag dréim le sólás a bhí sí ó Shomhairle, ní ag iarraidh léargais ar a shaol rúnda náireach! Ní dhéanfadh sé ach cur lena pian dá rachfadh sé a bhaint mealladh aisti lena chuid faoistine.

Níor shásaigh an méid seo a choinsias, áfach. "Nach é an rud go bhfuil tú i gcónaí ag fantaisíocht fá do chuid a fháil uaithi? Bíodh náire ort, a dhrúiseoir dhéanta! Is uchtnighean do Mhinistéir í! Caithfidh sé gur cailín cráifeach atá inti nach rachfadh bealach na mbraithlíní le h-aon bhuachaill ach í a bheith pósta ceangailte leis. Déan dearmad de do chuid brionglóidí brocacha agus beir ar an trí splaideog siosmaide atá fágtha eadar do dhá chluais: cha mbíonn lá áiméir agat!"

Agus é ag tarraingt ar ais ar a bhloc árasán féin bhain Somhairle amach páirc na gcluichí, agus é ag dul thart léi feadh an chlaí cláraí. Cé go rabh an tráthnóna ag teannadh amach ar a naoi a chlog, bhí na soilse os cionn rinc an oighir ar bharr lasrach, agus na hacadóirí óga á dtraenáil ansin go fóill. Mhothaigh Somhairle a gcuid glórtha ag scaoileadh mionnaí móra mímhúinte le chéile. D'éirigh le foireann amháin an poc a shá i gcúl na coda eile - agus nach dlúth ramhar a rinneadh an t-aer ansin le heascainí an taoibh a bhí thíos leis. Tháinig leamhgháirí ar bhéal Somhairle agus é ag smaoineamh ar an fheachtas bolscaireachta ar an teilifís ar láthair na huaire: na heagraíochtaí lúthchleasaíochta is cluichíochta ag maíomh as an tsárobair a bhíodar a dhéanamh ag tógáil na n-áibhirseoirí óga le suáilcí Oilimpeacha na seanGhréige, gan aon trácht a dhéanamh ar chothrom na Féinne. Nó fair play, mar ab fhearr leo a rá, ag aithris ar uaisle na Sasana a chuir bun le cultúr spóirt ár linne, más fíor.

An raibh na hamadáin sin in ann a gcuid bréaga féin a chreidiúint? Bhí a fhios ag gach aon duine idir uasal is íseal, idir Fhionlannach is Shasanach b'fhéidir, gur as measc na lúthchleasaithe a thagadh díogha agus deireadh na ndaoine óga. Réamann úd an Ramallae a rinne an drochiarracht ar Mháire, nach laoch spóirt ab ea eisean, cuir i gcás? Nó an "Pumpa"? Corpfhorbróir den scoth a bhí ansin, cnapán mór millteach de bhithiúnach ar comhchuma is ar comhintleacht is ar cóimhéid le drisiúr cistine, agus é i dtólamh ag caitheamh seile is achasán ar Shomhairle. Ba mhilis a bhlaiseadh an bhiotáille ar a theanga fosta, mar a mhaíodh sé féin go bródúil, idir phoitín agus phairlimint; ach ba chuma fán fhírinne le lucht na bolscaireachta, agus iad ar a seantéad i gcónaí ag spalpadh leo fá shaol folláin an lúthchleasaí a bhí sábháilte, mar dhea, ó thruailliú an tobaca, an alcóil is na ndrugaí.

Ar fhágáilt pháirc na gcluichí ina dhiaidh dó tháinig Somhairle faoi scáth na scoile a bhfreastlaíodh sé féin uirthi go dtí go dtug sé aghaidh ar mheánscoil Phaiholansaari i ndiaidh dó an bhunscoil naoi mbliana a chríochnú. SCOIL KHUPPAKANGAS - ARDRANGANNA BUNSCOILE AGUS MEÁNSCOIL. Bhí na scáthláin ann go fóill áit a mbídís lena linnsean, agus ní tháinig ach cúpla scríbhinn úrscrábáilte ar bhallaí na bialainne idir an dá linn.

Teach beag a bhí ins an bhialann, scartha ó fhoirgneamh mór na scoile, agus ceardlann cearpantóireachta faoi aon díon léi. Ba chuimhin go rómhaith le Somhairle an tríú Déardaoin in Aibreán na chéad bhliana ar an scoil seo dó. Rang a seacht den bhunscoil naoi mblian, mar a deirtear go hoifigiúil, an chéad Ardrang Bunscoile. Bhíodh ar na buachaillí fanacht le múinteoir na cearpantóireachta go ceann leathuair an chloig, agus clós na scoile tréigthe glan ag na scoláirí eile i bhfad roimh theacht dó. Ina suí faoi na fraitheacha a bhídís gan duine fásta ar bith á n-anacal ar a chéile, ins an phasáiste chúng trasna fríd an teach idir an cheardlann is an bhialann, áit a mbítí ag ciúáil fá choinne an bhia ag a haon déag a chlog gach lá. Ansin bhí gach aon áiméar ag bligeaird is rógairí an ranga a rogha cleas nó diabhlaíocht a imirt ar an chuid eile. Agus dheamhan moill a bhíodh orthu sult a bhaint as an chumhacht neamhshrianta seo.

Bhí ní ba mhó ná a cheart d'éagóir is de ghéarleanúint fulaingthe cheana ag Somhairle roimh an bhabhta udaí, ach an t-uirísliú a bhain dó an lá áirithe sin ní dhearna sé dearmad air ariamh. Thug na gasúraí greasáil dó nach mba chuimhin leis a leithéid eile, siúd is go mba chuimhin leis a lán, agus mar bharr ar an tubaiste nár bhain siad fiú a bhríste de lena bhall fearga a nochtadh don tsaol mhór - agus beirt girseach ar an ghrúpa cearpantóireachta seo, maille leis na buachaillí uilig! Le lomlán na fírinne a dhéanamh, bhí Somhairle cineál doirte do mhnaoi acu mar gheall ar a cíocha deasa cruinne (rud tábhachtach a bhí iontu do bhuachaill trí bliana déag) agus nuair a chuaigh sise a sciotaíl gháirí fá dhoghrainn Shomhairle, ghoill pian na mbuillí an dá oiread ar mo dhuine.

Tríúr buachaillí a thug na greidimíní sin dó. Iarchara de chuid Shomhairle a bhí i gceannas ar an bheirt eile: Petri Reponen, duine de theaghlach ceoltóirí a raibh clú is cáil orthu ar fud na tíre, agus é éirithe ina dhiabhal dhéanta le cúpla bliain anuas, nó ba bheag seachtain nach dtabharfadh sé leadóg boise nó straiméad doirn do Shomhairle. Ó bhí sé cairdiúil le Somhairle, tráth, sula raibh deich mbliana slán ag aon duine acu, b'fhéidir go raibh aige a chruthú don chuid eile nach raibh lá cairdeasa ná dílseachta fágtha ann i leith mo dhuine.

Pekka Kuoppanen ab ainm don dara duine acu. An té a d'fheicfeadh an chéad uair é shílfeadh sé nach raibh ann dháiríre ach mac feirmeora gan olc gan urchóid, agus é ag cur go huile is go hiomlán le híomhá an ghlas-stócaigh mhacánta ón tuaith ó thaobh na cosúlachta de: folt geal catach gruaige ag eascairt go raidhsiúil óna chloigeann, agus súile lonnracha dealraitheacha taitneamhacha ag freagairt ar do radharc féin go hionraic oscailte. Bhí abhóg ann áfach, nó thiocfadh leis forrán forbhfáilteach a chur ort inniu agus an inchinn a stealladh asat amárach. Mar sin, bheifeá ar bharr amháin creatha agus é ag teannadh ionsort: cén seort giúmair a bheadh air inniu? Thairis sin, bhi sé chomh tugtha do thoitíní agus go gcuirfeadh boladh a anála tinneas farraige ort.

Ari Suominen ab ainm agus sloinne don tríú fear acu go hoifigiúil, siúd is nár chualathas aon ainm eile á thabhairt air leis na blianta beaga anuas ná Sumppi, nó Súlach Caife. Ní raibh ann ach cleitire beag nach mbeadh de shaighdiúireacht ann riamh Somhairle a ionsaí ach beirt áibhirseoirí eile a bheith mar chúltaca aige.

Lig Somhairle osna agus thug cúl a dhroma leis an tseanscoil. Ní raibh ach achar gairid fágtha roimhe anois, agus ansin bhainfeadh sé an baile amach. Go tobann mhothaigh sé scairt lán mioscaise a chuir a chuid fola ag reo sna féithe:

"Amharcaigí ar Shomhairle na Leabharthach! An dteachaidh aige an cailín gorm a chlárú?" Agus seitgháirí graosta gáirsiúla ag baint macalla as ballaí na mblocanna máguaird.

Faoi rothaí na gréine, cad é an dóigh a n-éiríonn leis na diúlaigh dhamanta udaí i gcónaí gach aon rún a fháil amach is a reic leis an tsaol mhór? Bhraith Somhairle fearg fhiáin ag teacht air...

