Maarit Verronen - Fírinní Bunaidh na Bréageolaíochta

Tháinig an ficsean eolaíochta - nó bréageolaíochta, mar is nós liom féin a thabhairt air - go dtí an Fhionlainn sna seascaidí nó sna seachtóidí, cosúil leis an ghreannán - ealaín eile nua-aimseartha atá go láidir faoi bhláth inár dtír anois. Ar ndóighe, bhíodh corrscéal bréageolaíochta le fo-scríbhneoir Meiriceánach i gcló in aistriúchán Fionlainnise roimhe sin fosta; agus bhí aithne is eolas maith ag lucht léite na dea-litríochta san Fhionlainn ar chlasaicigh is ceannródaithe na gné ("genre") liteartha seo, ar nós H.G. Wells (An tAm-Mheaisín, Cogadh na Reann). B'éigean fanacht a fhad leis na seachtóidí le bheith in ann scríbhneoirí comhaimseartha na gné a léamh i leaganacha Fionlainnise, an chuid sin de na scríbhneoirí a chruthaigh nach léitheoireacht éadrom amháin atá i gceist leis an fhicsean bréageolaíochta ach saotharlann a chuireanns ar chumas an scríbhneora cibé rud inár sochaí nó inár gcultúr a ghrinnscrúdú is a cheistniú frína fhairsingiú ad absurdum nó frína fhágáilt ar lár. Is fiú Ursula Le Guin a lua, a thug cur síos ar shochaí Útóipeach shóisialach inmharthana ina h-úrscéal The Dispossessed nó ar chine de dhaoiní déghnéasacha sa leabhar The Left Hand of Darkness.

Ba ghairid gur thoisigh daoiní óga san Fhionlainn, agus iad chóir a bheith cothaithe ar fhicsean bréageolaíochta den tseort seo ina céad óige, ba ghairid gur thoisigh siad a dhéanamh aithris ar a rabh léite acu. Sna hochtóidí bunaíodh clubanna Sci-Fi ins achan mhórchathair san Fhionlainn, agus irisí beaga á bhfoilsiú ag na dreamanna seo ar fud na tíre. Chuaigh cuid acu i léig arís de réir a chéile, ach maireann cupla ceann acu i gcónaí, agus iad ag foilsiú léirmheasanna ar leabhartha nuadha Sci-Fi, altanna fá dtaobh de na clasaicigh agus - go háithrid - gearrscéalta bréageolaíochta le scríbhneoirí óga.

Ba duine acusan í Maarit Verronen nuair a cuireadh an chéad ghearrscéal léithi i gcló thart timpeall ar mheán na n-ochtóidí. De réir a chéile tuigeadh do lucht léite Sci-Fi nach gnáthscríbhneoirí scéalta spásbhádóireachta a bhí inti ach a guth féin aici ó thús.

Is réalteolaí oilte í Maarit Verronen agus dearcadh an-ábharthach, an-eolaíochtúil aici i leith na cruinne; ina cuid scéaltach féin áfach ligeann sí daoithi féin a dhul i mbun misteachais. Baineann sí úsáid as neacha osnádúrtha an bhéaloideasa - agus cupla scéal aici fá phúcaí na hÉireann fiú! - ach is é an seort scéil is fearr a éiríonns léithi ná scéalta iomardais agus iad suite i saol ár linne féin.

Sampla deas deismir é an scéal Erämaat ("Na Fásaigh"). Bean óg ag obair ina h-ábhar ríomhinnealtóra do chomhlacht dúshaothraitheach is eadh í reacaire an scéil. Tá sí tar éis conradh a shíniú nach gceadaíonn daoithi an comhlacht a thréigbheáil ach cúig bliana a bheith curtha isteach aici i gceann na hoibre seo a bhfuil sí dubh dóite daoithi, agus í ar a seacht ndicheall is fiche slí éalóidh a fháil. Sa deireadh thiar thall castar fear aistíocha uirthi a iarranns uirthi cuidiú leis féin discéad ríomhaire a aimsiú a bhfuil an ríomhchlár desierto.bas i dtaisce air. Toilíonn sí, agus í ag caitheamh súil ar achan discéad feasta áit ar bith ag seiceáil an bhfuil an comhad udaí desierto air. Lá amháin tchí sí an teideal sin ar lipéad discéid atá fágtha ag duine de na custamóirí i ríomhaire de chuid ollmhargaidh. Sciobann sí an discéad seo léithi agus baineann triail as an ríomhoideas udaí Desierto ar a ríomhaire féin sa bhaile. Ansin thig pioctúir d'fhásach gainimh ar scáileán an ríomhaire, agus nuair a bhreathnaíonns sí ina timpeall tchí sí gurb ins an tseomra uilig atá an fásach. Tá fraitheacha an tseomra ag imeacht go tiubh agus fairsingeach an fhásaigh ag teacht ina n-áit. Tarraingíonn sí an phiocóid leictreachais as an bhalla, ach fanann cuid mhaith den ghaineamh istigh sa tseomra tar éis don ríomhaire a dhul as.

Ansin thig fear a hearcaithe i bhfianaise na mná óige agus é ag éileamh an discéid uirthi, ach diúltaíonn sí. Nó ó chonaic sí an fásach á leathadh ó scáileán an ríomhaire go dtí an seomra uilig, tá cumha ar a croí agus í araiciseach fonnmhar fáil réidh leis an jab agus aghaidh a thabhairt ar an domhan diamhair taobh thiar den scáileán. Bheir sí droim a láimhe leis an fhear agus cuireann sí an ríomhchlár ar obair athuair. An turas seo fógraíonn an ríomhaire ar dtús go dtáinig athrú ar an ríomhoideas nuair a stad sí roimh ré é an chéad uair a d'fhéach sí é. An iarracht seo ní fásach gainimh a tchí sí ina timpeall ach uaimh, agus scoil daoiní os coinne a béil á ngoradh féin thart ar thine chnámh. Cuireann siad fáilte roimpi agus iad ag míniú daoithi gurb iomaí duine a tháinig an bealach céadna go dtí seo, ach amháin go rabh orthusan achar fada siúil a chur díofa ó lár an ghainimh.

Tobar na hÉigse - Gearrscéal le Maarit Verronen - as Gaeilge anseo