Panu Höglund a chuir an leathanach seo ar fáil duit.

Os Coinne an Dlí


Gearrscéal le FRANZ KAFKA


Panu Petteri Höglund a d'aistrigh ón Ghearmáinis


Tá doirseoir ina sheasamh os coinne an dlí. Tig fear ón tuaith agus é ag lorg cead isteach ón doirseoir. Chan fhuil le fáil ach an dubheitiú, áfach. An fear a tháinig, ghní sé a mharana ar an scéal agus é ag fiafraí den doirseoir, an ligfear isteach é níos déanaí. "Gach seans go ligfear", a fhreagraíonns an doirseoir, "ach níl cead isteach agat anois cibé scéal é." Ó tá an doras mór ar foscal, agus an doirseoir coiscéim i leataoibh uaidh, cromann an fear ón tuaith ar aghaidh le súil a chaitheamh isteach. Ag cur sonrú ann dó ligeann an doirseoir miongháirí as, agus é ag rádh: "Má tá tú comh santach sin, bain do thriail as a dhul isteach in ainneoin an choisc a chuir mé ort. Ná déan dearmad, áfach, gur fear cumhachtach mise, siúd is nach bhfuil ionam ach an doirseoir is ísle céimíochta. Agus tú ag dul ó sheomra go seomra gheobhaidh tú doirseoir eile romhat ag achan doras, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. An tríú doirseoir acu, tá sé comh huafásach le feiceáilt cheana gurb eagal liom féin a radharc."

Cha rabh súil ag an fhear eile le constaicí den chineál seo, nó is dóigh leis go mba chóir cead isteach a bheith ag achan duine in am ar bith i dtigh an dlí; ach ag baint lán a shúl as an doirseoir anois dó, as an chóta mhór feannaidh, as an ghaosán mhór bhiorach, as an fhéasóig dhruidte fhada dhuibh thanaidh a chuirfeadh Tatárach i gcuimhne duit, cinneann sé ar fanúint amuigh go ligfear isteach é. Gheibh sé saoisteog ón doirseoir le suí síos in aice leis an doras. Ansin a chaitheanns sé na laetha is na blianta fada. Is iomaí uair a fhéachanns sé le cead a fháil, agus é ag bodhrú an doirseora amach is amach ag impí is ag achainí air. Ó am go ham cuireann an doirseoir agallamh air ag fiafraí de mo dhuine cá háit arb as dó, nó cúrsaí pearsanta eile den chineál chéadna, ach is ceisteanna iad sin nach bhfuil croí ná suim an agallóra iontu, díreach mar is gnách do thiarnaí móra ceisteanna a chur ar an íochtarán; ach is é deireadh an scéil é go n-abraíonn an doirseoir le mo dhuine nach dtig leis a ligint isteach. Tá fear na tuaithe gléasta go maith fá choinne an astair a rinne sé, agus é ag tabhairt uaidh gach dá bhfuil aige leis an doirseoir a bhreabadh. Glacann seisean le cibé pronntas atá le fáil, ach má ghlacann féin, deir sé: "Ní ghlacaim le seo ach lena chinntiú nach gcreidfeá sa deireadh nár bhain tú triail as gach dá rabh agat." Agus an t-am ag sleamhnú thart, is fánach uair a fháganns súil mo dhuine an doirseoir. Ghní sé dearmad de na doirseoirí eile, agus é ag sílstint gurb é an fear seo an t-aon chonstaic amháin eadar é agus an dlí. Ghní sé a ghearán fán chat mara a d'fhág an fear áithrid seo, thar aon duine eile, i mbun an dorais, ag caitheamh eascainí gos ard ar dtús, agus ag cromadh ar mhonamar íseal le himeacht na mbliantach.

Théid sé in aois a leanbaíochta de réir a chéile, agus ó tá an oiread sin blianta caite aige ag déanamh a staidéir ar an doirseoir dó, thig leis na dearnaidí a aithne ar choiléar a chóta, agus é ag agairt na ndearnaidí féin cuidiú leis an doirseoir a chur ar athrú comhairle. I ndeireadh na dála tig scáth ar sholas a shúl, agus é eadar dhá chomhairle cé acu atá an lá ag druidim chun dorchadais, nó a shúile féin ag cliseadh air. Anois áfach cuireann sé sonrú i léaró solais istigh i dteach an dlí. Níl mórán saoil fágtha ag mo dhuine. Roimh an bhás fáisceann sé ceist amháin as cuimhní na mblianta a chaith sé anseo, ceist nár chuir sé ar an doirseoir go dtí seo. Bheir sé comhartha láimhe don doirseoir, nó níl sé in ann a chorp stromptha a dhíriú amach a thuilleadh. Caithfidh an doirseoir cromadh os a chionn, nó d'éirigh fear na tuaithe níos lú fós agus é ag diomailt a shaoil ina shuí anseo.

"Goidé atá de dhíth ort anois?" a bhléascanns an doirseoir, "tá tú doshásta ar fad".

"Tá na slóite síoraí de dhaoiní ar lorg a gcirt ón dlí", a deir an fear ón tuaith, "cad fáth nach dtáinig aon duine eile acu siúd an bealach céadna a dh'iarraidh cead isteach?"

Aithníonn an doirseoir go bhfuil an fear eile ag saothrú an bháis cheana, agus deir sé leis, ag búirfigh comh hard is a thig leis, lena chinntiú go gcluinfear é: "Ní ligfí aon duine isteach anseo, nó fá do dhéin amháin a gearradh is a fosclaíodh an doras áithrid seo an chéad uair riamh. Rachaidh mé á dhrud go deo ar ball beag."



(A Chríoch Sin)