Thiontaigh sé thart ar a shálacha le hamharc a fháil ar spíodóir na scairte. Ach - iontas na n-iontas! Má dhearc sé féin ina thimpeall, ní fhaca sé duine ná deoraí fad a radhairc uaidh. An ag rámhailligh a bhí sé?

***

Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé athchuireadh ó Eoin an scannán leathair a fheiceáil, nó bhí a thuismitheoirí amuigh arís, agus cead a chinn ag a macsan tráthnóna. Ní raibh an chuid eile de na stócaigh ag teacht an iarracht seo, a dúirt Eoin:

"Thug mé fá dear go rabh cleaicín ínteacht anseo ar an airneál agus iad amuigh ort." An bhréag a chum Somhairle faoi dheifre fán tinneas goile, níor chuir sé dallach dubh ar Eoin, ach ba chuma sin: ní raibh lá barúlach aige fá cad é ba bhunrúta leis an mhíthaitneamh a ghlac Somhairle leis an bhaicle. "Más é an rud atá de dhíth ort ná do shult a bhaint as an fhíseán gan aon duine a bheith ag cur isteach ort féadfaidh muid a cur ar obair agus amharc air inár n-aonar."

"Go rabh maith agat, a Eoin", a d'fhreagair seisean, "ach nach dtiocfadh linn dearmad a dhéanamh den scannán agus comhrá a tharraing orainn ina ionad?"

Ní ar an phornagrafaíocht amháin a bhí a gcairdeas beo, ba dhóichiúla a mhalairt dháiríre; nó chaithidís i bhfad ní ba mhó ama ag caí is ag cardáil a gcruacháis féin, ag déanamh an bhéil bhoicht le chéile is ag caitheamh anuas ar lucht a gcéasta. Ar ndóighe, ba mhinic a thráchtaidís ar chailíní chomh maith - cailíní a bhí ag batalaigh orthu, cailíní nár ghlac lena gceiliúir rómánsúla, cailíní a chaith seile orthu. Cailíní a shantaídís gan dóchas as a ndúil a fháil.

"Thiocfadh, gan amhras", a d'fhreagair Eoin. "Chan fhuil aon mhaith ins na físeáin i ndiaidh an iomláin."

"Tá mise anois ag iarraidh éirí astu scun scan. Sílim go bhfuil barracht dochair iontu. Is féidir go n-éireochaimid róthugtha dófa mura seachnaimid orainn féin. Uaireanta tchíthear domh mar a bheadh duine de lucht na ndrugaí ionam agus an dúil nimhe seo agam ins na físeáin."

"Tuigim do chás", arsa Eoin. "Tá a fhios ag Dia nach bhfuil iontu ach sop in áit na scuaibe. Ba mhaith liom féin an drochnós a thabhairt suas, ach is ar éigean a thiocfainn gan é." Rinn sé tamall beag smaointeoireachta - ní raibh de dhíobháil dháiríre ach leathshoicind gur rith leis a fhiafraí dá chara: "Nó an eadh go bhfuil tú i ndiaidh an coimeadar a chur ar mhnaoi ínteacht? A sheanrógaire! Nach iomaí uair a d'úirt mé leat gur leatsa a d'éireochadh i gceann aimsire girseach a mhealladh!"

"Cé a chuir a leathbhreac sin de bhreallánacht in do chloiginn, a amadán?" a sciorr ar Shomhairle.

Ní dhearna Eoin ach gáirí. "Más ag éirí as na físeáin atá tú, chan fhuil sé deacair ar scor ar bith an chuid eile den scéal a dhéanamh amach", ar seisean ag fonóid gan urchóid. "Ach is cuma. Gabh anall anseo go gcairdeálaí muid an scéal. Beidh eadar chaife agus uachtar reoite in d'araicis."

Bhí Somhairle sásta glacadh leis an chuireadh, ach tháinig oibriú intinne air fána raibh ar eolas ag a chara. An raibh an scéal amuigh cheana go raibh caidreamh ar obair idir é agus Máire? D'fhág sé slán go fóill ag Eoin agus chuir an glacadán ar ais ar bhac an ghutháin.

"A Mhaimeó", a scairt sé ar a mháthair chríonna, "sciordfaidh mé anonn chuig Eoin!"

"Ó, a rún", a d'fhreagair an chailleach go meallta, mar ba dhúcha di, "an fada a bhéas tú aige?"

"Is fada, cinnte", arsa an stócach go dian.

"Nach trua duit mise i m'aonar anseo?"

"Beidh comhluadar agat inniu, agus Maime ag teacht 'na bhaile ó Khonnankoski. Beidh cupa caife agaibh le chéile. Mo dhálta féin ag Eoin."

"An caife a bhéas agaibh ansin?"

"Cad eile?"

Agus ó tharla go raibh meas an rud naofa aici féin ar an chaife, stad an tseanbhean den chasaoid.

Bhí máthair Shomhairle ag teagasc Béarla agus Sualainnis i mbunscoil bhig i gKonnankoski, fá chúpla doisín ciliméadar de chathair Narkkaus. Chaitheadh sí na deirí seachtaine ins an bhaile, ach ba léir go raibh sé ag sárú uirthi an dá thráigh a fhreastal, agus an tseanchailleach ag éileamh a cirt comh maith leis an jab. Ní raibh Somhairle in ann mórán a dhéanamh fá bhaile agus é ag caitheamh laethanta fada tuirsiúla ar scoil, agus ní raibh cuidiú le fáil óna athair Valter ach oiread.

Fear ab ea é Valter Paannevuoma a raibh gealladh mór faoi agus é ag dul ar scoil ina chompal dúchais ins an Ostrabóitne dhá scór bliain ó shin, ach más amhlaidh féin, chuaigh de a chuid staidéir ollscoile a chríochnú, siúd is gur iomaí brainse eolais a bhlais sé. Bhíodh sé in ainm a bheith ag obair, nó ag déileáil le mangarae - páirteanna meaisíní agus giúirléidí eile den chineál chéadna. Nuair a fuair sé suim dheas airgid le hoidhreacht a thuistí - agus an dís sin ag iompar na bhfód le ceithre bliana anuas - d'infheistigh sé (mar a deireadh máthair Shomhairle le greann dóite) an méid i dteach dhá stór ar imeall na cathrach - ar an taobh eile ar fad den bhaile mhór - seachas árasán bloic eile a cheannacht i bhfoigseacht don cheann seo, rud ab fhearr le Maime.

Agus ba mhairg nach n-aontódh léi, nó ní raibh Deaidí in ann aon bhail a choinneáil ar an teach s'aige. Chuaigh an foirgneamh glan chun sioparnaí ó fuair seisean seilbh air: bhí an garraí lán seanbhallóga gluaisteáin, agus an phéint ag titim ina scraitheacha de na ballaí. Chuir cosúlacht smolchaite na háite isteach ar a chuid comharsanach oiread is go ndearnadar a ngearán leis na húdaráis, ach má rinne féin, ní raibh gar ann. Ba chuma le Deaidí a raibh na daoiní eile ag síleadh dá chuid gnóthaí, agus ní tháinig aon phróiste dlí as an scéal sin riamh: b'fhéidir gur tuigeadh do lucht an Bhardais gur fear mire a bhí ann nach dtiocfadh comhairle a chur air ná cúiteamh a bhaint as.

Bhí saol dá chuid féin ag Deaidí, ar a laghad, i dteach Khurjasalonkuja - mar a d'ainmnítí é as an tsráid ina raibh sé suite. Ach mar ba ghnách le Somhairle a shíleadh: ó ba rud é nach raibh a leithéid sin ag aon duine eile den teaghlach seo, cén saincheart a bhí ag Deaide bheith ina sháimhín suilt amuigh ansin, beag beann ar bhabhtaí migréine Mhaime agus ar thallannacha siabhráin Mhaimeó?

Chuaigh Somhairle suas cnoc an Túir Uisce arís gur shroich sé an bloc beag árasán ag bun an túir taobh thiar den teampall bheag faoin chnoc - "Ionad na hOibre" a thugtaí ar an teampall, nó bhíodh ceardlann oibre á reachtáil ansin tráth den tsaol le fostaíocht a chinntiú do dhaoine a raibh cithréim ar a n-inchinn. Ní ansin a bhí an t-ionad sin ag oibriú a thuilleadh, siúd is go dtigeadh na mallintinnigh go dtí an foirgneamh céanna le haghaidh seirbhísí eaglasta i gcónaí. Ba chuimhin le Somhairle é ag teacht chun an teampaill seo le freastal ar an scoil chóineartaithe agus é á ullmhú féin chun a dhul faoi lámh easpaig in aois a cheithre mbliana déag. Bhíodh sé i gcónaí i gcuideachta an t-aon dlúthchara amháin a bhí aige ag an am, Marko Heikkinen (nó Marcas Mac Annraoi as Gaeilge), agus an bheirt acu scanraithe roimh na heasláin agus an dream sin ag teacht ar cuairt chun an Ionaid.

Ní ábhar sceimhle a bhí sna rudaí bochta áfach, mar a tuigeadh do Shomhairle le linn d'Eoin a bheith ina fheighlí ar scata acu. Chaith sé tréimhse i gceann na hoibre sin, agus dá mbeadh duine ar bith eile ina áit sa bhearna bhaoil sin, thuillfeadh an fostó seo clú is cáil an dea-dhuine dhéanta is an Chríostaí chruthanta dó: bheadh cailleacha an mhíghrinn féin ag sileadh na múrtha deor fá charthanacht an bhuachalla. Ó tharla míchlú an andúiligh phornagrafaíochta air roimhe sin, áfach, gan aon trácht a dhéanamh ar na luaidreáin eile, bhí a ghlanathrú de phort ag na haithiseoirí, agus iad ag sciotaíl seitgháirí fá "chomhluadar a mhacasamhlach féin" a bheith ag an stócach fá dheoidh.

Bhí cineál bunúis leis an líomhain sin, nó d'iompaigh Eoin amach a bheith an-ábalta réiteach leis na mallintinnigh, agus dáimh acusan leis comh maith. Dá gcaití anuas ar Eoin in éisteacht duine den dream sin, rachfadh an duine le Dia ar an daoraí le honóir a fheighlí a chosaint ar mhíchlú an tsaoil. Bhíodh suim pháistiúil ag na leathmheabhraigh i gcúrsaí craicinn, gan dabht, agus iad ag monabhar le chéile fá dtaobh den chollaíocht go mion minic. Bhíodh an chaint sin acu gáirsiúil go leor ar ndóigh, agus í trom torrach le mionna móra, ach ba chuma le hEoin fá sin. Nó bhí sé i dtaithí a leithéide fearacht na bhfear óg uilig, murarbh ionann agus na mná scothaosta a mb'iad an chuid eile den fhoireann iad. Déanta na fírinne ba mhór an sult a bhaineadh Eoin as an tseanchas seo, nó bhí a chuid easlán suite dearfa gur laoch mór suirí is banaíochta a bhí ann, mar Eoin. Théidís fiú a rómánsaíocht fá dtaobh de "chailíní Eoin", agus iad ar aon bharúil le chéile nach mb'ann do ghirsigh nach ngéillfeadh do cheiliúr cleamhnais óna ngiolla, comh doirte agus a bhí siad féin dó.

Ar ndóigh bhíodh doicheall agus drogall ar bhunadh na cathrach roimh lucht na leathchéille, mar a thugtaí ar an dream, agus b'iomaí eascaine a chluineadh na créatúirí seo ó phótairí sráide. Ní bhíodh daoine de lucht a mbanaltrachta féin comh lách ná cineálta sin leo ach oiread, agus an dearcadh acu gur obair drochghradaim ar fad a bhí ann. Ní raibh an mhóiréis seo ag roinnt le hEoin. Ó bhí sé an-trom air féin, ba duine é nach n-éileodh barraíocht; agus nuair a fuair sé an jab sin mar thoradh ar scéim fostaithe na n-óg, chaith sé a dhúthracht leis, ar an chúis shimplí go mb'é an sórt oibre a cuireadh ar fáil.

D'imigh sin agus tháinig seo, áfach: chaitheadh Eoin a shaol le díomhaointeas anois, agus é ag déanamh iontais de cá háit a mba chóir dó a dhul nuair a bheadh bliain an fhiannais istigh aige, cén sórt staidéir nó léann breise a rachfadh aige a ghlacadh as láimh agus gan de dhintiúirí aige ach ardteistiméireacht lagmheasartha. Ó am go chéile d'iarradh sé chuige a chuid carad, más féidir "cairde" a thabhairt ar an chuid ba mhó de lucht na bhfíseán craicinn: b'é Somhairle an t-aon fhíorchara amháin a bhí aige fán taca seo.

Chuaigh Somhairle suas an staighre go dtí an t-urlár ab airde agus bhain dreas clingireachta as clog an dorais. Tháinig Eoin ina araicis agus d'fhear sé a ghnáthfháilte roimhe. Chuir Somhairle an cóta mór de agus chuaigh a shuí os coinne an teilifíseáin chéadna ar ar taispeánadh an scannán craicinn ar an airneán pornagrafaíochta.

"Fan bomaite go dtabhraidh mé an bheadaíocht liom", arsa Eoin, agus é ag dul as radharc le huisce an chaife a thógáil den tinteog. Chualathas ar gail é cheana.

"An mba mhaith leat ceol?" a d'fhiafraigh Eoin agus é ag filleadh ón chistin le babhla an uachtair reoite comh maith le teirmeas an chaife. Gan fanacht le freagra óna chuairteoir chrom sé ar a bhailiúchán dlúthdhioscaí (nó "ceirníní léasair", mar a déarfadh sé féin) agus chuir György Ligeti á sheinm. Ní raibh aon chur amach aige ar phopcheoltóirí reatha an lae, agus é comh seachantach sin ar chomhluadar a chuid comhaoiseanna, ach ó chuala sé Ligeti an chéad uair mar cheol cúlra ar an scannán udaí The Shining, thosaigh sé a chur spéise sa cheol chlasaiceach. Bhí sé tugtha do Ligeti i gcónaí. Bhí breithiúnas éigin aige i leith scannánaíocht dháiríre agus péintéireacht fosta. Ní chuirfeadh sé spéis i litríocht as a stuaim féin, ach má mhol Somhairle leabhar maith dó, cuma cé chomh deacair duibheagánta a bhí sí, léifeadh Eoin í agus é ar a chroídhicheall ciall ínteacht a bhaint aisti. Ba mar sin a d'éirigh le Somhairle cuntas gairid a fháil uaidh ar imeachtaí Uiliséis le Séamas Seoighe: níor léigh sé féin an leabhar riamh, rud nach mb'eol d'Eoin, áfach. Déanta na fírinne ba mhór an sult saobh a bhain Somhairle as an smaoineamh go rabh leabhar léite ag a chara nach léifeadh oiread is aon duine amháin choíche acu siúd a bhíodh ag cur i leith Eoin nach raibh léann ná cultúr air.

Fear óg íogair ab ea é Eoin, duine de na hógánaigh ghoillsteanacha a chreideanns gurb iad na cailíní óga Cúirt Uachtarach an uile dhomhain, agus gurb ionann a gcuid seitgháirí agus breith an bháis. B'í an t-aon chomhairle amháin a fuair Eoin óna mháthair riamh i leith cúrsaí collaíochta, agus é ag teannadh anonn le haois an chéad drúis, ná gur neacha soghonta iad na cailíní - ná déan iarracht choíche buntáiste a ghlacadh orthu ná do ghaisneas féin a bhaint astu. Dea-chomhairle go deo a bhí ann, ar ndóigh. Ar an drochuair d'Eoin ní bhfuair na cailíní aon rabhadh riamh óna máithreacha fá shoghontacht na mbuachaillí.

"Ní hansa, a dheartháir, an bhfuil tú i ndiaidh an chluain Mhuimhneach a chur ar ghiodróig ínteacht anois?" a d'fhiosraigh Eoin, agus gail an chaife ina smúit cheo os coinne a cheannaithe. Chuir Somhairle cúpla ciúb siúcra ina chupa féin agus é ina thost meandar maith sular thug sé freagra ar a chara.

"Chan é an rud a déarfainn féin go bhfuil cluain nó coimeadar agam uirthi, ach aidmhím agus fáilte go bhfuil girseach ann agus seort caidrimh agam léithi; agus gurb é sin an fáth nach maith liom amharc ar na físeáin a thuilleadh. Nó is uchtleanbh í as tír ina mbíonn cailíní óga á ndíol le lucht déanta na scannán sin. Tá náire orm roimpi go bhfaca mé físeán craicinn riamh, an dtuigeann tú."

"Tuigim", arsa Eoin. "An as an Téalainn daoithi?" Bhí a fhios go rómhaith ag Eoin cás cailíní na Téalainne. Ní raibh sé comh soineanta sin go dtabharfadh sé isteach do chur i gcéill na n-irisí gáirsiúla agus iad ag áitiú ar lucht a léite go mba thraidisiún naofa é an striapachas sa Téalainn nach raibh aon náire ag baint leis. Chuir an tuiscint seo leis an ghráin a bhí ag Eoin air féin ar son a bheith tugtha don phornagrafaíocht, ach níor leor na scrupaill choinsiasa seo chun é a scaradh leis na scannáin chraicinn: d'fhillfeadh sé orthu arís agus arís eile.

"Chan as. Ins an Bhrasaíl a rugadh í."

"Ó, ar ndóighe. Tá's agam cé hí. Bíonn Maime ag seanchas fúithi go mion minic. Nighean altrama don mhinistéir úr í, nach eadh?"

"Is eadh."

"Tá seort aithne ag Maime ar an mhinistéir agus a mhuintir. Deir sí gur fear den chéad scoith eisean, agus char fhág sí fuíoll molta ar an ghirsigh ach oiread, ach is dócha go mbeadh an port céadna á sheinm aici fá dhuine clainne de chuid ministéir ar bith. Ní bhfaighfeadh sí locht ar dhuine eaglasta."

"Chan fhaighfeadh, leoga", a dhearbhaigh Somhairle. "Ach cibé fá do mháthair, caithfidh mé a rádh gur cailín iontach laghach atá ins an ghirsigh. Chan fhuil blas uabhair uirthi, agus is minic a tchíthear domh go dtuigeann sí gach rud uaim ar leathfhocal."

"Is mór an tíolacadh ó Dhia cailín agus í ábalta ar do thuigbheáil", arsa Eoin go smaointiúil. "Comhghairdeachas, a sheanrógaire. Bhí mé riamh den bharúil go mbeadh girseach agatsa fá dheoidh, murab ionann agus agamsa."

"Ná bí ag labhairt mar sin", a d'fhreagair Somhairle. "Chan fhuil inti ach gnáthchara."

"Go fóill", a chuir Eoin le sin, agus é ag bobáil súil ar a chara. "Nach méanar duit."

Mura raibh mórán measa ag Eoin air féin, bhí an oiread sin urraime aige dá chara agus nach raibh sé ag éad leis fán chailín ar aon nós. Bhí lúcháir ionraic air go raibh dóchas ag Somhairle as bruinneall na Brasaíle. Lúcháir agus cineál bróid. B'olc an seanadh a athrach. Nó dá n-éireodh le Somhairle leis an chailín bhainfeadh sé amach díoltas ar a shon féin agus ar son Eoin frína thaispeáint go rabh sracadh agus spionnadh fanta i gcónaí i nduine amháin, ar a laghad, den bheirt bhuachaillí seo a bhí faoi chois ag an chathair uilig.

******

Nuair a bhain Máire Gráinne amach an scoil an mhaidin udaí, b'é Réamann an chéad duine dár casadh uirthi ansin. Ina aonar a bhí sé, ach más amhlaidh féin, ní dhearna sin mórán maolú ar an scáth eagla a tháinig ar an chailín nuair a dhrann an t-amadán a dhrandal léithi agus é ag cur ceiliúir uirthi.

"Heileo, a Ghormóg! Goidé mar atá tú inniu?"

"Ní hé Gormóg m'ainm, muran miste. Agus is cuma duit sa diabhal conas atháim inniu. Dá laghad a gcím díot is amhlaidh is fearr dhom."

Chuir an méid seo colg ar an stócach, ach má chuir féin d'fhéach sé le srian a choinneáil leis féin. Chonaic Máire draid nimhe ar a phus, ach d'fháisc an buachaill an aoibh bhréige air athuair sular labhair sé arís:

"Ná bí ag sailíneacht orm anois, a stór", ar seisean, "ná bíodh fearg ort liom."

"Thá cúis mhaith feirge agam", a d'fhreagair Máire go giorraisc, "nó an bhfuil dearmhadta agat cheana conas a chaitheabhair liomsa an lá faoi dheireadh, tusa agus do chuid cairde! Náire oraibh mar scabhaitéirí!"

"Ná bí ag aibhéil", arsa Réamann, "nó cha rabh muid ach ag aicteáil ort."

"Ag 'aicteáil' a deir tú! Cén t-údar a bhí agat le do liarlóg uafásach leis na pictiúirí déistineacha a choinneáil fé mo shrón? Ní gnáthrancás athá ann ach cúis príosúin ort!"

"Ar son an mhagaidh a bhí mé."

"Ní maith liom an saghas san magaidh."

"Ach is maith liom tusa."

Rinn Máire Gráinne gnúsachtach scigiúil. "Is ait an dóigh ar chuiris in iúl é, muise! Bíodh a fhios agat ná fuilim fé réir ag do leithéid. Thá saghas buachaill agam cheana, agus é i bhfad Éireann níos fearr ná tusa."

Mura dtáinig mothú feirge ar Réamann anois, níor lá go maidin é. "Cé hé an focadóir sin?"

"Ba mhaith leat san a fháil amach, nárbh ea?" a d'úirt Máire, agus faobhar spochadóireachta ar a guth. "Má thánn tú chomh fiosrach san faigh amach ar do chonlán féin é!"

"Chan fhuil feidhm agam leis", arsa Réamann go foghach. "Tá a fhios ag madraí an bhaile fán am seo: an piteachán sin de thiarálaí leabhar atá ann, nach bhfuil?"

"Níl aithne agam ar aon phiteachán, go bhfios dom", a d'fhreagair Máire go mioscaiseach. "Ach thá na leabhair chéanna léite ag an mbeirt againn, más é sin athánn tú a mhaíomh."

"An bhfuil bod deas aige?"

Chuir an cheist seo teas feirge i ngrua Mháire, agus mura mbíodh sí comh dubh sin ina gné thiocfadh luisne inti fosta. Tháinig fonn uirthi léab a thabhairt do Réamann frína shúile, ach bhrúigh sí fúithi é nuair a rith freagra fóirsteanach léithi: "Níl aon chaill air mar bhod". Ansin lig sí cineál aoibh aislingeachta uirthi: "Crann deas crua athá aige."

Ansin bhúir Réamann an méid a bhí ina chorp agus d'airdigh a leathlámh le paltóg a thabhairt do Mháire. Chúb sí uaidh go gasta, agus thit an stócach as a sheasamh le teann a bhuille féin. B'éigean don bhuachaill a dhá lámh a shá síos i ngaineamh an talaimh le taca a fháil.

"Striapach bhradach!" a scairt Réamann agus é ar an deargdhaoraí. "Ag scarúint do chos fá choinne an tsúgáin gan chasadh sin! Níl bitseach níos measa ann ná tusa, agus ní bheidh go dtitfidh an tóin as an domhan go léir! Ag bualadh craicinn leis an...leis an mhuic shalaigh bhrocaigh udaí!" Bhí Réamann i ndeireadh a chuid eascainí, agus a ghuth ag cliseadh air. Ba bheag rud ba mhó a chuirfeadh orla air ná cailín a bhí sásta bheith ag guicéireacht le Somhairle na Leabhar! Peata na Seanchaillí! Mac an tSualannaigh ar Mire! Agus b'fhearr léithi an bómán sin ná eisean! A leathbhreac de éagóir char bhain do Réamann ariamh!

"Cad fáth ar fearr leat an carn caca sin ná mise?" a d'fhiafraigh Réamann. "An dtig leat aon tsiocair amháin a lua?"

Lig Máire draothadh gáirí aisti.

"Na céadta acu, a stór", - agus béim íorónta ar an fhocal dheireanach. "Mar shampla níl spéis ná suim aige sna hirisí gránna leis na cailíní bochta nochta."

An turas sin b'ag Réamann a bhí ábhar gáirí. Dhearc sé ar Mháire le meangadh beag slítheánta ag súgradh ar a liopaí, agus é ag smaoineamh: Is eol domhsa rud nach eol duitse! Mhair sé ag gáirí go ciúin leis féin go dtí go dtáinig cineál éiginnteacht intinne ar an mhnaoi óig. Ansin bhain Réamann an tsreang den mhála, agus lúcháir is gliondar na caithréime ar a ghlór:

"Nach bhfuil? Bhail, a athrú sin atá ar eolas agamsa." Rinne sé sos beag leis an bhuille seo a chur i gcion sular labhair sé aríst. "Tá a fhios ag an tsaol mhór agus a mháthair chríonna" - rinne sé gáire beag anseo: nach aigesean a bhí ciall don ghreann! - "go bhfuil caidreamh ag do ghrádh gheal le hEoin Rosas na bhFíseán Craicinn."

"Cé hé sin?" a d'fhiafraigh Máire, agus smúid á leathadh os a cionn.

"Suarachán de phiteog atá ann agus airneál aige darn'achan tseachtain le scannán leathair ar ghléas na fístéipe. Cuir ceist ar do rúnsearc mura gcreididh tú mise."

Ansin thug an buachaill a dhroim le Máire agus as go brách leis ag portaireacht popamhráin leis féin.

D'fhan Máire ina colgsheasamh gan bogadh aisti go dtí gur scairt clog na scoile ar na daltaí a theacht isteach. Níor chuir sí sonrú fiú ina cuid comrádaithe aon ranga agus iad ag teacht ina leith is ag beannú di, an beagán acu a bhí in aon ghaobhair do bheith mór léi. Ní tháinig sí chuici féin ach de réir a chéile, agus í ag tabhairt freagraí ar cheisteanna na múinteoirí mar a bheadh uathoibreán inti: cad é mar a úsáidtear an Ceathrú hInfinideach ins an Fhionlainnis? cá ham a bhí Peadar Brahe ina Ghobharnóir ar an Fhionlainn? cad é fá dtaobh de chomhaomadh na móilíní uisce - an láidre é ná a ngreamú den ghloine, nó a mhalairt? Tá a fhios ag Máire Gráinne i gcónaí, ar ndóigh.

Ba léir - a d'áitigh sí uirthi féin - nach raibh i gcuid cainte Réamainn ach gnáthchur i gcéill. Ní raibh an rógaire ach ag iarraidh iaróg a chothú eadar í agus Somhairle. Ní ghéillfeadh sí do shíolchur an námhad, leoga, dheamhan orlach! Chinn sí ar phóg iontach séimh a thabhairt dá buachaill an chéad uair eile a chasfaí ar a chéile iad. Bhí sin tuillte ag Somhairle. Ach b'fhéidir go ndeachaigh sí thar fóir nuair a chum sí an bhréag udaí fána "saol collaí" le Somhairle. Chuirfeadh lucht an mhíghrinn a gcuid leis an scéal nuair a chluinfidís é ó Réamann, agus d'éireodh achrann sa bhaile dá gcluinfeadh a hathair é. Ise ag luí le Somhairle, muis! Dá gcreidfeadh an gaisceoir bolmánta an méid sin uaithi, leoga, ba dócha go dtabharfadh sé isteach do thaibhsí is do shíogaithe comh maith, an sampla bocht!

Ar ndóigh ba mhaith léi Somhairle. San am chéanna, ba mhinic, áfach, a chuir sé sórt corraí uirthi lena chuid tallannacha. Nó ba duine iontach spadhrúil é, deamhan ribín réidh muis. Ar bhealach thuig sí a chás, nó b'fhollasach nach raibh mórán céille aige do chomhluadar na ngnáthdhaoine, i ndiaidh a raibh caite aige ina éan chorr dó, agus é á ghéarleanúint is á uirísliú ag muintir óg na háite gan de chéile comhrá aige ach an chailleach agus í in aois an darna leanbaíochta le fada an lá. Ach an maithfeadh sin an easpa dea-bhéasaíochta dó?

Bhí sé de nós ag Somhairle leithscéal a dhéanamh fá dtaobh de rudaí nach raibh a chúis iontu. Amach ón lá sin a tháinig sé a thabhairt croí isteach di i ndiaidh do bhaicle Réamainn ionsaí a dhéanamh uirthi bhíodh sé chomh cotúil agus go seachnaíodh sé gach aon tadhall le colainn Mháire, agus ag rá "gabh mo leithscéal" agus ag cúbadh siar roimpi uair ar bith a dhéanfadh méar dá chuid teagmháil leathshoicinde le leathghualainn léise. San am chéadna ba nós dó "amhlóir" nó "amadán" a thabhairt uirthi i gcónaí nuair a tharla sí aineolach ar rud éigin. B'é an bhuaic nuair a cháin sé í fá gan a fhios a bheith aici cérbh é Antoine Laurent Lavoisier. Bhí sé sásta a mhíniú di, áfach: ceimiceoir a raibh lámh aige i bhfionnachtain na hocsaigíne agus a cuireadh chun bháis i ndiaidh Mhuirthéacht na Fraince siocair is nach raibh an Réabhlóid i gcall ceimiceoirí.

Thaispeáin Somhairle leabhar di le pictiúr de Lavoisier agus dá mhnaoi chéile: stáidbhean álainn a bhí inti, agus b'é an cháil a bhí uirthi go raibh sí ina cúntóir dúthrachtach ag a fear fad is a mhair sé. Ní raibh Máire in ann gan an cheist a chur ar a cara ar rith leis riamh go mb'fhéidir go mb'í an bhean an ceimiceoir ab fhearr acu, ach amháin gur leis an fhear a luadh a cuid fionnachtana. Ba léir gur seort dia bréige a bhí i Lavoisier do Shomhairle, ach ba mhaith an comhartha é, dar le Máire Gráinne, nár chuir a cuid tuairimíochta lá feirge ar Shomhairle. Tháinig gnúis dhomhansmaointiúil air, agus é ag admháil gur maith an cheist a bhí curtha aici.

A leithéid de bhuachaill ag amharc ar fhíseáin chraicinn? Rámata, a Réamainn! Ní tusa Réamann an Ramallae ach Réamann an Rámata!

Ach an dtiocfadh léi dháiríre luí le Somhairle? Ní raibh sí i ngrá leis. Nó nach raibh? Ní raibh sí cinnte. Ní raibh sí cinnte, fiú, cad é faoin spéir ba bhrí leis an fhocal mhór sin grá. Uaireanta, ní raibh sí in ann Somhairle a fhulaingt ina ngaire. Uaireanta eile, áfach, tháinig tocht ar a croí agus fonn millteanach uirthi a lámha féin a chur thart ar an stócach is póg a thabhairt dó ar son é a bheith ann ar scor ar bith. Ach más amhlaidh féin, ní raibh a fhios aici an mb'é sin an grá udaí féin a ndéantaí an oiread sin cainte mórcharúlaí faoi. B'fhéidir nach raibh ann ach sórt cothrom féinne. B'eol di, a bheag nó a mhór, cá mhéad a bhí fulaingthe ag an bhuachaill i gcrúbaí lucht a chéasta ón chéad lá a tháinig sé ar scoil. Ba deacair an t-ábhar sin a sheachaint ina chuideachta, leoga. Ní raibh a leath sin d'fhulaingt tuillte aige, ná ag aon duine. Ach an mb'amhlaidh nach raibh aici dó ach trua?

Cibé scéal é, bhí athrú mór ag teacht ar Shomhairle in aghaidh an lae, ó casadh le chéile iad an cúpla seachtain roimhe seo. A shean-dúnéaltacht ag tréigean go géar gasta agus cairdiúlacht ag teacht ina háit, gan aon trácht a dhéanamh ar an rud ba lú a rabh súil aici leis ó Shomhairle, mar atá, íoróntacht i leith a chruacháis féin. Is minicí a mholtar dúinn gáirí a dhéanamh fúinn féin, ach bhíodh Máire barúlach, an chuid ba mhó den am, nach raibh ann ach seafóid bhréagshíceolaíochta. Cheadódh sí do Shomhairle, agus fáilte, gan a bheith in ann ach súil an fhulangaí shíorchéasta a chaitheamh ar imeachtaí a shaoil scoile; ach iontas na n-iontas, bhí an buachaill ábalta magadh a dhéanamh fána bhéal bhocht féin agus é ag cur an bheirt acu ins na tríthí gáirí leis an chluiche ábhachta a bhí ar obair acu ag déanamh scigaithris air féin. Ach nuair a tharraing sise a iúl air sin ní dhearna sé ach leathshúil a bhobáil uirthi agus é ag rá: "Tusa is ciontaí."

An uair áithrid sin mhothaigh sí í féin beagnach i ngrá leis an bhuachaill, agus thug sí póg mhagúil dó lena thaispeáint. Bhuail seisean a lámh chlé go héadrom séimh thart fríd a guailneacha, mar fhreagra.

B'fhada a d'fhan ábhar beag gáirí ar crith timpeall fána liopaí, agus í ag cuimhneamh siar ar an bhomaite udaí. D'aithin sí gaoltacht anama eadar í agus Somhairle nach raibh insamhalta ar scor ar bith le saol na pornagrafaíochta agus na gáirsiúlachta a raibh a bholadh as Réamann agus as gach aon duine ina thimpeall.

Ba léir nach rabh Réamann ach ag aithiseoireacht fá Shomhairle. Bhí an scúille bithiúnta ag féacháilt le gach rud ar dhroim an domhain a thógáil isteach sa chlábar shalach chéanna ina raibh cónaí air féin. Má luaigh sé duine éigin - Eoin Rosas udaí - ina ainm, ní raibh ann ach iarracht faoi dheifir craiceann a chur ar an bhréig. Bhí aithne ag macasamhail Réamainn ar na sluaite síoraí de scabhaitéirí gan mhaith ins an phobal seo, agus é ag tarraingt ainm duine acu sin air féin mar fheistiú stáitse.

Nuair a bhí an scoil thart, agus Máire ar a bealach abhaile, bhuail an smaoineamh go tobann í cor a chur ina turas agus sciurd chuig Somhairle le cupla focal comhrá a dhéanamh leis. Ní raibh sí ar cuairt aige riamh go dtí seo ach b'eol di a sheoladh de ghlanmheabhair.

Seanbhloc árasán a bhí ins an teach, agus é péinteáilte i ndathanna béis agus donnrua, i gcruth is go rabh cuma ní ba sheascaire air ná ar na blocanna eile an bealach seo: bhí siadsan bán seasc frithshéipteach le breathnú orthu, cosúil le háras na sláinte poiblí. Ba de dhéantús na ndéagaí is dhá scór é bloc Shomhairle is a mháthara móire, agus é ina sheasamh anseo cheana sular tháinig borradh faoi thógáilt foirgintí den tsórt seo agus aonchineáltacht na holltáirgíochta ar a gcosúlacht. Sin a d'fhág an áit éagsúil leis an chuid eile acu.

Chuaigh Máire i dtreo an dorais mhóir, agus sórt éiginnteachta agus beaguchtaigh ag teacht uirthi, go háithrid nuair a chuir sí sonrú ins an fhear scothaosta ag tuirlingt de ghluaisteán a bhí stoptha i gclós an bhloic. Nó bhí seisean ag amharc uirthi mar a bheadh deargnámha nó bíobha bunaidh dá chuid inti, agus gach cuma ar an scéal go mb'é dath a craicinn ba bhuntsiocair leis aríst. Bhraith sí aduantas is scáth eagla uirthi, díreach mar a bheadh sí ag tabhairt cuairt ar chúlshráid de chuid lucht na mbrangóidí is na mbruíon in áit a breithe féin - i mBelèm na Brasaíle.

Ag dul isteach an doras di chuala Maire guth an fhir seo - b'fhéidir - ag rádh go mioscaiseach: "Sin é an cineál cuimhneacháin a thug bean an Mhinistéara léithi ón choigríoch." Glór eile á fhreagairt: "Ina broinn, nach eadh?" Agus gáirí gáirsiúla ag baint macalla as na ballaí. Buíochas le Dia dhruid an doras ansin: níorbh éigean do Mháire tuilleadh den tsórt seo cáidéise a chluinstin. Ach bhí an dochar déanta cheana féin, agus an tocht ina sceadamán comh maith leis an fhliuchadh lena súile. Tháinig fonn uirthi iompú thart agus a dhul chun an bhaile, ach bhrúigh sí fúithi é agus chuaigh suas an staighre. Ó bhí a fhios aici cad é ba shloinne do mháthair mhór Shomhairle - sloinne Ostrabóitneach nach minic a d'fheictí ins an tSábhóin, áit a raibh an mhír udaí -nen i ndeireadh gach sloinne - ba sciobtha a fuair sí an t-árasán ceart. Makkonen, Muttinen, Mykkänen, Saastamoinen, Sikanen, Romunen, Ryhänen, Junttanen, Juntunen, Santanen, Savinen, Jokinen, Virtanen - ar ndóigh, áit ar bith dá dtiocfá ins an Fhionlainn ní raibh éaló ann ó chlann Virtanen! - Mutikainen, Möttönen, Hanhinen, Kananen, Kukkonen, Kokkonen, Kolmonen, Itkonen, Immonen, Viinanen, Kankkunen, Kakkinen - agus Hakala. Sin go díreach, Hakala.

Bhain sí clingireacht cuíosach fada as clog an dorais chirt agus mhothaigh coiscéim duine istigh ag déanamh ar an doras lena oscailt ina haraicis.

Cineál sóláis ab ea é go mb'é Somhairle a bhí ann. Bhí sórt cotaidh uirthi roimh an tseanmhnaoi, siúd is go raibh sí i dtaithí seandaoiní ins an dara leanbaíocht le fada an lá, agus í ag leanúint a hathara go minic go dtí na hospidéil agus na tithe banaltrais ina ngabhadh sé dá chuid oibre. Nó bhí a fhios aici go raibh drogall éigin ar an tseanghirseach roimpi. Ba dhuine gorm í, ar ndóigh; ach ba chailín í thar aon rud eile a bhí mór lena peata de gharmhac, agus an tseanbhean iontach éadmhar fá dtaobh den bhuachaill.

Bhí cuma cineál smolchaite ar Shomhairle: ba léir nach rabh sé i ndiaidh slacht a chur air féin inniu, agus boladh bréan allais as dá réir. B'fhéidir go mb'é sin ba chúis leis an chotadh éagoitianta a bhí air roimpi inniu. Chúb sé uaithi agus d'iarr uirthi a dhul isteach is fanacht ina sheomrasan go dtí go nglacfadh sé cith folctha agus go gcuirfeadh athrú éadaí air féin.

Bhí Maria (Máire) Hakala, née Väinämöinen, ina suí i gcathaoir bhog, agus an chuid ba mhó dá iúl ar sheaneagrán de iris leathshuarach míghrinn agus ráflaíochta - "Seura", is é sin "Comhluadar" as Gaeilge: gnúis cailín éigin a bhí á taispeáint ar an chlúdach, b'fhéidir giodróg acu siúd a raibh páirt glactha acu i gcomórtas áilleachta is áilleagántachta. Nó b'fhéidir go bhfuair sí gealltanas fá ról i mórléiriú Hollywood (scéala a tuairiscíodh go forleitheadach ar liarlóga den chineál seo), ach amháin gurb é an rud a tháinig chun solais, a thúisce is a bhí Cailifóirnia bainte amach aici, nach raibh ann ach físeán suarach craicinn á scannánú ag cúpla diúgaire drugáilte i gcró cúlchlóis éigin fá chúpla doisín ciliméadar de phríomhchathair na mbrionglóidí féin (agus b'é seo an taobh sin den tseith nár tráchtadh riamh air go poiblí, ós rud é gur Cailín Dár gCuid a bhí i gceist).

D'ardaigh SeanMháire a dhá súil den iris agus sháigh a radharc go dian géar i Máire Gráinne. Baineadh geit as an ghirsigh, ach má baineadh féin, rug sí ar a misneach agus chuir ceiliúr go múinte ar an chailleach:

"Dia dhuit, a bhean uasal, is mise Máire Gráinne Metsänkankare."

D'fhan an tseanbhean ina tost tamaillín, agus ansin d'fhreagair sí:

"Chan thart anseo a tógadh thusa, is dócha."

Tháinig smúid ar an chailín óg, ach ansin chuir sí caol uirthi aoibh lách a dhrannadh leis an tseanmhnaoi agus í ag rá le mioscais cheilte: "Thá an ceart agat. Bhí m'athair ina mhinistéir i sráidbhaile thiar theas in aice le Turku go dtí gur aistríomar anso le gairid." Agus blas an taobh sin tíre sochluinte so-aithinte ar a cuid cainte, ar ndóighe. Tháinig an freagra seo - nó an chiall a bhain an ghirseach as an cheist - comh formhothaithe ar an tseanmhnaoi agus meascán mearaí a chur ina ceann: fágadh gan focal í.

Ansin tháinig Somhairle ón tseomra folctha, agus boladh cumhra an tseampú ag teacht as anois. Bhain sé go bog do leathghualainn Mháire Gráinne lena stiúradh isteach ina sheomra. Lean sí ansin agus tharraing amach an doras ina diaidh.

Ní raibh mórán trioc ins an tseomra, dháiríre: deasc oibre agus clóscríobhán air, mar ab fhéidir a bheith ag súil le fear óg a raibh d'aisling aige a dhul le scríbhneoireacht; leaba gan chóiriú ceart; agus seilf leis na leabhair ab ansa le mo dhuine. Chuaigh súile géara Mháire thar a ndromanna ag cur sonrú ins na teidil: Tuar Báistí le hAndré Brink (ní raibh sí féin in ann an ghealt chraicinn de scríbhneoir bréagradacach sin a fhulaingt), Teifeach ag Trasnú a Loirg Féin le hAksel Sandemose (ba bheag an díol iontais sin, i ndiaidh a raibh cluinte ag Máire de óráidí ó Shomhairle fá dtaobh den chathair bheag shuarach seo), Daoine Neamhspleácha le Halldór Kiljan Laxness, Seo duit do shaol féin le hEyvind Johnson, Tine agus Bladhmairí le Kjartan Fløgstad...Ba léir go raibh suim mhór ag Somhairle i litríocht Chríoch Lochlann.

Thairis sin bhí ró néata de fhicsean bréageolaíochta ann, ó Fhondúireacht Isaac Asimov agus Ciobráid Stanislaw Lem go dtí An Réaltóg Páiste Dheireannach agus Daoine Iomarcacha Eile le Maarit Verronen. Chuir sé cineál iontais ar Mháire nach raibh ach corrleabhar Béarla ag a cara - bhí cuid de na leabhair Lochlannacha ann ina leaganacha Sualainnise, agus Hesse nó Böll sa bhunteanga - ní nárbh ionadh, agus Somhairle comh doirte sin dá chuid Gearmáinise, cé nach rabh ann ach ábhar breise ar scoil. Ach más as Béarla a scríobhadh an leabhar an chéad uair riamh, b'fhearr le Somhairle an t-aistriúchán Fionlainnise, de réir dealraimh. Dheamhan Béarla ach cupla diolaim léitheoireachta de chuid na scoile.

"Cím na fuil aon leabhar Béarla agatsa", arsa Máire.

"Chan fhuil agus cha mbíonn, leoga", a d'fhreagair Somhairle. "Spréadh air mar Bhéarla."

"Cén locht atá agat air?" a d'fhiosraigh sí go haerach, nó chuir glór feargach corraitheach an stócaigh fonn gáirí uirthi: shílfeá go raibh fuath na ndaol aige ar an teanga bhocht.

"Amharc thart timpeall ort agus tú ag dul síos Sráid na Trádála go bhfeicfidh tú cad é an col atá agam leis. Chan fheiceann tú ach Bearla briste ar chomharthaí na siopaí sa chathair seo uilig i gcroílár na Sábhóine, áit nach dtig leis an dústráinséir féin mórán ama a chur de gan conamar ínteacht Fionlainnise a thógáilt leis. Má chluintear aon teanga iasachta an bealach seo, is í an Rúisis í, ó tháinig athrú ar na cúrsaí thall sa Rúis, agus corrdhuine ag teacht anoir a shiopadóireacht ins an tír seo; ach ar ndóighe b'fhearr le siopadóir Fionlannach ar bith a chuid earraí a roinnt saor in ascaidh ar na daoiní ná focal Rúisise a fhoghlaim."

"An bhfuil aon Rúisis agat féin?" a d'fhiafraigh Máire Gráinne go mioscaiseach, agus a fhios go maith aici nach raibh ag a cara ach cuid den aibítir.

"Dheamhan focal, ach prionsabal atá i gceist", a d'fhreagair an buachaill, agus cuma dháiríre air. "Chan maith liom gothaí na mbomán udaí ag déanamh gaisce den bheagán a d'éirigh leofa a fhoghlaim ina n-ainneoin féin le linn na mbliantach a chaith siad ag scaoileadh stumpaí de chailc le múinteoir an Bhéarla."

"Bhuel", arsan cailín ag sciotaíl gháirí, "nár chliste an mhaise dhomsa gur chuaigheas féin leis an Rúisis?"

"An bhfuil aon leabhar léite agat sa teanga cheana?"

"Ó, níl", ar sise, agus dreach míshásta ag teacht uirthi, "ach amháin cupla gearrscéal i ndíolaim na scoile a bhfuil na nótaí agus na míniúcháin uile leo. Agus fuaireas blas de chupla leabhar páistí."

"Goidé fá na scríbhneoirí móra agus an chliú dhomhanda orthu?"

"Bíd ana-dheacair. Bhaineas triail as chupla leabhar dá gcuid" - dúirt sí "as chupla leabhar" - "ach níor chríochnaíos aon cheann acu. Rud amháin ar thógas ceann de ná nach féidir leat a gcuid litreacha a léamh chomh tapaidh agus ár n-aibítir féin. Cuireann san saghas briseadh croí orm i gcónaí agus mé ag iarraidh adhmad a dhéanamh, mar a deir sibh thart anso, d'aon leabhar Rúisise."

"Nach mba chóir duit iad a bheith de ghlanmheabhair agat go paiteanta cheana, agus tú ag foghlaim le teangan ó bhí tú...bhail, ceithre bliana déag d'aois...sin le rádh, le trí bliana anuas, a bheag nó a mhór?"

"Ba chóir, ach mar sin féin ní féidir liom iad a aithint ó chéile go minic ach an tarna radharc a fháil orthu. Caithfidh sé go bhfuilid níos cosúla le chéile ná ár gcuid litreacha féin, nó b'fhéidir ná foghlaimeoidh aon duine an tarna haibítir choíche chomh maith agus an chéad cheann."

"Tuigim", arsan buachaill. "Bhail, cha rabh de dhíth orm a rádh ach amháin go mba chóir teanga a bheith agat mar uirlis nó acra le húsáid seachas í a bheith ina hórnáid bréige fá choinne na gcomharthaí siopa. Is é an rud is mó a chorraíonns mé leis ná nach bhfuil na daoiní sin lena gcuid Béarla ar taispeáint, nach bhfuil a mórchuid ábalta ar aon úsáid eile a bhaint as an teanga. Faitíos a n-anama a bíos orthu roimh an chéad turasóir a thig an bealach agus é ag cur forráin orthu i dteanga iasachta ar bith. Mura bhfuil an teanga agat, chan fhuil agat agus sin é a bhfuil de; chan fhuil ann ach amaidí a mhalairt a ligean ort." Tharraing sé ábhar eile chuige. "Ós ag labhairt fá theangacha domh ba mhaith liom ceist a chur ort. D'úirt tú nach bhfuil focal Portaingéilise agat..."

"Bhuel, thá cupla focal agam, ach ní cuimhin liom aon rud dá raibh agam fadó. Níl agam ach an méid a bhreathnaíos sna foclóirí nó a chuala ó m'athair agus é ag insint fén mBrasaíl."

"Mar sin tá sí aigesan?"

"Ó thá, agus í ar a thoil aige i gcónaí. Uaireanta tagann air teanga a dhéanamh do dhuine éigin, agus é in ann spalpadh leis mar a bheadh sí ó dhúchas aige. Ach deir sé féin ná fuil aige ach béarlagair na slumanna, agus é ag fáil deacair ciall a bhaint as an dteangain scríte, toisc é a bheith éiginnte fén gcuid don ngramadach nár chuala sé riamh ag na bochtáin."

"An cuimhin leat an Bhrasaíl ar scor ar bith? Cárbh aois tú ag teacht go dtí an Fhionlainn duit?"

"Caithfidh sé ná creidfir an méid seo uaim ach nílim cinnte a thuilleadh. Ba chóir dhom ceist a chur ar Dheaidí. Ní cuimhin liom aon rud. Bhuel, abraimis gur cuimhin liom coimhthíos nó deorantacht a bheith orm roimh an bhFionlainn. Is cuimhin liom go raibh áit éigin eile ann. Agus is cuimhin liom freisin go raibh ionfhabhtú nó galar éigin mar chuimhneachán ón mBrasaíl sna duáin orm, agus na dochtúirí ag croitheadh a gcinn, agus imní an domhain ar Dheaidí agus ar Mhaime. Ach fuaireas biseach agus dheineas leathdhearmhad den scéal uile. Ach sin é an meid dháiríre. Is minic Deaidí ag teaspáint pictiúirí dhom agus é ag iarraidh cuimhní cinn a bhaint asam, ach ní aithním áit ná duine ná deoraí." D'fhan sí ina tost go ceann leathnóiméad go ndúirt sí: "Ní cuma liom fé sin ach an oiread, áfach. Ba mhaith liom Portaingéilis a fhoghlaim, nó thá suim agam i gcúrsaí na Brasaíle i gcónaí, agus a lán léite agam fén dtír."

"Caithfidh sé nach dea-scéaltaí amháin a bhí i gceist? Mhothaigh mé..."

"Ní ná baol air, faraoil géar. I mBelèm a tháinig Deaidí agus Maime trasna orm, cathair athá ar na háiteanna is boichte agus is dearóile sa tír uile go bhfios dhom. Bíonn scuaid de ghunnadóirí ag lámhachtaint páistí sráide fé mar a bheadh giorriacha ionainn..." ("Ionainn" a d'úirt sí.)

"Ach tháinig tusa slán."

"Thánasa slán ceart go leor, ach an dtuigir, thá an chuid eile fágtha thall ansan, gan ach corrdhuine acu a bheith chomh hádhúil liomsa. Agus má tháimse mé féin anso, - bhuel, thá's agam nach duine don ndream cráifeach thusa, ach is ar éigean má fhéadaim aon chanúint eile a chur ar an méid seo ach canúint an chreidimh..."

"Labhair leat más é do thoil é. Tá sé suimiúil."

"Bhuel, is dócha gur dóigh leat gur gnáthsheafóid de chuid iníon an mhinistéara athá ar siúl agam, ach is é an chaoi a dtuigtear an scéal dhom ná gur de bharr trócaire Dé a tugadh an seans dhom, agus go gcaithfead rud éigin fónta a dhéanamh le mo shaol. N'fheadar an bhfuil mórán céille leis seo, ach..."

"Tuigim go maith, a chailín. Bhail, d'aithin mé seort blas dáiríreachta ort riamh, ach ón taoibh eile, chan ionann tusa agus na girseacha cráifeacha tipiciúla..."

Rinne Máire Gráinne gáirí. "Agus cén saghas daoine iad san, muran miste leat mé an cheist a chur ort? Tháim ar bís! Inis dhom!"

"Bhail", arsan buachaill, agus luisne ag teacht ina ghrua, "níl siad ag buaireamh a gcuid cloigneach ach leis an tsaol iarbháis, agus neamhshuim á déanamh acu den tsaol seo dá réir, gan aon trácht a dhéanamh air nach bhfuil ins an litríocht ná ins an ealaíon ach bruscar agus rámhaillíocht de chuid pótairí agus drúiseoirí."

Bhí Máire ag sciotaíl go leathscigiúil léithi féin.

"Ach is mór eadar iad agus tusa. Is é sin, duine leathanaigeanta atá ionat, agus spéis agat ins achan rud, ar nós chás pháistí na Brasaíle. Bíonn tú ag léamh litríocht le scríbhneoirí nach rabh róchráifeach lá a saoil..."

"Ó maigh", arsa Máire, agus í ag cur místá uirthi féin nár mhair ach meandar sular fhill a seanaoibh uirthi. "Is dócha nár casadh aon fhíorEaglaiseach ort riamh romham féin. Thá an saol ag athrú, agus ní taise don Eaglais é. Thá daoiní de nach uile shórt fágtha san Eaglais ar nduathair, ach nílimid scartha ó shaol na ngnáthdhaoine. Mar a deir Deaide i gcónaí, - agus nach aigesean athá fios a ghnóthaí - is beag duine eile le hoideachas acadúil a mhaireann chomh dlúth cóngarach don ngnáthphobal agus an ministéir. Nílimid dúnta in aon mhainistir, an dtuigeann tú. Is cuid lárnach d'obair Dheaidí dul i dteagmháil le daoine agus fáil amach fé céard athá ag dó na geirbe acu..."

"Ach an gnáthdhaoiní iad?"

"Is ea. Daoine athá fé chois agus fé leatrom sa sochaí fiú. Ar nós lucht dífhostaíochta, lucht máchaile, mallintinnigh...Thá an Eaglais ag reachtáil club dos na mallintinnigh in Ionad na hOibre thall ansan...an bhfuil a fhios agat céard é Ionad na hOibre?"

"Tá, ar ndóighe. Ná déan dearmad gur mise an bundúchasach den bheirt againn."

Rinne Máire sciotaíl. "Ó, gabh mo leithscéal. Bhuel, is minic a chaithfidh m'athair mar shampla dul i bhfianaise thuismitheoirí na mallintinneach lena gcuid fadhbanna a phlé leo...Ceapaim féin gurb é an ministéir an duine is fearr a bhfuil léargas is éachtaint aige ar chúrsaí sóisialta a pharóiste, ar chúrsaí na mbocht ach go h-áirithe. Thá m'athair eolgaiseach go leor, ar a laghad, ar chruatan an tsaoil, ar an réaltacht shóisialta."

"Tá go maith. Ach an gcreideann tú i nDia i ndáiríre?"

"Ó, breast thú!" arsa Máire ag baint úsáide as ceann de na focail a bhí foghlamtha aici ó tháinig sí go dtí an taobh seo den tír. "Bhuel, thá sé go héagsúil...thá sé ag brath go mór mór ar an ngiúmar athá orm, an dtuigeann tú. Má thánn tú ar do shuaimhneas is fuirist creisdiúint, má thánn tú in éadóchas..."

"An minic a bíos tú féin in éadóchas, mar sin?"

"Mise? Ó, ní minic, buíochas le Dia", ar sise, agus phléasc a ngáirí ar an bheirt acu.

"Chan fhuil mórán cur amach agamsa ar chúrsaí eaglasta na cathrach seo. An bhfuil tusa sáite iontu ar aon nós?"

"Deacair a rádh an sáite atháim", a d'fhreagair Máire. "Bhínn ag claisceadal i gcór na hEaglaise agus ag léamh síscéalta dos na páistí i gclub na hEaglaise nuair a bhíomar inár gcónaí thall ar an gcósta thiar fós, ach anso...Bhuel, bím ag cabhrú leis na mallintinnigh, scaití. Bíonn lámh chúnta ag teastáil ansan tar éis na ngearrthaí deireanacha a deineadh ar an mbuiséad. Dúirt an bean athá i mbun chlub eaglasta na ndaoine le Dia go mbíodh buachaill óg ina ghiolla acu agus treabhadh seoigh ar fad ann leis na hothair, ach d'éirigh sé as nuair ná híocfaí é ní ba mhó. Scéim an Aire Fostaíochta fé ndeara é an jab san a fháil, nó ní bheadh fiacha a phá ag an Eaglais. Nuair a tháinig deireadh leis an scéim, bhuel, ní fhanfadh seisean i mbun oibre saor in aisce."

"Caithfidh sé go bhfuil aithne agam ar an ghasúr chéadna", arsa Somhairle. "Ar 'úirt an bhean udaí leat cad ab ainm don stocach sin?"

"Ní dúirt muis. Dá ndéarfadh ba chuimhin liom é."

"Seort cara liom atá ann. Eoin Rosas is ainm dó. Tá seisean ina fhuíoll fonóide ag an bhaile mhór, mo dhálta féin. A fhad is a d'fhan sé ag obair ansin bhíodh malairt giúmair go hiomlán air seachas an lionndubh is dúcha dó. Rud eile ar fad áfach go dtearnadh ábhar scigmhagaidh den jab sin aige fosta. Nuair a d'éirigh an Roinn Fostaíochta as an scéim bhí fonn ar Eoin leanstan leis ina lámh chuidithe gan tuarastal, ar do nós féin is dócha, ach chuir a mhuintir fá dear dó athchomhairle a dhéanamh, nó char mhaith leofa é i gceann na hoibre seo saor in ascaidh, agus achan duine ag inse scéalta chailleach an uafáis fá Eoin bhocht cheana féin. Tá cliú eaglasta ar a mháthair, b'fhéidir gur casadh ort cheana í, ach ba mhó a haird ar a rabh á rádh ag lucht an mhíghrinn."

Ní raibh ach aithne na mbó maol ag Máire ar mháthair Eoin, agus í aineolach ar fad cad ab ainm do na mná cnagaosta uilig a mbeannaíodh sí dóibh agus iad casta uirthi le linn chóisireanna caifé a hathara i ndiaidh na seirbhísí Dé Domhnaigh. Mar sin, ní raibh d'eolas aici ar mhuintir Rosas ach an t-iomrá mioscaiseach ar Eoin a chuala sí ag Réamann. Nuair a chuala sí an t-ainm is an sloinne udaí - Eoin Rosas - baineadh stangadh aisti. Ar nós nó ar éigin bhí sí i ndiaidh a áitiú uirthi féin anois nach dtiocfadh bunús ar bith a bheith lena ndúirt an Ramallae léi, agus í ag dréim leis nach mbeadh Eoin Rosas ar bith ann, ná aithne ar bith ag Somhairle air dá mbeadh. Ón taobh eile de, áfach, ba léir gur buachaill cuíosach macánta ab ea é an tEoin seo, ó ba rud é gurbh eisean an giolla dea-shamplach ar chuala sí an oiread sin dea-iomrá air, agus ba dóchúla ná a athrú nach raibh ins na hairneáin gháirsiúla ach éitheach is ithiomrá.

"Eoin Rosas!" a d'imigh uirthi a rá. "Gabh mo leithscéal, ach..."

"Seadh?"

"Caithfidh sé ná fuil ann ach gnáthráflaíocht...ach...Bhuel, d'airíos saghas...saghas trácht ar rud ná taitníonn liom..."

Rinne sí iarracht an scéal a choinneáil chuici féin, ach ní rabh gar ann, nó bhí fuar aici, mar a déarfadh sí féin. Bhí sí buailte ag taom fiosrachta ina hainneoin féin; agus nuair a chuir sí an cheist ar Shomhairle bhí aithreachas uirthi ar an toirt. Ní raibh an giota sin eolais de dhíth uirthi, agus b'fhearr léi dháiríre Somhairle í a eiteach fá fhreagra.

"Chuala gurb ann do bhuachaill darb ainm Eoin Rosas agus é ag cóiriú, bhuel, scoraíochtaí le físeáin gháirsiúla..."

Bhain an méid seo geit as Somhairle, agus théigh a ghrua le teann náire.

"Inis dhom cé acu fírinne nó bréag athá sna líomhaintí sin!" ar sise, agus fonn uirthi ar áit na mbonn gach a raibh ráite aici a tharraingt siar. Bhí faitíos uirthi roimh an fhírinne nach dtaitneodh léithi. Agus fuath aici uirthi féin go dtabharfadh sí aon aird dá raibh curtha i leith a cara ag leathbhreac Réamainn.

"Cha dtig liom a mbréagnú", a d'úirt Somhairle i ndiaidh tost fada, agus má d'úirt, ba dheacair na focla a mhothú, ar a chiúine agus a labhair sé: b'éigean do Mháire a liopaí a léamh.

Bhraith Máire an domhan ag scor as a chéile ina timpeall agus an talamh á scoilt ag creathanna móra millteanacha lena slogadh síos. An cnapán mór caointe a d'éirigh aníos ina sceadaman bhí sé ar shéala a tachta, agus a fhios go maith aici dá ndéanfadh sí iarracht dá laghad lábhairt suas anois go bpléascfadh a gol uirthi le teann diomá agus feirge agus míshonais. B'é seo an fhírinne nach rabh fonn a foghlama uirthi, an fhírinne shearbh nach mba choir a bheith fíor ar scor ar bith.

Nuair ba chuimhin le Máire an t-ionsaí a rinn baicle an Ramallae uirthi agus iad ag taispeáint na bpictiúirí pornagrafaíochta di in aghaidh a tola, b'éigean di i gcónaí fonn urlactha a bhrú fúithi. Ní raibh a fhios aici ach go doiléir go dtí sin a leithéidí de phictiúirí agus irisí a bheith ann. Ba dual daoithi an dúil chraicinn ar nós gach aon duine dhaonna eile, ach b'fhuath léi fiú cainteanna gáirsiúla ar na rudaí sin ó ghearrbhodaigh de stócaigh óga nach raibh mórán cur amach acu ar a rabhadar ag caint faoi. Shíl sí gur domhan ar leith ab ea é domhan na gáirsiúlachta. Thuig sí go mb'ann do dhaoiní nach raibh aithne acu ar a mhalairt domhain, agus í in ann a admháil, go prionsabalta, go bhféadfadh daoiní fiúntacha a bheith ina meascsan féin, ach iad a chur ar bhealach a leasa. Ach ba chuma fá dtaobh de na prionsabail ardnósacha: gasúr soineanta a bhí de dhíobháil uirthi nach mbeadh aon bhaint aige le h-uafás na pornagrafaíochta. Nuair a chuala sí bunús, dá fhainne é, le líomhaintí Réamainn, fuair sí radharc úr ar fad ar a cara. Níorbh eisean an stocach macánta a bhí go rómhaith don domhan bhraonach seo a thuilleadh. Bhí seisean salaithe ag suarachas an tsaoil comh maith le duine.

"An bhfacais féin aon cheann de na físeáin sin?" a d'fhiafraigh sí, agus tocht ina glór. Bhí sí in ann a thuairimiú roimh ré cad é a déarfadh sé, ach mhair baothdhóchas ina croí go fóill.

D'fhan Somhairle tamall maith ina thost, agus é ag grinnscrúdú ceannaihthe an chailín le súile géara. An mb'fhiú dó an fhírinne a dhéanamh?

(Críoch le Caibidil a Trí)

Gliogáil anseo le theacht a fhad leis an Chéad Chaibidil Eile.